Méid an Téacs

Comórtas Filíochta an Free Wee Library 2014

Aibreán 22, 2014

Comórtas Filíochta do Dhaoine Fásta agus do Pháistí

Béarla agus Gaeilge

Bronnfar duaiseanna ar an 1ú agus an 2ú háit do dhánta i mBéarla, agus ar an 1ú agus an 2ú áit do dhánta i nGaeilge, sna catagóirí seo a leanas,

Daoine Fásta:

1ú Duais €150 + 250 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.

2ú Duais €75 + 100 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.

Páistí:

Os cionn 10:
1ú Duais €30 + 100 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.
2ú Duais €15 + dhá dhearbhán leabhar.

Faoi 10:
1ú Duais €20 + 100 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.
2ú Duais €10 + dhá dhearbhán leabhar.

Rialacha agus Treoirlínte an Chomórtais

Glacfar anois le hiarratais do Chomórtas Filíochta an Free Wee Library 2014. Glacfar le dánta i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá an comórtas seo oscailte do gach aon údar, fad is go bhfuil dán iontrála an údair sin nuascríofa, gan an dán a bheith foilsithe ná féinfhoilsithe cheana, in aon áit sna meáin ná go poiblí, agus gan aon chomórtas buaite ag an dán cheana.

Ní ghearrfar táille ar iontrálacha ó pháistí, ach beidh táille iontrála €5 le híoc ag daoine fásta, ar uasmhéid 3 dhán, agus iníoctha leis an Free Wee Library Project. Seoltar iontrálacha, mar aon le seic/ordú poist €5 (daoine fásta), chuig Comórtas Filíochta 2014, Free Wee Library Project, f/c The Exchange, Ascaill an Chaisleáin, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall, Éire, roimh 5:00 i.n., 30 Bealtaine 2014.

Ní mór do dhán/dhánta an iontrálaí bheith ar leathanach as/astu féin, gan ainm an iontrálaí bheith ar an leathanach céanna leis an dán/na dánta, nó ní ghlacfar leis an iarratas sin. Ní mór litir mhínithe a chur isteach le gach iarratas, le hainm agus sonraí teagmhála an údair ar an leathanach sin (ainm, seoladh, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist). Ní scaoilfear ainmneacha na scríbhneoirí leis an bpainéal moltóirí, go dtí go mbeidh na dánta buacacha roghnaithe.

Is féidir aon ábhar a bheith i gceist, ach ní féidir le haon dán a bheith níos faide ná 15 líne. Ba mhór againn luathiontrálacha. Ní mór bunchóip den dán a choinneáil mar ní sheolfar iarratais ar ais.

Ní bheidh dul thar bhreith na moltóirí, agus ní rachfar i mbun comhfhreagrais maidir lena gcuid moltóireachta.

Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas roimh an 20 Meitheamh 2014, agus tabharfar cuireadh dóibh bheith i láthair, lena ndánta a léamh, ag bronnadh na nduaiseanna in The Exchange i mBun Cranncha, i rith Feel Good Fortnight. (Dáta le deimhniú.)

Fanann cóipcheart an tsaothair leis an údar, ach coinníonn an Free Wee Library Project cearta chéadfhoilsiú/chéadchraoladh an tsaothair bhuaitigh.

 

Bronntar bua uile-Éireann Dráma ar ‘Sheampaíní’ Ghaelscoil na gCrann

Aibreán 17, 2014

Téann Gaelscoil na gCrann, bunscoil lán Gaeilge ar an Ómaigh, ar aghaidh ó neart go neart agus a clú feabhais á fhorbairt aici i gcónaí nuair a bronnadh ‘Seaimpíní Iomlán Uile-Éireann’ orthu i mBabhtaí Ceannais Náisiúnta den ‘Chumann Scoildrámaíochta’ sa Mhuileann Cearr an tseachtain seo. Bhí 44 scoileanna, idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna, as gach aon cheantar in Éirinn páirteach sa chomórtas ardcháiliúil seo. Is í seo an chéad uair a bhain scoil as na Sé Chontae an comórtas clúiteach ó cuireadh ar bun é.

Bhí an dráma s’acu den ainm “Istigh i mo chroí ‘tá neart” scríofa agus léirithe ag Leas-phríomhoide na scoile Risteard Mac Daibhéid. Léirítear díshealbhú in Éirinn i ndiaidh an Ghorta Mhóir ann agus an dóigh a dtéann sé i bhfeidhm ar theaghlaigh agus ar an phobal ar fad leis.

Is amhlaidh a bhí áthas an domhain ar an Phríomhoide Deirdre Uí Cheallaigh, a bhí mar chomhordaitheoir ceoil ar an dráma. Chuir sí síos go cruinn ar an atmaisféar sceitimíneach sa scoil: ‘Is rud iontach ar fad é gur bhain Gaelscoil na gCrann ceann de na duaiseanna is mó le rá i ndrámaíocht na scoileanna Éireannacha. Ní amháin gur mhór an onóir dúinn í a bheith inár n-ionadaithe ar son Thír Eoghain agus Chúige Uladh i mbabhta ceannais Uile-Éireann ach is pribhléid ollmhór í atá dochreidte agus millteanach maith ar fad é gur bronnadh seampainí Uile Éireann orainne. Caithfimid an-bhuíochas ar fad a thabhairt do na páistí as a gcuid dianoibre uilig, a dtiomáint agus a ndualgas agus is duais chuí í an rath seo dóibh.

Má bhreathnaítear ar thús simplí ár scoile a bunaíodh 8 mbliana ó shin agus 6 daltaí ag freastal uirthi is ea is féidir le Gaelscoil na gCrann a bheith an-bhrodúil as an ghnóthachtáil ollmhór seo.’ Chríochnaigh sí le buíochas mór a thabhairt do Risteard, do Bhrian Mac Daibhéid stiúrthóir ceoil na scoile agus don chóiréagrafaí Alison McElhatton.

Rachaidh na páistí go Páirc an Chrócaigh i mí na Bealtaine go mbronnfar a gcuid gradaim orthu.

www.comhairle.org

GS na gCrann

Minister Quinn announces all primary schools to be offered funding from school book rental scheme capital fund

Aibreán 17, 2014

Approximately 400 primary schools will receive funding to establish book rental schemes shortly

The Minister for Education and Skills, Ruairí Quinn T.D., is announcing that all primary schools who currently operate a school book rental scheme will be able to benefit from the €15 million School Book Rental Scheme Fund which he secured as part of Budget 2014.

Last October, the Minister announced that the €15 million fund would be targeted specifically at primary schools who did not currently operate a book rental scheme. The Department of Education has received applications from approximately 400 such schools to date.

531 schools who previously indicated that they did not have book loan schemes were invited to apply for the funding. Of these, three quarters of these schools have now applied.

DEIS schools will receive €150 per child and non-DEIS schools will receive €100 per child in seed capital funding over the next two years to establish book rental schemes. This will cost approximately €6.7 million and is expected to benefit more than 63,000 pupils and their families.

Minister Quinn has now decided that the balance of the fund, some €8.3 million, will be divided among all other primary schools that currently operate book rental schemes, in 2015 and 2016. These schools are expected to receive a total of €18 per pupil or €20 in DEIS schools over those two years. This is on top of the annual book grant of €15 million which is paid to all schools on a per pupil basis. This forms part of the Minister’s wider agenda to tackle the high costs of going to school for parents.

“Every primary school in the country has now the opportunity to benefit from the School Book Rental Scheme funding we secured through the proceeds of the sale of the national Lottery.”

“When I first announced this scheme which targeted only primary schools who were not operating a Book Rental Scheme, many of the other schools voiced their concern at being left out, despite the hard work of many parents and teachers to establish such schemes.”

“I indicated that after the initial first round of funding was allocated that we could examine the scheme again and I am delighted that we will be able to provide an extra boost to these other schools which should allow them to expand or replace some books on their own schemes.”

“Every primary school has now been given the opportunity to benefit from the funding I secured for book rental schemes. I believe that all parents should have access to a school book rental scheme enabling them to significantly reduce the costs of sending a child to school,” said the Minister.

€5 million in seed capital funds for approximately 400 schools to establish book rental schemes will be distributed later this month in order to give the schools time to do so for the next school year, using the Guidelines issues by the Department in January 2013. The balance of the funding, €1.7 million, will be distributed to qualifying schools in 2015.

Provisions are also being made for new primary schools due to open in September to receive this funding. All other primary schools that currently operate book rental schemes will receive their share of the funding in 2015 and 2016.
The eligibility criteria for funding under the Seed Capital Grant Scheme for Book Loan/Rental Schemes is as follows:

(a) The school authorities must undertake to establish a textbook loan/rental scheme (covering either hard copy or electronic books) for the main textbooks used by the students in accordance with best practice contained in the Guidelines for Developing Textbook Rental Schemes in Schools for a minimum of 5 years. A book loan/rental scheme will normally have to achieve a life of approximately five years for each textbook, for it to break even.
(b) The school must confirm that it did not operate a school textbook loan/rental scheme in the school year 2013/14.
(c) The school must agree to maintain and furnish financial and other records regarding the establishment, maintenance and operation of the textbook loan/rental scheme to the Department, on request. All funding provided will be used exclusively for the purposes of establishing a textbook loan/rental scheme.

Distribution of remaining funding:

Following the distribution of seed capital funding to qualifying primary schools it is estimated that there will be €8.3 million remaining in the fund.

It has been decided to distribute this money to primary schools who currently operate school book rental schemes in 2015 and 2016 in order to allow them to supplement their existing school book rental schemes. These schools will receive €18 per pupil in non-DEIS schools and €20 per pupil in DEIS schools over that two year period or €7 or €8 per pupil in 2015 and €11 or €12 in 2016.

Existing funding provided to schools for books:

The book grant is paid to all recognised primary schools and all post-primary schools within the Free Education Scheme, with DEIS schools receiving an enhanced rate. It is paid in June each year for the following school year. For both 2012 and 2013, €15 million was ring-fenced for the programme.

Naíscoil an Iúir ag ceiliúradh na Cásca

Aibreán 17, 2014

Naíscoil an Iúir um Cháisc

Craobhchomórtas Siansa Gael Linn ar TG4!

Aibreán 16, 2014

Craolfar clár speisialta faoi Chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2014 ar TG4, Dé Céadaoin 23 Aibreán, 10.30 p.m. Ghlac 8 ngrúpa thraidisiúnta ó cheann ceann na tíre páirt sa cheolchoirm iontach seo sa Cheoláras Náisiúnta ar 6 Aibreán, 2014. Bhí os cionn míle duine i láthair don ócáid. Beidh ceol agus amhránaíocht den scoth le cloisteáil – ná caill é!

Lean sinn ar Twitter #Siansa nó ar Facebook Siansa Gael Linn!

Nuacht ó Ghael Taca

Aibreán 15, 2014

Campaí Samhradh:

Beidh campaí samhraidh ar siúl an samhradh seo i gCumann Lúthchleas Gael, Baile an Easpaig. Beidh ranganna ar siúl ar maidin le béim speisialta ar an teanga labhartha agus imeachtaí san iarnóin trí mheán na Gaeilge. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl: tonnmharcaíocht, peil, seó tallainne, ceol agus drámaíocht. Dátaí: 9ú-13ú Meitheamh agus an 16ú-20ú Meitheamh.

Costas: €120 do sheachtain agus €199 don choicís.

Tuilleadh Eolais: 021 4310841 nó eolas@gael-taca.com

Summer Camps:

There will be summer camps for teenagers this summer in Bishopstown GAA. The classes will take place in the mornings with a special emphasis on spoken Irish and there will be activities through Irish in the afternoons. There will be a range of activities, including: Surfing,football, talent show, music and drama.

Dates: 9th-13th June and 16th-20th June.

Cost: €120 for one week and €199 for two weeks.

More information: 021 4310841 or eolas@gael-taca.com

Café Cois Laoi:

Na déanaigí dearmad ar Chafé Cois Laoi a chairde: Margadh na míosa: tae/caifé agus scóna €3. Buailigí isteach táimid anseo go dtí a 5 gach lá.

Café Cois Laoi:

Don’t forget about Café Cois Laoi: We have a great offer on tea/coffee and a lovely scone for €3. Call in, we’re open until 5 every day.

Irish for the Rusty:

Má tá tú timpeall na cathrach aon mhaidin Mháirt, buail isteach go dtí Ghael-Taca i gcomhair “Irish for the Rusty”. Is seans maith é píosa Ghaeilge a fhoghlaim nó a cheachtadh, agus an rud is fearr ná; ní cosnaíonn sé ach €3, le tae SAOR IN AISCE!!!

Irish for the Rusty:

If you’re around the city any Tuesday morning call into Gael-Taca for “Irish for the Rusty”. It’s a great chance to learn a bit of Irish or to practice it, and the best thing is; it only costs €3, with FREE tea!!!

Mí na Gaeilge 2014

Ba mhór againn dá bhféadfadh sibh an suirbhé a chomhlánú agus a chur ar ais chugainn faoi *Dé hAoine, 2ú Bealtaine 2014*, más féidir.

Is féidir an suirbhé a chomhlánú i nGaeilge nó i mBéarla ar fáil ag an nasc shíos:

– Suirbhé Gaeilge/ Béárla:

https://www.surveymonkey.com/s/SCGCBTV

Mí na Gaeilge 2014:

We would be very grateful if you could fill in the survey and return it to us by *Friday, 2nd of May 2014*, if possible.

You may complete the survey in Irish or English and both versions are available at the following links:

– Irish/ English version of survey:

https://www.surveymonkey.com/s/SCGCBTV

Seisiún Trad:

Bíonn seisiún Trad anseo i nGael Taca gach maidin Céadaoin ag 11 r.n! Bígí linn le haghaidh neart ceoil agus craic!

Trad Session:

There is a Trad Session every Wednesday morning here in Gael-Taca at 11 .m! Join us for pleanty of music and fun!

Máistir Rang- Ardteist

Máistir-Rang Ghael-Taca Bealtaine 2014 don Ardteist, Ardleibhéal.

Beidh máistir-rang (master class) do dhaltaí Ardteiste, Ardleibhéil ar siúl ag Gael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh ar an dáta seo:

Cúrsa 1: Dé Sathairn 17 Bealtaine 2014 óna 10.00 am – 4.00 pm. Beidh sos le haghaidh lóin óna 12.30 – 1.30.

Is do dhaltaí Ardteiste Ardleibhéil amháin na ranganna seo.

Seo a leanas na réimsí a chlúdófar sna cúrsaí:

(a) Páipéar 1 – Cluastuiscint agus Ceapadóireacht

(b) Páipéar 2: Léamhthuiscint, Filíocht, Prós

(c) Leideanna agus Comhairle don Scrúdú

Tabharfar nótaí cuimsitheacha ar GACH gné den chúrsa dóibh siúd a dhéanfadh freastal ar na cúrsaí.

Uasmhéad (maximum) na ndaltaí ar gach cúrsa: __30__. Ar an ábhar sin moltar do dhaltaí clárú go luath.

Ní mór do dhaltaí na nithe seo a leanas a bhreith leo go dtí an cúrsa: (i) leabhráin páipéir scrúdaithe (ii) téacsleabhair Ghaeilge (iii) cóipleabhair agus pinn.

Is é an múinteoir agus an scríbhneoir Mícheál Ó Ruairc a bheas i bhfeighil an másitir rang seo. Is saineolaí é ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta, Ardleibhéal agus taithí fhada, fhairsing aige ar an teanga a mhúineadh. Neart téacsleabhar scoile scríofa aige thar na blianta. Is é REVISEWISE Ardteist, Ardleibhéal 2012 – 2017, EDCO an ceann is déanaí. Cúrsaí déanta aige ar bhonn rialta le Bruce College, Corcaigh ó 2008 – 2013; le Comhar Chorcaí agus i scoileanna éagsúla ar fud na cathrach agus an chontae freisin.

€10 an táille a ghearrfar ar gach dalta.

Master Class- Leaving Certificate:

There will be a master class for leaving certificate students, higher level running in Gael-Taca, 22 Sullivans Quay,Cork on the following dates:

Course 1: Saturday 17th of May 2014 from 10:00am – 4:00 pm. There will be a break for lunch from 12:30 until 1:30

The classes are only for Higher Level Leaving Certificate Students

The following is a list of what will be covered in the courses:

(a)Paper 1 – Listening and Composition

(b) Paper 2: Comprehensions, Poetry and Prose

(c) Hints and Advice for the Exam

Comprehensive notes will be given on every aspect of the course to those who attend the course.

Maximum Students for each course: 30 . On that subject, it is recommended students sign up early.

Students should bring the following with them to the course: (i) Exam Papers (ii) Irish Textbook (iii) Copybook and pen.

It is the teacher and writer Micheál Ó Ruairc who will be in charge of the master class. He is an expert on the Irish Leaving Certificate, Higher Level, and has lengthy experience and expertise on teaching the language. He has written a lot of school text books over the years. REVISEWISE Leaving Certificate is the latest one. He has completed courses on a regular basis with Bruce College, Cork from 2008-2013; and in different schools around the City and County as well.

€10 is the price per Student

 

Helena Ní Dheá
Oifigeach Forbartha
Gael-Taca,
22 Port Uí Shúilleabháin,
Corcaigh.

www.gael-taca.com
(021)4310841

Féile Cásca Cheatharlach

Aibreán 15, 2014

Tá taithí bhreá ag muintir Cheatharlach ar cheiliúradh agus spraoi ag aimsir na Cásca le cúpla bliain anuas agus cé nach bhfuil an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl ann a thuilleadh bí cinnte go mbeidh go leor siamsaíochta sa bhaile i mbliana.

An chúis ná go reachtálfar Féile Cásca Cheatharlach thar cheithre lá ó 24ú go 27ú Aibreán agus tá fáilte roimh chách… leanaigí suas go Ceatharlach! Seoladh clár na féile go poiblí i Siopalann Fairgreen ar an Domhnach agus roinneadh blas beag d’ábhar an chláir leis an bpobal a bhí san ionad ag an am. Is leir ón gclár galánta agus ón suíomh idirlín snasta go bhfuil ceiliúradh iontach i ndán don phobal uile.

I measc buaicphointí na féile tá Fleadh Cheoil an Chontae, taispeantas faoin aer ag Banna Ceoil na nGardaí, ceolchoirmeacha le hainmneacha aitheanta náisiúnta agus scoth na gceoltóirí áitiúla rannpháirteach gan trácht ar na seisiúin traidisiúnta ins na tithe tábhairne. Beidh scéalaíocht, ceardlanna sa rince céilí agus sa sean-nós, amhránaíocht agus damhsa, siúlóidí, comórtas buscála, peil ghaelach, siamsaíocht agus a lán lán eile.

Seoid faoi leith ná an ceolchoirm i gcuimhne ar Bhrian Bhorú agus Cath Chluain Tarbh a troideadh ar Aoine an Chéasta míle bliain ó shin. Reachtálfar ceolchoirm na mílaoise ar an Aoine, 25ú Aibreán ag 7.00i.n. in Eaglais Naomh Muire, Ceatharlach.

Cuirfidh scoth na gceoltóirí sa ghrúpa Tale of the Gael le Robert Tobin as Ceatharlach san áireamh scéal an chatha i láthair le focail agus foinn ar an gcláirseach, fidil, fliúit, píobaí agus eile.

Tá an clár agus gach eolas faoi Fhéile na Cásca ar an suíomh www.carloweasterfeile.ie. Leis na páistí ar laethanta saoire agus le rogha mór de na himeachtaí saor beifear ag súil leis na sluaithe i láthair ag ceiliúradh agus ag siamsaíocht thar cheithre lá agus ceithre oíche. Scaip an scéal agus leanaigí suas go Ceatharlach le haghaidh Féile na Cásca.

Gach eolas ar 087 2857048 agus 085 1340047.

www.carlow-nationalist.ie

Lá mór spraoi ag Gaelscoil Mhic Aodha

Aibreán 15, 2014

5k GS Mhic Aodha 2

5k GS Mhic Aodha

DSCN0468

An slua ag an rith inniu. Maith sibh go léir a ghlac páirt. Míle buíochas as an dtacaíocht d’ár scoil. Bhí an lá go deo againn ag an lá spraoi freisin. Bhain na páistí an taitneamh as. An jab déanta ag Coiste na dTuismitheoirí. Bainigí taitneamh as na laethana saoire.

Gaelscoil Mhic Aodha

 

An Tuaisceart Dearg le Fearg

Aibreán 15, 2014

Shiúil na mílte Gael ar shráideanna Béal Feirste lena gcearta teanga a éileamh ó na húdaráis an Satharn seo caite mar chuid den fheachtas náisiúnta Dearg.

Bhailigh 16 bus ó fud na tíre ar Bhóthar na bhFál agus shiúil an slua ó Chultúrlann McAdam ÓFiaich go Cearnóg Theach an Chustaim.

Eagraíodh an mórshiúl sna sáile ar Lá Mór Bhaile Átha Cliath agus Slán le Seán i gConamara.

Trí éileamh a bhí ag lucht eagraithe an mhórshiúil: Acht na Gaeilge ó thuaidh, córas cuimsitheach Gaelscolaíochta cuimsitheach agus acmhainní cuí do phobal na Gaeilge.

Seo chugaibh buaicphointí an lae agus tuairimíocht uathu siúd a shiúil na sráideanna. Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Bunscoil an Iúir ag Rith!

Aibreán 14, 2014

Bunscoil an Iúir ag Rith 1

Bunscoil an Iúir ag Rith 3

 

Comhghairdeas le Bunscoil an Iúir as páirt a ghlacadh i Rith 2014! Bhí lá den scoth acu.

www.bunscoilaniuir.com

« Previous PageNext Page »