Seimineár Eolais faoi chúrsaí oideachais/oiliúna
Aibreán 8, 2014
Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le FORUM Chonamara Teo ag eagrú seimineár eolais le sonraí a thabhairt faoi chúrsaí oideachais agus oiliúna i gceantar na Gaillimhe, sa Chrompán, ar an gCeathrú Rua ar 9 Aibreán 2014, idir 10r.n. agus 3i.n.
Bheadh an seimineár eolais oiriúnach do dhaoine ar suim leo tabhairt faoi chúrsaí oideachais nó oiliúna, i gCo. na Gaillimhe.
Beidh aoichainteoirí ón Roinn Coimirce Sóisialaí, FORUM Chonamara, Boird Oideachas agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, Institiúid Theicniúil na Gaillimhe, Muintearas agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag déanamh cur i láthair ar an lá faoi chúrsaí oideachais agus deiseanna oiliúna.
Beidh seastáin eolais ag na heagraíochtaí seo agus beidh seans ag daoine labhairt le soláthraithe oiliúna, eagraíochtaí earcaíochta agus comhairleoirí gairmthreoracha. Beidh clinicí le haghaidh Curaclam Vitae ar siúl ar an lá.
Tá an seimineár eolais saor in aisce don phobal agus cuirfear sólaistí ar fáil ag am lóin. Le háit a chur in áirithe nó le breis eolais a fháil féach ar www.udaras.ie nó cuir glaoch ar Údarás na Gaeltachta, 091 503117 nó FORUM Chonamara Teo, 087 7952747.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cinneadh Oifig an Choimsinéara Teanga a nascadh le hOifig an Ombudsman tarraingthe siar
Aibreán 7, 2014
Fanfaidh an Oifig mar “eintiteas iomlán neamhspleách” faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014
Tá fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nach mbeidh an Rialtas ag dul ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe d’Oifig an Choimsinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman.
I mí na Samhna 2011 fógraíodh go dtabharfar faoi athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus go mbeadh Oifig an Choimisinéara Teanga á nascadh le hOifig an Ombudsman. D’eascair an t-athbhreithniú as gealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016 ionas go gcinnteofaí go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun í a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh.
Ce gur fáiltíodh roimh an athbhreithniú ar an Acht, cuireadh go láidir i gcoinne an chónasctha mar chuid den phróiseas comhairliúcháin a reáchtáil an Roinn, agus le déanaí, leagadh an-bhéim ar mhíshástacht an phobail ina leith ó tharla éirí as Sheáin Uí Chuirreáin mar Choimisinéir Teanga.
Tá fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil cead tugtha na Ceannteidil Bhille a cuireadh faoi bhráid an Rialtais le déanaí a fhoilsiú agus an chéad chéim eile a thógáil sa phróiseas maidir le leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Is mór an chonspóid a chruthaigh moltaí na Roinne i dtaca leis an athbhreithniú ó chonacthas cóip neamhoifigiúil de dhréacht-chinn an Bhille. Cuireadh i gcoinne neart den 14 dréachtpholasaí os rud é gur mheas eagrais Ghaeilge go ndéanfadh cuid na moltaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a lagú go mór.
Ce gur léir míshástacht an phobail le hábhar na leasuithe, cuireadh fíorfháilte roimh chinneadh an Rialtais i dtaca leis an gcónascadh. Agus é ag fógairt an chinneadh dúirt an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., “Tar éis an chónascadh a bhí beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a bhreithniú tuilleadh, agus ag tógáil san áireamh torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a léirigh tacaíocht láidir d’Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách, tá cinneadh déanta ag an Rialtas gan dul ar aghaidh leis an chónascadh a bhí beartaithe”.
Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais aitheantas a thabhairt do thábhacht neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga, ach léirigh Stiúrthóir na Comhdhála, Kevin De Barra, díomá maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus é ag rá: “Tar éis an stró agus an t-anró a chur an pobal orthu féin chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin, is údar mór díomá nár éisteadh lena moltaí”.
“Sampla amháin den lagú atá á mholadh ar an Acht ná go mbeidh téarma na scéimeanna teanga a ardú ón tréimhse reatha de 3 bliana, go dtí tréimhse níos faide de 7 mbliana. Tá sé áiféiseach go mbeadh téarma na scéimeanna sin níos faide ná an téarma atá ag an gCoimisinéir nuacheaptha”, a dúirt De Barra.
D’fháiltigh an Coimisinéir Teanga úrceaptha, Rónán Ó Domhnaill, roimh chinneadh an lae inniu agus dúirt sé go gcosnaíonn “cinneadh an Rialtais neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá deireadh anois le haon éiginnteacht faoin stádas a bheidh ag an Oifig amach anseo”.
Ag labhairt leis maidir leis an athbhreithniú dúirt an tUasal Ó Domhnaill, “Tá deis sa Bhille nua cearta teanga do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht a threisiú. Creidim gurb é an bealach is fearr chun é sin a dhéanamh ná na moltaí atá curtha chun cinn ag Oifig an Choimisinéara Teanga, bunaithe ar a taithí le 10 mbliana anuas, a chur i bhfeidhm”.
Cé gur dea-scéal do phobal na Gaeilge é an cinneadh is déanaí creidtear go bhfuil laigí suntasacha i gceist le hábhar na gCeannteideal. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian De Spáinn, “Níl dáta leagtha amach i gCeannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, mar shampla, go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúla ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Brian Bóroimhe agus Cath Chluain Tarbh
Aibreán 3, 2014
Tá Úrscéal Graifeach i mBéarla – Brian Boru and the Battle of Clontarf– agus i nGaeilge- Brian Bóroimhe agus Cath Chluain Tarbh– foilsithe ag Levins Print Ltd., mar chuid de cheiliúradh míle bliain an chatha sin.
Tá 32 leathanach lán de phictiúir iontacha sa leabhar a thaispeánann stair agus tarlúintí an chatha go soiléir agus go suimiúil. Tuigfidh múinteoirí agus mic léinn an scéal i bhfad níos fearr tar éis an leabhar seo a léamh.
Leabhar Éireannach é seo ar fad, scríofa ag an údar clúiteach Rory McConville, tharraing an maisitheoir Deirdre de Barra na pictiúir, agus d’aistrigh an file Gabriel Rosenstock an scéal go Gaeilge. Thug Foras na Gaeilge tacaíocht don leagan Gaeilge agus táimid buíoch dóibh.
Beidh na leabhair ar fáil do scoileanna ar €4 an ceann, ach caithfear 50 cóip ar a laghad a ordú. Is féidir leis an scoil iad a dhíol ar €5 an chóip.
Cuir glaoch ar 01-890 2055 leis an ordú, nó seol chuig leo@levinsprint.com
Beir gach bua agus beannacht,
Leo Levins
Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste
Aibreán 3, 2014
Is í Gaelscoil na bhFál curadh Fhéile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste. Seo an dara bliain as a chéile don scoil an gaisce a dhéanamh le léiriúchán faoi shaol na cathrach le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Ocht nGaelscoil a chuaigh chun ardáin le linn na féile agus bhí idir drámaí cogaíochta, drámaí aistrithe agus ceoldrámaí i measc na léiriúchán.
Roghnaíodh Bunscoil Phobal Feirste, Bunscoil Naomh Pádraig agus Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i dteannta Ghaelscoil na bhFál chun ionadaíocht a dhéanamh ag Féile Uladh.
Chaith Meon Eile lá na féile cois ardáin, seo chugaibh buaicphointí na haisteoireachta, an cheoil agus siamsaíochta na féile.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Iomainn i nGaeilge
Aibreán 2, 2014
Tá mí Aibreáin linn, agus tá go leor de na scoileanna lán-Ghaeilge ag díriú ar na sacraimintí faoi láthair. Ba mhór linn áis a chur ar www.gaelscoileanna.ie dóibh siúd atá ag ullmhú don Chéad Chomaoineach agus Cóineartú, sé sin go bhfeadfadh scoileanna na hiomainn atá acu a chur ar aghaidh chugainn le go roinnfear iad ar scoileanna eile. Bheadh fáilte ach go háirithe roimh iomainn nua-aimseartha agus nua-chumtha, agus má tá taifead fuaime nó físe agaibh de gur mian libh a roinnt, ba bhreá linn sin a chur ar an suíomh chomh maith. Tabharfar creidiúint d’údair ar aon ábhar a fhoilsítear, agus is féidir ábhar a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie.
Nuachainteoirí – Taighde ar bun
Aibreán 2, 2014
Tá tionscnamh taighde nua ar bun maidir le tuismitheoirí a bhfuil ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Tá an taighde dírithe ar na fáthanna a roghnaíonn tuismitheoirí Gaeilge dá bpáistí, na dúshláin atá ann dóibh agus conas ar fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge féin. Ba mhór leis an taighdeoir, an Dr. Bernadette O’Rourke, labhairt le tuismitheoirí a bheadh sásta a gcuid eispéiris a roinnt, agus is féidir teagmháil a dhéanamh lei ar bernieorourkenuachaointeoir@gmail.com nó 0044 7799152298.
Tá an Dr. O’Rourke mar chathaoirleach ar COST – Action New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges
Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain Ceaptha
Aibreán 1, 2014
Amárach, tionólfar an chéad chruinniú den Choiste Comhairleach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Tá beartaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Coiste Comhairleach a bhunú i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta chun plé go sonrach le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Tá na heagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí sa Ghaeltacht ag éileamh a leithéid de choiste le tamall fada agus cur chuige an Rialtais i dtaca leis an Straitéis cáinte go láidir acu, agus é curtha i leith an státchórais go bhfuil sé ag tarraingt na gcos maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.
I mí Dheireadh Fómhair 2013, eagraíodh seimineár idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta. Le linn an tseimineáir sin, moladh go láidir go mbunófaí struchtúr nua ionas go bhféadfadh an earnáil dheonach ionchur a bheith aici i gcur i bhfeidhm na Straitéise.
Is mar seo a leanas a bheidh an bhallraíocht ar an gCoiste Comhairleach: An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Cathaoirleach); Údarás na Gaeltachta; Foras na Gaeilge; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Gaelscoileanna Teoranta; Conradh na Gaeilge; Gael Linn; Oireachtas na Gaeilge; Glór na nGael; Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta; Muintearas; Oidhreacht Chorca Dhuibhne; CONCOS; Comhar na Naíonraí Gaeltachta; Óige na Gaeltachta; Ealaín na Gaeltachta; agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
I litir chuig na heagraíochtaí ag tabhairt cuiridh dóibh freastal ar an gcéad chruinniú, léirigh an tAire Stáit Gaeltachta go bhfuil sé “ag súil go gcothóidh an Coiste Comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an Straitéis agus leis an bpróiseas pleanála teanga”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Duaiseanna Ghlór na nGael 2014 bronnta
Márta 31, 2014
Bronnadh Duais Náisiúnta Ghlór na nGael 2014 ar Chomharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua, ag an deireadh seachtaine.
Bhailigh grúpaí agus coistí Gaeilge ó cheann ceann na tíre agus thar lear, in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, 29 Márta 2014, lena gcuid éachtaí i dtaobh chaomhnú agus chur chun cinn na Gaeilge ina gceantair a cheiliúradh.
Rinne an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich comhghairdeas leis na grúpaí uilig agus é ag bronnadh níos mó ná €120,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, coistí scoile agus ollscoile agus ar choistí ó Alba, Cheanada agus Mheiriceá.
Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich, “Ní féidir luach a chur ar spiorad na meithle a spreagann na comórtais seo ó bhliain go bliain. Tá aitheantas agus moladh ag dul fosta do na heagrais ar fad a dhéanann urraíocht ar na comórtais éagsúla – agus tá an chomhpháirtíocht idir Glór na nGael agus na hurraí seo thar a bheith tábhachtach do rath na hoibre”.
Cé gur fógraíodh formhór na mbuaiteoirí i mí Feabhra, níor ainmníodh buaiteoir Dhuais Ghlór na nGael ná buaiteoir an Chomórtas Tríú Leibhéil go dtí an searmanas speisialta ar an Satharn.
Bronnadh €20,000, urraithe ag an Roinn Ealaíona, Oidhreacht agus Gaeltachta, agus Trófaí Ghlór an nGael, urraithe ag Foras na Gaeilge, ar Chomharchumann Mhic Dara den chéad uair ar an oíche. Ba iad Coiste Forbartha Dobhair, Dún na nGall, buaiteoirí an chomórtais náisiúnta anuraidh.
Fógraíodh freisin gurbh iad Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide a thóg duais an Chomórtas Tríú Leibhéal agus seic ar €2,000 leo den tríú bliain as a chéile.
Foilsithe ar Gaelport.com
SERVE agus Coláiste Feirste ag obair i gcomhpháirtíocht san Afraic
Márta 31, 2014
Chaith dáréag dalta agus triúr múinteoir ó Choláiste Feirste coicís san Afraic le gairid, ag déanamh obair charthanais i Mósaimbíc agus san Afraic Theas.
Fuair cuid den ghrúpa deis taifeadadh a dhéanamh ar a bhí ag tarlú ann, agus thug siad cead dúinn an t-ábhar a úsáid don fhíseán seo.
Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Feirste agus an grúpa ag amharc ar ais ar na físeáin agus grianghraif don chéad uair.
Atmaisféar thar a bheith dearfach agus bródúil a bhí ann sa seomra ranga ar an lá, agus an grúpa uilig ag baint suilt as na cuimhní den turas.
Dar le Diarmaid Ua Bruadair, Foireann Ceannaireachta Choláiste Feirste, “D’fhás na daoine óga seo tríd an eispéireas, d’éirigh siad níos muiníní mar dhaoine, thaisteal siad ar fud an domhain, mar sin ba mhaith liomsa go mbeadh an deis seo ag daltaí eile anseo, agus táimid ag súil le gach dara blian tionscnamh mar seo a reachtáil.”
Tá oifigí ag SERVE i mBéal Feirste agus i gCorcaigh, agus iad ag freastal ar chuid de na tíortha is boichte ar domhan.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie.
Siansa Gael Linn ar stáitse sa Cheoláras
Márta 31, 2014
Beidh Craobhchomórtas Siansa Gael Linn le cloisteáil beo ón gCeoláras Náisiúnta ar Raidió na Gaeltachta ar Dé Domhnaigh, 6 Aibreán 2014.
Is comórtas é Siansa Gael Linn do ghrúpaí traidisiúnta. Tá an comórtas ar an bhfód breis is deich mbliana anois agus déanann an comórtas áirithe seo an-spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.
Beidh ocht ngrúpa ag glacadh páirt sa chomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an oíche agus gach bliain bíonn caighdeán den scoth ag na grúpaí a bhíonn i gcoimhlint lena chéile. Ó Chúige Mumhan, beidh na grúpaí Trioscar ó Phort Láirge, Lasair ó Mhala i gCorcaigh, agus Ceoltóirí Chnoc na Gaoithe ón Tulach i gCo. an Chláir, san iomaíocht sa chraobh.
Ó Chúige Chonnacht beidh Iontas ó Ghairmscoil Chúl Átha i mBaile Idir Dhá Abhainn, Co. Sligigh, agus Glór Mhaigh Eo ó Chaisleán an Bharraigh, páirteach. Beidh dhá ghrúpa ón phríomhchathair – Na Rógairí ó Choláiste Cois Life i Leamhcán, agus na hÓgánaigh ó Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile an Bhóthair, ar stáitse, agus beidh grúpa amháin ó Chúige Uladh, sin Cóiriú ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta i gCo. Dhoire.
Le linn an chomórtais tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge.
Bronnfar gradam Siansa Gael Linn, trófaí Gael Linn agus seic €2,500 ar bhuaiteoirí an chomórtais agus bronnfar seic €1,250 ar an ngrúpa sa dara háit agus €750 ar an ngrúpa a thiocfaidh sa tríú háit. Eiseofar dlúthdhiosca don trí grúpa is fearr in am tráth agus cuirfear deiseanna seinnte ar fáil do na buaiteoirí i rith na bliana ag ócáidí ar nós an Temple Bar Trad Fest.
Tá ticéid ar €12 (€6 do dhalta) ar fáil ag an gCeoláras 01-4170000 nó www.nch.ie. Beidh Craobh Siansa Gael Linn 2014 le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, curtha i láthair ag Áine Hensey, ar Dé Domhnaigh, 6 Aibreán, ag 7.30 pm.
Déanfaidh an comhlacht léiriúcháin teilifíse neamhspleách, Red Shoe Productions, an ócáid a thaifead mar chlár teilifíse a chraolfar ar TG4 ar an gCéadaoin an 23 Aibreán ag 9.30pm.
Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.
Foilsithe ar Gaelport.com