Méid an Téacs

Deireadh Seachtaine i Ráth Chairn le Gael Linn

Meán Fómhair 5, 2013

Dóibh siúd gur spéis leo a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmasféar taitneamhach spraíúil, tá Gael Linn ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn ón Aoine 11 – Domhnach 13 Deireadh Fómhair 2013. Is é seo an séú bhliain don eagras an ócáid ráthúil seo a eagrú i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn. Is le linn Éigse Dharach Uí Chatháin a reáchtálfar deireadh seachtaine na bliana seo, uair a bheidh deis ag foghaimeoirí fásta na Gaeilge blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus den Ghaeilge labhartha. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal), ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird agus seisiúin ceoil! Socrófar lóistín do na rannpháirtithe go háitiúil agus is é táille réasúnta na deireadh seachtaine ná €180 an duine -béilte san áireamh !

Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite idir Baile Átha Troim agus Áth Buí i gCo. na Mí – díreach uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath ! Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1937 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí.

Tá gach eolas faoin deireadh seachtaine mar aon le foirm iarratais san iatán leis seo agus tá sé ar fáil freisin ó www.gael-linn.ie nó ó Sheán Ó Ceallaigh 01:6753299. (seanc@gael-linn.ie)

Dréachtbhille do Ligean Isteach ar Scoil á fhoilsiú ag an Aire Quinn chun ligean isteach páistí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a rialú

Meán Fómhair 3, 2013

Dréachtbhille do Ligean Isteach ar Scoil á fhoilsiú ag an Aire Quinn chun ligean isteach páistí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a rialú.

Tá na rialacháin beartaithe chun bheith mar bhun agus mar thaca le próiseas cothrom, trédhearcach rollaithe faoina seachnaítear leithdháileadh ionaid scoile de réir liostaí feithimh agus faoina gcosctar scoileanna ar éarlaisí nó íocaíochtaí a iarraidh mar chuid den phróiseas ligin isteach.

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, tar éis Dréachtscéim Ghinearálta a fhoilsiú do Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil), 2013 mar aon le dréachtrialacháin chun a bpléite sula n-achtófar an reachtaíocht.

Faoi na cinn bille atá faofa ag an gComh-aireacht, beartaítear creat nua cothromasach, comhsheasmhach a thacóidh le tuismitheoirí, chun an polasaí faoi ligean isteach ar scoil a rialú do na 4,000 bunscoil agus iar-bhunscoil ar fad. Má achtaítear an creat seo ina dhlí, cuirfear feabhas ar an rochtain ar scoileanna do na daltaí uile agus cinnteofar go mbeidh comhsheasmhacht, cothroime agus trédhearcacht ag baint leis na polasaithe faoi ligean isteach atá ag na scoileanna uile.

Tá sé d’aidhm ag an Aire feabhas a chur ar an bpróiseas ligin isteach chun a chinntiú go gcinneann na scoileanna ar iarratais i mbealach struchtúrtha, cothrom, trédhearcach. Táthar ag iarraidh a shocrú faoin dréachtbhille nach ar thuismitheoirí a bheidh an dualgas achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí scoileanna ionad a dhiúltú dá gclann – cuirfidh sé seo deireadh leis an gcóras casta achomharc chuig an Roinn atá ann faoi láthair faoi Alt 29 den Acht Oideachais, as a dtagann cásanna cúirte uaireanta.

Cuirfidh na bearta atá tograithe ar chumas an Aire Oideachais agus Scileanna éileamh ar scoileanna comhoibriú leis nuair a tharlaíonn díospóidí a bhaineann le ligean isteach. Beidh sé ar chumas an Aire chomh maith duine neamhspleách a cheapadh faoi dheoidh chun an próiseas rollaithe a chur i bhfeidhm áit a mbeidh scoil tar éis diúltú a cuid cleachtas a leasú de réir na reachtaíochta.

Déantar iarracht faoi na dréachtrialacháin cothrom na féinne a thabhairt do theaghlaigh atá tar éis cur fúthu i gceantar nó atá ag filleadh chun cónaithe ann mar aon lena chinntiú nach mbeidh ioncam na dtuismitheoirí nó a gcumas chun táillí iontrála a íoc ina mbonn leis an gcinneadh faoi ligean isteach ar scoil. Cuirfear deireadh faoi na rialacháin chomh maith leis na “bacainní boga” a théann i gcion ar pháistí a mbíonn riachtanais speisialta oideachais acu.

Faoi na tograí:

  • Ní ligfí do scoileanna iarratais ar ligean isteach a ghlacadh roimh 1ú Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an rollaithe ach go gceadófaí tréimhse níos faide ná sin i gcás scoileanna cónaithe.
  • Bheadh sé ar chumas an Aire a rialú nach ceadaithe táillí iontrála ar bith a iarraidh nó a ghearradh mar choinníoll le hiarratas a dhéanamh ar ligean isteach ar scoil.
  • Ní bheadh scoileanna in ann agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú.
  • Áit gur féidir le scoileanna a chruthú go bhfuil liostaí feithimh ar bun acu, is féidir, de mhaolú air sin, ligint dóibh na liostaí sin a ghlanadh thar thréimhse roinnt blianta.
  • Ligfear do scoileanna tús áite a thabhairt d’iarratasóir gur siblín é/í le mac léinn nó iarmhac léinn de chuid na scoile.
  • Déileálfar le hachomhairc ag leibhéal na scoile faoi shocruithe simplithe.

“Creidim go bhfuil bealach níos fearr ann le déileáil le ligean isteach ar scoil. Baineann na bearta seo le ‘dea-bhainistí’, mar a déarfá, agus tiocfaidh breis trédhearcachta, cothroime agus comhsheasmhachta astu sa tslí ina bhfeidhmeoidh scoileanna a gcuid próiseas ligin isteach,” adúirt an tAire Quinn.

“Bíodh is nach mian liom cur isteach an iomarca ar bhainistíocht scoile ó lá go lá, tá cothromaíocht bainte amach ag an gcreat nua rialála, atá beartaithe, idir neamhspleáchas na scoileanna agus cothroime inár gcóras oideachais agus d’éileodh sé ar scoileanna seirbhís níos fearr a chur ar fáil do thuismitheoirí. Leasú suntasach ar an tseirbhís phoiblí atá sa chreat a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas mór a chur ar an dtaithí a bhíonn ag an bpobal i dtaca le ligean isteach mac léinn ar scoileanna.”

Eiseofar an Dréachtscéim Ghinearálta agus na dréachtrialacháin chuig Comhchoiste an Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach inniu, chun deis a thabhairt ar phlé iomlán poiblí, ionchuir ó thuismitheoirí agus na comhpháirtithe oideachais san áireamh.

“Tá súil agam go mbreithneoidh an Comhchoiste an cheist seo go luath i dtreo is go bhféadfaimid dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile leis an reachtaíocht a luaithe is féidir,” adúirt an tAire. “I gcaitheamh an phróisis seo ar fad, ba mhian liom a chinntiú go mbeadh próiseas cóir, cothrom ligin isteach ar scoil againn. Tá fhios agam go bhfuil an-chuid tuismitheoirí sásta leis na scoileanna a bhfreastalaíonn a gclann orthu. Ach tá cásanna ann ina bhfuil díomá agus míshástacht i gceist agus gan ach bealaigh teoranta ann chun déileáil leis seo.”

Ta foilsiú na gceann bille agus na ndréachtrialachán ag teacht i ndiaidh phróiseas phoiblí comhairlithe a reáchtáladh in 2011.

“Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí gafa leis an gcomhairliúchán poiblí faoin ngnó seo go nuige seo, agus tá muinín agam go mbeimid in ann oibriú le chéile i gcónaí chun athrú a chur ar an gcóras ar mhaithe leis na mic léinn, leis na scoileanna agus leis na teaghlaigh go léir,” adúirt an tAire Quinn.

Faoi fhorálacha reatha an Acht Oideachais, 1998, tá teorainn leis na roghanna atá ar fáil don Aire chun fadhbanna a thagann chun cinn ag an leibhéal áitiúil a réiteach. Cinnte, tugtar cumhacht don Aire faoin reachtaíocht “ligean isteach páistí ar scoileanna” a rialú. Cumhacht ghinearálta atá ann, áfach, agus ní leagtar amach go follasach san Acht fairsinge ná scóip rialachán dá leithéid.

Leagtar amach faoi na forálacha eile bainteacha san Acht gur feidhm scoile é polasaí a bhunú agus a chothabháil, agus déantar foráil do phróiseas achomharc faoi Alt 29 den reachtaíocht.

Faoi láthair, níl, i ndáiríre, ach dhá réiteach ann de réir dlí chun fadhbanna a réiteach a bhaineann le cleachtas maidir le ligean isteach ar scoil. Ceann díobh is ea córas achomharc Ailt 29 atá luaite thuas. Faoin réiteach eile, tá cumhacht ag pátrún scoile nó ag an Aire chun an bord bainistíochta a dhíscaoileadh áit a bhfuil buairt ann faoin gcaoi ina bhfuil Bord tar éis a chuid feidhmeanna a chur i ngníomh. Ábhar buartha a bheadh ann dá mbeifí in amhras go raibh droch-chleachtas ar siúl maidir le ligean isteach ar scoil.

Bíodh is go bhfuil próiseas achomharc curtha ar fáil faoi Alt 29 do thuismitheoirí agus mic léinn ní dhéantar aon idirdhealú faoi idir an cás ina ndiúltaítear páiste a rollú de bharr gur mó líon na n-iarratas ná líon na n-ionad atá ar fáil (ró-shuibscríobh) agus an cás inar amhlaidh nach bhfuil mac léinn in ann ionad a fháil i scoil ar bith i gceantar. Tugadh an iliomad achomharc faoi Alt 29 i gcásanna ró-shuibscríofa agus cruthaíodh ualach suntasach riaracháin do scoileanna.

Oifigeach Tionscadail de dhíth do Scéim ‘Gaelbhratach’

Meán Fómhair 2, 2013

Scéim phíolótach í seo, urraithe ag Foras na Gaeilge, a thabharfaidh tacaíocht agus treoir do mhúinteoirí, agus a chuirfidh ar chumas scoileanna aitheantas cuí a fháil as a gcuid oibre chun an Ghaeilge chumarsáideach a chur chun cinn.

Oifigeach Tionscadail (Leibhéal Bunscoile)

Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais do phost mar Oifigeach Tionscadail. Beidh an té a cheapfar i mbun forbartha ar scéim ‘Gaelbhratach’ ag leibhéal na bunscoile.

Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar an gcuraclam bunscoile agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ag an mbunleibhéal.

Riachtanais an phoist:

  • Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht
  • Taithí mhúinteoireachta
  • Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Scileanna láidre idirphearsanta
  • Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
  • Teacht ar charr

Post ar chonradh a bheidh i gceist; tréimhse go Nollaig 2013, mar thús. Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.

Seoltar CV roimh 12 nóin ar an Aoine 6 Meán Fómhair 2013 chuig: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie

Oifigeach Tionscadail (Leibhéal Iar-bhunscoile)
Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh iarratais do phost mar Oifigeach Tionscadail. Beidh an té a cheapfar i mbun forbartha ar scéim ‘Gaelbhratach’ ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar an iar-bhunscolaíocht agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ag an dara leibhéal.

Riachtanais an phoist:

  • Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht nó a chomhionann
  • Taithí mhúinteoireachta nó a chomhionann
  • Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Scileanna láidre idirphearsanta
  • Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
  • Teacht ar charr

Post ar chonradh a bheidh i gceist; tréimhse go Nollaig 2013, mar thús. Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.

Seoltar CV roimh 12 nóin ar an Aoine 6 Meán Fómhair 2013 chuig: Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-4757401 post@cnag.ie

Búla bos do Chúla Búla!

Lúnasa 30, 2013

Fad is atá páistí ar fud na tíre ag filleadh ar scoil, tá comhlacht siamsaíochta Gaelach amháin ag obair go dian le cinnte a dhéanamh go mbeadh siad ag súil le rud amháin i mbliana. Is í sin an Ghaeilge. Cuireann Cúla Búla rogha nua ar fáil a thugann deis dóibh spraoi a bhaint as an gcóisir trí mheán na Gaeilge.

Ag tarraingt ar an dtaithí acu ar oideachas agus amharclannaíocht do daoine óga, tá eispéireas Gaelach, draíochtiúil, spraoiúil cruthaithe ag Cúla Búla Parties a lasann grá don teanga sa teach. Mar thoradh ar rath a chomh-chomhlacht Dagda Theatre le foghlaim ghníomhach teanga tríd ceardlanna is drámaí, d’aithin bunaitheoir Cúla Búla, Clódagh Nic Gabhann, go raibh gá ann an ghrá luath seo don teanga a chothú le siamsaíocht chóisir; draíocht, puipéidí, péintéail aghaidhe agus múnlú balúin san áireamh; “ Is simplí é an fáth gur bhunaigh mé Cúla Búla. Tá áit lárnach ag an nGaeilge i mo chroí féin agus feictear domsa cé chomh tapaidh is a athraíonn meon an pháiste. Cruthaigh eispéireas deafach dóibh agus iad an-óg agus bláthóidh an ghrá.”

Cuireann Cúla Búla Parties an ‘Cúl-a’ ar ais sa Ghaeilge. Le tuilleadh eolas a fháil faoi NPAS Loinnir, caith súil ar www.culabulaparties.com, glao ar (01)5357595 nó déan nasc linn ar Facebook agus coinnigh súil amach do thaisicintí speisialta www.facebook.com/culabulaparties.

Clódagh Nic Gabhann, 0852130384, clodagh@culabulaparties.com

Cúla Búla

Breithlá Fíbín – an cóisir is mó san Iarthar!

Lúnasa 30, 2013

Tá an comhlacht drámaíochta Fíbín ag cur seó ‘video-mapping’ saor in aisce amuigh faoin aer i láthair i gcoiléar mór ar an 13ú & 14ú Meán Fomhair i gCamus, Conamara. S’é Stair na gCeilteach scéal spreagúil faoi na Ceiltigh insítear trí shúile Vercingetorix, an Ceilteach atá ag ceiliúradh a bhreithlá 3,000 bliain d’aois.
Cuireann Stair na gCeilteach marc le 10ú breithlá Fíbín freisin. Tá clú agus cáil ar Fíbín de bharr a gcuid mascanna, puipéid, físéan, agus scáth-phuipéadóireacht. Is é seo an chéad uair ag an gcomhlacht seó suíomhoiriúnaithe le ‘Video Mapping’ a dhéanamh. Dúirt Darach O’Tuairisg (stiúrthóir bainistíochta) “Beidh sé seo ar cheann de na amharcíomhánna is speisialta a bheidh feicthe ag Conamara riamh. Is deis é seo do Fíbín chun ceiliúradh a dhéanamh ar an deich mbliana atá acu agus freisin buíochas a ghlacadh le daoine a thug tacaíocht i gconaí agus chun fáilte a chuir roimh daoine chun seó Fíbín a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as rud chomh difriúil agus speisialta”.
Is teicneolaíocht den scoth é ‘Video Mapping’, ag mapáil na comhrianta de aon dromchla le íomhánna atá ag bogadh. Breathnaíonn an dromchla ar nós go bhfuil sé beo, ag cruthú íomhánna 3D bríomhara agus seachmall radhairc. Tá Stair na gCeilteach faoi stiúr Rod Goodall agus is é an seó is mó ‘Video Mapping’ in Éirinn i mbliana. Beidh taibhiú ceoil óna duais bhuaiteoirí Cór Chois Chladaigh ó Ghaillimh agus an t-amhránaí Sarah Grealish.
Is seó é atá comhoibrithe idir Fíbín agus ealaíontóirí ‘video-mapping’, Improbable Films ó Madrid, agus tá sé mar chuid den chlár Culture Connects. Is é Culture Connects an clár cultúr a nascaíonn ealaíontóirí na hÉireann le healaíontóirí na hEorpa agus marcann sé Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tá Stair na gCeilteach, le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, a chuireann forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta sa Ghaeltacht
Trasnaíonn stíl an-amhairc Fíbín ar bhacainní teanga agus tá leiriúcháin curtha i láthair os comhair 400,000 duine i rith na deich mbliana.
Rinne an ealaíontóir Joe Boske an postaer le haghaidh ‘Stair na gCeilteach’. Bheadh aithne ag daoine ar Joe ó phostaerí don Galway Arts Festival thar na blianta.
Tá Stair na gCeilteach ar súil ar an 13ú & 14ú Meán Fómhair ag 9i.n ag an Coiléar, Bóthar Furnace, Camus, Conamara. Tá ticéid saor in aisce ach ní mór iad a chuir in áireamh trí dhul i dteagmháil le fibinteo@gmail.com nó trí ghlaoch ar 091-593823. Tuilleadh eolais: www.fibin.com

Stair na gCeilteach by Fíbín and Improbable Films

Scoileanna nua pléite ar Raidió na Life

Lúnasa 30, 2013

Éist leis an agallamh le Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta, a chraoladh ar ‘Fios Feasa’ ar Raidió Na Life. Labhraíonn Caoimhín faoi na Gaelscoileanna nua a d’oscail an tseachtain seo: https://soundcloud.com/cianraidi-nalife/caoimh-n-heaghra-ard-r-na-ar

An Foras Pátrúnachta ar Facebook

Tionscadal Náisiúnta: ‘Life’s Like This’

Lúnasa 29, 2013

Teastaíonn uainn go mbeadh tusa páirteach inár dtionscadal náisiúnta: Life’s Like This

Ar Dé hAoine 20ú Meán Fómhair teastaíonn uainn go ndéanfá scannánú ar do shaol agus a thaispeáint don domhan mór cad tá ar siúil agat, cad a fheiceann tú agus cad a bhraitheann tú ar lá áirithe amháin. Cuirfear le chéile na
píosaí scannáin i bhfoirm chlár fáisnéise agus craolfar ar RTÉ é níos déanaí sa bhliain. Foghlaimeoidh an lucht féachana conas mar atá sé do dhaoine óga a bheith ag fás aníos in Éirinn inniu.

Do chlársa fáisnéise é Life’s Like This. Fútsa atá sé. Faoi do lá-sa. Faoi na rudaí atá tábhachtach dar LEATSA. Tá fáilte roimh éinne idir 13 agus 19 bheith páirteach ann. Beidh breis sonraí Life’s Like This ar fáil ó Mheán Fómhair ar aghaidh ar www.rte.ie/trte/lifeslikethis.

Is féidir do scannán a uaslódáil ar www.rte.ie/trte/lifeslikethis ón Aoine 20ú Meán Fómhair go dtí Dé Máirt, 24ú Meán Fómhair.

CONAS AGUS CAD LE SCANNÁNÚ
• Is féidir AON RUD A THAIFEAD AR AON GHLÉAS.
• Déan scannánú le guthán, ceamara, wecam, iPad… do rogha fhéin. Má dhéanann sé scannánú, is féidir é a úsáid. Ach led’ thoil, déan iarracht caighdeán ard a bhaint amach!
• Tá fuaim agus fócas tábhachtach. Is gá go mbeimis ábalta an t-ábhar a fheiscint agus chloisint go soiléir.
• Úsáid teanga ar bith – Gaeilge, Béarla, Polainnis, Fraincís …&rl
• Bíodh do scannán 2 nóim ar fhad ar a mhéid.
• Ag tús an scannáin inis d’ainm dúinn agus cén t-am ag a bhfuil tú ag scannánú.
• Is féidir scannánú a dhéanamh ag aon am den lá agus/nó iomaí uair sa lá chomh fada’s gur ar 20ú Meán Fómhair atá sé.

DO SCANNÁN A CHUR AR FÁIL DÚINN
• Spriocdháta taiscthe ná 8 i.n. ar Dé Máirt 24ú Meán Fómhair.
• Cuimhnigh, faigh cead sara ndéanann tú scannánú.
• Ní úsáidfear ach na scannáin lena sheoltar foirm cheadúnais atá sínithe ag an mbeirt thuismitheoir. Is gá go mbeadh foirm cheadúnais sínithe ag a dtuismitheoirí (nó acu fhéin má tá siad os cionn 18 d’aois) ag gach éinne atá faoi thuairisc i do scannán. Is féidir leat iad ar fad a uaslódáil nó iad a sheoladh le chéile.
• Sara ndéanann tú duine a scannánú faigh cead uathu.
• Má tá scanóir agat, déan scanáil ar an bhfoirm cheadúnais agus déan uaslódáil air in éineacht le do scannán ag baint úsáid as an ngléas ar thaobh na lámha deise.
• Agus tú ag uaslódáil, breac síos uimhir ghutháin póca / uimhir theangmhála do thuistí AGUS ainm gach éinne atá faoi thuairisc i do scannán san áit go bhfuil MESSAGE (an-tábhachtach!).
• Muna bhfuil teacht agat ar scanóir, is féidir cóip chrua des na foirmeacha cheadúnais a sheoladh go Life’s Like This, Macalla Teoranta, 7 Sráid Lombaird Thoir, BÁC 2, ach bí cinnte de go bhfuil ainm iomlán do scannáin luaite ar an bhfoirm.
• Nuair atá do scannán á shábháil agat ar do ríomhaire cur d’ainm fhéin mar ainm air (céad ainm agus sloinne).
• Muna féidir leat do scannán a uaslódáil, seol é go: Life’s Like This, Macalla Teoranta, 7 Sráid Lombaird Thoir, BÁC 2. Ní seolfar an chóip seo ar ais chugat.
• Bainfear úsáid as réimse leathan scannáin sa chlár fáisnéise, ach ar an ndrochuair ní bheidh gach scannán san áireamh.
• Fiosrúcháin go: lifeslikethis2013@gmail.com nó guthán: 01 670 4012 nó 01 670 4895

CUIMHNIGH LE DO THOIL:
MUNA BHFUIL FOIRM CHEADÚNAIS SHÍNITHE AGAINN DO GACH ÉINNE ATÁ FAOI THUAIRISC I DO SCANNÁN – NÍ BHEIMID ÁBALTA DO SCANNÁN A ÚSÁID SA CHLÁR FÁISNÉISE.

ÍOSLÓDÁIL AN FHOIRM CHEADÚNAIS Ó www.rte.ie/trte/lifeslikethis AGUS SEOL CHUGAINN É AG: Life’s Like This, Macalla Teo, 7 Sráid Lombaird Thoir, BÁC 2.

Ar Dé hAoine 20ú Meán Fómhar is déantóir scannán tú.

Is cuid den stair tú.

Déan rud éigin réadúil, cur daoine ag machnamh.

Fútsa atá sé.

BREIS EOLAIS
Ar Dé Aoine 20ú Meán Fómhair teastaíonn uainn go ndéanfá scannánú ar 2 nóim ar an uasmhéid de do lá. Aon ábhar agus gach ábhar:
• Coinne leis an bhfiaclóir
• Obair bhaile á dhéanamh ar an mbus
• Bearradh gruaige
• Amhrán
• Am crúite na mbó ar éirí na gréine
• Oíche amuigh le cairde
• An teaghlach ag teacht le chéile
• Ocáid spórtúil
• Físeán mearscaipthe nó seisiúin Facebook

Foilsithe ag Macalla Teo.

Trí Ghaelscoil nua le hoscailt ag an bhForas Pátrúnachta

Lúnasa 28, 2013

Cuirfidh na príomhoidí ar trí Ghaelscoil nua atá faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta, fáilte roimh a gcéad daltaí amárach (29 Lúnasa).

Is scoileanna Ilchreidmheacha iad Gaelscoil na Giúise i dTeach na Giúise, Gaelscoil Shliabh Rua sa Chéim agus Gaelscoil Mhic Aodha i mBaile Chill Dara. Tosóidh siad amach le naíonáin bheaga amháin i mbliana. Creidtear go dtiocfaidh fás agus forbairt ar na Gaelscoileanna nua seo go tapaidh.

I mí an Mhárta 2012, d’aithin an Roinn Oideachais an t-éileamh ar Ghaeloideachais sna ceantair seo agus fógraíodh go n-osclófaí Gaelscoil faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta iontu. Tá na hullmhúcháin do na scoileanna nua seo ar bun ó shin agus tá na príomhoidí nua ar bís faoin mbliain atá rompu.
“Léiríonn bunú na scoileanna nua seo an t-éileamh atá ar scoileanna lán-Ghaeilge atá Ilchreidmheach agus ilchultúrtha,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta.

“Cuireann sé ríméad ar an bhForas Pátrúnachta a bheith in ann freastal ar na tuismitheoirí agus ar na daltaí seo trí scoileanna agus oideachas den scoth a sholáthar. Cinntíonn scoileanna an Fhorais fás, forbairt agus leathnú na teanga ní hamháin i measc daltaí agus pobal na scoile ach i measc pobal iomlán an cheantair.”

Tá Fionnuala Ní Riain, príomhoide ar Ghaelscoil na Giúise, ag súil le ré nua Ghaeilge a chothú i dTeach na Giúise. Dar le Conchur Ó Raghallaigh, príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua, tá an tsuim sa Ghaeilge agus sa chultúr sa Chéim ag méadú.
“Is é Gaelscoil Shliabh Rua an dara Gaelscoil i mBaile Átha Cliath 18,” a dúirt sé. “Táim ag súil le bheith ag obair le Gaelscoil Thaobh na Coille chun an grá don teanga atá sa cheantar seo a fhorbairt tuilleadh.”

Tá Norma Ní Chonchúir, príomhoide Ghaelscoil Mhic Aodha, an-bhródúil as an éacht atá bainte amach ag pobal na scoile i mBaile Chill Dara cheana féin.
“Tá tuismitheoirí na scoile tar éis an-tacaíocht a thabhairt dom. Tá éide scoile álainn socraithe acu agus suaitheantas na scoile deartha acu. Táimid ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn.”

Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:
Orla Bradshaw :: orla@foras.ie :: 01-6294110

Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. Tá An Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach /Protastúnach) acu.

Eolas do Thuismitheoirí ón CNCM

Lúnasa 27, 2013

Tá go leor comhairle agus bileoga eolais foilsithe ag an CNCM a dhíríonn ar tuismitheoirí agus tacaíocht dá bpáistí ar scoil, agus iad ar fáil go dátheangach. Féach www.ncca.ie, áit ar féidir na bileoga a íoslódáil.

€742,438 ceadaithe don Scéim Cúntóirí Teanga don bhliain 2013/2014

Lúnasa 27, 2013

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tseachtain seo caite go bhfuil € 742,438 ceadaithe aige chun an Scéim Cúntóirí Teanga a reáchtáil.

Díríonn an Scéim seo, atá ar an bhfód ó 1999, ar shaibhreas Gaeilge pháistí na Gaeltachta a threisiú chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc gasúir bhunscoile.
I mí Aibreáin 2012 fógraíodh forbairtí ar an scéim mar ghné shuntasach den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh mar chuid de Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge. Faoin scéim seo, cuireann 80 cúntóir teanga seirbhísí ar fáil do 100 scoil Gaeltachta.
Roinnfear an deontas don scoilbhliain 2013/2014 ar dhá eagraíocht ar leith, Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Déanann Muintearas an tseirbhís a riar do scoileanna Gaeltachta i nGaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall agus Co. na Mí agus déanann Oidhreacht Chorca Dhuibhne na seirbhísí sin a riar do scoileanna Gaeltachta i gCo. Chiarraí, Co. Chorcaí, agus Co. Phort Láirge.
Laghdú de 2.5% is ea deontas na bliana seo, anuas ó €762,378 don scoilbhliain 2011/2012. Cuireadh leasuithe substaintiúla i bhfeidhm ar an scéim seo anuraidh, le méadú de €150,000 breise curtha ar fáil anuraidh ná mar a cuireadh ar fáil don bhliain 2011/2012. Chuir an deontas méadaithe ar chumas na gcúntóirí teanga uaireanta teagmhála breise agus áiseanna breise a sholáthar don líon mór páistí a bhain tairbhe as an scéim.
Cuireadh tús le linn na scoilbhliana seo caite le gné nua den scéim seo, ‘Cluas sa Chlós’, chun cabhrú le nósmhaireacht teanga i measc na scoláirí taobh amuigh den seomra ranga ionas go mbeadh an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga cumarsáide i gclós na scoile. Roimhe seo, dhírigh an scéim seo ar ghasúir gan Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta, ach den chéad uair anuraidh rinneadh freastal ar leith ar na páistí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu trí uaireanta breise a cheadú sna scoileanna Gaeltachta sin atá suite sna ceantair a bhfuil an Ghaeilge fós mar theanga pobail agus teaghlaigh iontu.
Ag labhairt dó agus é ag fógairt an deontais, dúir an tAire Stáit Gaeltachta: ““Is céim shuntasach eile é seo i bhfeidhmiú an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh. Nuair a sheol mé an Clár sin i mí Aibreáin 2012, thagair mé don tábhacht a bhí le cur chuige leasaithe chun tacú go praiticiúil le teaghlaigh na Gaeltachta a bhfuil a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
Mar gheall ar an gcúnamh atá á fhógairt inniu, beidh ar chumas an dá eagras a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga leanúint orthu ag tacú go gníomhach le caomhnú agus neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht”.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »