Folúntas i Naíonra Chrónáin
Samhain 16, 2016
Oideoir sna Luathbhlianta – Cúntóir Naíonra
Iarratais á lorg do Cúntóir Naíonra ag Naíonra Chrónáin, Áras Chrónáin Ionad Cultúir,
Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22
An Naíonra:
Is Naíonra lán Ghaeilge é Naíonra Chrónáin.
Is naíonra gnóthach é, ag rith seisiúin ar maidin agus sa tráthnóna. Tá aidhm lucht cheannais an Naíonra dírithe ar chúram agus oideachas d’ard chaighdeán a thabhairt do na páistí a fhreastalaíonn ar an seirbhís. Tá dúil ár n-anamacha sa spraoi lasmuigh agus sa spraoi riosca agus creideann muid i gcónaí i bheith suas chun dáta le taighde nua chun a chinntiú go bhfuil muid i gcónaí ag soláthair an chúraim agus an oideachais den chaighdeán is airde gur féidir a sholáthair.
Cáilíochtaí:
Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 5 (Mórdhámhachtain), cáilíocht choibhéiseach, nó níos airde i gcúram leanaí, le taithí, chomh maith le líofacht i nGaeilge labhartha.
An Ghaeilge:
Muna bhfuil líofacht iomlán agat i labhairt agus scríobh sa Ghaeilge ach go bhfuil caighdeán na hArdteiste agat i nGaeilge beidh muid in ann cúnamh a thabhairt duit do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú más gá.
Freagrachtaí:
Feidhmiú i suíomh réamhscolaíochta le fuinneamh agus le spraoi taobh istigh is lasmuigh. Bheith páirteach i gcúrsaí a phleanáil, sonrú agus tuairisc a choinneáil. Ba chóir go mbeadh dúil ag an duine a roghnaítear i seirbhís den chéad scoth, le scileanna idirphearsanta agus inphearsanta láidir, bheith in ann feidhmiú mar bhall foirne agus ar an am céanna bheith ábalta feidhmiú as a stuaim féin.
Post: Post Lánaimseartha atá i gceist
Tuarastal: Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí
Litir Iarratais agus CV chuig:
An Cathaoirleach, Muintir Chrónáin Teo,
Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. (eolas@araschronain.ie / 01-4574847)
Dáta Deireadh Iontrála: Déardaoin 09/12/2016 roimh 1.00i.n.
Folúntas: Scoil Santain Tamhlacht, B.Á.C. 24
Deireadh Fómhair 24, 2016
Tá múinteoir naíonáin bheaga ag teastáil don tréimhse 7- 18/11/16 (10 lá oibre) i Scoil Santain Tamhlacht, B.Á.C. 24. Tá Gaeilge líofa riachtanach don phost seo. Beidh grinnbhreithniú na ngardaí de réir Ciorcalán 31/2016 éigeantach mar aon le Dearbhú Reachtúil. Is Scoil DEIS 2 lán Ghaeilge í Scoil Santain.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Éamon Ó Deagha (Príomhoide) ar 087914898 nó priomhoidescoilsantain@gmail.com
Folúntas: Riarthóir airgeadais á earcú ag Gaelscoileanna Teo.
Deireadh Fómhair 3, 2016
RIARTHÓIR AIRGEADAIS (páirtaimseartha) de dhíth, a bheidh freagrach as airgeadas laethúil na heagraíochta a riar.
Duine le sárscileanna eagrúcháin mar aon le líofacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Taithí ar bheith ag plé le hairgeadas riachtanach.
Is ceanneagraíocht í Gaelscoileanna Teo. atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Seol iarratas trí litir agus CV a chur chuig blathnaid@gaelscoileanna.ie.
Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe:
Meánlae Aoine, 14 Deireadh Fómhair 2016
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.
Folúntas ag Fiontar, DCU
Deireadh Fómhair 3, 2016
Tá dhá fholúntas le fógairt ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge:.
Cuntóir Taighde: cuntoir-taighde_404
Cuntóir, Eagarthóireachta: cuntoir-eagarthoireachta_405
Tá gach eolas ar fáil ag http://www.dcu.ie/hr/vacancies/current.shtml.
Folúntas: Oifigeach Forbartha le Gaelscoileanna Teo.
Meán Fómhair 29, 2016
OIFIGEACH FORBARTHA
(Athfhógairt)
de dhíth, a bheidh freagrach as cur chun cinn na naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht.
(ar chonradh bliana)
Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa de dhíth.
Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr riachtanach.
Scála Tuarastail: €26,383 – 45,616 (ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí).
Is ceanneagraíocht í Gaelscoileanna Teo. atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Foirm iarratais, sainchuntas poist agus critéir uilig an phoist le fáil ó blathnaid@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.
Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe:
Meánlae Aoine, 14 Deireadh Fómhair 2016
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.
Folúntais reatha i mbunscoileanna lán-Ghaeilge
Meán Fómhair 27, 2016
Folúntas: Múinteoir Acmhainne á earcú ag Gaelscoil Átha Í, Co. Chill Dara
Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76432
Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 12ú Deireadh Fómhair 2016
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Gaelscoil na Ríthe, Co. na Mí
Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76429
Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 29ú Meán Fómhair 2016
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Scoil na gCeithre Máistrí, Co. na hIarmhí
Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76410
Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 10ú Deireadh Fómhair 2016
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha á earcú ag Scoil na gCeithre Máistrí, Co. na hIarmhí
Breis eolais: http://www.educationposts.ie/post/view/76400
Dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh : 10ú Deireadh Fómhair 2016
Múinteoir Gaeilge á lorg, Coláiste Chomáin, Maigh Eo.
Meán Fómhair 20, 2016
Tá múinteoir Gaeilge de dhíth le haghaidh sos máithreachas ón 21ú Samhain go deireadh na bliana, i gColáiste Chomáin, Ros Dumhach, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Ciarán Ó Máille ag eolas@gcr.ie nó glaoch a chur ar 097-88940.
Folúntais ar Phoist
Meán Fómhair 13, 2016
• Gaelscoil Uí Earcáin, ag lorg cúntóir riachtanais speisialta buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75970
• Gaelscoil Chnoc Liamhna, ag lorg múinteoir acmhainne ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75899
• Gaelcholáiste Mhuire (A.G.), ag lorg ionadaí.
http://www.educationposts.ie/post/view/75889
• Gaelscoil Choráin,ag lorg múinteoir.
http://www.educationposts.ie/post/view/75892
• Gaelscoil Cois Feabhail, ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75747
• Gaelscoil Moshíológ, ag lorg múinteoir acmhainne.
http://www.educationposts.ie/post/view/75832
Folúntas: Beirt Stiúrthóirí á n-earcú ag Páistí na Beatha i gCill Dhéagláin, Co. na Mí
Meán Fómhair 6, 2016
Beirt Stiúrthóirí á n-earcú ag Páistí na Beatha i gCill Dhéagláin, Co na Mí
Cineál Poist: Tá post lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil
Riachtanais:
Gaeilge líofa
CDBO Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí
Dáta tosaithe: Láithreach
CV agus litir iarratais chuig Sinéad ag preschool@fungalaxy.ie
Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
Meán Fómhair 6, 2016
Tá Coláiste Cois Life ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos: