Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha
Meán Fómhair 7, 2012
Cathain: 5 & 6 Deireadh Fómhair 2012
Cá háit: Óstán Salthill, Bóthar na Trá, Gaillimh
Téama: Ár gCearta sa Naíonra
Tá an spriocdháta le clárú do Chomhdháil Na Naíonraí Gaelacha sínte go dtí an 10 M.F. 2012, mar sin ná dearmad clárú a dhéanamh anois mura bhfuil sé déanta agat cheana.
I mbliana, tá sé suas do na Stiúrthóirí a lóistín féin a chur in áirithe, mar sin bí cinnte go luann tú Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha agus tú á dhéanamh leis an ráta speisialta a fháil.
Má tá foirm chlárúcháin sa bhreis ag teastáil, tá sí ar fáil le híoslódáil anseo. Tá gach eolas maidir le clár ama na comhdhála, sonraí teagmhála agus rátaí lóistín san óstán ar fáil inti.
New school opens in Dungiven
Meán Fómhair 6, 2012
Thirteen teacher colleges face axe in major reform
Meán Fómhair 6, 2012
Quinn backs cut in teacher training colleges
Meán Fómhair 6, 2012
Ranganna Gaeilge an Fhómhair
Meán Fómhair 6, 2012
An bhfuil tú ag iarraidh cur le do chumas Gaeilge? Ar mhaith leat cur le do stór focal, nó muinín níos mó a bheith agat agus tú ag plé cúrsaí an tsaoil i nGaeilge? Nó b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh cáilíocht fhoirmiúil, ar nós Teastas Eorpach na Gaeilge, a bhaint amach?
Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil ranganna Gaeilge ag cúig leibhéal an Fhómhair seo. Leis an réimse ranganna seo is cinnte go mbeidh rang ann atá oiriúnach do chách.
Beidh na ranganna go léir ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair go leith gach seachtain, oíche amháin sa tseachtain ar feadh tréimhse 10 seachtain. Tosaíonn na ranganna ar an 24 Meán Fómhair agus tá táille €145 ag baint leo.
Is féidir clárú ar líne ag www.arasnangael.ie, nó má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait is féidir é sin a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ag 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.
Cúnamh don bhéal triail
Tá cúrsa nua curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge do mhic léinn atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta agus atá ag iarraidh cur lena gcumas labhartha Gaeilge. Tá an cúrsa nua curtha le chéile de bharr éileamh ó thuismitheoirí agus beidh sé ag díriú ar gach gné den scrúdú béal. Ar ndóigh tá tábhacht bhreise leis an scrúdú seo anois os rud é go bhfuil 40% de na marcanna iomlán sa scrúdú ag dul don scrúdú béal.
Beidh cúrsa Chonradh na Gaeilge ar siúl gach maidin Shathairn in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic, ar feadh tréimhse 10 seachtain agus déanfar freastal ar mhic léinn atá ag staidéar don ard leibhéal agus don ghnáth leibhéal. Cuirfear béim faoi leith i gcothú muinín na mic léinn sa teanga agus cuirfear an teanga os a gcomhar mar ghnáth theanga cumarsáide. Bainfear leas as réimse leathan uirlisí múinteoireachta agus cinnteofar freisin go mbeidh na mic léinn ag foghlaim faoi gach gné den teanga.
Is féidir clárú don chúrsa nua anois agus is féidir eolas a fháil ach glaoch a chur ar 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.
Deis chun staidéar thar lear
Tá deis ar fáil anois, tríd an scéim Fulbright, do chéimithe ar mian leo tréimhse a chaitheamh ag staidéar agus ag obair in institiúidí acadúla sna Stáit Aontaithe. Tá córas iarratais Fulbright ar oscailt anois agus tá go dtí 14 Samhain ag céimithe le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar scéim na bliana 2013-2014.
Tá scéim Fulbright dírithe ar na grúpaí seo leanas: Mic léinn ar mian leo tabhairt faoi staidéar iarchéime nó taighde in institiúid acadúil sna Stáit Aontaithe; Scoláirí agus daoine gairmiúla, ag a bhfuil níos mó ná cúig bliana de thaithí acu, le bheith ina dtaighdeoirí agus léachtóirí Gaeilge; Múinteoirí Gaeilge ar mian leo tréimhse 10 mí a chaitheamh ag tógáil ranganna iarchéime agus ag obair mar chúntóirí mhúinteoireachta i dteangacha iasachta in ollscoil Mheiriceánach.
Cuirfear deontas ar fáil dóibh siúd a éiríonn leo áit a bhaint amach agus cuirtear clár leathan imeachtaí ar fáil do na rannpháirtithe le linn a dtréimhse sna Stáit Aontaithe.
Is féidir gach eolas a fháil ag www.fulbright.ie.
www.advertiser.ie/galway
Séasúr úr Chiorcal Comhrá Cois Teallaigh
Meán Fómhair 6, 2012
1 Deireadh Fómhair 2012 – 26 Samhain 2012
Agus an Fómhar linn rís arís linn beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag cur muintir an ardchathair ag labhairt agus ag comhrá le chéile trí mheán na Gaeilge gach tráthnóna Dé Luain ar feadh ocht seachtaine.
Cuirfear tús leis an séasúr nua den Chiorcal comhrá ar Luan, 01 Deireadh Fómhair 2012.
Seo deis iontach do dhaoine feabhas a chur a gcuid Gaeilge labhartha in atmaisféar neamhfhoirmeálta agus bualadh le cairde nua ag an am ceanna.
Ionad:
Cois Teallaigh (Íoslach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge)
46 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Am: 4:00 – 5.30in gach tráthnóna Dé Luain
Costas: €12 an duine ar tréimhse 8 seachtaine
Dátaí: 01 Deireadh Fómhair – 26 Samhain 2012
(Ní bheidh aon chiorcal comhrá ann an deireadh seachtaine saoire bainc i mí Deireadh Fómhair.
Míle fáilte roimh chách a bheith i láthair agus taitneamh a bhaint as an gcomhluadar agus cupán deas tae nó caife.
Má tá spéis agat a bheith in ár gcuideachta seol ríomhphost chuig Brígíd brighid@comhdhail.ie nó cláraigh d’ianm linn ag: 01 679 4780
Foilsithe ar Gaelport.com
Faomhadh á thabhairt ag an Aire Quinn d’athstruchtúrú mór ar an Soláthar do thúsoideachas múinteoirí
Meán Fómhair 5, 2012
Leis an gcomhoibriú nua tiocfaidh sé “Lárionad Oideachas Múinteoirí” chun cinn
Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairi Quinn T.D. chun dul ar aghaidh le pleananna bunúsacha chun ollchóiriú a dhéanamh ar an soláthar do thúsoideachas múinteoirí.
Tá an tAire Quinn tar éis glacadh leis na moltaí atá leagtha amach i dtuarascáil a choimisiúnaigh an tÚdarás um Ardoideachas maidir leis na struchtúir i gcomhair oiliúint múinteoirí. Bá í ab aidhm leis an dtuarascáil, a bhí arna hiarraidh ag an Aire, ná struchtúir fhéideartha úra a shainaithint chun feabhas a chur ar oiliúint mhúinteoirí in Éirinn i dtreo is go mbeidh sé inchurtha leis an oiliúint is fearr ar domhan.
Is é an príomh-mholadh san athbhreithniú, é déanta ag painéal idirnáisiúnta saineolaithe ar an oideachas, ná go gcuirfí oideachas múinteoirí ar fáil i sé “lárionad oideachas múinteoirí”.
Faoi láthair tá 19 soláthróirí thúsoideachas múinteoirí ann atá á maoiniú ag an Stát (agus trí chinn nach bhfuil á maoiniú ag an Stát) agus iad ag tairiscint breis is 40 clár choláiste sa mhúinteoireacht bhunscoile agus iar-bhunscoile.
Tá athruithe á ndéanamh cheana féin ar inneachar agus fad oideachas múinteoirí, agus béim níos mó á cur ar litearthacht, uimhearthacht agus scileanna oideolaíocha.
Beidh fógra an lae inniu faoi na hathruithe struchtúrtha ina chomhlánú ar na leasuithe ar an gcuraclam a bhfuil cuntas tugtha orthu cheana ag an Aire Quinn, agus ina chabhair le hÉire a chur ar thús cadhnaíochta maidir le hoideachas múinteoirí.
“Tá sé faighte amach againn ón taighde gur ar chaighdeán na múinteoirí is mó a bhraitheann caighdeán an chóras oideachais againn,” adúirt an tAire Quinn. “Is é seo an fáth go bhfuilim ag cur dlús le hathruithe, ag leibhéal an struchtúir agus ag leibhéal an inneachair, ar oideachas múinteoirí.“
“Leis na saghsanna nua comhoibrithe atá molta ag an bpainéal idirnáisiúnta beidh líon níos lú lárionad do thúsoideachas múinteoirí ann, ach beidh siad ag tairiscint oideachais ar fud líon earnálacha, oideachas luath-óige, bunoideachas, iar-bhunoideachas agus oideachas aosach.”
“Beidh mais chriticiúil ag na lárionaid oideachas múinteoirí seo chomh fada is a bhaineann le cumas chun taighde a dhéanamh, rud nach mbíonn amhlaidh i gcónaí in institiúidí níos lú ná sin. Leis na cumraíochtaí úra beidh boinn láidre taighde daingnithe i ngach aon lárionad.”
Tá sé molta sa tuarascáil faoi Struchtúr an tSoláthair do Thúsoideachas Múinteoirí in Éirinn a tháinig ón bpainéal idirnáisiúnta athbhreithnithe go mbeadh na cumraíochtaí seo a leanas ann:
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – Coláiste Phádraig, Droim Conrach – Institiúid Oideachais Mater Dei
Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath – Institiúid Oideachais Marino – Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath – An Coláiste Náisiúnta Ealaíon agus Deartha
Ollscoil na hÉireann Má Nuad –Coláiste Froebel
Ollscoil Luimnigh – Coláiste Mhuire gan Smál – Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh – Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí
Ollscoil na hÉireann Gaillimh – Coláiste Naomh Angela Sligeach
Mhol an Painéal Athbhreithnithe chomh maith go mbeadh Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann i gcumas gabháil go hoiriúnach le ceann ar bith de na chéad trí chumraíocht úra.
Tá an t-athbhreithniú de réir na moltaí sa Straitéis Náisiúnta um Ardoideachas 2030, nó Tuarascáil Hunt, ina meastar gurb é an comhoibriú áitiúil, réigiúnach agus idirnáisiúnta atá mar eochair le forbairt an chóras ardoideachais. Beidh sé chomh maith ina chuid d’athbhreithniú níos leithne ar thírdhreach iomlán an ardoideachais atá faoi láthair idir lámha ag an Údarás um Ardoideachas.
Tá iarrtha ag an Aire Quinn ar an Údarás um Ardoideachas anois tuarascáil mhionsonraithe a chur faoina bhráid, roimh dheireadh na bliana, faoin gcaoi le moltaí an Phainéil a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh sé tuairisc ansin don Chomh-aireacht agus moltaí níos foirmeálta inti, impleachtaí airgeadais ina measc.
“Tá Éire i gcónaí ag mealladh mac léinn den mhianach is fearr isteach i ngairm na múinteoireachta. Creidim go gcinnteoidh an t-athstruchtúrú ar oideachas múinteoirí atá á tosnú anois agam go bhfaighidh na mic léinn ard-ghnóthachtála seo oideachas a chuirfidh ar a gcumas bheith ina múinteoirí ar an gcaighdeán is airde,” adúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir.
D’iarr an tAire Quinn ar an Údarás um Ardoideachas comhairle a chur air maidir le struchtúr an tsoláthair do thúsoideachas múinteoirí sa Stát níos luaithe i mbliana. I mí Aibreáin, cuireadh Painéal Idirnáisiúnta Athbhreithnithe ar bun chun na críche seo.
Ba iad baill an Phainéil ná An tOllamh Pasi Sahlberg (Cathaoirleach), Ard-Stiúrthóir CIMO (san Aireacht Oideachais), Helsinki, An Fhionlainn agus Ollamh Taca ag Ollscoil Helsinki agus Ollscoil Oulu, An tOllamh Pamela Munn, Ollamh Emeritus ag Ollscoil Dhún Éideann agus An tOllamh John Furlong, Iar-Stiúrthóir Ollscoil Oxford.
D’ordaigh na téarmaí tagartha don phainéal idirnáisiúnta “athbhreithniú a chur i gcrích ar struchtúr an tsoláthair do thúsoideachas múinteoirí, agus struchtúir fhéideartha úra a shainaithint a aithneoidh agus a dhíreoidh ar na réimsí laga sa chóras oideachas múinteoirí; cur leis na láidreachtaí atá sa chóras faoi láthair; agus straitéisí nuálacha a shamhlú i dtreo is go mbeidh Éire in ann réimeas oideachas múinteoirí a chur ar fáil a bheidh inchurtha leis an réimeas is fearr ar domhan.”
EDUCATION.IE
Samhail Nua Mhaoinithe diúltaithe 100%
Meán Fómhair 5, 2012
3,000 aighneacht i gcoinne na Samhla
Dé Luain na seachtaine seo, d’eisigh Foras na Gaeilge Tuarascáil Chríochnúil ón bpróiseas comhairliúcháin ar an tSamhail Nua Maoinithe (SNM), an plean maoinithe a bhí molta acu d’eagrais Ghaeilge. Níor chuir scríbhneoirí na tuarascála, Seirbhísí Pleanála Teanga, fiacail ann: sa phróiseas, dhiúltaigh beagnach achan ceann den 3,000 aighneacht don SNM. Thosaigh sin leis na heagrais: “Is léir ón aiseolas go bhfuil an earnáil, beagnach ina hiomláine, go mór in aghaidh na SNM.
“Deir ionadaithe agus baill ba n-eagras nach bhfuil siad in aghaidh athbhreithniú agus athstruchtúrú na hearnála ach go mbeadh aon athchoimriú bunaithe ar thorthaí taighde proifisiúnta bunaithe ar dhea-chleachtais na pleanála teanga seachas athstruchtúrú agus cónascadh mar a bheadh san earnáil ghnó phríobháideach.” Dheimhnigh an Tuarascáil go bhfuil fadhb leis an gcaidreamh idir na heagrais Ghaeilge agus an Foras: “Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil easpa muiníne sna próisis agus táthar den tuairim ná éisteadh lena gcuid tuairimí sa chéad dá bhabhta den phróiseas comhairliúcháin. Bhí an tuairim ag freagróirí sa babhta comhairliúcháin seo go raibh punann scéimeanna na SNM amháin le plé agus nach raibh aon mhalairt rogha eile ann… “Tá na freagróirí den tuairim nach dtuigeann foras na Gaeilge an obair a bhí ar bun acu, na sainscileanna atá acu, na ról, líon agus tábhacht na n-oibrithe deonach sna heagrais.”
Tá na fadhbanna maidir le caidreamh idir foras agus earnáil ag leanúint leo, dar leis an Tuarascáil. De bharr na staire eatarthu “ta easpa muiníne le brath sa phróiseas an uair seo agus nár leanadh an próiseas cuí sa chéad dá chomhairliúcháin agus dá bhrí sin nach rabhadar bailí.” Is léir, ach go háirithe, gur thug scríbhneoirí na tuarascála cluas éisteachta d’aighneachtaí a rinne eagrais ó Thuaidh. B’iad na heagrais Thuaisceartacha, ach go háirithe, a bhí buartha. Luaitear an difear idir an dá dhlínse sa tír. Luaitear aighneacht a rinne Iontaobhas Ultach, inar dúradh nár comhlíonadh próiseas cuí de réir treoirlínte an Fheidhmeannais ó Thuaidh. Cuirtear san áireamh moltaí a rinne an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht, gur gá fostaíocht leanúnach le saintaithí na mball agus na bhfostaithe a choinneáil. San am céanna, deimhníonn an tuarascáil go bhfuil na heagrais bhunmhaoinithe sásta glacadh le hathrú, comhoibriú idir na heagrais san áireamh. Scríobh 16 den 19 eagras go hoscailte go raibh. Níor dhúirt ceann ar bith gur cheart do chúrsaí fanacht mar atá.
Cinnte, tá bóthar fada roimh an bhForas le scéim a bheidh inghlactha ag na heagrais a chur le chéile.
www.gaelsceal.ie
Live in the Cookstown area and want to learn Irish? Now has never been a better time to start.
Meán Fómhair 5, 2012
40 post nua le cruthú in earnáil na réamhscolaíochta Gaeilge
Meán Fómhair 5, 2012
Tá sé fógartha inniu ag Forbairt Naíonraí Teoranta go n-osclóidh 23 naíonraí nua le linn mhí Mheán Fómhair 2012.
Beidh na naíonraí nua lonnaithe i mBaile Átha Cliath, i gCiarraí, i gCorcaigh, i nGaillimh, san Iarmhí, i gCill Mhantáin, i gcontae an Mhí agus i Loch Garman.
Is cosúil go bhfuil an t-éileamh céanna ar an réamhscolaíocht Gaeilge anois ná mar a bhí in 2011 nuair a osclaíodh an líon is mó naíonraí riamh, 25 ionad nua, oiread is 8 aonad níos mó ná 2010.
Dúirt Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach Forbairt Naíonraí Teoranta go bhfuil cúpla cúis éagsúil ag baint leis an dul chun cinn leanúnach : “Tá fás as cuimse feicthe againn sna trí bliana deireanach san earnáil luathóige Gaeilge. Creidimid go bhfuil dhá phríomhchúis leis seo: Ar dtús báire, d’ofráil an bliain réamhscoile saor in aisce deis nua do thuismitheoirí rochtain a fháil ar sheirbhísí naíonra agus chomh maith, tá tuiscint níos fearr i measc na dtuismitheoirí ar bhuntáistí breise na luath-thumadh iomlán do pháistí a fhreastalaíonn ar an naíonra.”
Mar aon le méadú i dtaobh soláthrú áiteanna réamhscolaíochta, meastar go gcruthóidh na hionaid oiread is 40 post nua san earnáil oideachais agus san earnáil Gaeilge.
Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach Forbairt Naíonraí Teoranta: ‘Sa timpeallacht geilleagrach reatha, ní minic a chloistear faoi scéalta dearfacha ar nós an cheann seo: 23 Naíonraí nua, 40 post nua i dtosach agus na céadta daoine óga breise ag freastal ar Naíonraí dá saorbhliain réamhscolaíochta agus ag sealbhú na Gaeilge i suíomh slán, sábháilte agus cairdiúil.’
Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis na naíonraí nua agus obair Fhorbairt Naíonraí Teoranta féach www.naionrai.ie.
Na naíonraí nua a n-osclóidh le linn mhí Mheán Fómhair 2012:
- Naíonra an Choillín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí
- Naíonra an Ghairdín, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí
- Naíonra na Rógairí Beaga, Rochfort Bridge, Co. na hIarmhí
- Naíonra Little Folks, Baile Átha Cliath, Co. na Mí
- Naíonra Bumblebee, Cill Dhéagláin, Co. na Mí
- Naíonra Smarty Pants, Ros Eo, Co. Bhaile Átha Cliath
- Naíonra First Steps, Marino, B.Á.C. 3
- Naíonra Hyde and Seek, Droim Conrach, B.Á.C. 9
- Naíonra Westwood, Carraig an tSionnaigh, B.Á.C. 18
- Naíonra Safari, Cill Mhaighneann, B.Á.C. 8
- Naíonra Mháirín, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath
- Naíonra Junior Genius, Baile Dhónaill, B.Á.C. 22
- Naíonra Dhún Droma, Dún Droma, B.Á.C. 14
- Naíonra Ghaelscoil Uí Chéadaigh, Bré, Co. Chill Mhantáin
- Naíonra Montessori, Bré, Co. Chill Mhantáin
- Naíonra an Scoil Bhig, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin
- Naíonra Little Treasures, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
- Naíonra Cháit, Bearna, Co. na Gaillimhe
- Naíonra Mamaí Gé, Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Naíonra Highcare Childcare, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí
- Naíonra Crèche Absolute Beginners, An Bhlarna, Co. Chorcaí
- Naíonra Radharc na Darach, Trá Lí, Co. Chiarraí
- Naíonra Faithleann, Cill Áirne, Co. Chiarraí
Foilsithe ar Gaelport.com