Méid an Téacs

Aifreann as Gaeilge

Bealtaine 18, 2012

Tá an Coiste Tréadach, Ard-Deoise Átha Cliath ag tabhairt cuireadh do dhaoine teacht agus freastal ar Aifreann i nGaeilge. Beidh sé ar siúil i mBaile Átha Cliath, Dé Luain, 11 Meitheamh 2012. Tá an tAifreann á cheiliúradh mar pháirt den Chomhdháil Idirnáisiúnta Eocairisteach 2012 atá ar siúil i mBaile Átha Cliath ón 10 – 17 Meitheamh 2012.

Ceiliúraí: An tEaspag Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire.

Am: 9.30r.n. Lá: Dé Luain, 11 Meitheamh 2012

Ionad: Eaglais an Chroí Ró-Naofa (Sacred Heart Church), Domhnach Broc, Baile Átha Cliath 4.

Busanna: 10, 46a, 46b & 145

www.donnybrookparish.ie

Tá tuilleadh eolais ar fáil:

An tAthair Pádraig Ó Cochláin

stcanices2@eircom.net (01) 8343110

Cuireadh

Cruinniú Poiblí Choláiste Ráithín 29ú Bealtaine

Bealtaine 17, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Cúrsa Athbhreithnithe Matamaitice

Bealtaine 17, 2012

Cad: Cúrsa athbhreithnithe matamaitice as Gaeilge don Árdteist (gnáth leibhéal) páipéar 1 & 2.

Cén áit: Coláiste Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath.

Praghas: Saor in aisce

Cén uair: Domhnach 20 Bealtaine

Suíomh: www.maths.gcd.ie

Clárú: www.gcd.ie/mathsrevisionregform

Guthán: 01-4150415

Taisteal: Bus 16, 16a, 9, 122 ó lár na cathrach nó Luas (líne glas) ó stad Sráid Fhearchair (10 noiméad ón choláiste)

Póstaer

Revised Rules for Gleo

Bealtaine 15, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ríomhiris an MLPSI

Bealtaine 15, 2012

Ríomhiris an MLPSI

Aontaíonn Comhaltas ar Fhleadh Dhoire

Bealtaine 14, 2012

Bhuail an coiste feidhmiúcháin d’Fhleadh Cheoil na hÉireann 2013 le chéile don chéad uair an tseachtain seo le pleananna na bliana seo chugainn a chinntiú. Tháinig an grúpa, air a bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí sibhialta, chomh maith le craobhacha Chomhaltas cúigeacha agus náisiúnta, le chéile i gCultúrlann Uí Chanáin le plé a dhéanamh ar struchtúir don imeacht stairiúil a bheas ar siúl i nDoire i mí Lúnasa 2013. Dúirt Cathaoirleach na Fleidhe 2013, agus Cathaoirleach Chomhaltas Dhoire, Eibhlin Ní Dhochartaigh “Beidh muidne i gComhaltas Dhoire ag óstáil Fleadh Cheoil na hÉireann 2013 – agus cinnteoidh muid go mbeidh sé ina imeacht speisialta.  Beidh ráchairt na Fleidhe ag brath orainn uilig ag comhoibriú le chéile.  Bhí cinnteacht na Fleidhe ag teacht go Doire ina turas fada, crua ach ba mhaith liom anois bogadh chun tosaigh i spiorad na heagraíochta onórach seo agus an chéad Fhleadh i dtuaisceart na hÉireann a sholáthar.  Ba mhaith liom teachtaireacht aontachta  a chur amach ansin, go bhfuil gach aon duine atá ar an choiste feidhmiúcháin seo céad faoin gcéad ar son na Fleidhe seo.

Is í an Fhleadh an ceiliúradh is mó domhanda de chultúr traidisiúnta na hÉireann agus tógann sí léi níos mó na ceathrú milliún cuairteoirí, agus is féidir léi €40 milliún a chur isteach sa gheilleagar áitiúil. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar: www.2013fleadh.ie, r-phost eolas@2013fleadh.ie nó cuir scairt ar +44 28 71 264132.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le: Anne-Marie Gallagher, annemarie@culturlann-doire.ie ; +44 775 971 1057; +442871 264132
Pictiúir ar fáil le híoslódáil anseo: https://www.box.com/s/5096988080475390e654

Ceardlann Deireadh Seachtaine le Suantraithe

Bealtaine 14, 2012

Tá an Gyréum ag comhoibriú i gcomhar le Foras na Gaeilge ar cheardlanna as Gaeilge a éagrú i gContae Shligigh. Beidh na ceardlanna sin dírithe ar ghrúpaí éagsúla agus aosghrúpaí difriúla.a bhfuil suim acu i nGaeilge. Beidh deireadh seachtaine le suantraí á reáchtáil ar an 15-17 Meitheamh. Beidh deis ann do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim trí shuantra. Beidh Siobhán Cleary (Gaeilgeoir áitiúil agus cumadóir) agus Máire Breatnach (ceoltóir Gaelach) i gceannas ar an deireadh seachtaine.

15 Meitheamh, Dé hAoine
am rochtana: tráthnóna
7pm Suipéar éadrom
8pm Réamhléiriú do shuantraithe

16 Meitheamh, Dé Sathairn
9am Ióga réamh-bhricfeasta
10.30am Bricfeasta
11.30am An chéad shuantraithe gearra a fhoghlaim ó scáileán, Siúlóid bheg
2pm Lón, Trí shuantraí ghearr a fhoghlaim
Siúlóid bheag go dtí Ardchlár Maighe Tuireadh ina dhiaidh
7pm Dinnéar, Tráthnóna le ceol, Suantraithe a athrá roimh am codlata

17 Meitheamh, Dé Domhnaigh
9am Ióga réamh-bhricfeasta
10.30am Bricfeasta
11.30am Dhá shuantraí eile a fhoghlaim
2pm Lón
Turas go Céis Chorainn

Beidh muid ag taifeadadh na suantraithe i gCéis Chorainn, isteach i gceann de na pluaiseanna, in áit a raibh Cormac mac Airt ag diúl bainne an fhaolchú baineann. Beidh an taifeadadh ar fáil do gach uile rannpháirtí mar MP3.

Praghas:
180€/an duine 130€/an duine atá bainteach le Comhluadar nó a luafaidh Gaelscoileanna ina áirithint
Uasmhéid na rannpháirtithe: 20

Gach eolas le fáil ó http://www.gyreum.com

Scléip 2012 ar Raidió na Gaeltachta

Bealtaine 14, 2012

Rinneadh cláir do Raidió na Gaeltachta as na babhtaí agus an craobh Scléip agus tá an-áthas orainn na dátaí don 5 chlár sin a fhógairt.

Craolfar an chéad chlár de Scléip ar Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn an 9ú Meitheamh ag a 9.00 r.n, agus gach Satharn ina dhiaidh sin ar feadh 5 seachtaine:

Babhta Laighean: 9ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n

Babhta Mumhan: 16ú  Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n

Babhta Ulaidh: 23ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n

Babhta Chonnachta: 30ú  Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n

Craobh Ceannais: 7ú Iúil 2012 @ 9.00 r.n

Comhghairdeas arís leis na buaiteoirí agus a gcuid scoileanna agus ár mbuíochas mór le Fiachna Ó Braonáin agus a fhoireann as Raven Productions, a rinne taifead ar an gcomórtas i mbliana thar ceann Raidió na Gaeltachta.

Scéim Chónaithe TCD 2012-2013 oscailte

Bealtaine 11, 2012

An bhfuil tú ag súil le bheith ag freastal ar Choláiste na Tríonóide mí Mheán Fomhair seo chugainn?

Ar mhaith leat an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus í a chur chun cinn i measc phobal na hOllscoile?

Tá Oifig na Gaeilge Choláiste na Tríonóide ag glacadh le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí na chéad bhliana 2012-2013 le haghaidh 12 áit a líonadh.

Ní gá go mbeadh mic léinn na scéime ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge amháin, bíonn sé oscailte do mhic léinn atá a tabhairt faoi céimeanna eile, idir leigheas, dlí, an fhealsúnacht agus gnó. Fáiltítear roimh mhic léinn ó gach contae, Tuaisceart Éireann san áireamh.

Is éard atá i gceist le Scéim Chónaithe Dhartraí ná go ndíolfar deontais €1,000 le cur le costais chónaithe do mhic léinn na chéad bhliana ar choinníollacha áirithe.

Is iad sin ná go labhróidh na mic léinn Gaeilge ina saol laethúil san árasán ina bhfuil siad, go nglacfadh siad páirt ghníomhach in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne agus go gcomhlíonfar tuairiscí ag deireadh an chéad agus an dara téarma d’oifigeach na Gaeilge.

Bíonn sé de dhualgas ag mic léinn ar Scéim Chonaithe Dhartraí ócáidí éagsúla a eagrú leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc phobal Halla na Tríonóide, ar nós céilithe, turais, ciorcail chomhrá, tóraíocht taisce agus scóráil sciobhtha. Taistilíonn mic léinn na Scéime go hOireachtas na Gaeilge gach bliain chomh maith le bheith páirteach in imeachtaí Éigse na Tríonóide agus Seachtain Gaeilge an Choláiste.

Bhí an méid seo le rá ag Clár Johnson, iar-scoláire Scéim Chónaithe na Tríonóide faoina taithí féin:

“Mholfainn d’éinne a mbeadh an deis acu tabhairt faoin Scéim Chónaithe. Chuir sé go mór leis an taithí a bhí agam sa Choláiste, a bheith lonnaithe i saol na Gaeilge go buan. Tugann sé deis go háirithe do mhic léinn sa chéad bhliain a n-áit féin a bhunú sa suíomh is spreagúla agus is taitneamhaí sa Choláiste.”

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar fhoirm iarratais ar www.tcd.ie/gaeloifig.

Deontais ar fáil faoi Scéim na nImeachtaí Óige

Bealtaine 11, 2012

Tá Foras na Gaeilge ag lorg iarratas ó ghrúpaí agus eagraíochtaí a eagraíonn imeachtaí trí Ghaeilge do dhaoine óga. Tá maoiniú faoi bhun €5,000/£3,500stg le fáil faoin scéim áirithe seo.

Tríd an scéim seo, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge d’imeachtaí oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg agus a bhfuil mar aidhm acu “Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a neartú”.

Ní mór imeachtaí feiliúnacha a chuirfidh le deiseanna úsáide na Gaeilge do dhaoine óga a bheith á reáchtáil idir 1 Meán Fómhair 2012 agus 30 Meitheamh 2013. Tabhair faoi deara nach mbeidh Foras na Gaeilge ag dul i mbun aon chomhfhreagrais le hiarrthóirí i ndiaidh an spriocdháta go mbeidh an measúnú déanta. Mar sin de, cuirtear i gcuimhne do ghrúpaí gach ceist ar an fhoirm seo a chomhlíonadh agus gach ní ar an seicliosta a sholáthar roimh an spriocdháta.  Má tá aon cheist ort faoi ghné ar bith den fhoirm ná den seicliosta, moltar duit teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta.

Tá an scéim seo oscailte d’aon ghrúpa nach eagraíocht bhunmhaoinithe iad agus glacfar le hiarratais go dtí 23 Bealtaine 2012.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaeilge.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »