Folúntais i scoileanna atá faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta
Iúil 17, 2013
Tá leathanach nua ar shuíomh idirlín an Fhorais ar a bhfógrófar folúntais i scoileanna faoina bpátrúnacht amach anseo, agus tá liosta de na folúntais reatha sonraithe ann de réir contae. Féach www.foras.ie/vacancies
Nuachtlitir Ghael Linn ar fáil ar líne
Iúil 17, 2013
Cliceáil anseo leis an Nuachtlitir a léamh
Ciorcal Samhraidh na nDéagóirí
Iúil 17, 2013
Ar siúl gach Céadaoin ó 3.30 go 4.30in
Costas iomlán: €40
Leanfaidh ag imeacht go 21 Lúnasa i gCúl an Tí, Gaeilge Locha Riach, Baile Locha Riach
Tuilleadh eolais: 091-870718
GIG – An Gaeilgeoir is Greannmhaire
Iúil 17, 2013
An mbaineann tú gáire as daoine?
An bhfuil acmhainn grinn agat?
Is mian le Good Company Productions “GIG” a chur i láthair, sraith teilifíse réaltachta 8 gclár do TG4.
Tá “GIG” sa tóir ar an nGaeilgeoir is greannmhaire, is barrúla agus is siamsúla amuigh. Tá duais airgid le buachan chomh maith le háit ag mórfhéile grinn in 2014.
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le John nó Orla ag 01 4973225 nó 087 2387222 nó seol ríomhphost chuig gigtg4@gmail.com nó féach ar www.goodcompany.ie
Ní mór d’iarrthóirí a bheidh os cionn 18 agus Gaeilge a bheith ar a dtoil acu
Dé Céadaoin, 5 pm, 31ú Iúil 2013 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais
Tuilleadh eolais:
Sraith ar leagan amach nua do TG4 í “An Gaeilgeoir is Greannmhaire” (G.I.G) ina rachaimidne sa tóir ar an nGaeilgeoir is greannmhaire in Éirinn.
Á cur i láthair ag Síle Seoige beidh meascán den scoth moltóirí againn ó shaol an ghrinn chun dul ó cheann ceann na tíre ag lorg an Ghaeilgeora is barrúla amuigh.
Bunaithe ar thaithí na moltóirí (a bheidh le fógairt amach anseo) ar stáitse, ar chúrsaí grinn, ar dhrámaíocht, ar óráidíocht, ar scríbhneoireacht agus ar thaibhiú – beidh a fhios acusan cé atá barrúil agus greannmhar, cé hiad na charachtair, cé aige a bhfuil cumas cainte, cé hé an réalta agus cé atá ag ligean air féin!
Táimid ar lorg búistéir barrúil as Bóthar na Trá, b’fhéidir, nó múinteoir spraíúil as Tír Chonaill, siúinéir siamsúil as Ciarraí nó mac léinn soiniciúil as Baile an tSrutháin – seo é seans na nGaeilgeoirí is greannmhaire in Éirinn a theacht amach agus iad féin a chruthú.
Sa tréimhse 8 seachtain, iarrfaidh na Moltóirí comhairle ar theagascóirí mór le rá leis an lucht grinn nua seo a threorú agus a theagasc. Rachaidh siad ar thuras i ndomhan an ghrinn in Éirinn agus casfaidh le lucht grinn chomh maith le máistir-ranganna a fháil ó na comhairleoirí agus na teagascóirí. Cuirfear scoth na hoiliúna orthu leis an scoth a scríobh, a cheapadh agus a chur i láthair.
I dTaibhdhearc na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe a chuirfear na hiomaitheoirí deiridh i láthair agus is ann a chuirfidh muid fúinn don teagasc agus do na taibhithe gach seachtain. Ní roghnófar ach 8 le páirt a ghlacadh sa tsraith agus tabharfaidh na moltóirí bata agus bóthar d’iomaitheoirí éagsúla de réir mar a rachaidh an tsraith chun cinn.
Deis den scoth atá anseo teagasc agus comhairle a fháil le bheith i d’fhuirseoir – tharla sé cheana i mBéarla! Ach an cheist anois an féidir na scileanna sin a chur ag obair i nGaeilge?
Cé a sheasfaidh é, cé a cheapfaidh an t-ábhar is fearr, agus cé a rachaidh go Cill Airne agus a thabharfaidh 8 nóiméad de thaispeántas grinn os comhair 200 cainteoir ó dhúchas ag féile mhór na nGael ‘Oireachtas na Samhna’ – agus a ainmneofar ar “An Gaeilgeoir is Greannmhaire”?
Oíche mhór grinn a bheidh inti, nár tharla a leithéid cheana riamh.
Stádas tríú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr
Iúil 17, 2013
Tá áthas ar Ghaelchultúr a fhógairt go bhfuil stádas mar institiúid tríú leibhéal bainte amach ag an gcuideachta.
Coláiste na hÉireann atá roghnaithe againn mar ainm don institiúid nua seo. Cuirfear tús leis an gcéad chúrsa de chuid an choláiste, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Mairfidh an clár seo trí sheimeastar ar fad agus beidh sé ag leibhéal 9 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Ba é an comhlacht rialtais Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) a bhronn an stádas mar institiúid tríú leibhéal ar Ghaelchultúr.
Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mian leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur leis na scileanna atá acu sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Rachaidh an cúrsa chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.
Beidh an fhoghlaim chumaisc i gceist sa chúrsa, is é sin, meascán den staidéar ar líne, de ranganna beo ar líne, agus de léachtaí agus ranganna teagaisc sa seomra ranga. De bhrí go mbeidh go leor d’ábhar an chúrsa le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, táimid dóchasach go n-éireoidh linn mic léinn a mhealladh ó gach cearn den tír.
Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, mar aon le bróisiúr an chúrsa agus foirm iarratais, téigh go http://gaelchultur.com/ga/iarcheim.aspx. Is féidir teacht ar eolas breise freisin ach glaoch ar (01) 484 5220 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com.
Cúis na teanga le cur chun cinn trí dhífhostaíocht
Iúil 17, 2013
Tá 18 oibrí teanga – ar a laghad – lena gcuid postanna a chailleadh faoi mhúnla úr maoinithe Fhoras na Gaeilge.
D’fhógair an foras agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas an tseachtain seo caite go raibh córas nua maoinithe le cur i bhfeidhm leis na heagrais dheonacha. Beidh 6 “cheanneagraíocht” freagrach as Gaeloideachas; oideachas in earnáil an Bhéarla; forbairt phobail; deiseanna leis an Ghaeilge a úsáid; ardú feasachta agus forbairt deiseanna do dhaoine óga leis an teanga a úsáid. Leanfaidh Foras na Gaeilge le maoiniú na n-eagras mar atá siad go dtí Iúil 2014. Is faoi na ceanneagraíochtaí amháin a bheidh sé an obair a chur i gcrích ina sainréimsí ina dhiaidh sin agus tá cainteanna ar siúl idir an foras agus grúpaí faoin mhúnla faoi láthair.
D’eisigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ráiteas inné a bhí duairc go maith faoin phróiseas céanna: “… cén todhchaí a d’fhéadfadh a bheith ann d’eagraíocht nach roghnaítear mar cheanneagraíocht? Iarrfar léirithe spéise ó dhreamanna chun feidhmiú mar cheanneagraíocht, ach ní fios go fóill cén cineál tacaíochta a d’fhéadfadh an cheanneagraíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí eile, nó cén struchtúr don chineál seo tacaíochta a bheadh inghlactha ag Foras na Gaeilge.” Thug Gael Linn le fios gur bheag baint a bhí ag an earnáil dheonach leis an socrú nua agus gur dheacair a fheiceáil cad é mar a réiteofaí na heagrais ar fad – 16 faoin socrú nua – leis an chur chuige nua. Thug preasráiteas caithréimeach an fhorais le fios go raibh “deireadh anois leis an éiginnteacht maidir leis an todhchaí, éiginnteacht a bhí ag cothú míshuaimhnis, imní agus deacrachtaí” ó bhí 2008 ann. Faraor, níor luaithe an ráiteas eisithe go raibh ceannasaí an fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, ar Raidió na Gaeltachta ag rá go bhfaigheadh 18 duine san earnáil dheonach bata agus bóthar faoin scéim úr.
Cibé rud a bhí sa ráiteas, thug caint Mhic an Fhailigh droim láimhe leis an nóisean go raibh deireadh le míshuaimhneas, imní agus deacrachtaí. Caillfear 18 post de réir a mheastúcháin féin. Beidh tionchar aige sin ar na daoine iad féin, ar fhorbairt na teanga agus ar neamhspleáchas na hoibre. Chuirfeá ceist ort féin gan amhras cad é mar a chuirtear an Ghaeilge chun cinn sa phobal agus níos lú daoine ag plé léi? Níl an t-uafás daoine i mbun oibre cheana féin (81 duine de réir an fhorais/tuairim is 60 de réir bharúil neamhoifigiúil na hearnála deonaí); is minic iad ag cur seirbhísí ar fáil de bharr nach bhfuil siad ar fáil ón Stát (nó ó na stáit!) agus caillfear a dtaithí agus a dteagmháil leis an phobal.
www.irishtimes.com
Stádas choláiste tríú leibhéal bronnta ar Ghaelchultúr i mBaile Átha Cliath
Iúil 17, 2013
Tá Éamonn Ó Dónaill, tar éis dea-scéal a fháil ó QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann), dea-scéal a bhfuil sé ag fanacht leis le fada an lá, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Tá stádas mar choláiste tríú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr, an comhlacht oideachais agus comhairleoireachta a bunaíodh i mBaile Átha Cliath i 2004 chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn. Thóg sé ceithre bliana an stádas mar choláiste a bhaint amach agus bhí ar Ghaelchultúr iarratas 400 leathanach a chur i dtoll a chéile. B’fhiú an tairbhe an trioblóid, a dúirt Ó Dónaill, duine de bhunaitheoirí an chomhlachta: “Faoiseamh mór a bhí ann dúinn mar bhíomar ag obair chomh fada sin ar an rud seo. Bhí sé fadálach malltriallach mar phróiseas ach cheap muid i gcónaí go raibh an próiseas ar fheabhas. “Bhí siad an-dian orainn ach bhí sé tuillte go maith againn agus murach go raibh sé chomh dian sin ní bheadh an struchtúr nó an cúrsa atá againn leath chomh maith is atá. Cé go raibh an próiseas mall, cheapamar go raibh sé cóir agus críochnúil, ach cinnte bhí sé dian.”
Tugadh cead do Ghaelchultúr chomh maith dioplóma iarchéime san aistriúchán a thairiscint ag leibhéal 9 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Céim mhór chun tosaigh don chomhlacht é seo, a dúirt Ó Dónaill, stiúrthóir oideachais Ghaelchultúr: “Sílim go raibh sé an-tábhachtach an stádas seo a bhaint amach mar institiúid agus cead a fháil an dioplóma a chur ar fáil mar, i láthair na huaire leis an gcúlú eacnamaíochta, tá daoine ag súil le cáilíochtaí agus níl siad chomh tógtha céanna le cúrsaí a dhéanamh mar chaitheamh aimsire.” Deir sé go mbeidh deiseanna fostaíochta ann dóibh siúd a dhéanann an dioplóma san aistriúchán a thosóidh i Meán Fómhair: “Tiocfaidh na deiseanna chun cinn san Eoraip go háirithe. Faoi láthair, tá ganntanas ann agus ní fada go mbeidh géarchéim ann. Tá gá ní hamháin le haistritheoirí ach le dlítheangeolaoithe agus riarthóirí fosta. Tá na daoine sin le ceapadh ach, faoi láthair, b’fhéidir nach bhfuil na scileanna cuí ag lucht na Gaeilge le tabhairt faoin obair sin.” Tá Ó Dónaill, ar as Gaoth Dobhair ó thús dó, den tuairim gurb é an coláiste nua an chéad choláiste neamhspleách riamh atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Tá pleananna acu cur le líon na gcúrsaí atá acu de réir a chéile agus cúrsaí a chur ar fáil do mhúinteoirí atá ag iarraidh cur lena scileanna, mar shampla.
Beidh ainm an chomhlachta á athrú go Coláiste na hÉireann idir seo agus deireadh na bliana. Ach cad iad na buanna a bheidh ag Coláiste na hÉireann a scarfaidh amach é ó na dreamanna eile ar fad atá ag tairiscint cúrsaí Gaeilge? Tá Ó Dónaill den tuairim go gcuirfidh an múnla teagaisc agus an córas teicneolaíochta atá tógtha as an nua acu deis foghlama do dhaoine ar fud na tíre nach mbeadh ar a gcumas de ghnáth freastal ar chúrsaí: “Táimid ag iarraidh múnla nua a chur ar fáíl agus tá an bhéim á cur againn ar an fhoghlaim chumaisc nó “blended learning” mar a deirtear sa Bhéarla. “Beidh an fhoghlaim chumaisc mar chuid lárnach den obair, sin an rud atá éagsúil fúinn. Leis an múnla seo beidh daoine ag teacht isteach chugainn go dtí an seomra ranga gach mí agus beidh ranganna beo againn ar an idirlíon i rith na míosa freisin.”
www.irishtimes.com
Third video hit in a month for Irish college Colaiste Lurgan
Iúil 17, 2013
Colaiste Lurgan has had it’s third video hit in as many weeks with an rendition of the Lion King’s ‘Circle of Life’ as Gaeilge.
The college has gained massive exposure for the Irish language recently, giving several popular songs an Irish language make-over. The college’s previous viral videos include Irish language versions of Daft Punk’s ‘Get Lucky’ and Anna Kendrick’s ‘Cup Song’ from the popular film Pitch Perfect. The Irish language summer college first hit headlines with their cover of ‘Some Nights’ by FUN, which earned over 140,000 views on the video sharing website YouTube. Colaiste Lurgan have a well-populated YouTube account, active for over two years with uploads of students recreating popular song as Gaeilge, and various organised events like the Festival of Colour. The channel has a total of 1.1 million views and over 3,000 subscribers.
www.irishindependent.ie
Leabhar Mór na nAmhrán
Iúil 16, 2013
Focail, stair agus cúlra d’os cionn ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge
Seolfaidh an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig, Leabhar Mór na nAmhrán i dTigh Mheaic i gCarna ar Lá Mhic Dara, Dé Máirt, an 16 Iúil, ag 7pm.
Is é an craoltóir, Máirtín Tom Sheáinín, a bheidh ina fhear an tí. Tá fáilte roimh chách chuig an seoladh.
“Ba iad na hamhráin seo a choinnigh beo iad scaití, a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchas dóibh in am an ghátair.
Ba saibhreas anama san am sin iad is níor ligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linne chomh hábalta céanna.”
– Micheál Ó Conghaile
Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, atá ann. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh maidir le cé dar díóbh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann. Tuilleadh eolais le fáil ach cliceáil anseo.
Leabhar Mór na nAmhrán, (clúdach crua, €25, 890lth.) foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.
Ócáidí eile ar na bacáin…
Scoil Acla, Oíche Ghaelach
Dé Máirt, 30 Iúil
Beidh ceiliúradh ar na hamhráin agus na hamhránaithe as Maigh Eo atá san áireamh i Leabhar Mór na nAmhrán mar chuid den Oíche Ghaelach ag Scoil Acla na bliana seo.
www.scoilacla.ie
Daonscoil na Mumhan, Ceoilchoirm
Déardaoin, 22 Lúnasa.
Beidh ceiliúradh ar na hamhráin agus na hamhránaithe as An Rinn atá san áireamh i Leabhar Mór na nAmhrán mar chuid de cheoilchoirm na Daonscoile i mbliana.
www.daonscoil.com
Cló Iar-Chonnacht
t 091-593307
f 091-593362
i www.cic.ie
poibliocht@cic.ie
Forbairt na Ceannasaíochta sa bhunscoil lán-Ghaeilge –Comhdháil uile Éireann
Iúil 16, 2013
Tá comhdháil oiliúna 2 lá ar Forbairt na Ceannasaíochta sa Bhunscoil lán-Ghaeilge á reáchtáil ag an gCoiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas (CSTT) ar an gCéadaoin agus Déardaoin, 9-10 Deireadh Fómhair, 2013. Beidh sé ar siúl san Óstán Louis Fitzgerald Crois an Fhearainn Nua, Baile Átha Cliath. http://www.louisfitzgeraldhotel.com/
Cuirfear sólaistí, lón agus dinnéar ar fáil le linn na comhdhála. Beidh costas lóistín amháin i gceist do rannpháirtithe (ag ráta íslithe san óstán).
Eolas: Bileog Eolais
Clárú: oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 853 5195 roimh Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2013
Rannpháirtithe: Príomhoidí/leasphríomhoide ó gach bunscoil lán-Ghaeilge ar bhonn 32 contae, Gaeltacht san áireamh mar aon le príomhoidí agus comhordaitheoirí na nAonad: Cuirfear áiseanna comhuaineacha ar fáil do phríomhoidí na nAonad.
Aonach: Beidh seastáin ann ó 15.30-19.30 ar an 9 Deireadh Fómhair mar cuid den Comhdháil, le comhlachtaí agus eagraíochtaí a chuireann áiseanna agus seirbhísí ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. Tá fáilte roimh rannpháirtithe na comhdhála agus mórphobal na scoileanna cuairt a thabhairt ar na seastáin, ní bheidh aon táille iontrála i gceist agus is deis iontach é d’fhoireann na scoile agus tuismitheoirí léargas a fháil ar a bhfuil á chur ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge.
Clár na Comhdhála:
• Ról na gCeannasaithe sa Scoil Lán-Ghaeilge
• Tarmligean dualgais – foireann bhainistíochta agus foireann iomlán
• Forbairt na meán-cheannasaíochta le róil agus freagrachtaí soiléire
• Ag cinntiú Ardchaighdeán Oideachais
• Ionduchtú agus meántóireacht do mhúinteoirí nua
• Forbairt Ghairmiúil an Mhúinteora
• Measúnú Uile Scoile agus Féinmheasúnú i dtreo barr fheabhais: tábhacht, impleachtaí agus feidhmiú éifeachtach
• Ceannasaíocht Teanga Shóisialta / Chumarsáide na scoile
• Polasaí na Gaeilge / sainmheon teanga na scoile a chaomhnú
• Cruinneas na bpáistí / na múinteoirí / na foirne
• Gaeilge sa chlós / lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil
• Pleanáil uile scoile (cúrsaí curaclaim san áireamh)
• Cur chuige an tumoideachais
• Léitheoireacht an Bhéarla agus na Gaeilge sa scoil lán-Ghaeilge
• Ag Cothú Cultúir Dearfaigh
• Gaol a chothú idir an scoil agus an scoilphobal / mórphobal
• Cur chuige cumarsáide le páirtithe éagsúla
• Comhoibriú idir scoileanna
Tuilleadh eolais:
Bláthnaid ní Ghréacháin, Cathaoirleach, An Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas.
blathnaid@gaelscoileanna.ie
Teil: 01 8535190 / 086 8050335
http://www.gaelscoileanna.ie/ie/about/cstt/
Nóta don eagarthóir
Bunaíodh an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas sa bhliain 2009 chun an gaeloideachas mar shainábhar a fhorbairt agus a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann. Tá an Coiste comhdhéanta de:
• Altram
• An Foras Pátrúnachta
• An Roinn Oideachais, Tuaisceart Éireann
• COGG
• Comhairle na Gaelscolaíochta
• Comhar na Múinteoirí Gaeilge
• Comhar na Naíonraí Gaeltachta
• Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
• Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
• Foras na Gaeilge
• Forbairt Naíonraí Teoranta
• Gaelscoileanna Teoranta
• Iontaobhas na Gaelscolaíochta