Hasta la vista! Game on for Cu Chulainn
Eanáir 21, 2014
A SPANISH software expert has devised a computer game based on the adventures of Cu Chulainn after falling in love with the Irish language.
Francisco Blazquez (46), who is from Madrid, first came to Ireland when he was 18 to learn English. But he was so taken with the Irish language that when he returned home he signed up for classes at the official language school in his native city. The software consultant has been based in Ireland since 2010, and Francisco and his partner Eva Garcia are now set to launch their new game ‘In Cu Chulainn’s Footsteps’ on Thursday at Croke Park. The game features music from Clannad, Kila and Sharon Shannon, and legendary broadcaster Micheal O Muircheartaigh also provides a voiceover for part of the game – in English and in Irish.
“The idea is to promote Irish,” said Francisco. “Our aim is to create a portal with many games.” The game can be played in both Irish and English, swapping and mixing both languages as the player wishes. “It is aimed for children aged between eight and 12, or perhaps slightly older. Players lead Cu Chulainn through a mysterious island, solving puzzles and riddles to find the way out of there,” said Francisco, who has formed his own company, Duineacu. He said that along with the game, players will also find information related to Irish culture including music, literature, sports and legends. It is a 3D adventure played in the third person, driven by mouse clicks or taps on the screen. A licence to play the game is bought online, he said.
Meanwhile, in the school version, teachers can very easily change the content, the voiceovers and the text. Francisco, who has three children – Andrea (14), Iria (12) and Adrian (7) and lives in Trim – revealed that he regularly visits the Meath Gaeltacht village of Rath Cairn in a bid to continually improve his Irish.
For further information see: www.cuadventure.com.
www.independent.ie
Scoileanna Cheatharlach cáilithe do Dhíospóireachtaí Réigiúnach Gael Linn!
Eanáir 21, 2014
Reachtáladh an dara babhta de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2014 an tseachtain seo caite agus bhí ceithre iarbhunscoil as Ceatharlach páirteach.
Bhí foirne ag Coláiste an Chnoic Bhig agus ag Coláiste na Toirbhirte in iomaíocht i gcomórtas na sóisear. Bhí Coláiste Leon Naofa agus Acadamh Naomh Muire i rannóg na sinsear. “Táimid ag gabháil thar fóir le caomhnú na timpeallachta in Éirinn” an rún a bhí ag na sóisir agus “Ba chóir deireadh iomlán a chur le híocaíochtaí dól do dhaoine faoi 25 bliain d’aois” a bhí faoi chaibidil ag na sinsir.
Bhí na moltóirí an-tógtha leis an gcaighdeán ard díospóireachta agus argóna agus ar deireadh fógraíodh foireann Acadamh Naomh Muire agus foireann Choláiste na Toirbhirte i measc na bhfoirne a bheidh ag dul ar aghaidh chuig an Chraobh Réigiúnach a reachtálfar roimh shos lár-théarma an earraigh. Comórtas náisiúnta is ea Díospóireacht an Phiarsaigh eagraithe gach bliain ag Gael Linn. ‘Sé príomhaidhm an chomórtais ná an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daltaí iarbhunscoile agus cabhrú leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna díospóireachta. Cuirtear tús leis an gcomórtas sa fómhar agus leantar le babhtaí go dtí Mí an Mhárta nuair a bhíonn Craobh na hÉireann ar siúl.
Molann Glór Cheatharlach na micléinn áitiúla go léir agus a múinteoirí as páirt a ghlacadh ins na díospóireachtaí agus guímid gach rath ar na foirne ins na babhtaí réigiúnach.
www.carlow-nationalist.ie
Cosc ar an nGaeilge ó thuaidh
Eanáir 21, 2014
Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann cáinte go géar sa tuairisc is déanaí ó Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh de chuid Chomhairle na hEorpa.
Is reachtaíocht ríthábhachtach í Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i leith chosaint agus chur chun cinn mhionteangacha agus theangacha réigiúnacha. Cuireadh an Ghaeilge faoi scáth na Cairte, mar aon leis an mBreatnais, Gaeilge na hAlban, an Ultais agus an Choirnis, nuair a shínigh Rialtas na Breataine an Chairt sa bhliain 2001. Déanann Coiste na Saineolaithe athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Cairte ag deireadh gach timthriall agus cáineadh an chaoi a gcaitheann Rialtas na Breataine leis an nGaeilge satuairisc is déanaí.
Ag eascairt as cuairt a thug Coiste Chomhairle na hEorpa ar Stormont le linn an timthrialla dheiridh, chinn an tuairisc is déanaí go maireann dearcadh naimhdeach i leith na Gaeilge i Stormont agus cé gur moladh i dtuairisc dheiridh an Choiste i 2009 go gcuirfí polasaí cuimsitheach Gaeilge i bhfeidhm, tuairiscíodh nár glacadh céim ar bith i dtreo bheartais ó shin agus gur ábhar thar a bheith conspóideach é fós cur chun cinn na Gaeilge sna sé chontae.
I dtuairisc monatóireachta a d’fhoilsigh Pobal, saineagras abhcóideachta na Gaeilge ó thuaidh, i mí na Samhna, léiríodh nach bhfuil Rialtas na Breataine ná Tionól Thuaisceart Éireann ag comhlíonadh a gcuid dualgas reachtúil de réir na Cairte óir go gcuireann an córas reatha constaicí ollmhóra de gach cineál roimh shaoránaigh agus iad ag iarraidh a bheith ag plé leis an Stát trí Ghaeilge.
Cé go bhfuil de dhualgas ar Rialtas na Breataine tuarascáil maidir le forfheidhmiú na reachtaíochta a chuir faoi bhráid na Comhairle Eorpa ag deireadh gach tréimhse trí bliana, chiallaigh easaontas idir baill an Tionóil maidir le hábhar an tuarascáil gur cuireadh moill ar an tuarascáil chuig Coiste na Saineolaithe don dara huair i 2013.
Chinn Coiste na Saineolaithe go bhfuil srianta gan údar fós i gceist le húsáid na Gaeilge i réimsí a thagann leis an gCairt, na cúirteanna ar chomharthaí sráide dátheangacha san áireamh.
Maidir le cúrsaí gaeloideachais, thuairiscigh an Coiste drogall sa Roinn Oideachais i dtaca le héascaigh agus cur chun cinn oideachais lán-Ghaeilge go háirithe ag leibhéal na hiarbhunscoile. Cuireadh síos freisin ar an easpa ábhar teagaisc atá ar fáil agus an ganntanas atá ar mhúinteoirí cháilithe sa dlínse. Leagadh béim ar imní lucht na Gaeilge i leith na constaicí a chuirtear ar sholáthar réamhscolaíochta lán-Ghaeilge, oiliúint na múinteoirí meánscoile agus tuairiscíodh go bhfuil laghdú tagtha ar líon na múinteoirí a dhíríonn ar an nGaeilge i scoileanna ann.
Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal, “Tá muid sásta gur mhol na saineolaithe arís go gcaithfear Acht na Gaeilge a thabhairt isteach. Is mithid spriocam a aontú anois agus bogadh chun tosaigh”.
“Maidir le Cuid III na Cairte, a thugann sain chosaint don Ghaeilge ó thuaidh, tá cáineadh tromchúiseach déanta ag na Saineolaithe maidir leis an soláthar reatha i dtaca leis na meáin, le hoideachas, leis na cúirteanna, le riar na n-institiúidí polaitiúla – ag leibhéal an Tionóil agus ag leibhéal áitiúil – ag ar theip Westminster agus an Tionól i dtaca le hathuairisciú do Chomhairle na hEorpa faoi cad e mar a sheasann cúrsaí”, a dúirt sí.
Mhol Coiste na Saineolaithe gur ghá reachtaíocht a chur i bhfeidhm ar mhaithe chosaint na Gaeilge agus cuireadh comhairle láidir ar Rialtas na Breataine agus Tionól TÉ bunús reachtaíochta a chur in áit i dtaca le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.
Foilsithe ar Gaelport.com
Gaelscoil na bhFál – Curaidh Chumann na mBunscoil
Eanáir 21, 2014
Is iad Gaelscoil na bhFál curaidh pheile Chontae Aontroma, idir chomórtas na mbuachaillí agus chomórtas na gcailíní.
Thóg an scoil leo an dá chorn i gcomórtais Chumann na mBunscoil le déanaí.
Seo an chéad uair ag Gaelscoil an dá chraobh a thabhairt leo sa bhliain chéanna.
Thug Meon Eile cuairt ar dhá fhoireann na scoile agus boinn na gcraobh á mbronnadh orthu.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Siamsóir na Mí
Eanáir 20, 2014
Beidh an Comórtas Siamsóir na Mí ar siúl ar an Satharn 25ú Eanáir 2014 ag 7.30i.n Áras Pobail, Ráth Chairn. Is Comórtas ar leith é chun teacht ar “Shiamsóir na Mí”.
Caithfidh na daoine a ghlacann páirt trí cinn de na míreanna seo a leanas a dhéanamh.
1. Amhrán Gaeilge a rá.
2. Scéal nó dán Gaeilge a aithris.
3. Damhsa
4. Uirlis a sheinm.
5. Portaireacht Béil/Feadaíl.
Comharchumann Rath Cairn
rathcairn@eircom.net
Gaelscoileanna Teo. roghnaithe mar Cheanneagraíocht ar an réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge
Eanáir 20, 2014
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh roghnú Gaelscoileanna Teo. mar Cheanneagraíocht ar an mhór-réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge, a fógraíodh mar thoradh ar an bpróiseas cuíchóirithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge chun ceanneagraíocht a cheapadh don mhór-réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. i leith an chinnidh, “Táimid thar a bheith sásta gur éirigh linn faoin bpróiseas seo. Is aitheantas atá i roghnú Gaelscoileanna Teo. ar thiomantas agus díograis na heagraíochta d’fhorbairt na hearnála oideachais lán-Ghaeilge le 40 bliain anuas ó céad bunaíodh an eagraíocht agus amach anseo sa todhchaí. Is buaicphointe é seo ar an gceiliúradh 40 bliain ag an eagraíocht, agus ar na blianta fada de dhúthracht agus dílseacht daoine deonacha agus fostaithe na heagraíochta.”
“Aithnímid áfach gur próiseas an-deacair agus dúshlánach a bhí ann do na heagraíochtaí uile a bhí rannpháirteach agus go mbeidh dúshláin i gceist le cur i bhfeidhm iomlán na samhla nua.”
Aithníonn Gaelscoileanna Teo. go mbeidh athruithe mhóra i ndán di, agus í ag tabhairt faoi réimse leathnaithe seirbhíse agus freagrachta. Deir ní Ghréacháin ina leith, “Glacfaimid go fonnmhar agus go dáiríre leis na cúraimí, deiseanna agus dúshláin atá romhainn mar cheanneagraíocht ar an mhór-réimse”.
Ag tagairt don bhóthar atá romhainn, deir Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair, “Tá dlúthchomhoibriú ar siúl idir Gaelscoileanna Teo. agus na páirtithe leasmhara san earnáil oideachais lán-Ghaeilge le fada an lá. Táimid ag súil go mór le deiseanna comhoibrithe a phlé leo chun go leanfar leis an gcur chuige comhoibritheach agus straitéiseach agus muid ag forbairt na hearnála. Tá sé an-tábhachtach do Gaelscoileanna Teo. a bheith in ann saineolas na n-eagraíochtaí leasmhara a choinneáil san earnáil, ag an leibhéal rialachais agus feidhmeannais, chun leas na hearnála.”
“Táimid ag súil go mór leis an deis cur le seasamh reatha Gaelscoileanna Teo. agus eagraíocht láidir chomhordaithe thar an trí leibhéal, ón réamhscolaíocht, go bunscolaíocht go hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge ar bhonn uile-oileáin a fhorbairt, eagraíocht a bheidh guth comhaontaithe agus údarásach aici agus í ag déanamh ionadaíochta ar an mhór-earnáil.”
Cinneadh Fhoras na Gaeilge i leith na 6 cheanneagraíocht
Eanáir 20, 2014
D’fhógair Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Maolmhichíl, ré úr inniu i bhforbairt na Gaeilge agus é ag fógairt ainmneacha na sé cheanneagraíocht atá roghnaithe le feidhmiú i sé mhór-réimse oibre. De réir chinneadh an lae inniu déanfaidh gach ceann de na sé cheanneagraíocht sainchúram ar leith de cheann amháin de sé réimse leathana oibre. Beidh na ceanneagraíochtaí ag plé leis na réimsí sin ar fud an oileáin.
(i) Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
(ii) Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit)
(iii) Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile,
(iv) Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
(v) Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta
(vi) Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga.
Is iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú leis na mór-réimsí oibre faoina gcúram a chur chun cinn ar fud an oileáin. Is toradh é an cinneadh seo ar phróiseas ar cuireadh tús leis in 2008, le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí Foras na Gaeilge a mhaoiniú ar bhonn bliantúil le tacú le forbairt na Gaeilge fud fad na hÉireann.
Tiocfaidh ceannasaithe na sé cheanneagraíocht nua-roghnaithe i gceann a chéile anois i bhFóram Comhpháirtíochta i gcuideachta le Foras na Gaeilge le comhaontú a dhéanamh ar phleananna oibre don earnáil, agus ar bhealaí le bheith ag obair i bpáirt le chéile. Chomh maith leis sin, bunófar Fóram Forbartha Teanga le guth a thabhairt do phobal na Gaeilge i bpleananna a bheidh á mbeartú agus le deis a thabhairt d’ionadaithe ó phobal na Gaeilge aiseolas a thabhairt.
Leis an chinneadh seo, tá Foras na Gaeilge ag cur tús le ré úr i bhforbairt na Gaeilge ag tráth atá cinniúnach agus an-dúshlánach i stair fhorbairt na teanga. Agus é ag fógairt chinneadh Fhoras na Gaeilge inniu, dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Maolmhichíl, go raibh súil aige go bhféadfadh earnáil na Gaeilge aghaidh a thabhairt anois go dearfach ar na dúshláin mhóra atá roimpi, agus ar na deiseanna iontacha atá ag eascairt ó dhea-thoil phobal na tíre thuaidh agus theas i leith na teanga, agus sin a dhéanamh ar bhealach dearfach dúthrachtach i spiorad na comhpháirtíochta.
Ag caint dó thar ceann Fhoras na Gaeilge, arsa Cathaoirleach Phainéal Roghnaithe Fhoras na Gaeilge, Dónal Ó hAiniféin:
“Is minic a chantar an nath ‘ní neart go cur le chéile’ – agus tá Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí le beart a dhéanamh de réir na mbriathra sin, le go mbeidh a oiread agus is féidir d’acmhainní na Gaeilge á ndíriú ar fhorbairt na Gaeilge sa phobal”.
Beidh buiséad suntasach ar fáil ó Fhoras na Gaeilge ag na ceanneagraíochtaí ar bhonn bliantúil le tabhairt faoina bpleananna oibre i gcomhar le chéile. Ghabh Foras na Gaeilge buíochas leis na 19 n-eagraíocht uilig san earnáil as a dtiomantas don Ghaeilge le linn tréimhse a raibh idir easaontú agus éiginnte ag baint léi. Ghabh siad buíochas leis na heagraíochtaí a ghlac páirt sa phróiseas roghnaithe fosta as a ndúthracht agus iad á n-ullmhú féin dó.
Chuir Foras na Gaeilge in iúl go mbeadh an Foras féin agus na sé cheanneagraíocht nua-roghnaithe ag iarraidh bheith ag obair i gcomhar leis na heagraíochtaí nár roghnaíodh anois lena chinntiú nach gcaillfear an saineolas luachmhar ná an taithí atá cruinnnithe sna heagraíochtaí sin thar na blianta. “Aithníonn Foras na Gaeilge gur tréimhse chorrach a bheidh sna 6 mhí atá romhainn d’eagraíochtaí a dtiocfaidh deireadh lena maoiniú ó Fhoras na Gaeilge de bharr an chinnidh seo”, arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh. “Agus déanfar gach iarracht a chinntiú nach mbeidh pobal na Gaeilge thíos leis na hathruithe ollmhóra seo, agus go leanfar den obair thábhachtach atá idir lámha ag na heagraíochtaí nár roghnaíodh.”
De réir mar atá socraithe leanfar de bheith ag maoiniú na n-eagraíochtaí uilig go dtí an 30 Meitheamh 2014, agus tiocfaidh na socruithe úra i bhfeidhm ina dhiaidh sin.
Tuilleadh Eolais:
Gearóid Mag Uibhrín
Cumarsáid & Margaíocht
gmaguibhrin@forasnagaeilge.ie
087 177 9018
Comórtas Óráidíochta ag Ard Fheis Shinn Féin do mhic léinn agus do dhaoine óga
Eanáir 20, 2014
New funding structure for Irish language sector announced
Eanáir 20, 2014
North-South language funding body Foras na Gaeilge has announced fundamental changes to how Irish language groups are funded.
The cross-Border implementation body, which was set up under the Belfast Agreement and has a role in advising the administrations North and South in matters relating to the Irish language, announced it will reduce from 19 to 6 the number of organisations provided with core funding.
The successful organisations are Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael and Cumann na bhFiann. None of the six organisations are based in the North, where organisations such as Pobal, Forbairt Feirste and cross-community Irish- language charity Iontabhas Ultach will now lose a significant portion of their funding.
In the south, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge and Forbairt Naíonraí Teo are among the groups that will no longer receive funding. Foras na Gaeilge said the move marked a “new era” in the development of the language.
www.irishtimes.com
Call for Irish language support
Eanáir 20, 2014
Growth and promotion of the Irish language in Northern Ireland is being blocked by hostile attitudes in Stormont and a lack of support for its use in the courts and in education, according to the Council of Europe.
European chiefs have warned authorities they may also be in breach of a charter of rights because of delays and attempts to block requests for bilingual street names. The review of minority languages in the UK said the Government has not been able to justify banning the use of Irish in the courts or allowing people to take citizenship tests through the language. The Council of Europe criticised attitudes to Irish in some official circles and what it said is the Stormont Assembly’s “persisting hostile climate”. Caral Ni Chuilin, Minister for Culture, Arts and Leisure who is responsible for overall promotion of the language, said she would bring in new legislation during the current Assembly term. “There is a large body of support for an Irish Language Act in the North,” she said. “As languages are now a devolved matter full legislation will require the agreement of the Executive and Assembly. I hope that all supporters of the Irish language will work together to convince the Executive, the Assembly and all our people of the merits of supporting an Irish Language Act.” Ms Ni Chuilin said her Liofa campaign to promote the language also showed the room for cross community support.
The report from the Council of Europe also looked at the standing of Welsh, Scottish Gaelic, Cornish, and Ulster Scots which it said has improved even if it ” still remains absent from public life”. The review team hit out at a lack of political consensus in Northern Ireland on the language and the lack of a long-awaited Irish Language Act. In education it found many obs tacles hampering an adequate offering of Irish-medium pre-schools and it called for concrete steps to be taken to meet the growth in demand for primary education in Irish. It raised concerns that the Colaiste Feirste secondary school still suffers from lack of free school transport, despite having won a judicial review case against the Department of Education on the issue, and increased efforts are needed to overcome the shortage of teachers for specialist subjects in secondary education. It called for new measures to allow for simultaneous translation in the Assembly.
Overall the panel of experts from the Strasbourg-based Council – Europe’s leading human rights agency – found many difficulties persist in the development of Irish. It said work has been hampered by a lack of information from the authorities and t he UK Government was also criticised for late and incomplete responses to requests for information about the standing of Irish in Northern Ireland. In repsonse to issues on road signs, the Department of Regional Development said: “Early in 2012 the Minister for Regional Development (Danny Kennedy) decided not to pursue the matter and no further work has been undertaken since.”
www.donegaldemocrat.ie