Méid an Téacs

Nollaig Shona!

Nollaig 21, 2016

nollaigshona

Stiúrthóir Naíonra á earcú i Leamhcán

Nollaig 20, 2016

Preschool teacher required for Naíonra Montessori in Lucan, January start. Hours 1:15-4:30 Monday to Friday. Ideal candidate will have level 7 qualification in Early Childhood Education, have a good command of spoken Irish, be able to work as a team and on their own initiative, work with both Montessori and Aistear curriculums and above all, have a natural love and understanding of children and their development. Competitive terms for right candidate.

Further information from Sharon at info@montessorimatters.ie

Suirbhé maidir le hionadaíocht i mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Nollaig 19, 2016

Tá dúshlán an-mhór ag scoileanna lán-Ghaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht ionadaí a fháil atá in ann feidhmiú i scoil lán-Ghaeilge. Tá Gaeloideachas ag bailiú eolais faoi láthair ó scoileanna a bhfuil nó a raibh deacracht acu ionadaí cuí a fháil agus bainfear leas as an aiseolas seo, go discréideach, chun iarracht a dhéanamh cás a chur faoi bhráid na Roinne ina leith.

Bheimis fíor-bhuíoch díot as an suirbhé beag seo a chomhlánadh roimh dheireadh an lae ar an Déardaoin, 22 Nollaig 2016.

Suirbhé: https://www.surveymonkey.com/r/ionadaiocht2016

Leasú reachtaíochta ó Pháirtí an Lucht Oibre chun polasaithe iontrála scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint

Nollaig 19, 2016

Tá leasú a thabharfadh cosaint do pholasaithe iontrála i scoileanna lán-Ghaeilge i reachtaíocht nua á chur chun cinn ag Páirtí an Lucht Oibre.

Thug an Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Aodhán Ó Ríordáin le fios inné go raibh leasú ar an An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 á chur chun cinn aige féin agus iarcheannaire a pháirtí, an Teachta Dála, Joan Burton.

Dúirt an Seanadóir Ó Ríordáin nach go héasca a cuireadh abhaile air gur ghá leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht chun cosaint a thabhairt do cheart scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí a bhfuil Gaeilge acu.

Thacaigh urlabhraí oideachais Shinn Féin, Carol Nolan le héileamh lucht an ghaeloideachais go ndéanfaí an reachtaíocht nua a leasú chun a chinntiú go mbeidh cead ag scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí a bhíonn á dtógáil le Gaeilge.

Rinne Gaeloideachas agus an grúpa tuismitheoirí Cearta Oideachais cur i láthair inné ag an gcruinniú de chuid an Choiste Oideachais. Dúirt an Dr Ríona Ní Fhrighil ón ngrúpa Cearta Oideachais nár chóir go mbeadh “ord fiúntais” ann maidir le cearta mionlaigh agus gur chóir don reachtaíocht nua oideachais aitheantas a thabhairt do chearta teanga na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, gur “ceart bunúsach” é ag scoileanna go dtabharfaí cosaint do theanga teagaisc agus do theanga an phobail acu.

Dúirt Ní Ghreácháin gur ghá an Bille a leasú le cosaint a thabhairt don Ghaeilge féin agus do chur chuige an luath-thumoideachais.

Dúirt ionadaithe an dá ghrúpa Gaeilge go raibh lucht an ghaeloideachais go mór ar son an iolrachais agus na héagsúlachta agus gur chuid den iolrachas sa chóras oideachais an éagsúlacht teanga.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile. De réir figiúirí Gaeloideachas bíonn ró-éileamh i gceist i gcás 29% de bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus 22% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Dúirt an Seanadóir neamhspleách, Lynn Ruane gur “céim ar gcúl” a bheadh ann leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht chun tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge. Cé nach raibh Gaeilge aici féin, a dúirt sí, bhí Gaeilge ag a hiníon atá ag freastal ar Ghaelscoil. Dúirt an Seanadóir Ruane gur “údar imní” a bhí sa chaint ar an reachtaíocht a leasú agus gur chóir díriú ar theaghlaigh a iompú ar an nGaeilge seachas “bac” a chur ar pháistí nár tógadh trí Ghaeilge.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Dr Ríona Ní Fhrighil ó Cearta Oideachais nach cainteoirí dúchais iad ach 3% de na daltaí sa chóras gaelscolaíochta agus nach dtiocfadh ceist teanga an teaghlaigh i gceist ach i gcás a mbeadh ró-éileamh ar scoil.

Dúirt sí gur chun leas iarrachtaí daltaí eile an Ghaeilge a fhoghlaim é go dtabharfaí cosaint don mhionlach cainteoirí dúchais líofa a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna.

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais go gcuirfidh An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, a bhfuil tús curtha lena aistear trí Thithe an Oireachtais, cosc ar pholasaithe iontrála scoile a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille, go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille, beidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí, bunaithe ar a gcumas teanga.

Má achtaítear an Bille beidh dualgas ar an Aire faoin alt céanna, Alt 64, rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna iallach a chur ar dhalta, nó a thuismitheoirí, teacht chun agallaimh, lá oscailte nó cruinniú de shaghas eile mar choinníoll iontrála.

Is minic leas á bhaint as agallaimh ag scoileanna a bhfuil polasaí Gaeilge acu chun measúnú a dhéanamh ar chumas teanga.

Tá sé i gceist ag an Aire Richard Bruton go n-achtófaí an bille nua, a d’fhoilsigh sé i mí Iúil, roimh Mheán Fómhair 2017, mar atá geallta i gclár an Rialtais.

Tuairisc.ie

Folúntas – Príomhoide le Gaeilge de dhíth d’iarbhunscoil nua

Nollaig 16, 2016

Iar-bhunscoil nua chomhoideachais, ilchreidmheach a bheidh sa Choláiste Pobail i bPort Laoise a dhéanfaidh freastal ar 1,000 daltaí. Scoil mheán an Bhéarla a bheidh sa Choláiste Pobail, ach beidh Aonad Lán-Ghaeilge comhtháite leis an gColáiste Pobail. Deis ar leith a bheidh ann don duine cuí. Spriocdháta 6 Eanáir 2017, sonraí ar fáil ar http://www.laoisoffalyetb.ie/currentvacancies

(English) Schools’ high achievements celebrated at Stormont

Nollaig 15, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Gerry Adams: DUP must step up on Irish language

Nollaig 8, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) Two more Irish school proposals rejected by DUP minister

Nollaig 8, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Coirm Gael Linn – Dáta Deiridh Iontrála, 16 Nollaig 2016

Nollaig 7, 2016

Ba mhaith le Gael Linn a chur i gcuimhne do ghaelscoileanna ar fud na tíre go bhfuil an dáta deiridh iontrála do Coirm 2017 ag teannadh linn!

Tá na dátaí do na féilte thíos agus is féidir cóip A4 den fhoirm iontrála a íoslódáil ar shuíomh Gael Linn ag www.gael-linn.ie

Déardaoin 2  Feabhra 2017 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha

Dé Céadaoin 8 Feabhra 2017 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí

Déardaoin 9 Feabhra 2017 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin

Déardaoin 9  Feabhra 2017 – An Grianán, Leitir Ceanainn

Dé Máirt 14 Feabhra 2017 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC

Déardaoin 16 Feabhra  2017 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr

Dé Máirt 28 Feabhra/Dé Céadaoin 1 Márta 2017  – Amharclann na Cathrach, Gaillimh

Dé Máirt 7 Márta 2017  – Siamsa Tíre, Trá Lí

Gach eolas:

Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn

01.6753299   seanc@gael-linn.ie

Comórtas Náisiúnta Ealaíne

Nollaig 7, 2016

Tá Fíbín ar ais arís i mbliana le Comórtas Náisiúnta Ealaíne agus muid sa tóir ar an chéad íomhá poiblíochta eile don dráma ‘An Triail’, a bheidh ag dul ar camchuairt an fómhar seo chugainn. Cuireadh oiread sin suim sa chéad chomórtas a reáchtáil muid an bhliain seo agus fuair muid neart iontrálacha isteach ó scoileanna mórthimpeall na tíre. Tá duais iontach le buachan, ina measc táibléad Android, 30 ticéad don rang chun An Triail a fheiceáil ar stáitse agus seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó. Ba scoláire as Mayfield Community School i gCorcaigh a bhuaigh an duais i mbliana ach cá bhfios cén cearn den tír a gcríochnóidh an duais mhór suas ann an bhliain seo chugainn.  Is féidir na treoirlínte a léamh ar ár suíomh gréasáin anseo

Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar shuíomh Gréasáin Fíbín agus ar a gcainéil meáin shóisialta chomh maith. Tá neart am chun bhur n-iontrálacha a fháil isteach, idir seo agus an spriocdháta 19 Bealtaine 2017. Má tá aon cheisteanna seol ríomhphost chuig margaiochtfibin@gmail.com

poster-comp

Next Page »