Méid an Téacs

Oíche eolais i nGaelscoil Gaelscoil na Giúise 26.2.2014

Feabhra 11, 2014

Beidh oíche eolais ar siúl san Ionad Pobail i dTeach na Giúise ar an gCéadaoin an 26ú Feabhra. Tá súil againn thú a fheiceáil ann. We will be holding an information evening on Wednesday the 26th of February at 7.30pm in the Firhouse Community Centre. Looking forward to meeting you there.

Buaiteoirí Scléip san Axis, 10 Feabhra 2014

Feabhra 11, 2014

Scoileanna rannpháirteacha:

  • Coláiste an Eachréidh
  • Coláiste Íosagáin
  • Scoil Chaitríona
  • Coláiste Pobail Osraí
  • Scoil Phobail Mhic Dara
  • Coláiste de hÍde
  • Coláiste Cois Life
  • Meánscoil Gharman
  • Coláiste Chilliain

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Conall Ó Maolmhuiadh, Scoil Chaitríona (sóisear)
  • Aoife Nic Artain, Coláiste Íosagáin (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • An Smugairle Róin Leictreach, Scoil Chaitríona (sóisear)
  • Chewy agus an Bhuíon, Meánscoil Gharman (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Sarah Ní Mheilbhín, Coláiste Cois Life (sóisear)
  • Saoirse Ní Dhubhshláine, Coláiste de hÍde (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • 355, Coláiste Íosagáin (sóisear)
  • Beo le Ceol, Coláiste de hÍde (sinsear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Ag Filleadh, Scoil Chaitríona (sinsear)
Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
  • An Fear Glic le Niamh Nic Ghiolla Bhríde, Meánscoil Gharman (sóisear)

Rogha na Moltóirí:

  • Emily Downey, Meánscoil Gharman (sóisear)
  • An Rath Dearg, Coláiste Cois Life (sinsear)
  • Nicola, Rachel agus Sailí Áine, Coláiste de hÍde (sóisear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis sibh ar an 1 Márta don chraobh ceannais.

Buaiteoirí Scléip 2014 sa Firkin Crane

Feabhra 6, 2014

Amharclann an Firkin Crane, Corcaigh, 5 Feabhra 2014

Scoileanna rannpháirteacha:

  • Coláiste an Phiarsaigh
  • Gaelcholáiste Chiarraí
  • Gaelcholáiste Luimnigh
  • Gaelcholáiste Mhuire AG
  • Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Chloe Millikan, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
  • Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Na Todchaí, Coláiste an Phiarsaigh (sóisear)
  • Walter & Co., Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Caela O’Shaughnessy, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • An Cogadh, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Tá rudaí níos mó ná réasún, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)
Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
  • Easaontas Ceoil, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sóisear)
  • Cion agus Conor, Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • Flúirse Fonn, Gaelcholáiste Mhuire AG (sóisear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis sibh ar an 1 Márta don chraobh ceannais.

Blitz iomána/camógaíochta trí mhéan na Gaeilge i mBaile na Scríne

Feabhra 3, 2014

Tá CLG Naomh Colm, Baile na Scríne ag reáchtáil blitz iomána/camógaíochta Dé Domhnaigh 9 Márta in ionad faoi dhíon Meadowbank i Machaire Fíolta i gContae Dhoire mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. 1.00 go 3.00 a bheadh i gceist ó thaobh ama.

Páistí atá ar an bhunscoil faoi láthair (Rang 5-7 nó aois 9-11 in 2013) atá i gceist, agus bheadh na foirne measctha (i) ó thaobh foirne cothroma agus (2) ó thaobh buachaillí agus cailíní ar an fhoireann amháin má tá sé sin ag fóirstean. Dá mbeadh go leor foirne ann thiocfadh le comórtas do na páistí is sine/fisiciúla a bheith ann agus comórtas eile do na páistí níos óige nó nach bhfuil a oiread sin taithí acu ar an iomáint/chamógaíocht.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt d’fhoirne i gceantair eile ina bhfuil bunscoileanna Gaeilge le teacht ann. Ní bheadh i gceist ach 5-6 pháiste le foireann amháin a chur le chéile, agus b’iontach an rud é foirne a fháil ón chúige ar fad le páistí le Gaeilge agus cóitseálaithe le Gaeilge a tharraingt le chéile don lá. Thiocfadh leo imirt faoi ainm an chlub nó faoi ainm na scoile, nó faoi ainm eile ar fad más fearr libh.

Cé go mbeidh buaiteoir i gceist, ní miste a áiteamh gurb í an teanga an t-aon ghné atá á thiomáint seo. Má bhíonn go leor foirne beaga ann don lá, beidh sé nó naoi bpáirc bheaga againn agus foirne ag imirt cluichí gearra 5-an-taobh ar an talamh in éadan a oiread foirne eile ar a leibhéal féin agus is féidir. Glactar leis gur i nGaeilge ar fad a bheas na himeachtaí á reáchtáil ó thaobh bainisteoirí, réiteoirí srl agus go gcuirfear in iúl do na páistí uilig gur imeacht Ghaeilge atá i gceist. Tuigeann cách cé chomh deacair is atá sé na páistí a chur ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil, agus san áit a dtéann sé i bhfeidhm go mór orthu páistí eile a chluinstin ag caint i nGaeilge thig leis dul i bhfeidhm an bealach eile má fheictear dóibh gur Béarla go príomha atá á labhairt ag a gcéilí comhraic ag imeachtaí Gaeilge.

Tá an halla ar fáil agus curtha in áirithe againn anois. Bheinn iontach buíoch dá dtiocfadh libh a chur in iúl dom an síleann sibh go mbeadh sibh ábalta foireann nó foirne a thabhairt ann.

Ní bheadh táille do na foirne chun páirt a ghlacadh chomh maith leis sin bainfear úsáid as na camáin rubair an lá ar fad agus beidh achan rud ar an talamh chun cách a choinneáil sábháilte.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil liom ag:

Conchur73@hotmail.com

Conchúr Ó Muirí

Oifigeach Cultúir,

CLG Baile na Scríne

 

Ró éileamh ar na deontais d’imeachtaí idirscoile

Feabhra 3, 2014

Is oth linn a rá go bhfuil an buiséad d’imeachtaí idirscoile as seo go deireadh na bliana críochnaithe anois – bhí an-éileamh ar an scéim i mbliana agus tá breis agus 130 scoil le buntáiste a bhaint as sna míonna romhainn. Coinneofar liosta feithimh d’aon iarratas eile a thagann chugainn agus déanaimid ár ndícheall freastal ar an oiread dóibh agus gur féidir, go háirithe má tharraingíonn aon scoil ar ceadaíodh deontas dóibh cheana féin siar ón scéim, má chuirtear imeacht ar ceal nó má cheadaítear maoiniú sa bhreis don scéim.

Ba mhór linn cloisteáil ó scoileanna maidir le heagraíochtaí nó éascaitheoirí a chabhraigh leo imeachtaí trí Ghaeilge a reáchtáil ina scoileanna féin, coinnítear liosta dóibh ar www.gaelscoileanna.ie mar eolas do scoileanna eile. Is féidir an t-eolas a sheoladh ar ríomhphost chuig clare@gaelscoileanna.ie.

Eolas ón Roinn faoi gComhchlár Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí

Feabhra 3, 2014

D’fhonn cabhrú leis na scoileanna agus na seirbhísí oideachais go léir agus iad ag freastal ar riachtanais mac léinn a bhfuil tacaíocht fhoghlama de dhíth orthu, agus ag múineadh mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna maoiniú ar fáil ar mhaithe le soláthar líon áirithe Clár Iarchéime, mar seo a leanas:

  • Comhchlár Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí atá ag obair i dTacaíocht Foghlama agus Oideachas Speisialta – 2014/2015
  • Clár Teastais/Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí ag obair le Scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais (Neamhoird Speictrim Uathaigh
  • Teastas Iarchéime in Oideachas Scoláirí le Neamhoird Speictrim Uathaigh orthu (NSUanna) le haghaidh múinteoirí ag obair le Scoláirí le NSUanna orthu i Scoileanna Speisialta, i Ranganna Speisialta nó mar Mhúinteoirí Acmhainne i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna sa phríomhshruth – 2014/2015

Tá na Ciorcláin agus na foirmeacha iarratais do na cláir seo (thíos) le fáil chomh maith ar shuíomh gréasáin na Roinne www.education.ie. Is ceart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig an gColáiste nó an Ollscoil is rogha duit agus iad a bheith faighte ansin tráth nach déanaí ná 5 p.m. ar 28ú Feabhra 2013.

Leaganacha Gaeilge:

Leaganacha Béarla:

Post múinteoireachta – Mata

Eanáir 29, 2014

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí cáilithe don phost seo a leanas (a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa scoilbhliain 2013-2014).

Mata trí mheán na Gaeilge

Ní mór d’iarratasóirí na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara:

1. Is féidir foirm iarratais a íoslódáil ó www.etbjobs.ie nó ón scoil ar (042) 9352428.

Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig:
An Rannóg Pearsanra
Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
Sráid an tSéipéil
Dún Dealgan
Co. Lú

2. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ná 16.00, Dé hAoine, 05 Feabhra, 2014.

3. Feidhmeoidh ceadú, coinníollacha seirbhíse agus ceapacháin, cáilíochtaí agus scála tuarastail, de réir rialacháin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

4. Is ar choinníoll go bhfuil an múinteoir cláraithe de réir alt 31 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 a bheidh tairiscint fostaíochta ar bith.
5. Tabhair faoi deara: Cé go bhfógraítear an post thuas, féadfar cinneadh ar na h-uaireanta a athrú nó gan é a líonadh

Féadfar gearrliostú a chur i bhfeidhm
Dí-cháileofar iarrthóir a dhéanann canbhasáil
Is fostóir comhionannas deiseanna é Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
Ní ghlacfar le h-iarratais a fhaightear i ndiaidh an spriocdháta.

 

Post múinteoireachta – Eolaíocht

Eanáir 29, 2014

Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí cáilithe don phost seo a leanas (a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa scoilbhliain 2013-2014).

Eolaíocht trí mheán na Gaeilge

Ní mór d’iarratasóirí na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara:

1. Is féidir foirm iarratais a íoslódáil ó www.etbjobs.ie

Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig:
An Rannóg Pearsanra
Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
Sráid an tSéipéil
Dún Dealgan
Co. Lú

2. Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais ná 16.00, Dé hAoine, 05 Feabhra, 2014.

3. Feidhmeoidh ceadú, coinníollacha seirbhíse agus ceapacháin, cáilíochtaí agus scála tuarastail, de réir rialacháin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

4. Is ar choinníoll go bhfuil an múinteoir cláraithe de réir alt 31 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 a bheidh tairiscint fostaíochta ar bith.
5. Tabhair faoi deara: Cé go bhfógraítear an post thuas, féadfar cinneadh ar na h-uaireanta a athrú nó gan é a líonadh

Féadfar gearrliostú a chur i bhfeidhm
Dí-cháileofar iarrthóir a dhéanann canbhasáil
Is fostóir comhionannas deiseanna é Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
Ní ghlacfar le h-iarratais a fhaightear i ndiaidh an spriocdháta.

 

Lá Mór na Gaeilge – 15 Feabhra 2014

Eanáir 28, 2014

LMNG_Postaer_RP

Gaelscoileanna Teo. roghnaithe mar Cheanneagraíocht ar an réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge

Eanáir 20, 2014

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh roghnú Gaelscoileanna Teo. mar Cheanneagraíocht ar an mhór-réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge, a fógraíodh mar thoradh ar an bpróiseas cuíchóirithe faoi stiúir Fhoras na Gaeilge chun ceanneagraíocht a cheapadh don mhór-réimse Gaeloideachas / Tumoideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. i leith an chinnidh, “Táimid thar a bheith sásta gur éirigh linn faoin bpróiseas seo. Is aitheantas atá i roghnú Gaelscoileanna Teo. ar thiomantas agus díograis na heagraíochta d’fhorbairt na hearnála oideachais lán-Ghaeilge le 40 bliain anuas ó céad bunaíodh an eagraíocht agus amach anseo sa todhchaí. Is buaicphointe é seo ar an gceiliúradh 40 bliain ag an eagraíocht, agus ar na blianta fada de dhúthracht agus dílseacht daoine deonacha agus fostaithe na heagraíochta.”

“Aithnímid áfach gur próiseas an-deacair agus dúshlánach a bhí ann do na heagraíochtaí uile a bhí rannpháirteach agus go mbeidh dúshláin i gceist le cur i bhfeidhm iomlán na samhla nua.”

Aithníonn Gaelscoileanna Teo. go mbeidh athruithe mhóra i ndán di, agus í ag tabhairt faoi réimse leathnaithe seirbhíse agus freagrachta. Deir ní Ghréacháin ina leith, “Glacfaimid go fonnmhar agus go dáiríre leis na cúraimí, deiseanna agus dúshláin atá romhainn mar cheanneagraíocht ar an mhór-réimse”.

Ag tagairt don bhóthar atá romhainn, deir Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair, “Tá dlúthchomhoibriú ar siúl idir Gaelscoileanna Teo. agus na páirtithe leasmhara san earnáil oideachais lán-Ghaeilge le fada an lá. Táimid ag súil go mór le deiseanna comhoibrithe a phlé leo chun go leanfar leis an gcur chuige comhoibritheach agus straitéiseach agus muid ag forbairt na hearnála. Tá sé an-tábhachtach do Gaelscoileanna Teo. a bheith in ann saineolas na n-eagraíochtaí leasmhara a choinneáil san earnáil, ag an leibhéal rialachais agus feidhmeannais, chun leas na hearnála.”

“Táimid ag súil go mór leis an deis cur le seasamh reatha Gaelscoileanna Teo. agus eagraíocht láidir chomhordaithe thar an trí leibhéal, ón réamhscolaíocht, go bunscolaíocht go hiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge ar bhonn uile-oileáin a fhorbairt, eagraíocht a bheidh guth comhaontaithe agus údarásach aici agus í ag déanamh ionadaíochta ar an mhór-earnáil.”

« Previous PageNext Page »