Méid an Téacs

Campaí Samhraidh ar fud na tíre

Bealtaine 29, 2012

Is gearr go mbeidh scoileanna ar fud na tíre ag dúnadh don samhradh ach beidh deiseanna ag daltaí óga feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag campaí samhraidh ar fud na tíre.

Feachtas
Lártíre-beidh Feachtas ag eagrú campa samhraidh do dhaltaí idir 10 agus 15 bliana d’aois i  gcoláiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr i mí Iúil.

Beidh an campa samhraidh ar siúl ón 9 -13 Iúil agus beidh réimse leathan imeachtaí ann i rith na seachtaine mar shampla drámaíocht, ealaín, amhránaíocht agus spóirt éagsúla.

Tá tríocha spás ar an gCampa Samhraidh agus tá costas €70 an duine air. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Fheachtas ar 01 672 25940

Ógras
Ar fud na tíre-Tabharfar an deis do pháistí níos óige freastal ar champaí samhraidh a bheidh ar siúl ag an óg-eagraíocht Ógras i rith an tsamhraidh.

Bíonn roinnt mhaith de na campaí seo ar siúl i gCúige Laighean agus bíonn campaí eile ar siúl i Maigh Eo, i nGaillimh, i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i nDoire.

Beidh go leor imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na gcampaí samhraidh – ina measc beidh cluichí Gaelacha, cispheil, peil, drámaíocht, ceol, céilí, comhrá, ealaín agus cluichí boird.

Óige na Gaeltachta
Dún na nGall: Beidh campa samhraidh á reáchtáil i nGleann Cholm Cille in Ionad CLG naomh Columba. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolais le fáil ó Sheán ag 0872441842 nó Síle 0749532956

Connacht/Laighean: Beidh campaí samhraidh ar siúl ar 16 Iúil – 20 Iúil i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolas uaidh: Joanne ag 087-9092543 nó 091-506014

Na Déise: Reáchtálfar campa eile sa Rinn ón 16 Iúil – 20 Iúil

Corcaigh: Beidh Campaí Samhradh na Mumhan ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Cuirfear tús leo i mBéal Átha an Ghaorthaigh an tseachtain dar tús 9 Iúil agus beidh campa samhraidh eile ar siúl ón 23 Iúil – 27 Iúil ar Oileán Chléire. Ina dhiaidh sin beidh dhá champa samhraidh i  gCúil Aodha  ón 30 Iúil go dtí 10 Lúnasa.

Ciarraí: beidh campa samhraidh i gCorca Dhuibhne ón 13 Lúnasa – 17 Lúnasa Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm gach lá. Breis eolais ó Debra ag 026-65883

Foilsithe ar Gaelport.com

Cá bhfuil an Obair?

Bealtaine 29, 2012

Is tráthúil ar fad téama an chláir raidió,’ Cá bhfuil an Obair’, sraith nua  ina bpléifear deiseanna oibre in earnáil na Gaeilge.

Ghlac daltaí idirlín ó Choláiste Chillian, Cluain Dolcáin agus ó Mheánscoil Naomh Doiminic, Baile Formaid, Baile Átha Cliath a gcéad gcéimeanna mar thuairisceoirí raidió san earrach agus beidh toradh a gcuid oibre le cloisteáil sa tsraith raidió ‘Cá bhfuil an Obair’ an tseachtain seo.

Craolfar an tsraith ar an stáisiún raidió pobail West Dublin Access Radio. Beidh an chéad chlár le cloisteáil Dé Máirt 29 Bealtaine ar 10.30am. Leanfar leis gach lá an tseachtain seo ag an am sin agus beidh sé le cloisteáil ar an idirlíon ar www.wdar.ie.

Sraith raidió dátheangach is ea é ina bpléifear na deiseanna oibre atá ann in earnáil na Gaeilge. Díreofar ar  réimsí éagsúla ina measc ateangaireacht, oideachas, cumarsáid agus na meáin agus cur chun cinn na Gaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com

Roma – ‘you’re the best’ teacher

Bealtaine 29, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

School’s girl power still going strong at 85

Bealtaine 29, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

‘Childish political point scoring’ – SF hit back at Overend Irish school remarks

Bealtaine 28, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Picnic Náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge

Bealtaine 24, 2012

Fud fad na tíre beidh teaghlaigh ag spraoi trí mheán na Gaeilge ag picnicí ar 27 Bealtaine mar chuid de phicnic náisiúnta Chomhluadar.

Is eagraíocht í Comhluadar a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge.

Beidh an phríomhphicnic ar siúl i bPáirc Naomh Éanna, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath ach beidh picnicí eile á reáchtáil ar fud na tíre, ina measc, Co. Dhoire, Dún na nGall, Co. Longford, Co. Lú, Co. Mhaigh Eo agus Co. Luimnigh.

Deir  Nicole Ní Cheallaigh, Oifigeach Imeachtaí Náisiúnta le Comhluadar: ‘Is deis iontach í an Phicnic Náisiúnta do ghrúpaí atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile agus imeacht nádúrtha i nGaeilge a bheith acu. Tá neart suime léirithe ag ár mbaill féin agus ag grúpaí pobail ann.’

Ní cúis imní é mura luaitear do cheantar thuas. Is féidir do phicnic féin a eagrú agus í a chlárú le Comhluadar  agus beidh pacáiste áiseanna á chur ar fáil do gach aon dream a dhéanann a bpicnic a chlárú leo.

Tá fáilte roimh gach duine chuig an bPicnic Náisiúnta, cé go bhfuil sí dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil sé ar intinn acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí.
Bíonn imeachtaí den tsaghas seo á n-eagrú go minic ag Comhluadar chun deis a thabhairt do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí eile atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge chomh maith.

Tá sé i gceist ag Comhluadar An Phicnic Náisiúnta a eagrú go bliantúil amach anseo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPicnic Náisiúnta ar an suíomh gréasáin www.comhluadar.ie

Spraoicheist Gael Linn ag Éigse Cheatharlach

Bealtaine 23, 2012

Tá sé i gceist ag Gael Linn tráth na gceist boird trí Ghaeilge dar teideal Spraoicheist a eagrú do dhaltaí bunscoile i gCeatharlach le linn Féile na hÉigse ar an gCéadaoin, 13 Meitheamh ag 10.00r.n. Is i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc a tionólfar an ócáid.

Is é an aidhm atá le Spraoicheist ná a léiriú do na daltaí gur féidir leo píosa spraoi a bheith acu tré mheán na Gaeilge‚ fiú muna bhfuil siad líofa sa teanga.

Beidh 6 bhabhta ceisteanna san áireamh le 10 gceist i ngach babhta agus iad dírithe ar dhaltaí as na hardranganna. Míneofar gach ceist i nGaeilge shimplí agus cuirfear foclóir gearr ar fáil chun gur féidir na focail is deacra a mhíniú agus a mhúineadh roimhré.

Ceadófar do gach scoil suas le cúig fhoireann a iontráil agus bronnfar duais ar gach ball foirne den 4 fhoireann is airde marc. Tabharfar roinnt spotduaiseanna amach i rith na hócáide chomh maith.

Eagrófar ceolchoirm ghearr tar éis bronnadh na nduaiseanna agus tabharfar cuireadh do dhaltaí ó na scoileanna éagsúla  míreanna 5 nóiméad nó mar sin ar fhaid de cheol, amhráin Ghaeilge, rince srl a chur i láthair.

Tá litir eolais agus foirm iontrála seolta chuig príomhoidí scoileanna uile an cheantair. Má tá aon cheist is féidir glaoch ar Niamh in Gael Linn ag 01 6753303 nó oifig Ghlór Cheatharlach ag 085 1340047. Bí páirteach sa Spraoicheist i mbliana.

www.carlow-nationalist.ie

13 iarratas ar phacáiste tacaíochta teanga Roinn na Gaeltachta

Bealtaine 23, 2012

TRÍ CINN déag d’iarratais atá faighte ag Roinn na Gaeltachta go dtí seo ar an bpacáiste tacaíochta teanga do thuismitheoirí a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta mí ó shin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Ag tús na seachtaine bhí iarratas ar an bpacáiste tacaíochta déanta ag seisear ón nGaeltacht agus seachtar lasmuigh den Ghaeltacht.

De réir eolais a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don cholún seo, tháinig ceithre cinn de na hiarratais sin ó dhaoine atá ag obair le heagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge agus a chuir fios ar na pacáistí chun tuismitheoirí áitiúla a chur ar an eolas faoi cad a bhí ar fáil.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta leis an gcolún seo nach rabhthas ag súil le líon mór iarratas ag tús na scéime: “Ní tharlóidh sé seo thar oíche, is cuid an-tábhachtach an pacáiste tacaíochta den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh ach níl ann ach rud amháin i measc go leor rudaí eile.

“Tiocfaidh an t-éileamh ar na pacáistí ó na bileoga eolais atá á scaipeadh de réir a chéile againn ar na hospidéil atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta. Tógfaidh sé tamall an córas a chur ar a chosa cearta.”

Mar chuid den phacáiste faigheann tuismitheoirí leabhrán a chuireann comhairle phraiticiúil ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge agus dlúthdhiosca agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí.

Thug an Roinn le fios go mbeifí ag cur leis an bpacáiste agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh “de réir a chéile”. Tuairim is €8 a chosnaíonn gach pacáiste ar Roinn na Gaeltachta nuair a chuirtear costais riaracháin agus poist san áireamh.

Tá an pacáiste tacaíochta teanga dírithe ar thuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge agus tá sé á scaipeadh mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh nua a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, ar 26ú Aibreán.

Tháinig an clár in áit deontas Scéim Labhairt na Gaeilge a bhíodh á híoc le teaghlaigh Ghaeltachta nó gur cuireadh deireadh léi anuraidh.

Faoin gclár nua tá 12 beart ar leith leagtha amach ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclanna a thógáil le Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ón Roinn go rabhthas “dóchasach” go dtiocfadh borradh faoi líon na n-iarratas atá á dhéanamh ar an bpacáiste tacaíochta teanga “de réir mar a chuirtear i bhfeidhm an beart”.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh sé róluath breithiúnas a thabhairt ar conas mar a bhí ag éirí leis an scéim nua.

“Níor mhiste a rá go bhfuil sé i bhfad róluath, shílfeá, a bheith ag déanamh breithmheasa faoin mbeart seo nuair atá an oiread sin céimeanna fós le glacadh le go mbeadh an beart faoi lán seoil,” a dúirt sé.

Thug an t-urlabhraí le fios gurbh é “príomhchuspóir” an bhirt nua ná feasacht a chothú i measc tuismitheoirí faoi na buntáistí a bhain le rogha na Gaeilge mar theanga na clainne.

“Feidhm áisitheoireachta atá á glacadh ag an Roinn sa chás seo. Is faoi thuistí agus faoin bpobal trí chéile atá sé an rogha a dhéanamh faoi cad atá uathu ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt sé.

Is féidir le tuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar phacáiste tacaíochta teanga ach teangmháil a dhéanamh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

www.irishtimes.com

Coláiste Ráithín ar East Coast FM

Bealtaine 23, 2012

Labhair Paul Moore, urlabhraí Cairde Ráithín, ar an ngéarchéim cóiríochta atá ag an scoil. Is féidir éisteacht leis an agallamh ar http://eastcoast.fm/onair/programmes/morningshow (tá sé i gcuid 2, i ndiaidh na nuachta). Tá tuilleadh eolais maidir le feachtas na scoile ar fáil anseo.

Scéim Chónaithe TCD 2012-2013 oscailte

Bealtaine 11, 2012

An bhfuil tú ag súil le bheith ag freastal ar Choláiste na Tríonóide mí Mheán Fomhair seo chugainn?

Ar mhaith leat an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus í a chur chun cinn i measc phobal na hOllscoile?

Tá Oifig na Gaeilge Choláiste na Tríonóide ag glacadh le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí na chéad bhliana 2012-2013 le haghaidh 12 áit a líonadh.

Ní gá go mbeadh mic léinn na scéime ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge amháin, bíonn sé oscailte do mhic léinn atá a tabhairt faoi céimeanna eile, idir leigheas, dlí, an fhealsúnacht agus gnó. Fáiltítear roimh mhic léinn ó gach contae, Tuaisceart Éireann san áireamh.

Is éard atá i gceist le Scéim Chónaithe Dhartraí ná go ndíolfar deontais €1,000 le cur le costais chónaithe do mhic léinn na chéad bhliana ar choinníollacha áirithe.

Is iad sin ná go labhróidh na mic léinn Gaeilge ina saol laethúil san árasán ina bhfuil siad, go nglacfadh siad páirt ghníomhach in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne agus go gcomhlíonfar tuairiscí ag deireadh an chéad agus an dara téarma d’oifigeach na Gaeilge.

Bíonn sé de dhualgas ag mic léinn ar Scéim Chonaithe Dhartraí ócáidí éagsúla a eagrú leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc phobal Halla na Tríonóide, ar nós céilithe, turais, ciorcail chomhrá, tóraíocht taisce agus scóráil sciobhtha. Taistilíonn mic léinn na Scéime go hOireachtas na Gaeilge gach bliain chomh maith le bheith páirteach in imeachtaí Éigse na Tríonóide agus Seachtain Gaeilge an Choláiste.

Bhí an méid seo le rá ag Clár Johnson, iar-scoláire Scéim Chónaithe na Tríonóide faoina taithí féin:

“Mholfainn d’éinne a mbeadh an deis acu tabhairt faoin Scéim Chónaithe. Chuir sé go mór leis an taithí a bhí agam sa Choláiste, a bheith lonnaithe i saol na Gaeilge go buan. Tugann sé deis go háirithe do mhic léinn sa chéad bhliain a n-áit féin a bhunú sa suíomh is spreagúla agus is taitneamhaí sa Choláiste.”

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar fhoirm iarratais ar www.tcd.ie/gaeloifig.

« Previous PageNext Page »