Eanáir 25, 2016
Fianna Fáil Press Office
Mary Fitzpatrick
Dublin Central
25 January 2016
Minister for Education needs to stop ‘bureaucratic madness’ and support Cabra Gaelscoil – Fitzpatrick
Fianna Fáil candidate for Dublin Central Mary Fitzpatrick is calling on the Minister for Education to stop the bureaucratic madness and immediately release funds for the building of a Gael Scoil in Cabra.
“Last Friday evening the Dept of Education sent a shocking email to the headmaster of Gaelscoil Bharra stating that the building project which should have commenced last year was being “put on hold” pending a budget review.
“The children, teachers, parents and friends of Gaelscoil Bharra, are very concerned, disappointed and angry over this unexpected decision by the Department of Education. They have been operating out of portacabins for years. Four years ago they were promised a purpose-built school and had expected contractors to begin building next week.
“This is a major blow to the school and the local community. What to the department is just a project status update is a major set-back for the more than 200 current pupils, their families and their teachers.
“The Minister needs to stop this bureaucratic madness and immediately release the funds so construction can commence. The pupils, teachers and wider community want to know that a new school will be built and they deserve to know when.
The Dublin Central candidate continued: “The Minister for Education must explain why at this late stage the project is being subjected to a budget review and indefinite delay? The Minister must also explain how long is the review and delay expected to take? What is the purpose of the review? Why was it not conducted prior to now? What has prompted the review? The Minister has a lot of questions to answer.”
Eanáir 25, 2016
Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ar maidin, go raibh “géarghá” i gcónaí le reachtaíocht teanga a láidreodh Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Bhí an Coimisinéir ag caint ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi admháil an Taoisigh sa Dáil an tseachtain seo caite nach bhfoilseofar Bille leasaithe na dTeangacha Oifigiúla sula scoirfear an Dáil don olltoghchán.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie ar maidin, dúirt an Coimisinéir Teanga gur cheart uasdátú la dhéanamh láithreach ar liosta na gcomhlachtaí a thagann faoi scáth an Achta.
“Tá práinn ag baint leis an uasdátú sin agus ní theastódh aon reachtaíocht nua chun é a dhéanamh,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.
Mar fhreagra ar cheist ó cheannaire Shinn Féin Gerry Adams, dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil an tseachtain seo caite nach dtiocfadh “an Bille go dtí an Teach roimh dheireadh na Dála seo”.
Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí na Samhna 2011 agus foilsíodh ceannteidil na reachtaíochta nua i mí Aibreáin 2014. Mhol coiste oireachtais a d’ullmhaigh tuarascáil faoin dréachtreachtaíocht sin go ndéanfaí 34 leasú ar 13 ceannteideal an Bhille. Nuair a foilsíodh an dréachtreachtaíocht dúirt an Coimisinéir Teanga gur beag a bhí inti a neartódh cearta teanga an tsaoránaigh.
Thug an Taoiseach le fios i mí Nollag na bliana 2014 go bhfeicfí an Bille atá le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla “go luath” i mí Eanáir na bliana 2015.
Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys i bhfreagra Dála i mí an Mheithimh seo caite go mbeadh an reachtaíocht nua teanga le foilsiú “sna seachtainí amach romhainn” roimh bhriseadh an tsamhraidh.
Ina dhiaidh sin arís, thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go bhfoilseofaí an Bille “le linn téarma reatha na Dála”.
Dúirt urlabhraí thar ceann Aire na Gaeltachta le Tuairisc.ie níos túisce an mhí seo go raibh “leagan dátheangach den Bhille á ullmhú” faoi láthair agus go bhfoilseofaí é “chomh luath agus is féidir faoi réir chead an Rialtais a bheith faighte chuige sin”.
www.tuairisc.ie
Eanáir 25, 2016
Bhunódh na Daonlathaigh Shóisialacha coiste oireachtais chun ‘athbhreithniú cuimsitheach’ a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, de réir a bhforógra toghcháin a foilsíodh ar maidin.
Deirtear sa bhforógra céanna go bhfuil éileamh níos mó ná mar a bhí ag an bpobal ar an nGaeloideachas, agus go ndéanfaí soláthar don éileamh sin mar chuid d’athstruchtúrú ar ‘mhúnlaí pátrúnachta na scoileanna’. Dá mbeidís i gcumhacht chinnteodh an páirtí nuabhunaithe, a deir siad, go mbeadh an luathoideachas ar fáil i nGaeilge, ‘go háirithe sa Ghaeltacht agus i mbailte móra’.
Ach deis acu a bheith i rialtas, dhéanfadh an páirtí athbhreithniú chomh maith ar a éifeachtaí is atá na hiarrachtaí atá ar bun borradh a chur faoi gheilleagar na Gaeltachta.
Maíonn na Daonlathaigh Shóisialacha go ndéanfaidís tuilleadh infheistíochta in oiliúint múinteoirí Gaeilge ‘to equip them to inspire students to continue their language journey beyond school’.
Seoladh a bhforógra toghcháin Building a Better Future 2016-2026 agus gealltar ann go gcuirfeadh an páirtí deireadh le bochtanas i measc páistí agus go gcruthófaí 100,000 post mar thoradh ar an gcóras baincéireachta nua a chuirfidís ar bun.
Bunaíodh na Daonlathaigh Shóisialacha i mí Iúil na bliana seo agus 14 iarrthóir atá ag seasamh dóibh san olltoghchán. Tá cúram na ceannaireachta á roinnt idir triúr de na hiarrthóirí sin; na Teachtaí Dála Catherine Murphy, Róisín Shortall agus Stephen Donnelly.
www.tuairisc.ie
Eanáir 25, 2016
Tá ionadaí de dhíth i nGaelscholáiste Mhuire. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17499/
Eanáir 25, 2016
Beidh fócasghrúpa faoi Mhatamaitic na Bunscoile ar siúl in Ionad Oideachais na Gaillimhe ar an 28 Eanáir ag 4 i.n. Is ceann de shraith fócasghrúpaí é seo atá ag tarlú in ionaid oideachais ar fud na tíre. Is é aidhm an tseisiúin tuairimí múinteoirí a chloisteáil agus a gcuid creidiúintí agus luachanna faoi theagasc agus faoi fhoghlaim na matamaitice a fhiosrú. Is iad na réimsí seo a leanas a fhiosrófar san fhócasghrúpa:
• Pleanáil
• Teagasc agus Foghlaim sa seomra ranga
• Measúnú
• Acmhainní
Is féidir le múinteoir nó príomhoide gur spéis leo a bheith páirteach san fhócasghrúpa clárú trí dhul i dteagmháil leis an Ionad Oideachais i nGaillimh. Reáchtáilfear an seisiún trí mheán na Gaeilge. Beidh na tuairimí a nochtar sna seisiúin seo mar bhonn eolais faoi na forbairtí i Matamaitic na Bunscoile.
TÁ SÉ FÍOR-THÁBHACHTACH GO BHFREASTALÓIDH MÚINTEOIRÍ Ó SCOILEANNA GAELTACHTA AGUS LÁN-GHAEILGE AR AN bhFÓCAS GRÚPA LENA CHINNTIÚ GO MBEIDH A dTUAIRIMÍ AGUS A RIACHTANAIS SAN ÁIREAMH.
Eanáir 25, 2016
Tá cúig scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna gan táille is mó a sholáthraíonn daltaí d’institiúidí tríú leibhéal, de réir figiúirí nua a foilsíodh ar maidin agus tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar an scoil ‘is mó feabhas’ sa stát, de réir anailís atá foilsithe ar maidin sa Sunday Independent.
Tá Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, ar bharr an liosta de scoileanna gan táille maidir le soláthar mac léinn d’institiúidí tríú leibhéal.
Tá an scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ar an gceathrú scoil is fearr sa tír ó thaobh líon na ndaltaí a théann chuig an ollscoil nuair a chuirtear scoileanna táille sa áireamh. Le seacht mbliana anuas, chuaigh 78% de na cailíní a d’fhreastail ar Choláiste Íosagáin go dtí an ollscoil agus d’fhreastail 100% acu ar institiúid tríú leibhéil.
Tá ceithre scoil lán-Ghaeilge eile i measc an dosaen scoil is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal: Coláiste Eoin i mBaile Átha Cliath; Gaelscoil Luimnigh agus Laurel Hill Coláiste FCJ i gcathair Luimnigh; Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maighir i gCorcaigh; agus Coláiste na Coiribe i gcathair na Gaillimhe.
Tá Coláiste Oiriall, Muineacháin ar cheann de na meánscoileanna is mó i gCúige Uladh a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal, de réir anailís an Sunday Independent atá bunaithe ar fhigiúirí ó 2009-2015.
Idir an dá linn, tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair áirithe ar an meánscoil ‘is mó feabhas’ sa stát le roinnt blianta anuas. De réir na hanailíse a foilsíodh ar maidin, le dhá bhliain anuas, chuaigh gach aon dalta a dhein an Ardteist sa Phobalscoil i nGaeltacht Dhún na nGall ar aghaidh go coláiste tríú leibhéil. Fuair aon trian de dhaltaí na Pobalscoile idir 500-600 pointe san Ardteist anuraidh.
Sna liostaí ‘feeder schools’ seo, déantar iarbhunscoileanna a mheas bunaithe ar líon na ndaltaí a théann ar aghaidh uathu go dtí an tríú leibhéal tar éis na hardteistiméireachta, slat tomhais róchúng ar chaighdeán agus fairsinge an oideachais, dar le mórán.
Bhí scoileanna lán-Ghaeilge go mór sa treis chomh maith ar an liosta de scoileanna friothálacha ‘is fearr’ a d’fhoilsigh an Irish Times ag deireadh na bliana seo caite. Dúradh sa nuachtán sin go bhfuil an scéal amhlaidh mar go mbíonn togha agus rogha na ndaltaí ag scoileanna áirithe.
Is minic éilíteachas curtha i leith scoileanna Gaeilge agus is minic líomhaintí dá leitheid séanta go láidir ag na scoileanna féin agus ag eagraíochtaí gaeloideachais.
www.tuairisc.ie
Eanáir 21, 2016
An raibh tú páirteach sa gcomhrá beo ar na meáin shóisialta faoin haischlib #leabhairlinn inné? Tá Straitéis Léitheoireachta á forbairt ag Foras na Gaeilge agus ba mhór acu dá líonfadh baill an phobail suirbhé gearr maidir lena gcuid nósanna léitheoireachta isteach. Ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad! https://www.surveymonkey.com/r/7P3D5G2
Eanáir 21, 2016
Tá an Cumann Ríoga um Chosaint Éan (RSPB) i dTuaisceart na hÉireann ag spreagadh pobal Dhoire agus an tSratha Báin le páirt a ghlacadh sa suirbhé fiadhúlra is mó ar domhan ag an deireadh seachtaine seo chugainn (30/31 Eanáir) agus is féidir an suirbhé a dhéanamh i do ghairdín féin nó ar scoil.
Tugann an Lá Mór Faire Éan deis do gach duine rud éigin dearfach a dhéanamh don dúlra trí uair a chloig a chur ar leataobh chun comhaireamh a dhéanamh ar líon na n-éan agus na n-ainmhithe éagsúla a thugann cuairt ar an ghairdín, bíodh sin sa bhaile nó ar scoil. Tugann torthaí an tsuirbhé seo léargas dúinn ar cad é mar atá ag éirí le speicis éagsúla éan agus ainmhithe.
Dúirt Amy Colvin de chuid RSPB NI: “Is furasta páirt a ghlacadh sa suirbhé. Níl le déanamh ach cuairt a thabhairt ar www.rspb.org.uk/birdwatch le clárú, cupán tae a dhéanamh agus uair a chloig a chaitheamh amuigh sa ghairdín ag faire ar éin agus ag comhaireamh na gcuairteoirí cleiteacha!”.

Anuraidh ghlac chóir a bheith leath-mhilliún duine páirt sa Lá Mór Faire Éan ar fud fad na Ríochta Aontaithe, 2,500 duine as Doire san áireamh. I nDoire, tháinig druideanna sa chéad áit mar go bhfacthas iad i 75% de ghairdíní sa cheantar. Tháinig gealbhain bhinne sa dara háit.
Agus an teocht ag titim, ní bhíonn an oiread bia nádúrtha ar fáil dár n-éin agus dár n-ainmhithe agus is mó seans go dtiocfaidh siad isteach inár ngairdíní agus súil acu go bhfaighidh siad rud éigin le hithe.
Tá bia calrach ag teastáil ar éin ag an am seo den bhliain le cinntiú gur féidir leo a gcuid meáchan coirp a chaomhnú. Roghnaigh piseanna talún, síolta lus na gréine, liathróidí geire, craiceann bagúin mionghearrtha agus fiú cáis ghrátáilte le cur i do bheathadáin éan agus ar tháblaí éan. Le cinntiú go bhfuil aiste bia do chuairteoirí éan atá cothrom ó thaobh cothaithe de cuir amach meascán de shíolta fosta.
Moltar do mhúinteoirí agus dhaltaí scoile páirt a ghlacadh sa Lá Mór Faire Éan fosta, a fhad is gcuirtear na torthaí ar ais roimh an 12 Feabhra.
I mbliana, tá RSPB NI ag obair i gcomhar le Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin le leagan píolótach Gaeilge den tsuirbhé a dhéanamh le ceithre Ghaelscoil sa cheantar Comhairle.
Tuilleadh eolais agus fiosrúcháin agallaimh chuig:
Amy Colvin, Bainisteoir Cumarsáide Feidhmeach amy.colvin@rspb.org.uk 028 9049 1547.
Eanáir 21, 2016
Tionólfar an 7ú leagan den Fhéile Scannánaíochta “First Cut!” le cuireadh d’iarbhunscoileanna gearrscannáin a iontráil. Beidh rogha scannáin á thaispeáint ag lá fé leith do scoileanna ar an Aoine 22ú Aibreán 2016. Sprioclá na n-iarratas ná: 12ú Feabhra 2016.

Tugann an fhéile deis do scannánadóirí óga, idir 12 agus 24 bliain d’aois, páirt a ghlacadh i bhféile náisiúnta agus go deimhin idirnáisiúnta atá rite i gcomhairle leis An gComhairle Ealaíon agus Comhairle Contae Chorcaí.
Tá “First Cut!” 2016, dírithe arís ar ghearrscannáin an aos óig agus ní mór cur isteach air gan mhoill! Níl aon táille agus beidh duais ar fáil don scannán is fearr i ngach catagóir: Físeán Ceoil, Scannán Beoite, Scannán Faisnéise,Gearrscannáin déanta sna scoileanna, Gearrscannáin “as Gaeilge” (catagóir nua) agus Gearrscannáin na Scoláirí (3ú leibhéal) náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is féidir iontráil a dhéanamh mar dhuine aonair nó mar ghrúpa.
Tá sonraí iontrála ar fáil ar an suíomh www.firstcutfilmfestival.com
Eanáir 21, 2016
Gaelscoil Cholmcille ag cuardach ball a bheadh mar ionadaí an phatrúin ar an mBord Bainistíochta. Má tá suim agat glaoigh ar 8940440 nó seol riomhphost ag gaelscoilcholmcille@eircom.ie.
« Previous Page — Next Page »