Scoileanna lán-Ghaeilge chun tosaigh
Samhain 28, 2011
D’oscail an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon comhdháil bhliantúil Ghaelscoileanna ar an Tulach Mór ar maidin.
D’aithin an tAire éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith.
Beidh an chomhdháil oideachais ar siúl ar feadh dhá lá agus ar na hábhair is mó a bheidh faoi chaibidil ag lucht oideachais ná fógairt an Fhorais Taighde ar Oideachas gur léirigh torthaí na dtástálacha náisiúnta ar chaighdeán an Bhéarla agus an mhata sna bunscoileanna lán-Ghaeilge go bhfuil na scoileanna sin i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta.
Ba é seo an chéad uair a rinneadh tástálacha ar na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus dar le Mícheál Ó Broin, Uachtarán Gaelscoileanna, daingníonn siad an taighde eile a rinne an Láríonad Sármhaitheasa i bhfoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht a thug le fios go raibh buntáistí ag páistí dátheangacha i bhfoghlaim na mata.
Anuas air sin pléifear an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge agus beidh ceardlanna agus díospóireachtaí ar na straitéisí is éifeachtaí le barrfheabhas a bhaint amach sna scoileanna lán-Ghaeilge.
©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2011
Caighdeán an Bhéarla agus an Mhata sna scoileanna lán-Ghaeilge os cionn an mheáin náisiúnta
Samhain 28, 2011
D’fháiltigh GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhógairt an Fhorais Taighde inniu gur léirigh torthaí na dtástálacha náisiúnta ar chaighdeán an Bhéarla agus an mhata sna bunscoileanna lán-Ghaeilge go bhfuil siad i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta. Ag labhairt ag Comhdháil Bhliantiúil agus Oideachais 2011 a d’oscail inniu ar an Tulach Mhór, dheimhnigh príomhthaighdeoir an Fhorais Taighde, an Dr. Shiel gurb é seo an chéad uair riamh a rinneadh tástálacha ar fhurmhór na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar aonad samplach iontu féin ar ghnóthachtáil sa Bhéarla agus sa mhata. Daingníonn na dea-thorthaí seo torthaí ó thaighde dhúchasach neamhspleách eile atá déanta in Éirinn agus tagann siad le dea-thorthaí an tumoideachais ar bhonn idirnáisiúnta.
Tagann na dea-thorthaí seo sna sála ar thaighde an NCE-MSTL (an Lárionad Sármhaitheasa i bhFoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht) a léiríonn go bhfuil buntáistí trí chur chuige an dátheangachais i gceist don pháiste i bhfoghlaim an mhata in Éirinn. Príomhfhócas na Comhdhála 2011 ná an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge, le ceardlanna, plé agus díospóireacht thar an dá lá ar na straitéisí is éifeachtaí le barrfheabhas a bhaint amach ar chaighdeán reatha na scoileanna agus an tionchar nach beag a imríonn sé ar an iar-bhunleibhéal agus ar an nGaeilge sa tríú leibhéal.
D’oscail an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon an Chomhdháil dar téama Ag Saibhriú Saol Páistí go hoifigiuil. Ag labhairt ar maidin, thréaslaigh an tAire pobal na scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeltachta agus a bpáirtithe leasmhara as na dea-thorthaí atá foilsithe agus á léiriú trí an chóras tumoideachais. Thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge agus d’obair na múinteoirí, a chinntíonn go mbíonn ard inniúlacht sa Ghaeilge ag foghlaimeoirí. D’aithin an tAire éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thréaslaigh sé GAELSCOILEANNA TEO. as a bheith ceannródaíoch san obair seo ag spreagadh tuismitheoirí, ag poibliú buntáistí an dátheangachais agus ag tacú le soláthar ar ardchaighdeán.
D’fháiltigh Uachtarán na heagraíochta, Mícheál Ó Broin roimh an aitheantais seo, “fáiltímid go mór roimh na ráitis ar thábhacht na hearnála oideachais lán-Ghaeilge, agus ar ról GAELSCOILEANNA TEO. san obair luachmhar seo agus táimid an-bhuíoch den Aire as a bheith i láthair don ócáid seo. Aithnímid, áfach, go bhfuil impleachtaí an-mhór ann don earnáil leis an ngéarchéim eacnamaíochta. Táimid ag troid i gcoinne constaicí leanúnacha. Aithnímid ar fad go bhfuil srian ar an Roinn ó thaobh caiteachais ach impím ar an Roinn agus ar an Aire inniu gan an ghéarchéim a úsáid mar cheap milleáin chun sleamhnú as a ndualgais agus gealltanais i leith forbairt na gaelscolaíochta. Níl uainn ach cothrom na féinne dár bpáistí agus dár scoileanna.”
Thréaslaigh Ó Broin leis an slua de 300 duine ó phobal uile na scoileanna ag an mbunleibhéal agus an iar-bhunleibhéal lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht as na dea-thorthaí a léirigh an Dr. Shiel. Thug sé aitheantas don bhrú breise atá ar scoileanna, go háirithe le bliain anuas leis an laghdú sa cóimheas agus an méadú sna ranganna dá bharr. “In ainneoin na gcúinsí fíor-dhúshlánacha seo tá cruthúnas againn ar sár-obair, díograis agus cumas na scoileanna agus sár-éifeacht an chórais tumoideachais mar chóras oideachais.”
Ag labhairt faoi mhana na Comhdhála Ag Saibhriú Saol Paistí deir sé “roghnaíomar an mana seo mar go ndeimhníonn na torthaí nua seo agus na torthaí leanúnacha ó na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go bhfuil saol na bpáistí á saibhriú tríd agus de thoradh an chórais tumoideachais. Táimid an-bhródúil as go meallann agus go bhfreastalaíonn na scoileanna lán-Ghaeilge ar pháistí ó gach cúlra sóisialta, eacnamaíochta agus acadúil. ”
Chuir Ó Broin fáilte ar leith roimh Phríomhfheidhmeannach an Choimisiún um Chearta an Duine a labhair ag fáiltiú na Comhdhála faoi pholasaithe iontrála scoile, éagsúlacht agus iolrachas sa chóras oideachais, agus rochtain ag tuismitheoirí ar an ngaelscolaíocht ag an dá leibhéal i gcomhthéacs cearta an duine.
Ghabh Ó Broin buíochas mór le rannpháirtithe na Comhdhála ó gach cearn den oileán agus chuir sé fáilte ar leith roimh rannpháirtithe an tuaiscirt agus na Gaeltachta. Deir sé “níl aon cheist ach go mbaineann rath na Comhdhála 2011 leis an tiomantas don fhoghlaim leanúnach atá sna scoileanna d’fhonn a chinntiú go leanfar ag cur ardchaighdeán oideachais ar fáil do na páistí.”
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Minister Ciarán Cannon opens the annual conference of Gaelscoileanna Teoranta
Samhain 28, 2011
Cruinniú Poiblí – Gaelcholáiste i nDún Droma
Samhain 24, 2011
Coláiste Dún Droma, Bóthair Sydenham, 29ú Samhain @ 20:00
Cuireann Coiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath agus Bunchoiste Scoile Gaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath cuireadh chugat bheith linn ag cruinniú poiblí chun an Gaelcholaiste nua go n-osclófaidh i nDún Droma i 2014 a phlé. Scoil illchreidimheach, do buachailí agus cailíní, gan táille atá i gceist againn. Tá níos mó na 1300 dáltaí ag freastail ar Gaelcholáistí CGCAC i mbliana i mBaile Átha Cliath, agus tá saineolas ag foireann CGCAC i gcúrsaí oideachais trí mheán na Gaeilge le fada anois.
Beidh an Coiste Gairmoideachas ag déanamh irratais ar phátrúnacht an Ghaelcholáiste; iarratas a bheidh an-láidir mar thoradh ar an sain-taithí ata aige ar na cursaí seo, a riar áiseanna agus airgeadú cuí. Mar pátrún, cuirfidh an Coiste Gairmoideachais an Gaelcholáiste ar bun i bhfoirgneamh atá in a sheilbh acu ar Bóthar Sydenham. Mar seo, beidh buncloch an-láidir faoin scoil nua ón tús agus beidh foireann na scoile, na tuismitheoirí agus na páistí in ann a n-intinn a dhíriú ar cúrsaí oideachais den scoth.
Chun tuileadh eolais a fháil faoinár bpleananna agus tacaíocht a thabhairt dúinn, bí linn ar an oíche.
http://www.gaelcholaiste.com/blog/
COIRM GAEL LINN – dáta deiridh iontrála!
Samhain 23, 2011
Tá an dáta deiridh iontrála do COIRM GAEL LINN ag druidim linn. Ní mór foirmeacha iontrála líonta a bheith ag Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath roimh an Aoine 9 Nollaig 2011. Tá na dátaí sealadacha do fhéilte COIRM socruithe timpeall na tíre ach tá seans go bhféadfadh na hionaid seo athrú ag brath ar líon na n-iarratas agus na ceantair as a dtagann siad. Déanfar cinneadh faoi na hionaid chomh luath is a bheidh na hiarratais uilig istigh. Is féidir tuilleadh eolais agus an fhoirm iontrála a íoslódáil ar www.gael-linn.ie nó is féidir glaoch ar Sheán Ó Ceallaigh ag 01.6753299 ( seanc@gael-linn.ie)
FÉILTE COIRM GAEL LINN 2012
- Dé Céadaoin 8 Feabhra 2012 – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
- Déardaoin 9 Feabhra 2012 – Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin
- Dé Céadaoin 22 Feabhra 2012 – Siamsa Tíre, Trá Lí
- Déardaoin 23 Feabhra 2012 – An Grianán, Leitir Ceanainn
- Déardaoin/Dé hAoine 1/2 Márta 2012 – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
- Dé Céadaoin 7 Márta 2012 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
- Dé Céadaoin 7 Márta 2012 – Amharclann an Mhargaidh, Ard Mhacha
- Déardaoin 8 Márta 2012 – Amharclann an Hawkswell, Sligeach
- Déardaoin 15 Márta 2012 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
Shared education is way forward
Samhain 22, 2011
Middle-class schools tighten their grip on college places
Samhain 22, 2011
Ag Saibhriú Saol Páistí faoi dhíospóireacht ag Comhdháil Bhliantiúil Gaelscoileanna Teo. 2011
Samhain 21, 2011
Osclóidh Ciarán Cannon, Aire Stáit Oiliúna agus Scileanna Comhdháil Oideachais Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. dar téama Ag Saibhriú Saol Páistí a bheidh ar siúl in óstán an Tullamore Court, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ar an 25 agus an 26 Samhain 2011.
Ag tagairt do mhana na Comhdhála Ag Saibhriú Saol Paistí míníonn Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. gur “tráthúil an mana é i bhfianaise dúshláin leanúnacha i ngeilleagar na tíre a bhfuil tionchar díreach acu ar eispéireas agus ar thodhchaí oideachais na bpáistí. Deimhníonn afách mána na Comhdhála agus ábhar na Comhdhála féin go bhfuil saol na bpáistí á saibhriú tríd an chóras tumoideachais agus de thoradh an chórais tumoideachais.”
Beidh Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais 2011 ag díriú ach go háirithe ar ábhar, impleachtaí agus tábhacht na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus Don Saol 2011 – 2020. Sa chomhthéacs seo cuirfidh an Dr. Shiel ón bhForas Taighde torthaí úr nua ó na tastálacha ar chaighdeán an mhata agus an Bhéarla sna scoileanna lán-Ghaeilge i láthair an slua. Deir Ní Ghréacháin ina leith
“Táimid an-bhuíoch den Dr. Gerry Shiel as teacht inár láthair chun labhairt faoi na torthaí agus na himpleachtaí lena mbaineanna do na scoileanna. Tuigtear dúinn go n-aithneoidh na torthaí go bhfuil roinnt dúshláin sa chóras, go háirithe mar a bhaineann leis an mata, ach de réir mar a bheimis ag súil leis, deimhníonn an taighde go bhfuil caighdeán an Bhéarla sna scoileanna lán-Ghaeilge ag leibhéal ard agus ag ardú. Is cruthúnas é seo ar sár-obair, díograis agus cumas na scoileanna agus sár-éifeacht an chórais tumoideachais mar chóras oideachais”.
Go tráthúil ar an 16 Samhain 2011, d’fhoilsigh an NCE-MSTL (an Lárionad Sármhaitheasa i bhFoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht) torthaí taighde ar bhonn fianaise a léiríonn go bhfuil buntáistí trí chur chuige an dátheangachais i gceist don pháiste i bhfoghlaim an mhata. Deir Ní Ghréacháin “fáiltímid go mór roimh an aitheantais seo agus is bunchloch an-láidir é d’fhorbairt scileanna an Mhata sna scoileanna lán-Ghaeilge i gcomhthéacs na Straitéise.”
Cuireann sí fáilte ar leith roimh Phríomhfheidhmeannach an Choimisiún um Chearta an Duine a labhróidh ag fáiltiú na Comhdhála faoi pholasaithe iontrála scoile, éagsúlacht agus iolrachas sa chóras oideachais, agus rochtain ag tuismitheoirí ar an ngaelscolaíocht ag an dá leibhéal i gcomhthéacs cearta an duine.
Labhróidh Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin mar chuid dá aitheasc ar na príomhdhúshláin atá romhainn san earnáil ghaelscolaíochta, ar a n-áirítear an próiseas aitheantais do scoileanna nua, cóimheas múinteoirí le daltaí agus cúrsaí cóiríochta ag an dá leibhéal. I dtaobh clár na Comhdhála, deir Ó Broin,
“Tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh clár cuimsitheach fiúntach á chur ar fáil le linn na Comhdhála dhá lá a chuirfidh go mór le hoiliúint ghairmiúil na scoileanna lán-Ghaeilge. De réir an aiseolais ó na scoileanna, is iontach an deis í an Chomhdháil chun cur leis agus ceiliúradh a dhéanamh ar ardchaighdeán na scoileanna lán-Ghaeilge, agus táimid an-sásta go n-éireoidh linn freastal ar riachtanais oiliúna na scoileanna lán-Ghaeilge arís i mbliana”.
Gabhann Ó Broin buíochas ar leith leis an dá scoil lán-Ghaeilge sa cheantar atá ag cur go mór le h-ullmhúchán na hócáide, “táimid fíor-bhuíoch de Ghaelscoil Éadan Dóire agus de Ghaelscoil an Eiscir Riada atá ag cabhrú linn chun an pobal a chur ar an eolas agus a chuirfidh a gcuid páistí go mór le siamsaíocht na hócáide. Cabhraíonn a tacaíocht a chinntiú go mbeidh Comhdháil mhealltach agus ar ardchaighdeán ann agus léiríonn a gcúnamh an tábhacht a bhaineann le forbairt an scoilphobail. Gabhaimid buíochas mór freisin le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil na Comhdhála seo.”
Féadfar clárú don Chomhdháil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ag 01 8535195. Tá gach eolas faoin gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Do lucht na Meáin Chumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán an Tullamore Court, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ar an 25 agus an 26 Samhain 2011 nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:
Oifig ag 01-8535195 nó Bláthnaid ní Ghréacháin ag 086 8050335 / Mícheál Ó Broin ag 0879467700.
Craobh Seán Treacy, C.C.É. – Comórtas Aiste Gaeilge
Samhain 21, 2011
Ceol, Amhránaíocht, Damhsa agus Teanga!
Tugtar cuireadh do dhaoine óga páirt a ghlacadh i gComórtas Aiste Gaeilge.
Ábhar na hAiste
Beidh fáilte faoi leith roimh aistí ar théamaí áitiúla, cibé áit sa domhain ina gcónaíonn tú. Beidh béim ar eolas, chur i láthair agus ar an nGaeilge sna hábhair seo leanas –
- Ceol – ceoltóirí, cumadóirí, foinn, fleadhanna ceoil, bailitheoirí ceoil, stair, úirlisí, Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) &rl.
- Amhránaíocht – amhránaithe, stair na n-amhráin, scéalta, stíl, focail, foinn &rl.
- Damhsa – rinceoirí nó múinteoirí rince, damhsa ar an sean-nós agus rince seiteanna, Riverdance &rl.
- Teanga – béaloideas, litríocht, cainteoirí dúchasach, focail agus nathanna cainte, an Ghaeltacht agus scoileanna samhraidh, na meáin cumarsáide, na heagrais atá ag plé le dul chun chinn an teanga &rl.
- Aon Ábhar Eile!
Duaiseanna
Faoi 18 Faoi 15 Faoi 12
- Chéad Áit – €250 €200 €100
- Dara Áit – €175 €150 €80
- Tríú Áit – €125 €100 €60
Bronnfar an trófaí “DÚCHAS” ar an aiste is fearr a bhaineann le ceol, amhránaíocht, damhsa agus teanga. Coiméadfar na haistí san gCartlann, CCÉ, agus beidh siad ar fáil don phobal.
Rialacha an Chomórtais
- Seol na haistí lámhscríofa (1,200 focail ar a mhéid), maraon le d’ainm, seoladh agus dáta breithe, roimh 16 NOLLAIG 2011 chuig An Rúnaí, Craobh Seán Treacy, 6 Clós Whitethorn, Baile Átha Cliath 5.
- Is féidir ábhair breise a chur isteach ar mheáin ar bith.
- Obair an iarrathóra amháin is gá a bheith ann. Chomh maith leis an aiste lámhscríofa beidh fáilte roimh cóip leictreonach den aiste chun cabhrú leis an léirmheastóireacht agus chun é a choiméad san gCartlann (seol an cóip agus aon ábhair eile leictreonach chuig eolas@seantreacycce.com).
- Is gá an iarrathóir bheith faoi bhun 12/15/18 mbliana d’aois ar 1ú Eanair 2011.
- Bronnfar na duaiseanna i rith Seachtain na Gaeilge, Mí an Mhárta, 2012.
Eagraithe ag Craobh Seán Treacy, CCÉ le tacaíocht ó Foras na Gaeilge
New report highlights the benefits of bilingualism for mathematics students in Ireland
Samhain 16, 2011