Schools face losing control of enrolment in radical new plans
Meitheamh 14, 2011
Ceiliúradh 25 Bliain Ghaelscoil Ultain 1986-2011
Meitheamh 13, 2011
Príomhfheidhmeannach á lorg ag Comhairle na Gaelscolaíochta
Meitheamh 9, 2011
Is í Comhairle na Gaelscolaíochta an eagraíocht ionadaíoch don ghaelscolaíocht ó thuaidh. Bhunaigh an Roinn Oideachais an Chomhairle in 2000 de réir a dualgas faoi Chomhaontú Bhéal Feirste. I measc na gcritéar riachtanach don phost tá:
- Céim 3ú leibhéal;
- teacht ar mhodh cuí iompair;
- scileanna foirfe cumarsáide Béarla agus Gaeilge;
- Taithí 2 bhliain ag forbairt eagraíochta, ag tabhairt ceannasaíochta d’fhoireann, á mbainistiú agus á spreagadh, agus cruthú ar an éifeacht;
- Taithí chruthaithe:
- Ar bheith freagrach as airgeadas eagraíochta;
- ar bhainistiú buiséid;
- ar thiomsú pleananna agus straitéisí le cuspóirí eagraíochtúla a bhaint amach, agus taithí ar á gcur i bhfeidhm agus á luacháil;
- ar fheidhmíocht eagraíochta a fheabhsú;
- ar bheith ag feidhmiú taobh istigh de chreatlach rialachais chorparáidigh;
- ar stiúradh foirne ar feadh 2 bhliain.
(Is féidir go gcuirfear critéir bhreise inmhianaithe san áireamh le linn gearrliostú)
Is post conartha é seo le Conradh 4 bliana. Tuarastal: Pointí Scála NJC 46 – 57 (£39k – £49k). Beidh Pinsean NILGOSC & liúntas úsáidte cairr ar fáil. Tuilleadh sonraí le fáil ó: Comhairle na Gaelscolaíochta (Poist), 4 Sráid na Banríona, Béal Feirste BT1 6ED;
Guthán 90321475
Facs 9032 4475
pomordha@comhairle.org
Dáta deiridh d’iarratais: 12.30 i.n. An Luan, an 20/06/11.
Beidh agallaimh an phoist seo ar siúl ar an Chéadaoin an 29 Meitheamh 2011
Is fostóir comhionannais í Comhairle na Gaelscolaíochta a chuireann fáilte ar leith roimh iarratais ón phobal Protastúnach agus ó mhná.
40 scoil tar éis páirt a ghlacadh i bhféilte peile Ghael Linn
Meitheamh 7, 2011
Bhí an-spórt ag scoláirí ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag na Féilte Peile a d’eagraigh Gael Linn i mí Bealtaine.
Reáchtáiltear an tsraith seo go bliantúil chun deis a thabhairt do dhaltaí ó na ranganna sinsearacha sna bhunscoil bualadh le chéile ag ócáidí spraíúla ina mbíonn an Ghaeilge mar theanga labhartha.
Is i gceantair Ghaeltachta a bhíonn na féilte ar siúl agus cuirtear lóistín ar fáil do na cuairteoirí.
Reáchtáladh cúig fhéile peile i mbliana ar a d’fhreastail tuairim is 800 scoláire mar aon lena gcuid múinteoirí, ó 40 scoil.
Bhí Féile Laighin ar siúl i Ráth Chairn, Co. na Mí, is i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe a bhí Féile Chonnacht agus ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall a bhí Féile Uladh.
Bhí dhá fhéile ar siúl i gCúige Mumhan i mbliana chun freastal ar éileamh ó na scoileanna. Bhí an chéad ceann ar siúl i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí agus cuireadh críoch leis an sraith iomlán ansin i gColáiste na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge.
Foirne meascaithe de naonúr imreoir (cailíní agus buachaillí ) a bhí i gceist. Bhí trí chluiche ag gach foireann, agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige. Tá gach eolas faoi reáchtáil na bhféilte ar fáil ag www.gael-linn.ie.
Gaelport
Campa Samhraidh Gaeilge i gCo. an Chabháin
Meitheamh 1, 2011
An samhradh seo tá campa samhraidh Gaeilge á reáchtáil idir 11 agus 15 Iúil ag Glór Bhréifne chun freastal ar dhaoine óga.
Is grúpa Gaeilge Glór Bhréifne a thacaíonn le pobal na Gaeilge i gcontae an Chabháin trí imeachtaí sóisialta a eagrú agus foghlaimeoirí óga na Gaeilge a thacú le scoláireachtaí Gaeltachta.
Cuidíonn siad fosta le daoine fásta le freastal ar chúrsaí Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall. Gach bliain déantar bailiúchán airgid ar lá ‘le Pádraig sa Chabhán ar son na teanga, agus is ó chuid den airgead sin, mar aon le cuidiú ó Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge a thagann na scoláireachtaí.
Má tá suim agat cur isteach ar scoláireacht is féidir dul i dteagmháil le Glór Bhréifne ar 087 6401682.
Beidh béim ar an Ghaeilge labhartha tríd an ealaín agus gníomhaíochtaí eile le linn an chúrsa agus tá rátaí teaghlaigh ar fáil má bhíonn níos mó ná páiste amháin ag iarraidh freastal ar an chúrsa.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó (049) 4371530 nó http://forum.cavancommunity.ie/Glorbhreifne chun foirm iarratais a íoslódáil.
An Ghaeilge sa Dáil
Meitheamh 1, 2011
N’FHEADAR ÉINNE a bhfuil fulaingthe le blianta fada ag an dtráchtaire áirithe seo le go bhféadfadh sé a mhaoímh inniu gur saineolaí é ar na clichéanna a chloistear le linn na ndíospóireachtaí móra neamhrialta sin ar cheist na teanga i nDáil Éireann.
D’fhág an crá croí sin ar fad, áfach, go raibh ar ár gcumas súil oilte a chaitheamh ar na Teachtaí Dála nua a ghlac páirt den chéad uair an tseachtain seo caite i mórdhíospóireacht Dála faoin nGaeilge. An mbeidís ábalta é a fhéachaint leis na seanfhondúirí a bhfuil na blianta caite acu ag foghlaim cheard na gclichéanna? Tá liosta thíos de chuid de na mórchlichéanna is fearr linn agus na Teachtaí Dála nua ar éirigh leo iad a úsáid an tseachtain seo caite.
1. An fháilte roimh an díospóireacht in éineacht leis an bhfógra gur trua nach mbíonn a leithéid níos minicí ann. Joe O’Reilly (FG) a dúirt: “Rud iontach an díospóireacht seo agus b’fhiú dúinn níos mó díospóireachtaí ar an ábhar seo a bheith againn.”
2. An cur síos gáifeach ar an gciapadh ar leith a bhaineann le foghlaim na Gaeilge. Luke ‘Ming’ Flanagan (NS) a dúirt: “In my experience, and that of my friends and school mates, learning the Irish language was the highest form of torture known to humankind.”
3. An tagairt fhánach don té a bhfuil níos mó déanta aige ar son na Gaeilge ná aon pholaiteoir. Luke ‘Ming’ Flanagan, a dúirt: “I think Des Bishop has done more for the Irish language than any politician.”
4. An moladh do TG4 ach gan dearmad a dhéanamh ar RnaG. Seán Kyne (FG) a dúirt: “Such a shift has been occurring, helped enormously by the creation of TG4 with its new generation of Gaeilgeoirí role models and ambassadors for the language as well as by the continuing role of Raidió na Gaeltachta…”
5. An cáineadh láidir ar an nGaeilge “éigeantach” mar thobar gach oilc. Jim Daly (FG) a dúirt: “We must set the language free and move away from the compulsory element. We should realise that we are a grown-up State…”
6. An cáineadh láidir ar gheilt ghluaiseacht na Gaeilge mar thobar gach oilc. Jim Daly (FG) a dúirt: “Contrary to what some fanatical elements of the pro-Gaeilge lobby might suggest…”
7. An caochadh súil i dtreo na gaelscoile sa dáilcheantar. Dessie Ellis (SF) a dúirt: “Tá gaelscoileanna Bhaile Munna i mo cheantar féin ag dul ó neart go neart le déanaí. Tá gaelscoil nua – Gaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas – ag méadú ó bhliain go bliain.”
8. An tagairt do-mhaite do Riverdance. Peter Mathews (FG) a dúirt: “Imagine having the Riverdance troupe at the Aviva stadium as the warm-up event for one of the big matches and some Irish language used in the signage. This would express in 21st century terms what it is we love about our language.”
Irish Times
Campaí Samhraidh Ógras
Meitheamh 1, 2011
Beidh Campaí Samhraidh ag Ógras, an eagraíocht óige Gaeilge is sine ar siúl ar fud natíre i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Tabharfaidh na campaí seo, urraithe ag Foras na Gaeilge, deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht thaitneamhach, spórtúil, spraíúil.
Ar chlár an champa beidh réimse leathan d’imeachtaí idir spóirt, cheol, dhrámaíocht, rince, ealaín, cheardlann, chluichí forbartha agus foirne agus thuras.
Campaí Laighean:
4 – 8 Iúil Baile na Manach (Monkstown)
4 – 8 Iúil Nás na Ríogh (Naas)
4 – 8 Iúil Rath Maonis 1 (Rathmines)
11 – 15 Iúil Sráid Fhearchair (Head Office, Harcourt Street)
11- 15 Iúil Baile na Manach Déagóirí (Monkstown – Teenagers)
18 – 22 Iúil Léim an Bhradáin (Leixlip)
18 – 22 Iúil Ráth Maoinis 2 (Rathmines)
18 – 22 Iúil Biorra – Uibh Fháilí 1 (Birr, Co. Offaly)
25 – 29 Iúil Biorra – Uibh Fháilí 2 (Birr, Co. Offaly)
Campaí Uladh:
4 – 8 Iúil Na Ceithre Máistrí, Co. Dhún na nGall (Four Masters, Co. Donegal)
11 – 15 Iúil Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall (Ballyshannon, Co. Donegal)
Campaí Connachta:
11 – 15 Iúil Uachtar Ard, Co.na Gaillimhe (Oughterard, Co. Galway)
18 – 22 Iúil Cill Ainnín, Co.na Gaillimhe
Campaí na Mumhan
4 – 8 Iúil Baile Uí Thaidhg, Co. Chiarraí (Ballyheigue, Co. Kerry)
15 – 19 Lúnasa Trá Lí, Co. Chiarraí (Tralee, Co. Kerry)
Tuilleadh eolais ar fáil ar www.ogras.ie.
Turas Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne
Bealtaine 31, 2011
Chuaigh Rang 6 ó Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh ar thuras scoile speisialta go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne i mí Bealtaine 2011 ós rud é go bhfuil an scoil ag comóradh 25 bliain ar an saol i mbliana. Turas ceithre lá a bhí ann agus d’éirigh leis an grúpa réimse mór imeachtaí a dhéanamh fad a bhí siad ann. (i.e. Turasanna chuig: Stiúidió Raidió na Gaeltachta chun clár raidió a dhéanamh, Ionad an Bhlaoscaoid, Séipéilín Ghallarais, Falla Dreapadóireachta, An t-Ionad Babhlála agus An Domhan Fothoinn sa Daingean, agus snámh san Aquadome i dTrá Lí ar an slí abhaile )
I measc na n-imeachtaí sin chomh maith thugadar cuairt ar bhunscoileanna Gaeltachta (Scoil Dhún Chaoin agus Scoil Naomh Eirc). Le linn na gcuairteanna sin tugadh deis do na daltaí araon amhráin a chanadh dá chéile, poirt a sheinnt , scéalta a insint agus gan dabht dreas súgartha a dhéanamh lena chéile chomh maith!
Eagraíodh Céilí Mór do cheann dos na h-oícheanta ansin agus tugadh deis eile do na daltaí as na trí scoil bualadh lena chéile arís agus píosa ‘craic’ a bheith acu. Baineadh an- sult go deo as an oíche agus gan dabht bhí raidhse sóláistí ar fáil chomh maith!
Táimid thar a bheith buíoch do gach éinne a chabhraigh linn an dturas seo a chur i gcrích…
- Príomhoidí & múinteoirí na scoileanna gaeltachta
- Na Mná Tí ( Bríd Uí Lúing & Annie Feirtéar)
- Fear an Bhus (John ó Chomhlacht Butlers sa Chóbh)
- Tuismitheoirí & daltaí a bhailigh an t-uafás airgid don turas ó thus na bliana
- Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
- Gaelscoileanna Teo.
Corn Ghlór na nGael 2011
Bealtaine 31, 2011
Reachtáilfear Corn Peile Ghlór na nGael 2011 ar an 8 agus 9 Meitheamh. ’Séard atá i gceist leis na comórtais áirithe seo ná bliotzanna peile do pháistí bunscoile idir bhuachaillí agus cailíní.
Coiste Ghlór Cheatharlach a eagraíonn an comórtas le tacaíocht na múinteoirí a chuireann na cluichí chun cinn ina gcuid scoileanna féin.
Rud suimiúil faoi Chorn Ghlór na nGael ná go bhfuil an comórtas teoranta d’imreoirí i rang a cúig agus níos óige. Ní cheadaítear daltaí sinsearacha ar an bpainéal. Tá na comórtais ag dul ó neart go neart le níos mó scoileanna san áireamh bliain i ndiaidh bliana. Imrítear na cluichí ag deireadh na scoilbhliana agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna uile an cheantair a bheith páirteach.
Le roinnt foirne láidir go leor agus roinnt eile le himreoirí ar an bpáirc imeartha don chéad uair riamh b’fhéidir baineann an-éagsúlacht leis na cluichí. Pé scéal é déanann na páistí go léir a seacht ndícheall agus baineann siad taitneamh agus spraoi as na cluichí a imritear ar pháirceanna gleoite Éire Óg.
Cuirfidh Glór Cheatharlach fáilte roimh scoileanna a bheith san iomaíocht arís i mbliana. Gach eolas agus foirmeacha iontrála ar fáil ón oifig ar Shráid an Choláiste nó ar 059 9158105.
Carlow Nationalist – Bríde de Róiste
Minister wants modern method for Irish
Bealtaine 31, 2011