Post nua do Shiobhán
Lúnasa 12, 2010
Tá sé fógartha ag Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge go bhfuil Siobhán Seoighe ceaptha mar Fheidhmeannach leis an eagraíocht.
Is eagraíocht í an Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge a chuireann córas pátrúnachta ar fáil do scoileanna lánGhaeilge.
Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí í Siobhán Seoighe ó dhúchas, agus tá ceangal láidir ag an gclann le Conamara freisin. Tá aithne fhorleathan ar Shiobhán sa taobh seo tíre, ach go háirithe don tréimhse a chaith sí mar bhainisteoir Imeachtaí le Rith 2010. Tá réimsí leathan taithí eile aici freisin, le tréimhse caite aici ag obair leis an gcomhlacht árachais Hibernian Aviva agus mar Bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr.
Tá bunchéim aici sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide, agus tá Máistreacht aici sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá Siobhán ag súil go mór leis an ról nua atá aici leis an bhForas Patrúntachta.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
05 Lúnasa 2010
Gaelscoil Mhic Amhlaigh approved to move to next expansion stage
Lúnasa 12, 2010
All-Irish body ready to control schools
Lúnasa 12, 2010
Béim curtha ar ról na nEagras i dTuarascáil an Chomhchoiste
Lúnasa 12, 2010
Tá molta ag an gComhchoiste Oireachtais um Gnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta gur cheart ról na n-eagras Gaeilge a aithint sa Straitéis nua don Ghaeilge mar beidh rathúlacht na Straitéise ag brath ar thacaíocht agus ar chomhordú na n-eagras.
Moltar freisin gur cheart ról príomhúil chun geilleagar agus bonneagar na Gaeltachta a fhorbairt a fhágáil faoi Údarás na Gaeltachta sa Tuarascáil a d’fhoilsigh an Comhchoiste maidir leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Bhronn Cathaoirleach an choiste, Tomás Ó Ceit TD, an Tuarascáil ar an Aire Pat Carey TD ag preasocáid a reáchtáladh i dTeach Laighin inniu, 28 Iúil 2010.
Tá 39 moladh a bhaineann leis an gcóras oideachais agus oideachas Gaeltachta, An Ghaeltacht agus normalú na Gaeilge déanta ag gComhchoiste sa Tuarascáil.
Baineann cuid do na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil chomh maith leis an ról a bheidh ag forais stáit éagsúla agus ag an bpobal i bhforfheidhmiú na Straitéise.
Chuir an tAire fáilte roimh an Tuarascáil agus thug sé le fios go mbeidh an Taoiseach mar stiúrthóir ar dhíospóireacht sa Dáil agus sa Seanad sa bhfómhar maidir leis an Straitéis. Dúirt sé go raibh dóchasach go mbeidh tacaíocht traspháirtí ann dó.
Má ghlacann an Rialtas le moltaí na Tuarascála, beidh sé de chúram ag Oifig an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar an Straitéis.
Anuas air sin, moltar gur cheart deighilt a shoiléiriú idir chúraimí Údarás na Gaeltachta/na Gaeilge agus Foras na Gaeilge agus a ndualgais a shonrú sa straitéis.
Dúirt an tAire nach raibh sé den tuairim áfach go mbeadh comhnascadh ann idir an dá eagraíocht mar bheadh deacrachtaí áirithe ag baint le gníomh mar sin ó thaobh ama de.
Ag fáiltiú roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála “Tréaslaím leis an gComhchoiste Dála as tuarascáil chuimsitheach a fhoilsiú ina bhfuil moltaí láidre, aontaithe ar bhonn trasphairtí, a bheidh chun leas na Gaeilge sa tréimhse 20 bliain romhainn.”
“D’eascair na moltaí as an bpróiseas comhairliúcháin leathan atá curtha i gcrích ag an gComhchoiste, chun tuairimí, mianta agus riachtanais pobail na Gaeilge a mheas. Tá súil ag an gComhdháil go nglacfaidh an Rialtas le moltaí uile an Chomhchoiste agus go bhfoilseofar an leagan deiridh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go luath.”
Chuir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an Tuarascáil ag an ócáid chomh maith agus ghabh sé buíochas leis an gCoiste as an gcomhairliúcháin poiblí a chur ar siúl mar chuid den phróiseas.
Dúirt sé go raibh sé “ríthábhachtach go nglacann an Rialtas leis na moltaí i dtuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ina n-iomláine, go ndéantar iad uile a chur san áireamh sa dréacht deireanach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus go gcothaítear aontas tras-pháirtí don Straitéis céanna, ar mhaithe le fiúntas agus le leanúnachas na Straitéise a chinntiú sa ghlúin romhainn.”
Chuir an eagraíocht fáilte roimh líon mór na moltaí go háirithe iad siúd a bhaineann le tábhacht inmharthanacht na Gaeltachta; ról fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht a fhágáil faoin Údarás; ról lárnach na n-eagras Gaeilge deonach i gcur i bhfeidhm na Straitéise; curaclam comhtháite Gaeilge agus measúnú na Straitéise a chur faoi chúram Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Taoiseach féin ag tuairisciú do Thithe an Oireachtais ar dhul chun cinn na Straitéise.
Tá an Tuarascáil ar fáil le léamh ar shuíomh Gréasáin Oifig Thithe an Oireachtais anseo. Cad é do thuairim? Fág teachtaireacht ar Facebook na Comhdhála nó seol teachtaireacht chuig @gaelport ar Twitter.
©Foilsithe ar Gaelport.com 28 Iúil 2010
Aitheantas Oifigiúil do cheithre scoil i dTuaisceart Éireann
Lúnasa 12, 2010
Fógraíodh le déanaí gur éirigh le ceithre Ghaelscoil i dTuaisceart Éireann aitheantas oifigiúil a fháil ón Roinn Oideachais don chéad bhliain scoile eile.
Cúis mhór áthais a bhí ann do na tuismitheoirí agus eagrais áitiúla a chur tús lena bhfeachtais tamall fada ó shin gaelscoileanna a bhunú i Machaire Fíolta agus i Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire agus i gCill Chaoill i gContae an Dúin agus i mBaile Meánach i gContae Aontroma.
Táthar ag súil go mbeidh na scoileanna ag oscailt ar an gcéad lá de Mheán Fómhair i mbliana má éiríonn leis na scoileanna coinníollacha na Roinne a shásamh.
Gan amhras, bhí an dea-scéal á cheiliúradh sa halla rince in Óstán an Europa i mBéal Feirste coicís ó shin, áit a raibh oíche tiomsaithe airgid ann ar son Ghaescoil an tSeanchaí atá mar cheann de na scoileanna a fuair aitheantas an tseachtain seo.
Bronnadh aitheantas ar na scoileanna seo de bharr an éilimh atá ann ar an nGaelscolaíocht sna ceantair scoile seo.
Níl sé as an áireamh go mbunófaí gaelcholáistí nó iar-bhunscoile sna ceantair sin amach anseo ach oiread.
Fuair iarratas na scoileanna tacaíocht ó Chomhairle na Gaelscolaíochta atá den tuairim go mbeidh deiseanna forbartha eile ann sna ceantair seo ag brath ar an éileamh a bheidh ann don Ghaelscolaíocht iar-bhunscoile.
©Gaelport.com 10 Lúnasa 2010
Athrú don Ghaeilge i gcritéir nua
Lúnasa 12, 2010
Tá leasú suntasach ar an gcóras chun aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua dara leibhéal fógartha ag an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan TD.
Tá sé beartaithe ag an tAire Grúpa Comhairleach um Pátrúnacht Dara Leibhéal a bhunú, chun machnamh a dhéanamh ar na hiarratais, agus chun comhairle a sholáthar don Tánaiste, tar éis don ghrúpa suirbhé a chur i gcrích faoi thuairimí na dtuismitheoirí agus na critéir nua atá le leagan síos á n-úsáid.
Tá tuartha go mbeidh méadú de 67,000 dalta breise sa chóras oideachas meánscoile faoin mbliain 2024, agus is in oirthear na tíre is mó atá an méadú seo tuartha.
Tá na critéir mhionsonraithe fós le socrú, ach tá tugtha le fios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar soláthar do dhaltaí ar mhiste leo a gcuid oideachas a fháil trí Ghaeilge, trí Aonad Gaeilge a bhunú laistigh den scoil, i gceantair nach bhfuil dóthain daltaí do Ghaelscoil dara leibhéal.
Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
11 Lúnasa 2010
An Ghaeilge mar Chritéar Aitheantais do Scoileanna Nua
Lúnasa 10, 2010
Tá leasú suntasach ar an gcóras chun aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua dara leibhéal fógartha ag an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan TD.
Tá i gceist ag an Tánaiste creatlach de chritéir nua a leagan amach, a úsáidfear chun measúnú trédhearcach a dhéanamh ar iarratais chun scoileanna nua dara leibhéal a bhunú.
Tá beartaithe ag an Tánaiste Grúpa Comhairleach um Pátrúnacht Dara Leibhéal a bhunú, chun machnamh a dhéanamh ar na hiarratais, agus chun comhairle a sholáthar don Tánaiste, tar éis don ghrúpa suirbhé a chur i gcrích faoi thuairimí na dtuismitheoirí agus na critéir nua atá le leagan síos a úsáid.
Tá tuartha go mbeidh méadú de 67,000 dalta breise sa chóras oideachais iar-bhunscoile faoin mbliain 2024, agus is in oirthear na tíre is mó atá an méadú seo tuartha.
Deir an Tánaiste go bhfuil “gá le critéir shoiléire agus breis trédhearcachta sa chinnteoireacht faoin bpátrúnacht sna cásanna seo de bharr go bhfuil comhlachtaí pátrúnachta éagsúla anois ag iarraidh scoileanna nua a bhunú”.
Tá na critéir mhionsonraithe fós le socrú, ach tá tugtha le fios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar soláthar do dhaltaí ar mhiste leo a gcuid oideachais a fháil trí Ghaeilge, trí Aonad Gaeilge a bhunú laistigh den scoil, i gceantair nach bhfuil dóthain daltaí do Ghaelscoil dara leibhéal.
I measc na gcritéar eile atá aitheanta ag an Tánaiste, áirítear cumas na scoile freastal ar líon idir 800 go 1,000 dalta, ach bheadh tairseach níos ísle de 400 dalta i gceist do Ghaelcholáistí.
Agus í ag tagairt don mholadh go mbunófaí Aonad Gaeilge i scoil lán-Bhéarla, dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta “cé go bhfáiltímid roimh an mholadh do sholáthar Aonaid a fhreastalóidh ar mhianta na ndaltaí don ghaeloideachas sa chás nach mbeadh éileamh dóthanach do scoil neamhspleách, ní mór go leanfaí leis an idirphlé idir an Roinn agus Gaelscoileanna Teoranta ar mhaithe le hathbhreithniú agus forbairt chuimsitheach a dhéanamh ar mhúnla an Aonaid mar choincheap agus mar chur chuige. Is cinnte go sásaíonn sé riachtanais ar leith, ach tá a lán dúshlán ag baint leis an mhúnla reatha”.
©Gaelport.com 10 Lúnasa 2010
Leasú Suntasach beartaithe don Phróiseas Aitheantais Iar-bhunscoileanna
Iúil 30, 2010
Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhógra an Tánaiste ar an 28 Iúil 2010 go dtiocfaidh leasú suntasach ar an bpróiseas a bhaineann le hiar-bhunscoileanna nua a aithint.
Faoin gcreatlach nua a bhunófar aontófar na critéir a úsáidfear chun iarratais do bhunú iar-bhunscoileanna a mheas. Mar thoradh ar an bpróiseas seo beidh trédhearcacht ag baint leis an bpróiseas cinnteoireachta ag leibhéal na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le h-aitheantas a bhronnadh ar scoileanna nua beartaithe.
Ag tagairt do na himpleachtaí a bheadh ann do na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge, deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. , “fáiltímid go mór roimh athchóiriú ar an bpróiseas aitheantais d’iar-bhunscoileanna, agus tá sé é an-tráthúil i bhfianaise an athbhreithnithe atá á chur i gcrích ar an bpróiseas mar a bhaineann le haitheantas bunscoileanna. Táimid muiníneach go mbeidh an t-athchóiriú beartaithe chun leasa an tsoláthair iar-bhunscolaíochta agus go dtabharfar aitheantas cuí do riachtanais agus don éileamh mór agus inchosanta ar sholáthar iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge.”
I measc na gcritéir atá réamh-aitheanta ag an Tánaiste, áirítear an riachtanais a bhainfidh le cumas aon scoil nua a bhunófar chun freastal ar éagsúlacht. Freagraíonn na scoileanna lán-Ghaeilge do sholáthar na héagsúlachta ag leibhéal sainmheoin creidimh/teanga agus freastalaíonn siad ar gach cúlra teangeolaíoch, sóisialta agus acadúil na ndaltaí.
Agus í ag tagairt don mholadh go mbunófar Aonad i scoil lán-Bhéarla, tugann ní Ghréacháin an rabhadh, “cé go bhfáiltímid roimh an mholadh do sholáthar Aonaid a fhreastalóidh ar mhianta na ndaltaí don ghaeloideachas sa chás nach mbeadh éileamh dóthanach do scoil neamhspleách, ní mór go leantar leis an idirphlé idir an Roinn agus GAELSCOILEANNA TEO. ar mhaithe le h-athbhreithniú agus forbairt chuimsitheach a dhéanamh ar mhúnla an Aonaid mar choincheap agus mar chur chuige. Is cinnte go sásaíonn sé riachtanais ar leith, ach tá alán dúshláin ag baint leis an múnla reatha. Beimid ag fáiltiú go mór roimh an deis dul i mbun comhairliúcháin leis an Roinn ar fhorbairt an mhúnla seo agus ar na critéir a bhainfidh le bunú iarbhuscoileanna lán-Ghaeilge amach anseo”.
Tá sé i gceist go mbunófar Grúpa Comhairleach sa bhFómhair a dhéanfaidh moltaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Tánaiste maidir le haitheantas d’iar-bhunscoileanna chun díriú ar an riachtanais a bheidh ann áit scoile a bheith ar fáil do 67,000 dalta breise faoi 2024.
Tréaslaíonn sí an Tánaiste as tabhairt faoin bpróiseas seo agus deir sí ina thaobh “táimid tiomanta don chomhoibriú leis an Tánaiste agus leis an Roinn ar an gceist rí-thábhachtach seo, agus táimid ag súil go mór le ról lárnach a imirt sa dúshlán a bhaineann leis an gcóras is éifeachtachtaí a chur i bhfeidhm. Molaimid go gcinnteoidh an Tánaiste go mbeidh ionadaíocht le saineolas ar riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge ar an nGrúpa Comhairleach”.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 bunscoil agus 38 iarbhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Tuilleadh eolais:
Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. 01 8535195
Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. 087 9467700
CRÍOCH
Four Irish schools set to open in North
Iúil 30, 2010
Sports stars at Gaelscoil’s open evening
Iúil 28, 2010