Folúntais do Mhí Mheán Fómhair, Gaelcholáiste Dhoire
Bealtaine 5, 2016
Oideoir sna Luathbhlianta – Cúntóir Naíonra
Bealtaine 4, 2016
Iarratais á lorg do Cúntóir Naíonra ag Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22
An Naíonra:
Is Naíonra lán Ghaeilge é Naíonra Chrónáin.
Is naíonra gnóthach é, ag rith seisiúin ar maidin agus sa tráthnóna. Tá aidhm lucht cheannais an Naíonra dírithe ar chúram agus oideachas d’ard chaighdeán a thabhairt do na páistí a fhreastalaíonn ar an seirbhís. Tá dúil ár n-anamacha sa spraoi lasmuigh agus sa spraoi riosca agus creideann muid i gcónaí i bheith suas chun dáta le taighde nua chun a chinntiú go bhfuil muid i gcónaí ag soláthair an chúraim agus an oideachais den chaighdeán is airde gur féidir a sholáthair.
Cáilíochtaí:
Ar a laghad Teastas FETAC Leibhéal 6 (Mórdhámhachtain), cáilíocht choibhéiseach, nó níos airde i gcúram leanaí, le taithí, comh maith le líofacht i nGaeilge labhartha agus scríofa.
An Ghaeilge:
Muna bhfuil líofacht iomlán agat i labhairt agus scríobh sa Ghaeilge ach go bhfuil caighdeán na hArdteiste agat i nGaeilge beidh muid in ann cúnamh a thabhairt duit do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú más gá.
Freagrachtaí:
Feidhmiú i suíomh réamhscolaíochta le fuinneamh agus le spraoi taobh istigh is lasmuigh. Bheith páirteach i gcúrsaí a phleanáil, sonrú agus tuairisc a choinneáil. Ba chóir go mbeadh dúil ag an duine a roghnaítear i seirbhís den chéad scoth, le scileanna idirphearsanta agus inphearsanta láidir, bheith in ann feidhmiú mar bhall foirne agus ar an am céanna bheith ábalta feidhmiú as a stuaim féin.
Post: Post Lánaimseartha atá i gceist
Tuarastal: Pá iomaíoch ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí
Litir Iarratais agus CV chuig:
An Cathaoirleach, Muintir Chrónáin Teo,
Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22. (eolas@araschronain.ie / 01-4574847)
Dáta Deireadh Iontrála: Aoine 20/05/2016 roimh 1.00i.n.
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha sa Mhodhscoil, Luimneach
Bealtaine 4, 2016
Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 12 Bealtaine 2016
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/
Folúntas: Múinteoir Acmhainne i nGaelscoil Riabhach, Gaillimh
Bealtaine 4, 2016
Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 13 Bealtaine 2016
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/
Folúntas: Riarthóir Oifige leis an bhForas Pátrúnachta
Aibreán 29, 2016
Tá folúntas faoi láthair leis an bhForas Pátrúnachta. Is clár oibre ilghnéitheach a bhíonn ag an bhForas agus tá ár bhfoireann ag méadú. Is deis iontach atá ann tionchar dearfach a imirt ar an 15,000 dalta a fhreastalaíonn ar ár scoileanna i dtimpeallacht oibre atá tacúil agus taitneamhach. Más duine cumasach, spreagtha tú atá paiseanta faoin ngaeloideachas, bí i dteagmháil linn.
Tá iarratais á lorg ag An Foras Pátrúnachta ó dhaoine atá cáilithe do phost mar Riarthóir Oifige. Conradh trí bliana atá á thairiscint. Beidh an duine a cheapfar freagrach don Ard-Rúnaí. Oibreoidh an Riarthóir in éineacht leis an Ard-Rúnaí agus leis an mBainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta chun seirbhísí a sholáthar do Bhoird Bainistíochta agus do Scoileanna an Fhorais. Beidh taisteal chuig Scoileanna an Fhorais chomh maith le cruinnithe san oíche i gceist.
Is féidir gach eolas maidir leis an bpost a léamh anseo
SIANSA GAEL LINN – CRAOBHCHOMÓRTAS 2016 AR TG4 !
Aibreán 29, 2016
Craolfar clár speisialta faoi Chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 ar TG4, Dé Domhnaigh seo chugainn, 1 Bealtaine, 5.25p.m. Ghlac 8 ngrúpa thraidisiúnta ó cheann ceann na tíre páirt sa cheolchoirm iontach seo sa Cheoláras Náisiúnta ar 17 Aibreán, 2016. Bhí os cionn míle duine i láthair don ócáid. Beidh ceol agus amhránaíocht den scoth le cloisteáil – ná caill é !
https://www.youtube.com/watch?v=QFi7ZvTLiIU&feature=youtu.be
Lean sinn ar Twitter #Siansa nó ar Facebook Siansa Gael Linn !
(English) Sárscoil Drámaíochta Fíbín
Aibreán 28, 2016
Láithreán ardán foilsiúchán idirlíona nua ag iClassCMS
Aibreán 28, 2016
Tá láithreán ardán foilsiúchán idirlíona agus soghluaiste nua díreach seolta do scoileanna amháin ag iClassCMS. Is suíomh gréasáin iomlán agus réiteach soghluaiste é atá ar fáil do scoileanna. Freastalíonn sé ar riachtanaisí múinteoirí, mic léinn agus tuismitheoirí.
Tá sé comhdhéanta de 6 modúil; Gréasáin nua-aimseartha agus sofhreagrach don scoil, blag/ iris scoile , modúl foilsiúchán do mac léinn, modúl bainistiú imeachtaí agus íocaíocht, app teachtaireachtaí do thuismitheoirí agus ar deireadh thiar comhéadan bainistíochta simplí. Tá iClassCMS tar éıs láithreán idirlíona nua a seoladh do Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór, i gCill Mhantáin agus tar éis dul tríd an próiseas logánaithe tá siad ag iarraidh a bheith ag obair le Gaelscoileanna eile.
Tá an fianaise thíos ó Ghaelcholáiste na Mara agus tá tuilleadh eolas ar fáil ar www.iclasscms.com , info@iclasscms.com agus 01 691 8833”
Testimonial:
‘We were delighted with the final product and very impressed with the range of functions for teachers, students and parents. We also look forward to the ongoing iClassCMS platform developments over the coming year. We would highly recommend iClassCMS to any school looking for a bespoke and professional website’
~ Máire Mhic Mhuiris (Príomhoide)
Scéim Iasachta Trealaimh do Naíonraí
Aibreán 27, 2016
Tá áthas ar Gaelscoileanna Teo. scéim tacaíochta nua do naíonraí a fhógairt. Cuirfidh an scéim seo trealamh forbartha/oideachasúil agus leabhair ar ardchaighdeán ar fáil ar bhonn iasachta do naíonraí. Tá sé mar aidhm acu bheith ina n-áiseanna luachmhara foghlama agus forbartha sa seomra naíonra agus go spreagfar na páistí bheith ag caint as Gaeilge. Tá réimse leathan trealaimh againn agus is féidir é a úsáid mar bhonn taca le téamaí Aistear a phlé. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne, agus rogha a dhéanamh maidir le Bosca Spéise, Cistin nó Siopa.
Tá gach eolas maidir leis an Scéim ar fáil anseo: Scéim Iasachta Trealaimh
(English) The Gaeltacht must be broken and remade to save Irish
Aibreán 27, 2016