Foras na Gaeilge ag lorg eolais maidir le nósanna léitheoireachta phobal na Gaeilge
Eanáir 21, 2016
An raibh tú páirteach sa gcomhrá beo ar na meáin shóisialta faoin haischlib #leabhairlinn inné? Tá Straitéis Léitheoireachta á forbairt ag Foras na Gaeilge agus ba mhór acu dá líonfadh baill an phobail suirbhé gearr maidir lena gcuid nósanna léitheoireachta isteach. Ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad! https://www.surveymonkey.com/r/7P3D5G2
Féile Scannánaíochta “First Cut!”
Eanáir 21, 2016
Tionólfar an 7ú leagan den Fhéile Scannánaíochta “First Cut!” le cuireadh d’iarbhunscoileanna gearrscannáin a iontráil. Beidh rogha scannáin á thaispeáint ag lá fé leith do scoileanna ar an Aoine 22ú Aibreán 2016. Sprioclá na n-iarratas ná: 12ú Feabhra 2016.
Tugann an fhéile deis do scannánadóirí óga, idir 12 agus 24 bliain d’aois, páirt a ghlacadh i bhféile náisiúnta agus go deimhin idirnáisiúnta atá rite i gcomhairle leis An gComhairle Ealaíon agus Comhairle Contae Chorcaí.
Tá “First Cut!” 2016, dírithe arís ar ghearrscannáin an aos óig agus ní mór cur isteach air gan mhoill! Níl aon táille agus beidh duais ar fáil don scannán is fearr i ngach catagóir: Físeán Ceoil, Scannán Beoite, Scannán Faisnéise,Gearrscannáin déanta sna scoileanna, Gearrscannáin “as Gaeilge” (catagóir nua) agus Gearrscannáin na Scoláirí (3ú leibhéal) náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is féidir iontráil a dhéanamh mar dhuine aonair nó mar ghrúpa.
Tá sonraí iontrála ar fáil ar an suíomh www.firstcutfilmfestival.com
Scoláireachtaí Printíseachta á dTairiscint ag Údarás na Gaeltachta
Eanáir 20, 2016
Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta gur fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí le cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach.
Ní mór d’iarrthóirí a bheith sé bliana déag d’aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu:
Teastas Grúpa/ Meanteastas/ Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a chomhionann. Tá matamaitic riachtanach i gcás printíseachtaí áirithe;
nó
réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag SOLAS;
nó
os cionn 16 bliain d’aois agus taithí aitheanta acu sa cheird le trí bliana.
Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa na scoláireachtaí seo.
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó http://www.udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/tionscnaimh-oiliuna/printiseachtai nó glaoigh ar 091 503139 / 091 503121.
Ní mór foirm iarratais comhlánaithe a bheith ar ais roimh 26 Feabhra 2016.
Treoirlínte an NCSE maidir le leithdháiltí 2016/2017
Eanáir 19, 2016
Tá eolas agus treoirlínte do scoileanna maidir le hIarratais ar Acmhainní do Dhaltaí ag a bhfuil Riachtanais Oideachais Speisialta le fáil ar shuíomh an NCSE faoi láthair: http://ncse.ie/irish-versions-of-guidelines-and-application-forms
Tá Gaelscoil Phádraig Baile Breac ag feitheamh ar fhoirgneamh buan le 20 Bliain
Eanáir 18, 2016
D’oscail Gaelscoil Phádraig i 1995 agus tá an scoil ag ceiliúradh 20 bliain. Tá na daltaí, a dtuismitheoirí agus a múinteoirí, agus pobal na scoile an-bhródúil as an Gaelscoil seo i gceartlár Baile Breac. Ach tá an scoil seo ag feitheamh 20 bliain le foirgneamh buan.
Tá an scoil i seomraí réamhdhéanta ar láithreán an-bheag. Tá roinnt de na seomraí imithe i bhfad thar a dáta éaga. Níl aon seomra mór go leor i gcóir tionól scoile. Ní mór clós na scoile a úsáid i gcóir bronnadh duaiseanna, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile. “Tá daltaí iontacha againn,” arsa an Príomhoide Gníomhach Anthea Ní Bhuacalla. “Tá siad díograiseach, lán de cheol agus tá an-ghrá acu don gaeilge.”
Tiocfaidh na daltaí agus a dtuismitheoirí, na múinteoirí agus pobal na scoile le chéile i gclós na scoile in Ascaill Shíleann, Baile Breac Dé Luain 25ú Eanair ag a haon a chlog, chun aird a tharraingt ar an mhoill go léir leis an bogadh isteach san fhoirgneamh buan.
“Sa bhliain 2005 leag an Roinn Oideachais foirgneamh buan amach do Ghaelscoil Phádraig“, a deireann Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta Hilda de Róiste. Cuireadh i n-iúl dúinn ansin go mbeadh scoil eile ag bogadh isteach san fhoirgneamh sin go sealadach.” 11 bhliain níos déanaí leanann an socrú sealadach sin. “Tá an t-ádh orainn go bhfuil gaelscoil againn i mBaile Breac,” a deireann ionadaí na dtuismitheoirí ar an mBord Bainistíochta. “Ach tá dearmad déanta ar Ghaelscoil Phádraig leis na blianta fada”.
Hilda de Róiste , Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta
chroche@eircom.net
Gaelscoil Phádraig , Ascaill Shíleann, Baile Breac, Co Átha Cliath
Comórtas Leabhar do Naíonraí
Eanáir 18, 2016
Comórtas Leabhar do Naíonraí
Urraithe ag An Gúm.
Dáta deiridh le cur isteach ar an gcomórtas seo ná: 18ú Feabhra 2016 roimh 17.00
Céard atá le déanamh?
Pictiúr a ghlacadh d’am scéalaíochta sa naíonra agus a chur chugainn.
Duaiseanna:
Bronnófar beart álainn leabhar ar bhuaiteoirí an chomórtais seo le húsáid sa naíonra.
Ádh mór !
Coinníollacha
- Cuirfear gach iontráil a fhaightear isteach i hata agus roghnófar beirt bhuaiteoirí as na hiontrálacha sin ar fad.
- Is ag painéal moltóirí an chomórtais an cinneadh deireanach maidir le buaiteoirí a roghnú.
- Tá an comórtas seo oscailte do gach naíonra a bhfuil an luath-thumoideachas iomlán i bhfeidhm.
- Níl cead ag naíonraí ach iontráil amháin a chur isteach ar an gcomórtas.
- Caithfidh gach iontráil bheith faighte ag Ciara roimh an spriocdháta (17.00 ar 18ú Feabhra 2016). Ní ghlacfar le hiarratais dheireanacha.
- Is féidir iarratais a chur ar an ríomhphost chuig ciara@gaelscoileanna.ie nó sa phost chuig Ciara Ní Bhroin,
Oifigeach Forbartha,
Gaelscoileanna Teo.
Halla Naomh Pádraig,
Institiúid Oideachais Marino,
Ascaill Uí Ghríofa,
Baile Átha Cliath 9.
- Caithfidh cead a bheith faighte ó thuismitheoirí/cúramaóirí d’aon ghrianghraf a ghlactar dá bpáistí.
- Tá sé de chead ag Gaelscoileanna Teo. gan ghlacadh le hiontrálacha mí-oiriúnacha agus iad a chur as an áireamh don chomórtas seo.
- Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas tríd an ríomhphost.
- Caithfidh iarrthóirí bheith sásta páirt a ghlacadh i bpoiblíocht a bhaineann leis an gcomórtas agus go bhfoilseofar a gcuid grianghraf. Foilseofar rogha grianghraf ar shuíomh agus i nuachtlitir Gaelscoileanna Teo., mar aon le meáin shóisialta na heagraíochta agus ábhar bolscaireachta eile de réir mar is cuí.
Tá foirm iontrála don chomórtas le fáil anseo
Ullmhúcháin do ‘‘Lá an Fhorógra” faoi lán seol i scoileanna ar fud na tíre
Eanáir 12, 2016
Ullmhúcháin do ‘‘Lá an Fhorógra” faoi lán seol i scoileanna ar fud na tíre
Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, TD, fáilte inniu roimh an obair ollmhór atá ar siúl ag scoileanna ar fud na tíre ar mhaithe leis na hullmhúcháin do Lá an Fhorógra, 15ú Márta seo chugainn.
Tá Lá an Fhorógra mar chuid lárnach den chlár oideachais do chomóradh Éire 2016, agus ar an lá sin nochtfaidh scoileanna agus ranganna ar fud na tíre a bhforógra féin, “Forógra do Ghlúin Nua.” Tar éis dóibh machnamh ar Fhorógra 1916 tá mic léinn ar fud na hÉireann gafa faoi láthair lena gcuid Forógraí féin a dhréachtú ina leagfar amach an fhís atá acu don tír sa 21ú céad agus na luachanna gur mian leo iad a bheith i measc na bpobal againn.
De réir an Aire O’Sullivan, “D’eisigh mo Roinnse eolas inniu chuig na scoileanna go léir inar tugadh breac-chuntas ar chuid de na gníomhaíochtaí gur ceadaithe iad a mheas mar chuid de Lá an Fhorógra. Ar ndóigh beidh an tionscadal maidir le Forógra do Ghlúin Nua ina bhunchloch ag an lá i ngach aon scoil, ach tá an-deis ann chomh maith do mhic léinn agus múinteoirí sárthaispeántas a thabhairt den raon de ghníomhaíochtaí eile a bhfuil scoileanna tar éis gabháil leo chun eachtraí 1916 a chomóradh agus chun amharc ar an am atá le teacht.”
“Faoi thús mhí Márta beidh a mbratach náisiúnta féin faighte ag na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna go léir ó na Fórsaí Cosanta nó ó Fhondúireacht Thomas F. Meagher agus moltar gur oiriúnach an bealach é le tús a chur le Lá an Fhorógra an bratach náisiúnta a ardú.”
I measc na ngníomhaíochtaí lena bhfuil scoileanna gafa mar chuid de Chlár Oideachais Éire 1916 tá:
- Tionscadal Sinsearachta – lena rianaíonn mic léinn beatha agus saol duine gaolmhair leo nó duine de mhuintir na háite in 1916
- Comórtas aiste staire scoileanna na hÉireann uile
- Comórtais drámaíochta, ealaíne, filíochta, scannán agus amhránaíochta Éire 2016
- Ina theannta sin tá cuireadh tugtha do mhic léinn píosa “Doodle 4 Google” a dhearadh chun an céad bliain a chomóradh, agus óstálfar taifid den Fhorógra do Ghlúin Nua ar shuíomh YouTube speisialta.
- Ós rud é gur le linn Sheachtain na Gaeilge a bheidh Lá an Fhorógra, iarrtar ar scoileanna chomh maith smaoineamh ar bheith gafa le Féile na Físe arna heagrú ag Conradh na Gaeilge.
“Tá an-chosúlacht ann go mbeidh an 15ú Márta ina lá suntasach do mhic léinn, múinteoirí agus foireann scoile eile. Tá eolas pearsanta agam ar chuid den obair shuntasach atá ar siúl i seomraí ranga agus scoileanna i mbliana agus beidh deis ag scoileanna ar Lá an Fhorógra an cumas agus an fuinneamh sin a chur ar thaispeáint i slite éagsúla. Is mian liom a rá gur mór agam an bealach inar ghlac pobail scoile leis na tionscadail iomadúla atá san áireamh i gClár Oideachais Éire 1916 agus guím gach rath ar a gcuid oibre agus ócáidí na bliana á dtabhairt chun críche.”
Críoch.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár Oideachais Éire 1916 feic:
– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasraitis-2016/PR16-01-12.html#sthash.qylj5kAg.dpuf
An Capall Ocrach le Pauline Devine
Eanáir 12, 2016
Tá aitheantas ar Pauline Devine mar scríobhneoir Béarla ach le déanaí thosaigh sí ag scríobh trí mhéan na Gaeilge i gcomhar páistí sa bhunscoil.
‘An Capall Ocrach’ – íomhá le Coiscéim
Tar éis ratha a céad leabhar ‘MAMÓ AGUS AN PEILEADÓIR’ (Coiscéim 2011), tá an dara leabhar ‘AN CAPALL OCRACH’ (Coiscéim 2015) foilsithe aici. Is scéal é seo atá dírithe ar léitheoireacht na bpáistí óga.
Más mian le do scoil go dtiocfaidh Pauline chun a leabhair a léamh, cuir scéal chuici ar paulinedevine@eircom.net
DIARY OF A WIMPY KID® -COMÓRTAS
Eanáir 12, 2016
Tá an t-aistriúcháin déanta, an obair eagarthóireachta curtha i gcrích agus an dearadh idir lámha, – tá an leagan Gaeilge de ‘DIARY OF A WIMPY KID® ar an mbealach. Níl ann ach faidhbín beag amháin!
Níl muid aontaithe ar an teideal a thabharfaidh muid ar an leagan Gaeilge! Rith sé linn gur cheart dúinn na smaointe atá againn a chaitheamh i hata agus ceann amháin a roghnú, nó b’fhéidir vóta a chaitheamh don teideal is fearr linn. Ach, ó bhó go deo, ní raibh muid in ann aontú air sin ach an oiread!
Mar sin…..
….Shocraíomar ceist ar chur oraibhse, sea, oraibhse, a léitheoirí óga na tíre, daoine óga a bhfuil tuiscint acu, níos fearr ná muide, ar an gcineál saol atá ag an Wimpy Kid cáiliúil, Greg Heffley.
Tá muid ag iarraidh oraibh mar sin bhur gcuid moltaí a chur chugainn!
Ocáid stairiúil atá ann agus deis agaibhse páirt a ghlacadh i gcruthú an 46ú aistriúchán den leabhar seo a bhfuil oiread daoine ar fud an domhain tar éis taitneamh a bhaint as!
Is féidir bhur gcuid moltaí don teideal Gaeilge a tvuíteáil chugainn @futafata #WimpyKidGaeilge, nó bhur smaointe a roinnt linn ar Facebook nó ríomhphost a sheoladh chugainn ag eolas@futafata.ie Mar tá duais le baint ag an moladh is fearr. Duais iontach. Luach €500 de leabhair do leabharlann na scoile!
Deán teagmháil linn go beo mar tá an Wimpy Kid ar bís castáil libh Lá Domhanda na Leabhar, 3ú Márta 2016.
Spriocdháta an chomórtais ná an 22 Éanair 2016.
Agallamh beirte don aos óg
Eanáir 7, 2016
Tá críoch á chur ag Meon Eile inniu leis an sraith drámaíochta ‘Idir Mise Agus Tusa’ ina raibh 10 n-agallamh beirte nua-chumtha curtha i láthair ag páistí bunscoile agus iad uilig dírithe ar an aos óg.
Tá na 10 físeáin ar aon leathanach amháin ar an suíomh inniu agus tá na ranntaí uilig curtha le chéile in aon cháipéis amháin. Seo nasc leis: http://www.meoneile.ie/ailt/idir-mise-agus-tusa-taobh-thiar-den-taifeadadh#.Vo4_1PmLTIU