Comórtas BEO 2015 – Urraithe ag Foras na Gaeilge & Údarás na Gaeltachta
Meán Fómhair 21, 2015
Tá comórtas BEO 2015 d’amhrán nua-chumtha i nGaeilge foscailte arís. Tá sé dírithe ar an aois ghrúpa 11- 18 bl agus beidh an babhta ceannais ag tarlú Dé Céadaoin 29ú Deireadh Fómhair san Citywest, BÁC le linn Oireachtas na Gaeilge/ Scléip na hÓige. Is é 16ú Deireadh Fómhair an sprioc le haghaidh iarratais agus tá na sonraí uilig le fáil ar shuíomh BEO ag an nasc thíos:
Tá duaiseanna breátha le baint.
Grúpa Tuistí & Leanaí
Meán Fómhair 18, 2015
Tá Conradh na Gaeilge, i gcomhar le Glór na nGael, ag cur tús le grúpa tuistí agus leanaí a bheidh ar siúl in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh.
Is deis a bheidh anseo do phobal labhartha agus foghlaimeoirí Gaeilge, atá ag iarradh a gclann a thógáil le Gaeilge, an teanga a fhorbairt, a chothú, agus a neartú don todhchaí.
Is deis a bheidh ann freisin do pháistí le Gaeilge spraoi a dhéanamh trí Ghaeilge. Iarraimid ar thuismitheoirí tacú leis na páistí agus an Ghaeilge a labhairt leo agus an grúpa ag teacht le chéile.
Tiocfadh an grúpa le chéile ar an 19ú Meán Fómhair ón 10:30r.n, thuas staighre in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic.
Tá an grúpa seo feiliúnach do pháistí ó 0-5 bliana.
Tuilleadh Eolais:
Barbara Nic Dhonnacha: barbara@glornangael.ie nó 083 4491982
Comórtas BEO 2015
Meán Fómhair 17, 2015
Tá comórtas BEO 2015 d’amhrán nua-chumtha i nGaeilge foscailte arís. Tá sé dírithe ar an aois ghrúpa 11- 18 bl agus beidh an babhta ceannais ag tarlú Dé Céadaoin 29ú Deireadh Fómhair san Citywest, BÁC le linn Oireachtas na Gaeilge/ Scléip na hÓige. Is é 16ú Deireadh Fómhair an sprioc le haghaidh iarratais agus tá na sonraí uilig le fáil ar shuíomh BEO ag an nasc thíos:
Sraith Eolaíochta TG4
Meán Fómhair 15, 2015
Tá Meangadh Fíbín ag taifeadadh sraith eolaíochta do dhaoine óga do TG4 i mí Meán Fómhair 2015. Tá muid ag cuardach daoine óga le spéis faoi leith san eolaíocht a bhainfeadh sult as páirt a ghlacadh sa léiriúchán teilifíse spraíúil seo.
Ba chóir go mbeadh na heolaithe óga seo:
- Ina gcainteoirí líofa Gaeilge
- Idir 10-12 bliain d’aois
- Gealgháireach agus cairdiúil
- Ar fáil fá choinne 1-2 lá taifeadadh i nGaillimh ón 28ú Meán Fómhair -9ú Deireadh Fómhair 2015 (i gcuideachta tuismitheora/caomhnóra; cuirfear lóistín ar fáil)
Treoirlínte maidir leis an bhFíseán a Chur Isteach
Tá muid ag iarraidh ar ár n-eolaithe óga uile mír fhíseáin ghearr díobh féin a chur isteach!
Maidir le d’fhíseán, ba chóir:
- Nach mbeadh sé níos faide ná 2 nóiméad
- Go mbeifeá féin le feiceáil ann agus tú ag labhairt Gaeilge
- Go n-inseodh sé beagán dúinn fút féin
- Go léireodh sé dúinn go bhfuil spéis faoi leith agat san eolaíocht.
Seol do fhíseán chugainn ar ríomhphost chuig: meangadh@gmail.com roimh 21ú Meán Fómhair 2015.
I do ríomhphost, scríobh an méid seo a leanas ann le do thoil: d’ainm, d’aois, do sheoladh, do shonraí teagmhála agus deimhniú go mbeidh tú ar fáil le haghaidh 1-2 lá taifeadadh i nGaillimh idir 28 Meán Fómhair- 9 Deireadh Fómhair 2015.
Ba chóir go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist. Coinneofar go príobháideach na físeáin a chuirtear isteach agus scriosfar iad chomh luath agus a bheidh próiseas roghnú na n-aisteoirí críochnaithe.
Ceannairí Óige á lorg ag Feachtas
Meán Fómhair 14, 2015
Tá gairm ar cheannairí chun club óige nua do dhéagóirí a reáchtáil i mBaile Brigín!
Is eagraíocht óige Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge agus tá muid ag obair le muintir Bhaile Brigín le club óige a oscailt sa cheantar. Tá daoine fásta ag teastáil tráthnóna amháin sa tseachtain chun cuidiú leis an chlub a reáchtáil.
Mar cheannaire ógra, beidh tú ag cur áit shábháilte shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Is deis iontach é bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim, agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar.
Tugann Feachtas tacaíocht láidir do gach club. Faigheann gach ceannaire traenáil leanúnach saor in aisce, socraítear ionad an chlub agus tugann muid acmhainní agus maoiniú do gach club chun páirt a ghlacadh in imeachtaí iontacha.
Má tá suim agat bheith páirteach i gClub Óige Feachtas, Baile Brigín, féach www.feachtas.ie nó déan teagmháil linn le Loretta ag 087 904 6036 nó loretta@feachtas.ie
Tabhair súil ar an mileog eolais anseo
Cúrsa Cruinnis ar-líne do Mheánmhúinteoirí
Meán Fómhair 7, 2015
Eagraithe ag an bhForas Pátrúnachta, le tacaíocht TEG agus Gaelscoileanna Teo.:
Ranganna idirghníomhacha ar líne uair sa choicís ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta. Méadófar ar mhuinín an mhúinteora céim ar chéim i labhairt agus i scríobh na Gaeilge i dtimpeallacht thacúil.
Trí sheimineár lae le linn an chúrsa (ionad le deimhniú) ina mbeidh deis ag rannpháirtithe díriú ar mhionphointí gramadaí agus úsáid fheidhmeach na Gaeilge. Ullmhú an mhúinteora i dtreo scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2) ar an 16 Aibreán 2016 (in ionaid éagsúla ar fud na tíre).
Bróisiúr: Cúrsa Cruinnis 2015
Ceadaíonn an tAire Oideachais Stádas Inmharthanachta do cheithre ghaelscoil
Meán Fómhair 4, 2015
D’fhógair an tAire Oideachais John O’Dowd Stádas Inmharthanachta do cheithre bhunscoil Ghaeilge.
Is iad na scoileanna iad ar tugadh Stádas Inmharthanachta dóibh:
- Gaelscoil Léim an Mhadaidh, Léim an Mhadaidh, Co Dhoire
- Gaelscoil Eoghain, An Corr Críochach
- Gaelscoil na mBeann, Cill Chaoil
- Gaelscoil na Móna, Béal Feirste
Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta go mór roimh ráiteas an Aire.
www.comhairle.org
Fíbín ar camchuairt arís leis ‘An Triail’
Meán Fómhair 3, 2015
Tá Fíbín ar ais ar camchuairt arís i mbliana leis ‘An Triail’, le Máiréad Ní Ghráda, an dráma clasaiceach Nua-Ghaeilge a bhfuil ardmholadh faighte aige atá dírithe ar scoláirí Ardteistiméireachta – ach seo leagan ar leith de ‘An Triail’ i stíl Fíbín ar ndóigh! Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agus gur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.
Tá ócáid drámaíochta á cruthú againn do dhaltaí a thacóidh lena gcuid staidéir ar an téacs féin chomh maith le léargas a thabhairt dóibh ar an amharclannaíocht agus ar na hEalaíona araon.
Dataí & Ionaid:
AXIS Baile Munna, BAILE ÁTHA CLIATH: 9-13 Samhain. Guth: 01-883 2100
Amharclann George Bernard Shaw, CEATHARLACH: 19 & 20 Samhain. Guth: (059) 917 2400
An Taibhdhearc, GAILLIMH: 24-27 Samhain. Guth: (091) 563 600
Amharclann Dean Crowe, BAILE ÁTHA LUAIN: 30 Samhain & 1 Nollaig. Guth: (090) 64 92129
69 O’Connell St. (sean Belltable), LUIMNEACH: 3 & 4 Nollaig. Guth: (061) 774 774
Tá costas €12.50 ar na ticéid agus rachaidh múinteoirí saor in aisce!!
Compántas Amharclainne Aisling Ghéar – ‘An Triail’ le Mairéad Ní Ghráda.
Meán Fómhair 3, 2015
Compántas Amharclainne Aisling Ghéar – ‘An Triail’ le Mairéad Ní Ghráda.
Sa dráma claisiceach seo atá suite sa bhliain 1961 insítear scéal faoi bhean óg, Éireannach a fhaigheann amach go bhfuil sí ag iompar clainne. In Éirinn sna 1960í is beag an fháilte a cuireadh roimh mháthair neamh phósta agus cuirtear Máire go dtí ceann de na hionaid ain- chlúiteacha Magdalen, go dtí gur saolaíodh a pháiste. I ndiaidh na breithe caithfidh Máire strachailt le saol gan taca ar bith óna teaghlach, ná ó athair an pháiste, ná on phobal. Agus í ar an dé deiridh déanann sí rogha gan dóigh.
Tá an dráma smaointiúl, coscarthach seo chomh láidir inniu is a bhí sé an chéad lá riamh.
Baile Átha Cliath
O’Reilly Theatre, Belevedere College Baile Átha Cliath,
Luan 9 Samhain @ 2in ONE SHOW ONLY
Máirt 10 Samhain – Aoine 13 Samhain @ 10.30rn & 2in
Fón: Aisling Ghéar Office – 0044 28 9020 8040
Gaillimh
The Black Box, Town Hall Theatre, Dyke Road, Gaillimh. Fón: 091 569 777
Luan 16 Samhain @ 2in ONE SHOW ONLY
Máirt 17 Samhain @ 11rn & 2in
Tiobraid Árann
The Simon Ryan Theatre, Tiobraid Árann Fón: 062 80520
Déardaoin 19 & Aoine 20 Samhain @ 11rn & 2in
Tairiscint Ticéid – íoc roimh 16 D Fómhair @ €10 an dalta. Ina dhiaidh sin, €12 a bheas ar thicéad
Coirm Gael Linn 2016
Meán Fómhair 1, 2015
Tá sé mar aidhm ag COIRM lucht bunscoile a spreagadh le seó i nGaeilge a chur ar an ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Sa tslí seo táimid ag súil le meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith.
Tuileadh eolas ag: Coirm2016_Final_Web