SIANSA GAEL LINN 2016
Meán Fómhair 1, 2015
SIANSA GAEL LINN is teideal don chomórtas seo do ghrúpaí traidisiúnta. Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Foras
na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr de ógthallann cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre. Bíodh is gur comórtas atá i gceist tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge. Tá súil againn grúpaí a mhealladh a mbeidh sé mar sprioc acu
an ceol agus an amhránaíocht thraidisiúnta.
Tuilleadh eolas ar fáil ag an nasc seo a leanas: Siansa2016_Final_web
Comórtas Díospóireachta Uí Cadhain d’iarbhunscoileanna
Meán Fómhair 1, 2015
Beidh Gael Linn ag reáchtáil comórtas Díospóireachta Uí Cadhain don scoilbhliain nua. Tá tuilleadh eolas ar fáil ag an nasc seo a leanas: Cadhain2016_Final_web
DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA 21 MEÁN FÓMHAIR 2015
Scléip Gael Linn 2016
Meán Fómhair 1, 2015
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna
lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Anuraidh ghlac Gael Linn ceannas ar Scléip den chéad uair agus fuaireamar an-chabhair ó fhoireann Gaelscoileanna. Bhíomar an-tógtha leis an tallann ar fad a chonaiceamar timpeall na tíre agus bhaineamar an-sásamh as na comórtais tríd is tríd. Chonaic muid go raibh tóir níos mó ar chomórtais áirithe agus cheapamar go raibh gá rialacha níos soiléire a leagan síos i gcomórtais eile. Chun freastal ar an spéis mhór atá ag daoine óga sa ghrúpamhránaíocht tá comórtas nua curtha ar an
gclár againn i mbliana freisin, comórtas slua-amhránaíochta le fuaimrian taca.
Tá cead á thabhairt againn do scoileanna suas le beirt iomaitheoirí/dhá ghrúpa a iontráil i ngach comórtas, (i.e. 2 Sóisear & 2 Sinsear) seachas dhá iontráil ina iomláine mar a bhí ceadaithe anuraidh.
Tá súil againn go méadóidh sé seo líon na n-iomaitheoirí ag na réamhbhabhtaí réigiúnacha.
Chuireamar na smaointe seo i láthair na múinteoirí a bhí páirteach linn anuraidh agus glacadh go fonnmhar leo.
Tá sé i gceist againn na réamhbhabhtaí agus an chraobh a bheith ar siúl ins na hionaid agus ar na dátaí thíosluaite. Tabhair faoi deara go mbeidh an chraobh ar lá scoile i mbliana seachas ar Shatharn, mar a bhí anuraidh. Bígí linn!
An dáta deiridh d’iontrálacha ná 19 Deireadh Fómhair 2015!
Tuilleadh eolas: Scléip2016-Final_Web
Folúntas a Fhógairt sa Naíonra
Lúnasa 13, 2015
Má tá folúntas le fógairt agat, tá fáilte romhat an fógra a chur chugainn agus déanfar é a chuir amach tríd seirbhís nuachta Gaelscoileanna Teo., agus ar Facebook agus Twitter na heagraíochta. Is féidir an teimpléid thíos a leasú de réir riachtanais an naíonra.
- Teimpléad d’fholúntais sa naíonra (Gaeilge amháin)
Is fiú fógraí poist a roinnt leis an dreamanna thíosluaite chomh maith:
- Na Naíonraí Gaelacha
- Nuachtáin áitiúla
- Nuachtlitreacha áitiúla; nuachtlitir an pharóiste
- Scoileanna an cheantair
- Seirbhísí luathbhlianta eile
- www.acpireland.com
- www.childcarefinder.ie
- www.earlychildhoodireland.ie
- www.educationposts.ie
Leabhair acmhainní & fíorleabhair ranga ó Cló Iar-Chonnacht
Lúnasa 13, 2015
Leabhair acmhainní agus fíorleabhair ranga ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht le lascaine suas le 20% do scoileanna.
Tabhair cuairt ar an rannóg Múinteoirí ar www.cic.ie
Tabhair súil ar an gcatalóg anseo
Sparántachtaí Taighde ar Fáil i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Iúil 23, 2015
An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Glacfar le h-iarrataisí don bhliain acadúil 2015/2016 ón lá inniu suas go dtí 14 Lúnasa 2015. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Dr T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, An Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie.
Taighde ar Thógáil Clainne le Gaeilge
Iúil 10, 2015
Tá Hannah Ní Dhoimhín, mac léinn máistreachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ag déanamh taighde faoi thógáil clainne le Gaeilge. Mar chuid den taighde seo, tá ceistneoir curtha le chéile aici do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí óga (0-12) le Gaeilge in Éirinn.
Má tá spéis agat páirt a ghlacadh sa taighde seo agus an ceistneoir seo a chomhlánú, agus/nó a scaipeadh ar dhaoine eile a mbeadh spéis acu páirt a ghlacadh sa taighde seo, breathnaigh ar an nasc seo: https://www.surveymonkey.com/r/8DT7NVD
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an ábhar taighde seo, déan teagmháil leis an taighdeoir ag h.nidhoimhin1@oegaillimh.ie.
COMÓRTAS SPEISIALTA DO DHALTAÍ MEÁNSCOILE
Iúil 10, 2015
A bhuí do COGG, is féidir le scoileanna ar fud na hÉireann daltaí sinsearacha a chur isteach ar scrúduithe TEG ar tháille €40 an dalta (laghdaithe ó €80) sa scoilbhliain 2015/16.
Seo deis iontach do dhaltaí díriú ar na scileanna teanga – léamhthuiscint, cluastuiscint, scríbhneoireacht agus labhairt – agus cáilíocht Ghaeilge a bhaint amach chomh maith le taithí a fháil ar scrúdú foirmiúil a dhéanamh.
Tosóidh daltaí ag déanamh staidéir ar shiollabas TEG ag leibhéal cumais cuí ag deireadh Mheán Fómhair agus tabharfaidh siad faoi scrúduithe TEG sa scoil in Aibreán/Bealtaine 2016.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi TEG i meánscoileanna, cliceáil anseo.
Chun go mbeidh do scoil san áireamh don deis seo, cuir ríomhphost chuig teanga@nuim.ie roimh an 11 Meán Fómhair 2015 leis na sonraí seo:
- ainm agus seoladh na scoile
- saghas scoile (scoil Ghaeltachta, Gaelcholáiste nó scoil lán-Bhéarla)
- bliain (4,5 nó 6) agus líon na ndaltaí sa rang
- ráiteas 100 focal ag míniú cén fáth ar mhaith leat an deis seo a chur ar fáil i do scoil
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le foireann TEG ar teanga@nuim.ie nó (01) 708 3737.
Beidh téarmaí agus coinníollacha i gceist.
Muir-Sin-É agus an t-amhrán Gaeilge a bhuaigh comórtas ceoil Youth Factor 2015
Iúil 10, 2015
Is ag an mbanna ceoil Gaeilge Muir-Sin-É a bhí an bua ag an gcomórtas náisiúnta tallainne Youth Factor, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath le deireanas.
Beirt chailíní as Baile Locha Riach, Muireann Ní Bhaoill agus Sinéad Pokall, atá sa bhanna ceoil a chumann a gcuid amhrán féin i nGaeilge. D’éirigh leo comórtas réigiúnach na Gaillimhe a bhuachan níos luaithe i mbliana agus chuaigh siad ar aghaidh chuig an mbabhta ceannais a bhí ar siúl Dé Domhnaigh 28 Meitheamh.
Tá na cailíní seacht mbliana déag d’aois agus iad ag dul isteach i mbliain na hArdteiste i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Is í seo an dara bliain as a chéile gur bhuaigh Muir-Sin-É an phríomhdhuais i rannóg na mbannaí ceoil.
‘Is amhrán Gaeilge é chuile amhrán dár gcuid. Bíonn muid ag scríobh faoi ghnáthrudaí, buachaillí agus tae – na rudaí is tábhachtaí dúinn!
‘Bíonn muid ag casadh ceoil ar scoil, ag comórtais scoile agus comórtais áitiúla agus déanann muid ranganna ceoil tar éis na scoile. Beidh muid ag tabhairt faoi scrúdú na hArdteiste an bhliain seo chugainn agus tá an ceol ar cheann de na hábhair a bheidh muid a dhéanamh ach is le faoiseamh a fháil ón scoil a bhíonn muid ag casadh den chuid is mó,’ a dúirt Muireann Ní Bhaoill le Tuairisc.ie.
Tá ceithre amhrán nua scríofa ag Muir-Sin-É agus iad ar fad le feiceáil ar leathanach YouTube Shinéad Pokall. Casann an bheirt acu roinnt mhaith uirlisí; bíonn Muireann ar an ngiotár agus an vióla agus Sinéad ar an gconsairtín, an fhidil agus an ucailéile.
Tá súil ag Muir-Sin-É an deis a bheith acu a gcuid amhrán a thaifeadadh i stiúideo go luath.
Chun físeán agus grianghraf a fheiceáil téigh chuig http://tuairisc.ie/muir-sin-e-agus-a-n-amhran-gaeilge-buacach-ag-youth-factor-2015/
Suas le 510 aighneacht faoin oideachas Gaeltachta curtha isteach
Iúil 9, 2015
Cuireadh suas le 510 aighneacht faoi bhráid na Roinne Oideachais le linn an phróisis chomhairliúcháin a rinneadh an mhí seo caite faoin dréachtpholasaí nua maidir le hoideachas Gaeltachta. Tháinig deireadh leis an bpróiseas sin Dé hAoine seo caite, an 3 Iúil.
Thug urlabhraí na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach bhféadfaí figiúr cruinn beacht a thabhairt go fóill ach go bhfuil tuairim is 360 aighneacht cláraithe ag an Roinn go dtí seo agus suas le 150 eile fós le clárú.
Cheana féin dúirt an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, go mbeidh an polasaí nua oideachais don Ghaeltacht críochnaithe faoi earrach na bliana seo chugainn.
Cuireadh fáilte roimh mholtaí na Roinne nuair a fograíodh iad toisc gur thug siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil an teanga fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.
Tugadh suntas ar leith do na moltaí mar gurb shiúd é an chéad uair ó bunaíodh an Stát a thug an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil do na riachtanais ar leith a bhíonn ar dhaltaí ar cainteoirí dúchais iad. Dá réir sin tá aitheantas tugtha acu go dteastaíonn polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.
Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.
Beidh grúpaí fócais ag teacht le chéile san fhómhar chun tuilleadh scagtha a dhéanamh ar na moltaí agus ar na tuairimí a tháinig chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin.
Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn ‘go hiomlán trí mheán na Gaeilge’ agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor sna ranganna naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.
Moltar freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta an teagasc ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge feasta, más rud é gurb Béarla atá in uachtar iontu faoi láthair.
Baineann ceann de na moltaí is conspóidí leis an éileamh atá ar an teagasc a bheith i mBéarla sa Ghaeltacht.
Sa chás go mbeadh ‘mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagaisc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí,’ moltar gur cheart féachaint ‘ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór’.