Méid an Téacs

An leanann tú Gaelscoileanna Teo. ar Facebook?

Feabhra 26, 2015

Tá áthas ar Gaelscoileanna Teo. a fhógairt go bhfuil Facebook in úsáid againn anois chun scéalta agus uasdátaithe ó earnáil an oideachais lán-Ghaeilge a roinnt ar ár leantóirí. Aithníonn an eagraíocht an tábhacht agus na buntáistí móra a bhaineann leis an idirlíon agus na meáin shóisialta faoi seach chun eolas, scéalta agus uasdátaithe ábhartha a roinnt agus chun poiblíocht agus margaíocht a dhéanamh ar ár gcuid oibre.

Meicníocht Íocaíochta Leasaithe maidir le Múinteoirí Ócáideacha agus Neamh-Ócáideacha

Feabhra 23, 2015

http://www.education.ie/ga/Ciorcl%C3%A1in-agus-Foirmeacha/Ciorcl%C3%A1in-Gn%C3%ADomhacha/cl0015_2015_ir.pdf

Comórtas mór Ealaíne ag Cúla4 chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh!

Feabhra 23, 2015

Tá comórtas ealaíne faoi lánseol ag Cúla4 na nÓg chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Tá an comórtas seo dírithe ar dhaltaí bunscoile is gheobhaidh an t-ealaíontóir is fearr táibléad. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi gcomórtas, breathnaigh ar leathanach Facebook Twitter Cúla4

Ceiliúradh 30 Bliain Ghaelscoil Osraí le ceolchoirm an-speisialta

Feabhra 16, 2015

Tá ceolchoirm an-speisialta á n-eagrú ag Gaelscoil Osraí ar an 20ú Feabhra mar chuid de cheiliúradh 30 bliain na scoile.

Tá cuid de na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr sa tír le bheith leo ar an oíche, ina measc Múinteoir Iarla, Steve Cooney agus cairde, Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers, Na Casadaigh, Seo Linn agus iar-mhúinteoir na scoile agus buaiteoir Chorn Uí Riada don amhránaí sean-nóis is fearr sa tír i mbliana, Nell Ní Chróinín. Chomh maith le sin, beidh Réalta na Gaelscoile, grúpa d’iar-scoláirí le adoine cosúil le Múinteoir Fiona, Colm Ó Caoimh agus daoine eile ag seinnt ar an oíche.

Tá na ticéidí ar fáil anois ar €20 an cheann ó oifig na scoile agus ó Rollercoaster Records ar Sráid Chiaráin. Tá na sonruithe ar Facebook chomh maith agus bheimís buíoch dá scaipfeadh sibh an fhocal le bhur dtoil. https://www.facebook.com/events/659742887478004/?ref_dashboard_filter=upcoming

30 bliain á cheiliúradh ag Gaelscoil Osraí

Feabhra 13, 2015

Gaelscoil Osraí

Blitz iomána / camógaíochta i nDoire do bhunscoileanna lán-Ghaeilge

Feabhra 13, 2015

Tá blitz iomána / camógaíochta eagraithe ag CLG Naomh Colm Bhaile na Scríne, Contae Dhoire ar an 8ú Márta in ionad spóirt Meadowbank i Machaire Fíolta idir 1.30- 3.30pm Domhnach a bheas ann.

Tá seo fá choinne páistí Gaelscoileanna idir rang 5-7 ón fud fad an Chúige Uladh, níl ann ach 5 ón taobh agus is féidir na cailiní agus na gasúir le bheith measctha le chéile ar son scoile nó ceantair s’acu.

Ní mór d’áit a chur in airithe le Conchúr Ó Muirí ag ( conchur73@hotmail.com ) le bheith páirteach. Beidh achan gnó déanta trí Ghaeilge agus beidh fáilte roimh chách.

Léirsiú Náisiúnta taobh amuigh de Dháil Éireann ar 17ú Feabhra

Feabhra 11, 2015

Tá léirsiú náisiúnta eagaithe ag ACP (Cumann na nGairmithe Óige) chun aird a tharraingt ar thábhacht an oideachais agus cúram luath-óige agus an ról riachtanach a imríonn na daoine gairmiúla a oibríonn san earnáil chun tacú leis na páistí agus na teaghlaigh ag bonnchéim na forbartha. Is é bunsprioc an léirsithe ná infheistíocht a éileamh d’earnáil na luathbhlianta. Beidh an léirsiú ar siúl óna 13.00-15.00 Dé Máirt an 17ú Feabhra 2015 os comhair Dáil Éireann. Tá tuilleadh sonraí le fáil anseo: http://www.acpireland.com/national-rally.html

Beidh oifigigh forbartha Gaelscoileanna Teo. i láthair ag an léirsiú chun tacú leis na naíonraí. Buailfidh muid le chéile in Óstán Buswells ag meán lae agus rachaidh muid uaidh sin chuig an léirsiú, le go mbeidh deis ag na naíonraí dul mar ghrúpa agus páirt a ghlacadh ann.

Tá léarscáil chuig Óstán Buswells le fáil ag an nasc seo http://www.buswells.ie/index.cfm/section/basic/display/16/location.htm

Físeán de Scléip Gael Linn 2015 le feiceáil anois.

Feabhra 9, 2015

Físeán ar fáil ar youtube ag an nasc seo: Scléip Gael Linn 2015

“Saol Faoi Shráid” – Seó nua Fíbín ar chamchuairt do Sheachtain na Gaeilge

Feabhra 9, 2015

“Saol Faoi Shráid” – Seó nua Fíbín!

Tá Ríbín agus Glibín ag dul sa tóir ar thaisce! Nuair a thiteann mapa ón domhan thuas isteach ina saol faoi tsráid, téann na cairde uilig ar thuras mór. Castar rudaí iontacha – agus scanrúil uaireanta – orthu ach bí cinnte go mbíonn spraoi acu i gcónaí!

Cuireann Fíbín i láthair “Saol Faoi Shráid” le Patricia Forde, stiúrtha ag Rod Goodall (Barnstorm) – dráma puipéadóireachta bunaithe ar an sraith teilifís “Saol Faoi Shráid” atá ar TG4 anois – www.saolfaoishraid.ie

Mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge 2015  www.snag.ie

Dátaí Camchuairte:

BÉAL FEIRSTE:
Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 28ú Feabhra 11.30rn mar chuid de Sheoladh Seachtain na Gaeilge. Saor in aisce

AN IAR MHÍ:
Mullingar Arts Centre, 3ú Márta 10rn & 12in. Guth: 044 934 7777

MAIGH EO:
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead 5ú Márta 11rn Guth: 097 81079

CONAMARA, CO. NA GAILLIMHE:
Seanscoil Sailearna, Indreabhán 9ú & 10ú Márta 10rn & 12in. Guth: Fíbín 091 505855

BAILE ÁTHA CLIATH:
Liberty Hall Theatre, BÁC 1, 12ú & 13ú Márta 10rn & 12in. Guth: Fíbín 091 505855

CATHAIR NA GAILLIMHE:
An Taibhdhearc, 18ú & 19ú Márta 10rn & 12in ar an 18ú agus 10rn ar an 19ú. Guth: 091 563600

Aoisghrúpa: Naonáin Bheaga – Rang a Dó (4 – 8 mbliana d’aois)

Ticéid: €8 nó €7 má cuirtear ticéid in áirithe roimh 13ú Feabhra. Múinteoirí saor in aisce.
Tuilleadh eolais www.fibin.com

Saol Faoi Shráid

Gaelscoil children have the ‘write’ stuff

Feabhra 9, 2015

Daltaí ó Ghaelscoil an Chaistil ag cleachtadh do Lá Náisiúnta na Lámhscríbhneoireachta.

Students from Gaelscoil an Chaistil have proved they have the ‘write’ stuff when it comes to near handwriting!

Last week saw pupils practising their handwriting skills in preparation for National Handwriting Day this week.

The school held a handwriting competition for each class which saw children link their love for reading, handwriting and technology. Some children chose their favourite book, favourite poems, and their favourite piece of written work to practise their handwriting. As well as using the traditional pen and paper method, some pupils experimented with a more modern and interactive method; the interactive whiteboard.

“In conjunction with National Handwriting Day, the children produced different pieces of writing and put their excellent ICT skills to use enjoying interactive handwriting activities on the interactive whiteboard,” said a spokesperson for the school.

“A winner from each class was selected and was awarded a certificate and £10 An Cheathrú Póilí, Cultúrlann, Béal Feirste voucher.

“The children thoroughly enjoyed taking part in the competition and set themselves a personal target to maintain a high standard of handwriting in work across the curriculum.”

http://www.ballymoneytimes.co.uk/news/local-news/gaelscoil-children-have-the-write-stuff-1-6556459 

« Previous PageNext Page »