Méid an Téacs

Comórtas suimiúil á reáchtáil ag Fiontar/Logainm.ie d’iar-bhunscoileanna

Aibreán 9, 2018

Comórtas suimiúil á reáchtáil ag Fiontar/Logainm.ie d’iar-bhunscoileanna

Tá foireann Mheitheal Logainm.ie ag tabhairt cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoileanna sonraí maidir le mionainmneacha i gceantar na scoile (nó in aice le háit chónaithe na ndaltaí) a ionchur ar Mheitheal Logainm.ie. Cuirfear na bailiúcháin is fearr ar phríomhleathanach an tsuímh agus déanfar iad a phoibliú ar na meáin shóisialta. Cuirfear duaiseanna de luach €300 agus €150 ar fáil don dá bhailiúchán is fearr.Spriocdháta: an 20 Aibreán 2018.

Tá gach eolas maidir leis an gcomórtas ar fáil anseo

Clár Súrfála agus Sábhailteacht Uisce trí Ghaeilge

Márta 21, 2018

Tá sé mar aidhm ag Clár Surfála & Sábháilteacht Uisce Freedom cúnamh a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim.

Ag cur feabhais ar do chuid Gaeilge chomh maith le bheith ag foghlaim faoi shábháilteacht uisce agus conas surfáil i gceart.

Modh teagaisc agus topaicí a chlúdaítear ag Scoil Surfála Freedom:

  • Teoiric/Seisiúin Eolais – Teicníc Surfála, Sábháilteacht uisce agus trá.
  • Taispeántais ar thalamh – Praiticiúil
  • Seisiúin Surfála san uisce – Praiticiúil
  • Dul siar agus aiseolas ag deireadh an tseisiúin – Tabharfar carta aiseolais do gach duine a ghlac páirt chun buacphóintí sheisiúin an lae a phlé as Gaeilge agus is féidir léiriú ar an gcárta na scileanna agus na focail Ghaeilge nua a foghlaimíodh le linn an tséisiúin (Cur i láthair aonair agus i ngrúpaí)

Bunscoileanna/Meánscoileanna – seisiún sa seomra ranga sula sroicheann tú Scoil Surfála Freedom

  • Cuir leis an stór focal Gaeilge a bhaineann le Surfáil, sábháilteacht Uisce agus timpeallacht trá. Curtha ar fáil ag Scoil Surfála Freedom
  • Suim a spreagadh in úsáid na Gaeilge trí shurfáil
  • An Clár Surfála agus Sábháilteacht Uisce a chlúdach mar chuid den cheacht.
  • Tá sé mar sprioc ag gach seisiún an Ghaeilge a spreagadh agus scileanna teanga a fhorbairt, feabhas a chur ar scileanna luaile a bhaineann leis an surfáil agus eolas a chur ar fáil maidir le Sábháilteacht uisce agus trá.
  • Fad an chláir – Seisiúin 2 uair go leith
  • Aoisghrúpaí oiriúnacha:
    • Bunscoileanna: Rang a cuig  agus rang a sé
    • Meanscoileanna: bliain 1 go bliain 3
  • Ritheann an clár ó mhí Aibreán go mí Bealtaine. Ba chóir grúpaí a chur in áirithe roimh ré.

Freedom – Scoil Surfála

Cúpla Focail, leabhrán nua ón CDETB

Márta 21, 2018

Seoladh Cúpla Focail, leabhrán CDETB Seirbhís Oidechais Aosúil, i bhFionnglas mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge agus mar chuid den cheiliúradh forleathan a bheidh ann i mbliana, Bliain na Gaeilge.

Chuir Kevin Smullen, an Oifigeach Oideachais Aosúla, fáilte roimh na Gaeilgeoirí uilig sa phobal áitiúil. Cé go bhfuil siad beag sna huimhreacha, tá na Gaeilgeoirí ó Fhionnglas bríomhar agus léirigh a láithreacht ar an lá an tiomantacht atá acu don Ghaeilge.

Bhí óráidí iontacha ann as Gaeilge ó na daltaí Bernie MacGaraidh, Siobhán Ní Dhochairtaigh agus Tomás McFheorais. Chuir ceol ó Mary Murphy agus Mick Cantwell go mór leis an t-atmaisféar.

Chum na daltaí agus an teagascóir, Nicola, ón CDETB Seirbhís Oideachais Aosúil ar Bhóthar Barra, an leabhrán mar pháirt de thionscnamh ranga chun a gcairde, a gclanna agus a gcomh mhic léinn a spreagadh chun a gcúpla focail a úsáid.

Aidhm eile den leabhrán ná go gcruthóidh sé meon dearfach i leith na Gaeilge agus go mbeidh sé ina acmhainn oideachasúil do bhunscoileanna, meánscoileanna agus eagraíochtaí áitiúla. Is leabhrán bunúsach é, leagtha amach mar fhoclóir, chun cabhair a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim nó a ath-fhoglaim.

Is mic léinn aosacha atá sa rang Gaeilge agus tá siad le chéile le blianta anuas. Téann siad ar turasanna éagsúla, mar shampla, chuig an amharclann agus iarsmalann, agus freastalaíonn siad ar an nGaeltacht gach bhliain.

Más mian leat cóip den leabhrán a fháil saor in aisce, déan teagmháil le Cora Rafter ar cora.rafter@aes.cdetb.ie nó tríd an suíomh idirlín
www.cdetbadulteducationfinglas.ie.

CDETB March 2018 ©Keith Dixon-41

Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile (DGCS)

Márta 13, 2018

Tá baint lárnach ag caighdeán na ceannaireachta scoile le héifeachtúlacht scoile agus le torthaí dea-fhoghlama a bhaint amach. Tá fianaise láidir ó go leor tíortha go dteastaíonn forbairt ghairmiúil agus tacaíocht ar leith ó cheannairí scoile chun teacht i dtír ar an ról agus na freagrachtaí atá le comhlíonadh acu i gcóras éifeachtach scoile. Ag an am céanna tá sé aitheanta go bhfuil ceannaireacht scoile éirithe níos casta, níos dúshlánaí agus níos éagsúla. Sa chomhthéacs seo is mian leis an Roinn Oideachais agus Scileanna grúpa daoine ardoilte sa cheannaireacht a aithint, a chothú agus a fhorbairt chun freastal ar riachtanais cheannaireachta reatha agus amach anseo dár scoileanna.

  • Dioplóma iarchéime i gceannaireacht scoile atá forbartha ag Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath.
  • Is é an DGCS an tSraith Ghaeilge den ‘Professional Diploma in School Leadership.’ Tá sé faoi scáth OÉ Gaillimh agus tá sé dírithe ar earnáil an Ghaeloideachais.
  • Tá sé dírithe ar mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile.
  • Tugann an dioplóma iarchéime seo an cháilíocht, an t-eolas, na scileanna agus an mhuinín do mhúinteoirí uaillmhianacha le go mbeidh siad ullamh le tabhairt faoi ról ceannaireachta i scoileanna.
  • Tagann na mic léinn ar thuiscint dhomhain ar na heochairchoincheapa agus saincheisteanna i litríocht na ceannaireachta agus bíonn ar a gcumas iad a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an oideachais trí Ghaeilge.
  • Is foghlaim chumaisc atá ann leis na léachtaí/ábhar léitheoireachta á gcur ar fáil ar líne, ranganna teagaisc á reáchtáil ar líne agus roinnt bheag laethanta ar an láthair.
  • Reáchtáiltear an DGCS trí Ghaeilge: ranganna teagaisc, cumarsáid, plé, measúnaithe, srl.
  • Tá taithí ceannaireachta in earnáil an Ghaeloideachais acu siúd atá i mbun an DGCS. Tagann na mic léinn ar thuiscint níos saibhre ar an gceannaireacht sa chomhthéacs lán-Ghaeilge tríd an bplé a bhíonn acu lena gcomhghleacaithe agus le foireann an chúrsa.
  • Cúrsa páirtaimseartha 18 mí.
  • Riachtanais Iontrála: NFQ 8, cáilíocht in oideachas múinteoirí, a bheith cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta agus taithí 5 bliana múinteoireachta.
  • Tá an DGSC arna pháirtchistiú ag an Roinn Oideachas agus Scileanna. €2,000 le híoc ag rannpháirtithe.
  • Tuilleadh Eolais: https://www.ul.ie/cpe/pdsl/node/1

Na Modúil:
1) Foghlaim agus Teagasc a threorú i gcomhthéacs na hÉireann
2) Fás agus Forbairt Ghairmiúil: Dearcadh ar an gCeannaireacht
3) Bainistíocht Eagraíochta: Ag Breathnú ar ár Scoileanna
4) Meántóireacht agus Oiliúint
5) Forbairt Scoileanna a Threorú: Athrú Leanúnachais agus Acmhainn a Fhorbairt
6) Neartú Cumas Cultúir agus Foirne

Ag Teastáil: Teaghlaigh Ardtallaine

Márta 13, 2018

An bhféadfá bheith mar an chéad Clannad nó Kíla eile? Más ea ba mhaith le TG4 cloisteáil uait!

Táimid ag lorg an teaghlach is fearr chun páirt a ghlacadh i sraith úr teilifíse. Má tá bua ar leith agat agus do dhearthair nó deirfiúr, athair, máthair, mamó seo do sheans clú agus cáil a bhaint amach!

Tá dul chun chinn déanta ag teaghlaigh ildánacha sa réimse pap-cheol le The Corrs nó damhsa ar an sean-nós fiú leis na Cunninghams. Tá sé in am anois an chéad teaghlach eile a aimsiú a chuireadh gliondar ar chroíthe na tíre.

Sraith úr tallainne í seo do TG4 áit a mbeimid ag dul fud fad na tíre ag lorg teaghlach ardtallaine nua. Ní mór do na hiomaitheoirí bheith gaolta lena chéile, msh: seantuismitheoirí/tuismitheoirí/páistí. Ní mór do ar a laghad beirt bheith sa ghrúpa. Is féidir a rogha rud a chur i láthair mar thaispeántas idir amhránaíocht, damhsa, ceol, scéalaíocht, srl. Tá fáilte roimh gach uile aois!

Más maith leat páirt a ghlacadh sa chlár, is féidir glaoch a chuir ar Fiona ag 087 0536678 nó seol ríomhphost Fiona.nicheirin@gmail.com

Comórtais Liteartha an Oireachtais fógartha agus ‘Bestseller’ as Gaeilge ag teastáil ó TG4 & An tOireachtas

Márta 13, 2018

Ar tusa Ken Bruen na Gaeilge? An bhfeadfá Maeve Binchy a shárú ó thaobh scéalta grá de? Nó, an bhfuil mianach próis Mháirtín Uí Chadhain ionat? Má tá, tá TG4 agus An tOireachtas ag iarraidh labhairt leat!

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le TG4, inniu 13 Márta 2018, duais nua – Buaic-Shaothar Próis na Bliana – urraithe ag TG4 mar chuid de Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2018. Má tá caighdeán agus an mianach oiriúnach sa saothar, bronnfar Buaic-Shaothar Próis na Bliana agus duaischiste de €3,000 ar an duais-saothar is fearr a d’fheilfeadh d’ábhar teilifíse ó na comórtais phróis agus úrscéalta. Is duais í seo a thabharfaidh tacaíocht breise do scríbhneoirí Gaeilge agus a bheidh mar thobar inspioráide do chláir TG4 amach anseo.

“Tá lúcháir orainn go bhfuil an fhorbairt chomhpháirtíochta is deireanaí seo idir An tOireachtas agus TG4 dírithe ar nua-scríbhneoireacht na Gaeilge”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Agus muid ag tabhairt aghaidh ar struchtúr nua do shraith na gComórtas Liteartha, tá súil againn go spreagfaidh an duais nua seo níos mó scríbhneoirí Gaeilge le dul i mbun pinn in 2018.”

“Tá cumadóirí agus scríbhneoirí rí-thábhachtach i ngach cultúr agus is amhlaidh do na Gaeil”, a dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont. Is breá leis na hÉireannaigh a bheith ag cumadh agus ag roinnt scéalta agus tá áthas orainn i TG4 a bheith ábalta spreagadh a thabhairt tríd an gcomórtas liteartha seo.”

Is é an aidhm leis na Comórtais Liteartha ná litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn. Rinneadh athbhreithniú agus athstruchtúrú ar shraith na gComórtas liteartha le linn na bliana 2017 agus rinneadh cinneadh nach nglacfar le saothair atá foilsithe cheana féin in aon chomórtas de chuid na gComórtas Liteartha a thuilleadh. Is ar shaothair neamhfhoilsithe amháin a mbeidh Comórtais Liteartha an Oireachtais dírithe orthu ó 2018 ar aghaidh.

Fiche haon (21) comórtas atá ar chlár na bliana seo – trí déag (13) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, dráma agus eile.

Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag www.antoireachtas.ie nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Is é an spriocdháta iontrála ná 1 Iúil 2018.

Féasta Sráide/Street Feast – 10 Meitheamh 2018

Márta 12, 2018

Is lón pobail é Féasta Sráide, tagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarrántaí, nó i gcarr clóis, tógann gach duine rud le hithe agus roinntear an béile le chéile.

Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an dteaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa.

Is ar an 10 Meitheamh a bheidh Street Feast ar siúil in 2018 agus tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh suas go 20 Féasta Sráide Ghaelacha a chur chun cinn i mbliana.

 Chuige sin, tá leagan Gaeilge de phacáiste tacaíochta  á chur ar fáil againn do ghrúpaí áitiúla  Gaeilge.  Séard a bhíonn sa phacáiste tacaíochta ná bratacha, treoirleabhar, póstaeir, cuirí, srl.

Feictear dúinn gur deis iontach í seo do ghrúpaí pobail agus  áitiúla, do naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge, do chomharchumainn Gaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt  a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Ghaeilge a bheidh á cur chun cinn go náisiúnta.

Ní bheadh mórán oibre i gceist, seachas ionad/spás a aimsiú, cead a fháil lena úsáid, agus an ócáid a fhógairt go háitiúil. Beidh muid ag cur na hócáidí uile chun cinn go náisiúnta freisin, agus ar ndóigh beidh siad liostáilte ar shuíomh http://streetfeast.ie/.

Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach rphost a chur chuig Majella majella@antoireachtas.ie anois! 

FeastaSraide2018ED

 

Féasta Sráide 2018 – deis iontach do scoileanna agus naíonraí imeacht spraíúil a eagrú dá bpobail

Márta 5, 2018

Féasta Sráide/Street Feast – 10 Meitheamh 2018

Is lón pobail é Féasta Sráide, tagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarrántaí, nó i gcarr clóis, tógann gach duine rud le hithe agus roinntear an béile le chéile.

Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an dteaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa.

Is ar an 10 Meitheamh a bheidh Street Feast ar siúil in 2018 agus tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh suas go 20 Féasta Sráide Ghaelacha a chur chun cinn i mbliana.

Chuige sin, tá leagan Gaeilge de phacáiste tacaíochta  á chur ar fáil againn do ghrúpaí áitiúla  Gaeilge.  Séard a bhíonn sa phacáiste tacaíochta ná bratacha, treoirleabhar, póstaeir, cuirí, srl.

Feictear dúinn gur deis iontach í seo do ghrúpaí pobail agus  áitiúla, do naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta, do chomharchumainn Gaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt  a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Ghaeilge a bheidh á cur chun cinn go náisiúnta.

Ní bheadh mórán oibre i gceist, seachas ionad/spás a aimsiú, cead a fháil lena úsáid, agus an ócáid a fhógairt go háitiúil. Beidh muid ag cur na hócáidí uile chun cinn go náisiúnta freisin, agus ar ndóigh beidh siad liostáilte ar shuíomh http://streetfeast.ie/.

Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach rphost a chur chuig Majella majella@antoireachtas.ie anois! 

Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh ag Naíonra Teanga Beo

Márta 5, 2018

Beidh Naíonra Teanga Beo, Baile Formaid, ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le tae beag. Is féidir leat cupán tae a fháil ag úsáid do chúpla focal.

Beidh pleananna an naíonra don bhliain amach romhainn á roinnt agus beidh an obair reatha atá idir lámha á taispeáint.

Teanga Beo will be celebrating seachtain na Gaeilge with Afternoon tea. Come along and enjoy some tea and cake while using do chúpla focal.

We’ll also be displaying our plans for the year and opening doors to show the hard work that’s been done over the past year.

Bígí linn!

IMG_20180303_183744_785

Curaclam Teanga na Bunscoile Céim 3 agus 4: Léirigh do thuairimí

Feabhra 28, 2018

Tá dréachtsonraíocht Curaclam Teanga na Bunscoile/Primary Language Curriculum Céim 3 agus 4 ar fáil anois le haghaidh Comhairliúcháin. Reáchtálfar an comhairliúcháin go dtí 20ú Mí Aibreáin 2018.

Táimid ag bailiú aiseolas ó mhúinteoirí ‘sna bhealaí seo a leanas:

Ceistneoir ar líne: Tá suirbhé ar líne ar fáil ag ncca.ie

Scoileanna Pilóta: Mar bhaill de líonra scoile tá roinnt múinteoirí agus príomhoidí ag baint triail as gnéithe ar leith den dréachtsonraíocht agus ag tabhairt aiseolas ar ais dúinn.

Seimineáir Chomhairliúcháin:

12ú Márta, Midlands Hotel, Portlaoise
13ú Márta, Silver Springs Hotel, Corcaigh
20ú Márta, Harbour Hotel, Gaillimh

Aighneachtaí Scríofa: Cuir aighneachtaí scríofa chuig consultations@ncca.ie.

Tá do chuid aiseolais an-thábhachtach dúinn.

Chun cur lenár gceistneoir ar líne – Téigh chuig ár láithreán gréasáin www.ncca.ie. Is féidir leat teacht ar an gceistneoir ar an leathanach baile trí chliceáil ‘Léirigh do thuairimí’.

Chun iarratas a dhéanamh chun freastal ar na seimineáir chomhairliúcháin – clárú le do thoil trí do chuid sonraí a chur ar r-phost (Ainm, ról agus scoil) chuig languageconsultation@ncca.ie faoi 3pm ar 8 Márta 2018. Tá áiteanna oscailte do mhúinteoirí bunscoile agus do phríomhoidí. Beidh na seimineáir ar siúl ó 10:30 am-2.30pm agus soláthrófar clúdach ionadaíochta do lucht freastail.

« Previous PageNext Page »