Méid an Téacs

Maolú na Gaeilge san AE

Samhain 26, 2013

Tá iarrtha ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht go n-iarrfaí go hoifigiúil deireadh a chuir leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach

Áirítear an Ghaeilge i measc 24 teanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais ó bhí 2007 ann ach cuireadh maolú ar an stádas sin go dtí 2012, agus arís go dtí 1 Eanáir 2017, rud a chiallaíonn nach bhfuil de dhualgas ar institiúidí an AE gach cáipéis a aistriú go Gaeilge.

Le blianta anuas, tá Institiúidí éagsúla an AE cáinte ag lucht na Gaeilge as an mí-úsáid a bhaintear as an maolú stádais i leith cháipéisíocht a aistriú cé gur le dlíthe amháin a bhaineann sé. Tar éis don Ombudsman Eorpach gearán i gcoinne Pharlaimint na hEorpa a rinne an Dr Pádraig Ó Laighin a fhiosrú, chinn sé i mí Lúnasa na bliana seo gur chás drochriaracháin a bhí i dteip Pharlaimint na hEorpa a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge.

Dúirt Conradh na Gaeilge go gcruthófaí os cionn 180 post ach deireadh a chur leis an maolú agus gur ghá don Rialtas cinneadh a ghlacadh i leith na ceiste seo in am d’fheachtas earcaíochta an AE.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur “Glacadh leis an Máltais mar theanga oifigiúil i 2004 agus d’éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de thrí bliana. Baineadh é seo amach trí chonarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an Fhraincis a thabhairt leo agus iad ag obair thall, ós rud é go bhfuil an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfeá post buan mar shaineolaí teanga, agus d’fhéadfaí amhlaidh a chur i gcrích don Ghaeilge”.

Táthar ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an maolú go luath agus go reáchtálfaí sraith comórtas earcaíochta do phoist bhuana agus do phoist ar chonarthaí sealadacha leis an AE sna blianta 2014, 2015, 2016 agus 2017.

©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2013

 

Tacaíocht d’ESG léirithe ag Uachtarán na hÉireann

Samhain 26, 2013

Mícheál D. Ó hUiginn “an-sásta tacú leis an obair go léir atá idir lámha ag Gaelscoileanna agus ESG chun an fhianaise a spreagadh go barr feabhais”

‘Ó fhianaise go barr feabhais’ ab ea téama Chomhdháil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) na bliana seo a reáchtáladh ar an mBóthar Buí i gCo. na Mí ag an deireadh seachtaine.

Is comhdháil bhliantúil í seo a dhíríonn ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal ag a reáchtáiltear léachtaí, grúpaí sainspéise agus ceardlanna le linn an deireadh seachtaine agus bíonn an-tóir ar imeachtaí na comhdhála gach bliain.

Ba chúis mhór cheiliúrtha í comhdháil na bliana seo mar gheall go bhfuil Gaelscoileanna Teo. ag comóradh 40 Bliain in i mbliana agus cuireadh fáilte roimh aoi an-speisialta go deo, Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, ar Dé hAoine le tús a chur leis an deireadh seachtaine ceiliúrtha.

Sheol ESG Teimpléad do Pholasaí Gaeilge do bhunscoil Gaeltachta, áis a chabhróidh le scoileanna a bpolasaí Gaeilge a dhréachtadh, le linn an deireadh seachtaine.

Ag caint ag an gcomhdháil, dúirt Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn go bhfuil “ról an-tábhachtach ag na scoileanna Gaeltachta cumas sa Ghaeilge a chothú agus tacú le húsáid na Gaeilge i measc phobal na Gaeltachta”.

Ghlac Bord Stiúrtha ESG cinneadh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo go ndéanfaí an eagraíocht a scor de bharr go bhfuil diúltaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon mhaoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh.

Bunaíodh ESG, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 mar scátheagraíocht do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta. Bhí ESG agus Gaelscoileanna i gcomhchainteanna maidir le cónascadh a shocrú idir an dá eagraíocht ó bhí 2011 ann, ach cuireadh bac ar na cainteanna seo toisc nár éirigh leis an dá mhaoinitheoir a bhí i gceist – Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – teacht ar aon réiteach maidir le cúrsaí maoinithe.

Chuir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in iúl le déanaí nach bhféadfadh sí páirt a ghlacadh i gcomhráití idir dhá eagraíocht dheonach maidir le cónascadh na n-eagraíochtaí sin fad is a bhí an próiseas sin ag dul ar aghaidh.

“Údar dóchais do scoileanna na Gaeltachta an tacaíocht láidir a léirigh Uachtarán na hÉireann dá gcuid oibre, agus an tuiscint a léirigh sé ar thábhacht Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta,” a dúirt Anna Ní Chartúir, LeasChathaoirleach ESG.

©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Samhain 2013

 

Rath na gaelscolaíochta léirithe i Sraith na Scoileanna 2013

Samhain 26, 2013

Foilsíodh Sraith na Scoileanna de chuid The Irish Times inniu inar ainmníodh 9 Gaelscoil ar éirigh le 100% de dhaltaí na bliana seo áit sa chóras tríú leibhéal a bhaint amach.

Cuirtear síos ar na scoileanna ba fhriothálaí i dtaobh an chórais tríú leibhéal sa tsraith bhliantúil agus léiríonn sraith 2013 go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na scoileanna gan táille atá mar scoileanna friothála, 75% den 100 scoil is fearr. Tá Scoil Phobail Mhic Dara, Carna i gCo. na Gaillimhe, ainmnithe ar an tríú scoil friothála gan táille is fearr sa tír

Is iad na scoileanna táille atá mar cheannasaithe i dtaobh na ndaltaí a bhaineann áit amach ar na cúrsaí a bhfuil na pointí iontrála is airde ag baint leo, mar a bhíonn go hiondúil, agus is léir go bhfuil gaelcholáistí ag dul i bhfeidhm ar na cúrsaí airde freisin óir go bhfuil Coláiste Íosagáin, Stigh Lorgan; Coláiste Eoin, Stigh Lorgan agus Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair ainmnithe ar an liosta céanna.

Tá 9 Gaelscoil ainmnithe ar an liosta d’iar-bhunscoileanna na tíre ag cur 100% dá ndaltaí ar aghaidh chuig an gcóras tríú leibhéal:

• Coláiste Íosagáin, Stigh Lorgan
• Coláiste Eoin, Stigh Lorgan
• Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair
• Coláiste Ghobnatan, Baile Bhuirne
• Coláiste Cois Life, Leamhcán
• Gaelcholáiste Chiarraí
• Coláiste Laurel Hill FCJ, Luimneach
• Coláiste na Coiribe, Gaillimh
• Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Tá Scoil Phobail Mhic Dara, Carna i gCo na Gaillimhe, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair agus Coláiste Laurel Hill FCJ, Luimneach ainmnithe ar liosta na scoileanna is fearr sa tír ó thaobh ráta na ndaltaí ar éirigh leo áit sa chóras tríú leibhéal a bhaint amach.

Ainmnítear Coláiste Íosagáin, Stigh Lorgan agus Coláiste Eoin, Stigh Lorgain ar an tríú agus an ceathrú scoil is fearr i gCo. Átha Cliath agus tá Coláiste Cois Life, Leamhcán ainmnithe mar uimhir 9 ar an liosta céanna.

Is iad na scoileanna táille, Gaelscoileanna agus scoileanna Stáit i gceantair rachmasacha ag a mbíonn na rátaí is airde.

©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Samhain 2013

Ceolchoirm le Naoi Scoil

Samhain 26, 2013

Naoi mbunscoil in aon chóir amháin

Cuireadh chuig ceolchoirm saor in aisce

Cén áit: Óstán Locha Riach, Baile Locha Riach
Cén uair: tráthnóna Dé Céadaoin, 27 Samhain, ag 5.30 i.n.
Cén fáth: Beidh 9 mbunscoil in Oirthear na Gaillimhe ag teacht le chéile i gcóir ollmhór a rá amhráin Ghaeilge i mbéal an phobail le tionlacan ceolfhoirne.
Saorchead isteach.
Eolas: 091 870718 nó féach ar www.lochariach.com

abair amhrán

Aonach Ceirde Nollag

Samhain 26, 2013

AONACH CEIRDE

PRÍOMHAONACH NA NOLLAG

DOMHNACH
01/12/2013
12.00-5.30 i.n

Ceardaíocht lámhdhéanta

ÁRAS CHRÓNÁIN IONAD CULTÚIR

BAILE ÁTHA CLIATH 22

www.araschronain.ie

Áras Chrónáin Nollag

Rostbhandaí as Gaeilge

Samhain 25, 2013

Is mionchomhlacht idirbhliana é “Band-it”, lonaithe i gCathair Luimnigh.

Bhunaíomar an mionchomhlacht seo chun an teanga Gaelach a chuir chun cinn le déagóirí agus daoine óga tríd modhanna nua agus úr a úsáid.

Díolfaimid bandaí riosta le seanfhocal Gaeilge orthu, cosúil le “Tír gan teanga, tír gan anam”. Beimid ag chur céarlanna ar siúil le haghaidh bunscoileanna, Bearla agus Gaeilge, chun Gaeilge a mhúineadh dóibh agus cluichí difriúla imirt leo.

Is féidir dul i dteagmháil linn ar 086-0890921 nó ríomhphoist a sheoladh chugainn ag banditgaeilge@gmail.com

bandit

Léarscáil dátheangach saor in aisce

Samhain 25, 2013

Beidh léarscáil den Eoraip Nua ar fáil saor in aisce leis an Irish Times ar an Chéadaoin 27 Samhain. Méid A1 atá ann, agus é dátheangach (Gaeilge agus Béarla).

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

35 Cearnóg Mhic Liam,
Baile Átha Cliath 2.
Fón: 01 6340831
Facs: 01 6341002

Téigh faoi dhraíocht Aladdin!

Samhain 20, 2013

Ar mhaith leat cúrsaí riaracháin a shimpliú? Faigh amach cén fáth a bhfuil Aladdin ag croí breis agus 500 bunscoil.

Déanann bogearraí Aladdin riar na scoile a shruthlíniú agus an chumarsáid a éascú. Fágann sé sin níos mó ama agat chun sult a bhaint as saol na scoile. Ní nach ionadh go mbíonn scoileanna a rá linn go bhfuil a gcroí istigh in Aladdin. Taitneoidh Aladdin níos fearr arís leat nuair a fheicfidh tú na pacáistí úra nuashonraithe atá againn!

Cuir isteach ar ár gcrannchar ag seastán Aladdin Schools ag Comhdháil Náisiúnta GAELSCOILEANNA TEO in Óstán Theach Johnstown sa Bhóthar Buí, Contae na Mí Dé hAoine 22ú Samhain 2013. Beidh seans agat táirgí blasta de chuid Avoca a bhuachan. Cuirfear an buaiteoir ar an eolas ag an gcomhdháil le teachtaireacht téacs ar 16:00 Dé hAoine.

Buíochas ó chroí leis na múinteoirí, rúnaithe agus príomhoidí iontacha atá ag baint úsáide as seirbhís Aladdin Schools cheana féin. Guímid rath oraibhse agus ar gach duine a bhíonn ag plé leis an nGaeloideachas. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult mór as an gcomhdháil.

Téigh faoi dhraíocht Aladdin. Bí ag caint linn inniu.

www.aladdin.ie
(01) 554-7375
info@aladdin.ie

Suíomh idirlín nua ag Gaelscoil na Giúise

Samhain 20, 2013

Tá suíomh idirlín álainn seolta ag Gaelscoil na Giúise. Comghairdeas leo!

www.foras.ie

Agóid Ghaelscoil Pheig Sayers

Samhain 19, 2013

An Gaelcholáiste áitiúil ag tabhairt tús áite do lucht na mbunscoileanna Béarla

Baileoidh pobal Ghaelscoil Pheig Sayers ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath amárach, Dé Céadaoin, 20 Samhain 2013, ag 12.15pm le hagóid a dhéanamh i gcoinne pholasaí iontrála nua Ghaelcholáiste Mhuire i gCorcaigh.
Beidh an grúpa ag taisteal as Corcaigh chun na príomhchathrach lena chuid míshástachta a chur in iúl d’Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís atá i bhfeighil ar pholasaithe an ghaelcholáiste.
Is é is cúis leis an gconspóid ná go bhfuil deireadh curtha le Gaelscoil Pheig Sayers mar scoil friothálach do Ghaelcholáiste Mhuire. Dar le pobal Ghaelscoil Pheig Sayers, ghlacadh an gaelcholáiste le páistí uile na Gaelscoile roimhe seo ach tá beartaithe ag bainisteoir nua an ghaelcholáiste, ceaptha ag Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís tar éis dóibh deireadh a chuir le bord bainistíochta na scoile, córas dhá shraith a chur i bhfeidhm. Ciallaíonn an cur chuige nua nach mbeidh ach 58 ag tosú sa chéad bhliain mí Meán Fómhair, i gcomparáid le 89 anuraidh, agus deir Gaelscoil Pheig Sayers go bhfuil an bainisteoir nua ag tabhairt tús áite do 4 scoil lán-Bhéarla sa cheantar.
Dúirt Príomhoide Ghaelscoil Pheig Sayers, Adrian Breathnach, “Tá an polasaí seo ag dul i gcoinne an Achta Oideachais 1998 mar ní dheachaigh na hiontaobhaithe chun comhairle a fháil ó thuismitheoirí nuair a bhí siad ag cur an pholasaí le chéile. Chomh maith leis sin ta siad ag tabhairt áiteanna do phaistí ó scoileanna lán-Bhéarla roimh dhaltaí ón ngaelscoil áitiúil rud a chuireann deireadh le traidisiún láidir a bhí idir an gaelscoil agus an gaelcholáiste”.
Beidh an slua ag bailiú taobh amuigh d’Oifig Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís sa Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath ag 12.15pm ar Dé Céadaoin, 20 Samhain 2013.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »