Méid an Téacs

Méadú ar an líon a rinne béaltriail

Meán Fómhair 21, 2011

Fógraíodh torthaí an Teastais Shóisearaigh Dé Céadaoin seo caite, agus as 56,930 dalta a thug faoin Teastas Sóisearach, thug 48,349 acu sin faoin nGaeilge.

Leis an mbéim bhreise atá á chur ar an mbéaltriail ag leibhéal na hArdteistiméireachta, le 40 faoin gcéad de na marcanna ag brath uirthi, tháinig méadú ollmhór ar líon na ndaltaí a thug faoin mbéaltriail roghnach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, le  méadú ó 1,687 sa bhliain 2010, go dtí 4,300 dalta i mbliana.  Anuas air sin, tháinig méadú ar líon na scoileanna a thairg an bhéaltriail roghnach i mbliana, ó 54 scoil in 2010 go dtí 94 scoil in 2011.

Foinse

An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha

Meán Fómhair 14, 2011

Ar cheann de phríomhspriocanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go dtí 250,000, ach cé mhéad díobh siúd a bheidh lonnaithe i do cheantar-sa?

“An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” an teideal atá ar shraith seimineár atá á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is ar 28 Meán Fómhair 2011, a reáchtálfar an chéad seimineár sa tsraith, i nGaelcholáiste Choilm i mBaile an Chollaigh ó 6.30pm-9pm.  Le linn an tseimineáir, cuirfear an pobal ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, d’fhonn plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach ina gceantar féin. Reáchtálfar dhá sheimineár den chineál céanna i mí na Samhna freisin, i gcroílár Chathair Luimnigh in Óstán an Strand Dé Luain, 21 Samhain agus an tseachtain chéanna reáchtálfar seimineár in Óstán na Páirce i  nDún Garbhán, Co. Phort Láirge Dé Céadaoin 23 Samhain.

Tuilleadh eolais: www.gaelport.com nó 01 6794780

Foinse – Nuacht na hEarnála

Trí Ghaelcholáiste nua ag teacht

Lúnasa 10, 2011

D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna an tseachtain seo caite go mbeidh ar a laghad trí Ghaelcoláiste nua ag oscailt amach anseo.

Táthar ag súil go mbeidh na Gaelcholáistí ag oscailt i mBaile Átha Cliath  agus i gContae Chorcaí. Dúirt Gaelscoileanna go mbeadh siad ag iarraidh ar an Roinn cinneadh á dhéanamh ar shainmheon teanga agus ar phátrúnacht na scoileanna nua seo.

Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
10 Lúnasa 2011

www.foinse.ie

Moltaí do mhúinteoirí Gaeilge

Lúnasa 3, 2011

Tá sé molta ag an gComhairle Mhúinteoireachta go mbeadh scrúdú  ar leith ann ar chaighdeán Gaeilge na n- iarrthóirí a bheidh ag iarraidh tabhairt faoin mbunmhúinteoireacht.

Moltar gur cheart go mbeadh scrúdú breise sa Ghaeilge ann d’iarrthóirí atá ag iarraidh tabhairt faoin nGaeilge a mhúineadh ag an dara leibhéal freisin.

03 Lúnasa 2011

www.foinse.ie

Painéal naíonraí lorghta ag FNT

Bealtaine 25, 2011

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag lorg teagascóirí na luathbhlianta ó fud fad na tíre chun painéal a chur le chéile.

Cuireann FNT cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge, dírithe ar an earnáil luathóige, go príomha Naíonraí Gaelacha. Má tá tú cáilithe chun ceardlann a thabhairt ar ábhar ar leith, nó má tá taithí agat ar mhodúil CDBO (FETAC) a mhúineadh, déan teagmháil le FNT  roimh 31 Bealtaine 2011.  Tuilleadh eolais ar www.naíonraí.ie

Foinse

Buaiteoirí Chomórtas Clár Raidió Gael Linn

Bealtaine 18, 2011

Is iad Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2011.

Árainn Mhór, Oileán m’Óige an t-ainm a bhí ar an gclár raidió a chuir na daltaí scoile le chéile faoi stiúir a múinteora Máire Nic Cathmhaoil. Bronnadh duais EUR650, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, orthu. Is iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair i nDún na nGall a tháinig sa dara háit le clár faoin bhéaloideas, agus bronnadh an duais don tríú áit ar na daltaí o Choláiste na nUrsulach, Sligeach.

Foinse

Is iad Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2011.


Árainn Mhór, Oileán m’Óige an t-ainm a bhí ar an gclár raidió a chuir na daltaí scoile le chéile faoi stiúir a múinteora Máire Nic Cathmhaoil. Bronnadh duais EUR650, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, orthu. Is iad Pobalscoil Ghaoth Dobhair i nDún na nGall a tháinig sa dara háit le clár faoin bhéaloideas, agus bronnadh an duais don tríú áit ar na daltaí o Choláiste na nUrsulach, Sligeach.

Foinse

Comhdháil ALTRAM

Bealtaine 11, 2011

‘Ag Bogadh ar Aghaidh’ is téama do chomhdháil bhliantúil ALTRAM, eagraíocht tacaíocht réigiúnaí  do thionscadail luathbhlianta Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Beidh an chomhdháil ar siúl in Óstán an Bankhouse i nDún Geanainn, Co. Thír Eooghain,  Dé Aoine 20 Bealtaine idir 9.30r.n agus 4.00 i.n. Beidh an chomhdháil ag díriú ar dhaoine a bhíonn ag obair  le leanaí óga.

Foinse

Cúrsa do mhúinteoirí ionchais

Márta 30, 2011

An bhfuil tú ag smaoineamh tabhairt faoin mbunmhúinteoireacht?

Beidh dianchúrsa Gaeilge a reáchtáil ag Conradh na Gaeilge do chéimithe ar spéis leo áit a bhaint amach ar Chúrsa Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht. Tá inniúlacht sa Ghaeilge mar chuid riachtanach den cháilíocht. Mar sin beidh an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a bheidh ag tabhairt faoi agallaimh chun áit a bhaint amach ar na cúrsaí oiliúna. Beidh an cúrsa ar siúl in Áras na nGael gCathair na Gaillimhe ar  an 10 Aibreán. Tabharfar ranganna ullmhúcháin do na rannpháirtithe  ina bheidh an bhéim ar scileanna comhrá a neartú. Is féidir eolas breise agus foirmeacha clárúcháin a fháil ó Chonradh Na Gaeilge. Cuir glaoch ar 091 567824 agus  nó seol ríomhphost chuig  conradh@bradan.iol.ie.

Foinse

Deiseanna do Ghaeilgeoirí agus níos mó le teacht

Márta 30, 2011

Tá deiseanna ann do Ghaeilgeoirí agus beidh amach anseo.

B’ shin an teachtaireacht a cuireadh in iúl do 270 dalta scoile a d’fhreastail ar an seimineár mar gheall ar ghairmeacha le Gaeilge a d’eagraigh An Chomhdháil i gCeatharlach ar 25 Márta. “Tá neart deiseanna ann agus tá feabhas mór tagtha ar an scéal le fiche bliain anuas”, dar le Traic Ó Braonáin atá ina Bhainisteoir ar Chumann na bhFiann.  Labhair Emma Whitmore, oifigeach forbartha Gaeilge i gCeatharlach faoi na deiseanna a thug an Ghaeilge di nuair a bhí sí ina  hiriseoir.  “Bhí sé go mór ina bhuntáiste  mar bhí mé ábalta colúin a scríobh i nGaeilge agus i mBéarla- agus bíonn scileanna mar seo an-luachmhar d’fhostóirí”,  a deir sí. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar bhuntáiste breise na Gaeilge ar fáil ar www.gaelport.com

Foinse

Cosain an Cóimheas

Márta 23, 2011

Chuir Gaelscoileanna Teo tús le feachtas láidir an tseachtain seo caite lasmuigh de Dháil Éireann, chun aird a tharraingt ar athruithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an gcóimheas daltaí le múinteoirí.

Tá cóimheas daltaí le múinteoirí níos fabhraí i nGaelscoileanna le hidir 3-9 múinteoirí ná mar atá ag scoileanna eile.  Dar le Gaelscoileanna Teo. go bhfuil bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fabhraí, toisc na dúshláin bhreise atá roimh na gaelscoileanna, dúshláin ar a n-áirítear cur i bhfeidhm churaclaim iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge. I roinnt cásanna, beidh ar scoileanna 20 páiste sa bhreis a mhealladh isteach chun na scoile chun líon na múinteoirí atá acu a choimeád.  Teastaíonn ó Mhícheál Ó Broin, Uachtarán ar Ghaelscoileanna Teo go ndéanfaí an “cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht”.

« Previous PageNext Page »