Méid an Téacs

Céim Mhór Siar do Mhúineadh & teagaisc na Gaeilge

Iúil 13, 2009

 Is le h-aiféal mór a d’fhoghlaim GAELSCOILEANNA TEO. ar an Déardaoin seo caite nach mbeidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag tabhairt feidhm do thionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí in iarthar Chorcaí de bharr an mhoratóra ar fhostaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Tioscnamh rí-thábhachtach náisiúnta atá faoi stiúir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) atá sa tionscmanh seo, agus cuirfeadh sé go mór le soláthar riachtanach agus cuimsitheach d’acmhainní teagaisc agus foghlama don Ghaeilge, ach go háirithe le h-áiseanna iarbhunscoile agus tacaíocht do scoileanna Gaeltachta. Ciallaíonn an cinneadh nua atá fógartha ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffee, go bhfuil bac á chur ar COGG leanúint leis bpróiseas earcaíochta chun ceathrar foirne a fhostú chun dul i mbun oibre san ionad náisiúnta seo. 

Léirigh Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. a díomá leis an gcinneadh seo nuair a dúirt sí go raibh "an-dóchas ann d’fhorbairt earnáil na gaelscolaíochta nuair a fógraíodh roimhe seo feidhmiú an tionscnaimh ó thaobh seirbhís riachtanach, clár taighde cuimnsitheach agus soláthair acmhainní. Ach toisc an mhoill dholeithscéil a bhain leis an gcinneadh seo a chur i bhfeidhm, táimid sa suíomh anois nach mbeidh d’acmhainn ag an Aire tosach féidhme a thabhairt d’iomlán an tionscnaimh san ionad féin i mBaile Bhúirne.  Éilím ar an Aire athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh seo ach go háirithe i dtaobh na bpoist seo a cheadú chun go gcuirfear leis an obair riachtanach atá ar bun ag COGG san Ionad Oideachais nua i mBaile Bhúirne."

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 42 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Críoch

 

Eolas sa bhreis:

Bláthnaid Ní Ghréacháin                                        Mícheál Ó Broin

Ardfheidhmeannach                                              Uachtarán

01-8535195                                                          087-9467700

Cúrsa ar Bhainistíocht Inmheánach sa Ghaelscoil

Meitheamh 18, 2009

Reáchtálfaidh GAELSCOILEANNA TEO cúrsa samhraidh ar Bhainistíocht Inmheánach Scoile sa Ghaelscoil san Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar idir an 17 agus 21 Lúnasa 2009.  Tá an cúrsa seo aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi théarmaí Riail 58.

Díreoidh an cúrsa seo ar phríomhoidí, ar phríomhoidí cúnta agus ar éinne le post freagrachta i ngaelscoil.  Pléifear cúrsaí pleanála scoile, sainmheon na Gaeilge agus an tumoideachas, cúrsaí riaracháin scoile agus córais cumarsáide éifeachtacha scoile maraon le go leor ábhar eile.

Chun tuilleadh eolais agus clár an chúrsa a fheiceáil, cliceail anseo.

Bua ag Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc i bhFéile Peile Gael Linn 2009

Bealtaine 12, 2009

Is iad foireann GAELSCOIL EOGHAN UÍ THUAIRISC, CEATHARLACH  a thug leo an corn ag Féile Peile Gael Linn 2009 a reáchtáladh i nGaeltacht Ráth Chairn, Co. na Mí  le cúpla lá anuas.  Fuaireadar an  ceann is fearr sa Chraobh ar fhoireann SCOIL SANTAIN, TAMHLACHT, BAILE ÁTHA CLIATH i gcluiche taitneamh, spórtúil! Ghlac captaen na foirne, Conal Ó Sé, le Corn Gael Linn ó Sheán Ó Ceallaigh.

                                                                             

Eagraíonn Gael Linn an Fhéile seo go bliantúil anois chun deis a thabhairt do ghasúir ó bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna teacht le chéile in atmasféar taitneamhach, shóisialta. Tá an oiread sin spéise á léiriú ann le tamall de bhlianta go mbíonn ar fhoirne cáiliú trí réamhbhabhtaí le bheith páirteach ann.  Is iad an ocht bhfoireann a d’fhreastal ar Fhéile Laighin i mbliana ná:

Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach; Scoil Santain,Tamhlacht, Baile Átha Cliath; Scoil Éanna, An Uaimh, Co. na Mí; Scoil Oilibhéar, Cluain Saileach, Baile Átha Cliath; Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Cill Dara; Scoil Uí Riada, Cill Chóca, Co. Chill Dara, Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí, and Scoil Náisiúnta Uí Ghramhnaigh, Rath Cairn, Co. na Mí.

Foirne meascaithe de naoinúr imreoir a bhíonn i gceist,  agus caithfidh ar a laghad ceathrar cailín  a bheith ar an bpáirc i gcónaí  !  Bíonn trí chluiche ag gach foireann, agus téann na buaiteoirí ar aghaidh go dtí  na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige. 

Ní hamháin ar an pháirc imeartha a bhíonn an spórt, ar ndóigh!  Cuireadh an-fháilte roimh na cuairteoirí sa cheantar. Bhí deis  ag na scoláirí cairde nua a dhéanamh i measc buachaillí agus cailíní ó scoileanna eile agus iad ar fad faoin díon céanna! Bhí an-chraic acu chomh maith ag an tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí a  eagraíodh dóibh mar chuid den ócáid agus bhain gach éinne a bhí i láthair sult agus tairbhe as an bhFéile!

 

Rinneadh tuairisc ar an scéal le déanaí sa Carlow People

Gaelscolaíocht Séanta ar na Céadta Tuismitheoirí dá bPáistí

Bealtaine 1, 2009

Cháin GAELSCOILEANNA TEO. cinneadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta gan aitheantas a thabhairt don seacht nGaelscoil nua atá beartaithe le hoscailt Meán Fómhair  2009.

I ráiteas a d’eisigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta i Meán Fómhair 2008, d’fhógra sé tús le próiseas athbhreithnithe ar an bpróiseas aitheantais bunscoile a mhairfeadh dhá bhliain. Le linn an phróisis, níl sé i gceist go n-osclóidh aon scoil seachas scoileanna atá lonnaithe i gceantair forbartha aitheanta agus a bhfuil riachtanas soiléir léirithe dóibh, de réir teilgean daonáirimh.  In idirbheartaíochtaí leis an eagraíocht le déanaí d’admhaigh ionadaithe na Roinne go dtiteann an seacht nGaelscoil nua-bheartaithe laistigh de cheantair forbartha, ach nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Roinn freastal ar an éileamh atá léirithe dóibh. Léiríonn an fás mór sna huimhreacha rollacháin do na scoileanna beartaithe go bhfuil an-éileamh ar an ngaelscolaíocht sna ceantair lena mbaineann, le daltaí ar liosta rollaithe chomh fada sa todhchaí le 2013.

Léiríonn seasamh na Roinne ar an gceist seo go bhfuil cearta bunreachtúla an tuismitheora, oideachas oiriúnach a roghnú dá bpáistí, curtha ar leataobh. Séanann sé cearta na dtuismitheoirí uile ar na coistí bunaithe atá ag treabhadh ar aghaidh go díograiseach chun go mbeidh an ghaelscolaíocht ag a gcuid páistí mar rogha oideachais den scoth. Ábhar ollmhór díoma do thuismitheoirí a bhí sa scéal is déanaí nach mbeidh aitheantas á bhronnadh ach an oiread ar Ghaelcholáiste Shligigh – Liatroma Thuaidh, in ainneoin éileamh cruthaithe. Níl aon soláthar gaeloideachais sa cheantar seo agus is léiriú eile é an diúltiú seo ar an easpa aitheantais ag leibhéal na Roinne ar chearta an tuismitheora ar sholáthar gaeloideachais.

Léiríonn taighde Mhic Gréil, a foilsíodh ag tús na seachtaine, go bhfuil 93.4% d’Éireannaigh tiománta don Ghaeilge. Maíonn an taighde céanna go bhfuil sé inmholta teacht ar straitéisí chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na réigiúin. Luann ráiteas físe an Rialtais i leith na Gaeilge, "go gcuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é."

Dar le Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., "Is léir go bhfuil seasamh reatha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ag séanadh polasaí an Rialtais i leith cur chun cinn na Gaeilge, maraon le séanadh cearta tuismitheora i leith rogha na gaelscolaíochta. Is dearcadh cúng, gearrthéarmach é seo a dhéanfaidh an-chuid dochair don Ghaeilge sa ghearrthréimhse agus san fhadtréimhse. Is infheistíocht loighciúil agus fiúntach í infheistíocht sa ghaelscolaíocht chun gealltanas an Rialtais a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go mbeidh oideachas den scoth á fháil ag páistí na tíre seo."

"Maidir leis an gcóras idirthréimhseach le linn athbhreithniú na Roinne ar an bpróiseas aitheantais do scoileanna nua, beimid ag lorg cinnteachta ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta go mbeidh sainchúinsí na gaelscolaíochta tugtha san áireamh acu. Beimid i mbun dian-stocaireachta ar an Roinn chun a chinntiú go mbeidh na Gaelscoileanna nua beartaithe ag oscailt le linn 2010. Mar chomhpháirtí oideachais, beimid lán-sásta gach comhairle agus cúnamh a chur ar fáil don Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an Roinn a dualgais i leith na gaelscolaíochta sna cúinsí deacra geilleagracha reatha."

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 42 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Críoch

Eolas sa bhreis:

Bláthnaid Ní Ghréacháin                                              Mícheál Ó Broin

Ardfheidhmeannach                                                     Uachtarán

01-8535195                                                                087-9467700

Torthaí na Gaelscolaíochta níos fearr i mBéarla agus i Mata

Aibreán 29, 2009

Curtha ar fáil ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta (leagan Béarla amháin ar fáil)

International evidence has long indicated that children who are being educated through a second language tend to do as well, if not better, in their first language (in our case English), while also becoming fluent in both languages.  Information based on research carried out in countries throughout the world consistently indicates enhanced performance of children who are educated bi-lingually.  This advantage is observed across a wide range of subjects. 

“Recent figures from the Department of Education, in relation to scores in English and Maths, over that last three years, have demonstrated that this advantage may also be the case in Irish language schools” said Dr Réamaí Mathers from Iontaobhas na Gaelscolaíochta, The Trust Fund For Irish-Medium Education. 

“When we looked at data from the years from 2005/6-2007/8 in relation to Key Stage 2 results in English (primary 7), Irish-medium schools have achieved higher score averages every year, both at the level 4 category and the highest level 5 category, than non Irish-medium schools.  Indeed in the last two years Irish-medium students’ results, which are heavily biased towards a lower socio-economic group (due to the high number of inner city schools), have produced a higher outcome for level 4 and level 5 when compared to the average across all Northern Ireland primary schools.  

“In relation to Maths it also seems that Irish-medium schools are out-performing their English medium counterparts in the same category, according to these Department of Education statistics.  These results, when reviewed along with international research from all over the world give us the strongest indication yet of the efficacy of learning through Irish”. said Dr Mathers.

 

Why are children in immersion schools doing better?

There has been much discussion on the question as to why children in schools such as Irish-medium are doing better.  Parental involvement with children in Irish-medium schools may be higher and our teachers are especially motivating, having in effect two vocations.  One vocation is firstly providing the highest levels of education and the second vocation is transmitting a love for and fluency in Irish and English.  However, once again research may be pointing us to more deep seated and permanent advantages that bilingualism brings.  In recent years research on children who are bilingual from an early age is showing advantages both in areas of understanding and mental agility.  Indeed evidence is now so strong that Professor Colin Baker, Pro-vice Chancellor of Bangor University, Wales and one of the worlds foremost authors on bilingualism recently stated at an Irish-medium conference " The benefits that Irish-Medium Education must not be underestimated by society at large, be that parents, educators, business and government.  The question is not should there be Irish-Medium Education but, because of the proven success, the question now should be – is any child not educated bilingually in Ireland being disadvantaged? 

Buaiteoirí Chraobh Ceannais Scléip! 2009

Márta 24, 2009

Is cúis mór áthais do GAELSCOILEANNA TEO. buaiteoirí Scléip! 2009 a fhógairt.

Ghlac 18 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge páirt sa chomórtas tallainne seo i mbliana agus chuaigh rannpháirtithe ó 13 scoil chomh fada leis an gCraobh Ceannais a reáchtáladh ar Shatharn, 21 Márta 2009 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9.  Ba mhaith le GAELSCOILEANNA TEO. tréaslú leis na scoileanna, na múinteoirí agus na daltaí a ghlac páirt.  B’é Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin a bhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí.  Dúirt Ó Broin gur ‘onóir agus pléisiúr é a bheith i láthair ag Craobh Ceannais Scléip!  Tugann an tallainn agus an spiorad a léiríonn na taibheoirí agus na múinteoirí ardú croí d’earnáil na Gaelscolaíochta’. 

Buaiteoir an Grand Prix:
  • Trí Lasadh, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh (Rannóg Grúpaí Ceoil).
Buaiteoirí Rannóige:
•·         Rannóg A:  Ceol Aonair Shane Ó hAonghusa, Gaelcholáiste Cheatharlach.
•·         Rannóg B:  Amhránaíocht Aonair Breda Ní Cheannabháin, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh.
•·         Rannóg C:   Rince Cruthaitheach (Aonair) Heather Ní Chaisín, Gairmscoil na bPiarsach, Gaillimh.
•·         Rannóg D:  Rince Cruthaitheach (Grúpa) Domhan Tarraingt, Gaelcholáiste Cheatharlach.
•·         Rannóg E:  Pop/Rac-Cheol Mo Phóca, Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh.*
•·         Rannóg F:  Grúpaí Ceoil Trí Lasadh, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh.
•·         Rannóg G:  Drámaíocht / Mím"Tóraíocht Dhiarmada & Gráinne", Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath.
•·         Rannóg H:  Ilchineálach Brídín Ní Mhaoldomhnaigh: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall.

 

*Duais breise na Rannóige seo ná seisiún taifeadta i stiúideo cheoil a bhuíochas le Seachtain na Gaeilge Teo. Déanfar amhráin chomórtais an bhanna buachana a thaifeadadh agus a uaslódáil ar MySpace Seachtain na Gaeilge, taobh hamhránaithe cáiliúla Ceol ‘09 ar nós Duke Special agus Paddy Casey.

Buaiteoirí duaiseanna nuálaíochta:
  • Aoibheann Ní Mhurchú, Coláiste an Phiarsaigh, (Rannóg Ceol Aonair).
  • Gealt, Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath (Rannóg Grúpaí Ceoil).
  • "Chun na Farraige síos", Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall (Rannóg Drámaíocht / Mím).

Táimid buíoch as an tacaíocht leanúnach a chuireann Foras na Gaeilge, Comhairle na Gaelscolaíochta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar fáil don chomórtas. Tá grianghraif ó Chraobh Ceannais Scléip! 2009 ar fáil ar http://www.gaelscoileanna.ie/.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 42 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Tuilleadh Eolais:                Seán Ó hAdhmaill              oifig@gaelscoileanna.ie,    01-8535193

Scoileanna Nua atá Beartaithe do 2009 ar Aghaidh

Eanáir 1, 2009

2009

Bunleibhéal

1. Gaelscoil Ros Mhic Thriún, Ros Mhic Thriún, Co. Loch Garman. Déan teagmháil le Liz Burdon – liz.burdon@yahoo.co.uk or 0860843653.

2. Gaelscoil Oiriall, Lár-Lú, Co. an Lú. Déan teagmháil le Deirdre Bonar – eolas@gaelscoiloiriall.com or 0876302269. http://www.gaelscoiloiriall.com/

3. Gaelscoil Lusca, Co. Dublin. Déan teagmháil le Susan Kavanagh – gaelscoillusca@gmail.com nó 0872960080. 

4. Gaelscoil Oisín, Croimghlinn / Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12. Déan teagmháil le Elizabeth Bolger – d12gaelscoil@gmail.com nó 0868304046.

5. Gaelscoil an Chuilinn, Baile an Tirialaigh / Baile an Alabhóidigh. Déan teagmháil le hAlison Carruth – 0863236187 nó Emma Lester 0876841818.

6. Gaelscoil na Feoire, Co. Chill Cainnigh. Déan teagmháil le Gráinne Ní Ailín – 0863628745 nó gsnafeoire@gmail.com.

7. Gaelscoil Chilín Chéir, Oirthear an Chabháin. Déan teagmháil le Breffní Clarke – 0868159078 nó gscoil.cc@gmail.com . www.gaelscoilcc.com 

8. Gaelscoil an Chrainn Darach, Ráth Iomgháin/Mainistir Eimhín, Co. Chill Dara. Déan teagmháil le Julie Harper – 0863160989 nó gaelscoilanchrainndarach@gmail.com.

9. Gaelscoil Phasáiste Thiar, Co. Chorcaí. Déan teagmháil le hAdrian Breathnach – 0860817873.

10. Gaelscoil Cheatharlach, Co. Ceatharlach. Déan teagmháil le Emma Whitmore – 0851340047.

Má tá spéis agat cabhrú linn aon cheann de na gaelscoileanna thuasluaite a bhunú nó má tá spéis agat gaelscoil a bhunú i do cheantar féin, déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha,

Seán Ó hAdhmaill ag sean@gaelscoileanna.ie nó 0876895612.

 

Dara-leibhéal

Gaelcholáiste Dheisceart Bhaile Átha Cliath, Deisceart Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath. Déan teagmháil le Luaghaidh Ó Braonáin – eolas@gaelcholaiste.comhttp://www.gaelcholaiste.com/blog/

Gaelcoláiste Charraig Uí Leighin, Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí. Déan teagmháil le Adrian Breathnach – gaelcholaistecarrigaline@live.ie nó 0860817873. http://www.gaelcholaistecarrigaline.net/

Gaelcholáiste an Mhuileann gCearr, An Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí. Déan teagmháil le Seán Ó hAdhmaill – sean@gaelscoileanna.ie nó 0876895612.

Gaelcholáiste Shligigh, Sligeach, Co. Shligigh.  Déan teagmháil le Seán Ó hAdhmaill – sean@gaelscoileanna.ie nó 0876895612.

Gaelcholáiste nua (ainm le roghnú), Portlaoise, Co. Laois.  Déan teagmháil le Seán Ó hAdhmaill – sean@gaelscoileanna.ie nó 0876895612.

Coistí Bunaithe fós le bunú sna ceantracha thíos: 

Gaelcholáiste nua (ainm le deimhniú), Droichead Átha, Co. an Lú. 

Gaelcholáiste Fhine Gall (ainm sealadach, Tuaisceart Chontae Átha Cliath.

Gaelcholáiste an Tulach Mhór, An Tullach Mór, Co. Uíbh Fhailí. 

Gaelcholáiste Dheisceart na Mí, Co. na Mí.

 

Má tá spéis agat cabhrú linn aon cheann de na gaelscoileanna thuasluaite a bhunú nó má tá spéis agat gaelscoil a bhunú i do cheantar féin, déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha,

Seán Ó hAdhmaill ag sean@gaelscoileanna.ie nó 0876895612.

 

« Previous Page