Méid an Téacs

Aitheantas Buan faighte ag Gaelscoil Éadan Doire

Deireadh Fómhair 28, 2011

Bunaíodh Gaelscoil Éadan Doire i 2008 le 21 páiste agus beirt mhúinteoir. Ba chúis mhór áthais agus bród a bhí ann ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair 2008 nuair a osclaíodh doirse na scoile don chéad uair, agus tá an scoil tar éis fás agus forbairt go mór ó shin. Bhronn an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas buan ar an scoil ón gcéad lá de mhí Meán Fómhair 2011, agus déanann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas ó chroí le pobal na scoile as gach atá bainte amach acu. Guímis gach rath ar Gaelscoil Éadan Doire don todhchaí!

An bua ag Coláiste Feirste san Ardchúirt

Deireadh Fómhair 26, 2011

Tá ráite ag Aire Oideachais an Tuaiscirt, John  O’Dowd go bhfuil sé ag meabhrú na n-impleachtaí a bhaineann le breithiúnas  a tugadh san Ardchúirt i mBéal Feirste inné maidir le seirbhís bus scoile a chur ar fáil do scoláirí Choláiste Feirste i mBéal Feirste.

Dúirt sé go raibh sé ag meabhrú na n-impleachtaí suntasacha a bheadh i gceist do bheartas na Roinne i leith an chórais taistil agus an soláthar atá a dhéanamh do  ghaelscoileanna agus gaelcholáistí ó thuaidh.

Rinneadh athbhreithniú breithiúnach san Ardchúirt  ar cinneadh na Roinne gan bus scoile a chur ar fáil do dhaltaí a fhreastalaíonn ar Choláiste Feirste agus glacadh cinneadh i bhfabhar bhord ghobharnóirí na scoile.

Sa bhreithiúnas a tugadh inné, dúirt an Breitheamh Treacy go ndearna an Roinn faillí  i gcomhlíonadh an dualgais atá air an ghaelscolaíocht a chur chun cinn faoin reachtaíocht agus  faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

In ainneoin go gcuirtear busanna ar fáil do dhaltaí a bhíonn ag taisteal  go dtí scoileanna i gceantair eile ó Dhún Phádraig agus  Iúr Chinn Trá, dhiúltaigh an Roinn bus a chur ar fáil  do dhaltaí Choláiste Feirste.

Parents of girls at top school get 50% of grant scheme

Deireadh Fómhair 26, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Tionól teagaisc i Ma Nuad

Deireadh Fómhair 26, 2011

Tá athruithe suntasacha ar na bacáin do chóras measúnachta na scrúduithe stáit agus ní mór do mhúinteoirí iarbhunscoile a bheith ullamh dóibh.

Tionólfar an chéad tionól teagaisc do mhúinteoirí iarbhunscoile in Ollscoil Mhá Nuad ar an 11 agus ar an 12 Samhna. Reáchtálfar ceardlanna do mhúinteoirí  iarbhunscoile ar ghnéithe de theagasc na Gaeilge. Eolas faoi chlárú: oifig@tionolteagaisc.com.9

Foinse – Nuacht na hEarnála

Folúntais Poist leis an PDST

Deireadh Fómhair 26, 2011

SEIRBHÍS FORBARTHA DO MHÚINTEOIRÍ – (SFGM) COMHAIRLEOIRÍ RÉIGIÚNACHA
DEISEANNA DO MHÚINTEOIRÍ AGUS DO PHRÍOMHOIDÍ /LEASPHRÍOMHOIDÍ DUL AR IASACHT

Bheadh saineolas san litearthacht agus/nó san uimhearthacht inmhianaithe.

Seirbhís tacaíochta is ea an tSeirbhís Forbartha do Mhúinteoirí (An tSeirbhís) arna stiúradh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a thairgeann tacaíocht forbartha ghairmiúil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí /leasphríomhoidí bunscoile agus iarbhunscoile maidir le raon leathan topaicí. Tá roinnt deiseanna ag an tSeirbhís faoi láthair chun dul ar iasacht go lánaimseartha i gcomhair poist mar chomhairleoir réigiúnach. Féadfar painéal a bhunú ónar féidir folúntais ag leibhéal an chomhairleora réigiúnda amach anseo a líonadh. Tá sonraí iomlána faoin jabthuairisc agus foirm iarratais le fáil ar www.pdst.ie. Is é an Deardaoin, 3ú Samhain, 2011 ar 5.00 i.n. an spriocdháta d’iarratais a fháil.

Dráma i nGaeilge san Axis – “Buaiteoirí” le Brian Friel

Deireadh Fómhair 25, 2011

Buaiteoirí  (Winners le Brian Friel) presented by Splódar

Dráma a rachaidh go dtí an croí ionat… Heart-wrenching and haunting theatrical experience presented by Splódar. Ceann de mhórshaothair Brian Friel. Friel’s masterpiece is surely the Romeo and Juliet of Irish literature as the illstarred lovers find societal and family pressure too much for them. Mag agus Joe a bhfuil an bás i ndán dóibh. Ach tá níos mó den ghreann agus den scléip sa saothar seo ná mar atá i ndráma Shakespeare. Strangely, this tale of tragedy with hilarious humorous sequences awakens feelings of optimism rather than despair and draws us deftly into the charged and changing world of the young lovers. Experience it in Irish, the language of love. See Neasa Ní Chuanaigh and Iorras Ó Gallachóir as the ill-starred lovers. Hear the beautiful vocal backing of composer Ailie Blunnie and Anúna soprano Aideen Rickard. Dráma cumasach! Dráma den chéad scoth! Bígí ann!

Dráma na Bliana. Léiriú na Bliana!

Seimineáir ag spreagadh daltaí scoile chun na Gaeilge

Deireadh Fómhair 21, 2011

TÁ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineár do dhaltaí meánscoile i Luimneach ar an 22ú Samhain 2011 agus i nDún Garbhán i bPort Láirge ar an 23ú Samhain 2011.

“Buntáiste Breise na Gaeilge” an tainm atá ar na seimineáir agus pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha a phlé. Beidh painéal de mhúinteoirí, ceoltóirí, léachtóirí, lucht spóirt,daoine óna meáin Ghaeilge agus gairmeacha eile a bhaineann leis an nGaeilge i láthair. Labhróidh siad faoina gcuid gairmeacha, an tslí ar éirigh leo é a bhaint amach agus conas a bhí an Ghaeilge ina chabhair leo. Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge iarracht cainteoirí dúchasacha amháin a fháil do gach seimineáir. I ndiaidh na cainte, beidh fáilte ríomh cheisteanna óna daltaí i mBéarla nó Gaeilge.Deir Brígíd Ní Ghríofa ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Ar dtús, cheapamar go mbeadh an tseimineáir dátheangach ach go dtí seo, bhí siad beagnach go hiomlán i nGaeilge.”Scoileanna lán-Béarla den chuid is mó a bhí ann go dtí seo, ní raibh ach Gaelcholáiste amháin i láthair ag an gcuid is mó de na seimineáir go dtí seo. Ag deireadh an deireadh seachtaine seo, beidh 16 seimineár déanta acu agus faoi cheann deireadh na bliana, beidh 120 scoil i ndiaidh freastal ar na seimineáir seo. Deir Brígíd go bhfuair siad anchuid aiseolas dearfach ar na seimineáir. “Níor thuig na daltaí go raibh an oiread sin réimsí ann chun dul leis an nGaeilge. Cheap siad nach raibh ann ach an mhúinteoireacht,” a deir Brígíd. Más múinteoir scoile tú sna ceantair seo agus má tá spéis agat sna seimineáir, tá tuilleadh eolais ar fáil ó Bhrígíd Ní Ghríofa ar 01 6794780 nó brighid@comhdhail.ie

Foinse – Katie McGreal

Una’s chess book up for award

Deireadh Fómhair 20, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ray Mac Mánais, Oideachasóir agus Oirfideach

Deireadh Fómhair 19, 2011

Fear ildánach gan aon agó é Ray Mac Mánais Feirsteach. Aithne mhaith ag lucht freastail imeachtaí cultúrtha na Gaeilge air féin agus ar a chomrádaí i ndeisbhéalaíocht, Joe Lena Ó Dónaill. Iliomad duaiseanna agus gradam bainte acu dá gcuid cumadóireachta d’agallaimh bheirte agus lúibíní gan trácht ar an ngliondar curtha acu ar dhaoine ó cheann ceann thír Éigse na Gaeilge. Tá fosta a cháil féin ar Ray mar oideachasóir agus é ina phríomhoide ar Ghaelscoil Míde na hardchathrach. Fear é a chruthaigh a dhintiúir mar eagraí agus foirgneamh breá athchóirithe na scoile á aimsiú ag Coiste na dTuismitheoirí tar éis dóibh tús na scoile a fhréamhú i seanfhoirgneamh Halla an Bhaile i mBaile Dúill. Tá anois scoil den scoth acu i gceantar an Ghleanntáin Ghlais, i gCill Bharróg, le háiseanna cuí don 236 dalta atá ar an rolla agus don fhoireann aon mhúinteoir déag. Faoi láthair tá Ray ag díriú cuid dá éirime agus tallainne ar chruthú nuachúrsa Gaeilge d’ábhar múinteoirí.

Anois chun cleite eile a chur ina chaipín neamhghnách bhí ina oide Gaeilge ag Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, ó chéadtoghadh í tá ceithre bliana deag ó shin. Fillfimid chun léargas a thabhairt ar na réimsí suime agus taithí saoil seo ar ball.

Is i mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh Ray. Chan le Gaeilge ón chliabhán ach go raibh an teanga bheo i gclann ghaolta ar thaobh a mháthar de. Ní raibh an teanga ar churaclam scoile na Croise Naofa in Ard Eoin ach chuir seanfhondúir, Arthur McGuinness, ranganna Gaeilge ar fáil tar éis am scoile. Thart faoin choirnéal, d’fhéadfá a rá, bhí clann na girsí a bheadh ar ball ina hUachtarán na hÉireann! Agus é ag freastal ar mheánscoil na mBráithre ar Bhóthar a’Ghleanna bhí se tugtha don pheil agus don iomáint, don cheol agus don Ghaeilge. An fheadóg agus an pianó á seinm aige. Beirt mhúinteoirí anseo, An Br. Aidan Quinlan agus an Br. Beausang a spreag é chun drámaí a scríobh do chomórtais an Chumainn Scoldrámaíochta. Ba seo a chéadchothaigh féith na scríbhneoireachta sa stócach óg.

D’fhreastail ar Choláiste Traenála na mBráithre i Muirinne agus tháinig faoi anáil na mBráithre Ó Nuallain agus Ó Cinnsealbha ann. Chaith 3 bliana ag teagasc i ‘mBrunner’ agus ar ball 7 mbliana i Scoil Lorcáin Chill Bharróg. Bhí freastal ar pháistí faoi mhíchumas i gceist anseo in dhá rang agus ghlac sé bliain saor ón teagasc i lar na tréimhse sin go ndearna cúrsa in oiliúint a leithéidí. Saibhriú ina shaol ab ea é seo agus eolaithe ar gach réimse d’fhadhbanna leanaí i gcomhar sa saothar oiliúna. Thuill stiúrthóir an chúrsa seo, Páid McGee, a ardmheas.

An t-aon easnamh a bhí ina shaol ab ea beotheagmháil leis an Ghaeilge. De sheans chonaic fógra san Evening Herald go raibh príomhoide á lorg ag Gaelscoil úrnua ar thuaisceart na cathrach. Chun scéal gasta a dhéanamh de chuir iarratas isteach chuige seo gur ceapadh é ina phríomhoide ar Ghaelscoil Míde sa bhliain 1983 tar éis dó dul faoi agallamh ag Liam Bairéid, Pádraicín Ní Mhaoileoin agus Michéal Ó Fathaigh – triúr fathach go deimhin i gcúrsaí oideachais Gaeilge. Beirt mhúinteoirí eile ar an fhoireann gur mhéadaigh a líon seo ó bhliain go bliain agus go dtáinig ar bord ina measc Joe Ó Dónaill. D’fhás nasc na cruthaíochta agus an charadais eatarthu gur saolaíodh raidhse des na hagallaimh bheirte agus lúibíní a bhí le clú speisialta a thuilleadh dóibh ar ball. Táid beirt ina bhaill d’Aisteoirí Bulfin fosta agus feidhmíonn Ray mar chumadóir agus mar thionlacaí dá gceoldrámaí siúd. Tháinig Gearóid de Mórdha i gcomhar leo gur buan ball de chriú cultúrtha seo Bulfin é ó shoin.

Ní gá a rá ach go bhfuil Gaelscoil Míde féin lán de cheol, idir uirlise, amhránaíochta agus córach.

Chum Ray agus Joe a gcéad agallamh beirte do Chomórtas an Oireachtais sa Daingean sa bhliain 1988 nuair a thug Joe Steve agus Máirín Ó Neachtain an chraobh leo. B’oscailt chluas agus spreagadh meanma do Ray agus Joe scileanna cumadóireachta na gConamarach seo. An bhliain dar gcionn bhi beirt ghaiscíoch Bhulfin sa dara háit sa chomórtas céanna ag Oireachtas Dhún Laoire agus ó shin is mó céad duais atá tógtha abhaile faoina n-ascaill acu. Bhain Ray féin go leor gradam dá amhráin nuachumtha. Bronnadh Gradaim Aitheantais Speisialta an Oireachtais orthu beirt de bharr fheabhas na n-agallamh beirte agus na lúibíní atá cruthaithe acu. Ní beag san!
Ré Ray san Áras

Is le linn an toghcháin d’Uachtarántacht na tíre sa bhliain 1997 a tháinig na hiarrthóirí uile, ar cuireadh an Chathaoirligh, Mícheál Ó Muircheartaigh agus an Phríomhfheidhmeannaigh, Mícheál Ó Gruagáin, ar cuairt chuig ceannáras Bhord na Gaeilge. Gealladh gach tacaíocht ón Bhord chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú don té a cheapfaí ina Uachtarán. Go luath tar éis di bheith ceaptha tháinig glaoch ó Áras an Uachtaráin ag cur in iúl go raibh an tacaíocht sin de dhíth ar Mháire Mhic Giolla Íosa. Tugadh cuireadh do Ray an ‘folúntas’ a líonadh agus tar éis dó dianmhachnamh soicind go leith a dhéanamh bhí sé ceaptha agus seolta ar bhóthar a cuireadh casadh neamhghnách ina shaol. Mhair a chéad chruinniú leis an Uachtarán dhá uair a’ chloig gur roinneadar cuimhní ar dhaoine, ar imeachtaí agus ar go leor leor eile dár bhain lena saol in Ard Eoin! I mBéarla a bhí an comhrá seo uile ach tar éis naoi mí ba í an Ghaeilge, beagán malltriallach, a bhí mar ghléas comhrá eatarthu beirt. Déanann Ray iontas dá cumas agus dá dúthracht chun an chéad smacht sin agus an feabhas leanúnach go líofacht a lean seo a bhaint amach. Dhoimhnigh suim an Uachtaráin sa teanga agus i gcultúr na Gaeilge gur chinn sí freastal ar chúrsaí leanúnacha Gaeilge mar chuid dá saoirí bliantúla. Tá anois ceithre bliana déag caite ag Máire Mhic Giolla Íosa ar chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholmcille agus i mBaile na Finne. Is mó duine a d’fhreastail ar na cúrsaí sin a bhain taitneamh as comhluadar réchúiseach Uachtarán na hÉireann.

Nuair a roghnaigh an bhean uasal go scríobhfaí a beathaisnéis údaraithe i nGaeilge ar dtús, is ar Ray a bhronn sí an dualgas é a scríobh. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh é sa bhliain 2003. Bliain go leith ina dhiaidh sin a chuir Ray an leagan Béarla den scéal eachtrach ar fáil i mBéarla nuair a d’fhoilsigh Brandon ‘The Road From Ardoyne’.

D’fhás cairdeas buan idir Ray agus Jenny (fillfimid ar Jenny ar ball) agus Máire agus Máirtín Mac Giolla Íosa. Tá feabhas beag tagtha ar chumas gailf Ray de bharr na hoiliúna atá faighte aige ó Mháirtín agus feabhas nach beag é ar chumas Gaeilge Mháirtín de bharr na hoiliúna faighte aige ó Ray! Tuigtear do Ray gur duine as an ghnáth ar fad í Máire Mhic Giolla Íosa – í ildánach agus le cumas chun príorachtaí a leagadh amach di féin agus iad a bhaint amach. Léirigh sí chomh maith féin crógacht ina saothrú seo. “Níl,” a deir sé, “teorann lena cumais”.

Tar éis di sos a ghlacadh beidh an saoránach Máire Mhic Giolla Íosa ag déanamh dianstaidéir ar Dhlí Canónach na hEaglaise. Is spéis léi go háirithe a creideamh Caitliceach agus na dúshláin mhóra atá roimhe sa lá inniu. Beidh sí, dá bharr san, ag caitheamh sealanna staidéir in Ollscoil Ghreagóireach na Róimhe. Ní bheidh sí, bí cinnte, díomhaoin.

Ceol a thóg Jenny Hyland agus Ray Mac Manáis le chéile don chéad uair. Bhí Sean Creamer, saoi Chantairí Avondale, i bponc agus dordghuth in easnamh roimh don chór páirt a ghlacadh sa chomórtas Pan-Ceilt i gCill Airne sa bhliain 1974. Thoiligh Ray an ghuthbhearna a líonadh. Ansan iarradh air cúram breise a ghlacadh air féin mar go raibh ball den chór á bhodhrú ag an té a bhí ina shuí taobh léi sa bhus. An mbeadh Ray sásta suí taobh leis an bhean óg folt-órgach tar éis an chéad bhriseadh san aistear. Seans go ndearna sé leathshoicind de mhachnamh gur thoiligh! Shuigh isteach taobh le Jenny agus táid anois pósta le 33 bliana. Beirt clainne orthu – Aoife ina múinteoir i nGaelscoil Lios na nÓg, í lán de cheol agus seal caite aici ag saothrú ar mhaithe leo siúd a mhaireann ar éigin ar an imeall in Ghana. Tá Colm ag obair le Aergrid agus ceolann an giotár go hoilte. É tugtha don spórt fosta – an tonnmharcaíocht go háirithe. Saol teaghlaigh beo beathach gan dabht i dtigh Mhic Mhánais! Go maire sé féin agus Jenny na blianta fada go sona agus go beocheolmhar le chéile.

Spléachadh atá tugtha agam díobh anseo ar shaol Ray Mhic Mhánais. Is féidir blaiseadh beo dá chuid cumadóireachta a éisteacht agus é i ndianagallaimh le Joe nó Gearóid ach Ray Mac Mánais a Ghoogleáil.

 

Saol, Agallamh na Míosa

Deiseanna Fostaíochta le Gaeilge faoi chaibidil san Iarthuaisceart

Deireadh Fómhair 18, 2011

Ag dhá ócáid spreagúla spleodracha i gCora Droma Rúisc agus i gCarraig Mhachaire Rois seachtain ó shin, labhair aoichainteoirí atá ag obair i réimsí éagsúla oibre trí Ghaeilge le suas le 500 dalta meánscoile faoin mbuntáiste breise a thug an Ghaeilge dóibh agus iad ag dul i mbun a ngairmeacha beatha.

Ag slua mór i gCora Droma Rúisc i gContae Liatroma labhair Mícheál Ó Domhnaill, fear  atá ina láithreoir Seó Spóirt ar TG4 agus a bhunaigh an comhlacht Omedia a dhéanann cláir theilifíse a léiriú leis an mbreis is 300 scoláire a bhí i láthair.

Thug Micheál léargas ar na buntáistí a bhí aige go raibh Gaeilge agus Spáinnis aige rud a chabhraigh go hollmhór leis ina shaol gairmiúil sna meáin chumarsáide.

Labhair an craoltóir cumasach Barbara Nic Dhonnacha bean óg ata tar éis gradam PPI Craoltóir Ceoil na bliana 2011 a chrochadh léi le déanaí. Rinne Barbara cur síos cuimsitheach ar an bpost an-suimiúil atá aici ag cur i láthair clár dátheangach ‘Ar Éileamh’ ar iRadio.

Cúrsaí aistriúcháin, drámaíochta, cultúir agus ceoil thraidisiúnta a bhí faoi chaibidil ag Freda Nic Giolla Chatháin as Contae na hIarmhí.  Chuir Freda síos ar na réimsí éagsúla oibre a dtugann an Ghaeilge deis dí tabhairt fúthu.

Rinne Ciarán Mac an Bhaird fear atá ina léachtóir le Gnó agus Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath cur síos ar na bealaí ar shealbhaigh seisean an teanga sa Ghalltacht agus ar chúrsaí oideachais agus na deiseanna fostaíochta iontacha atá amuigh ansin.  Chuir sé in iúl don lucht éisteachta gur buntáiste iontach í an Ghaeilge agus is cuma cén áit sa domhan ina bhfuil tú.

Phléigh Rossa Ó Snodaigh cúrsaí Gaeilge sa phobal agus chuir sé síos ar an mbuntáiste a thug an Ghaeilge dó siúd agus é ag taisteal an domhain ag seinm ceoil leis an mbanna ceoil clúiteach Kíla.  Dúirt Rossa leis na daltaí a bheith bródúil as an teanga agus chuir sé in iúl dóibh gur a bhuíochas leosan é má bhíonn an Ghaeilge beo sa bhliain 2050.
I gCarraig Mhachaire Rois ar an gCéadaoin bhí painéal d’aoichainteoirí den scoth ag cur síos ar an nGaeilge ina gcuid gairmeacha beatha. Ina measc bhí Gráinne McElwain  as Baile Átha an Fhóid in aice leis an Bhoth i gCo. Mhuineacháin.

Thug Gráinne léargas iontach ar a post spéisiúil mar thuairisceoir ar an tsraith rugbaí Magners agus ar na cláir Health Squad, Seó Spóirt ar TG4 agus Loach Gael. Thug sí comhairle don lucht éisteachta maidir le post a shealbhú san earnáil.

Thug Réamonn Ó Ciaráin as Ard Mhacha osradharc cuimsitheach ar na slite beatha éagsúla ar féidir iad a bhaint amach má chuireann tú spéis sa Ghaeilge, agus na cúrsaí tríú leibhéal ábhartha do na slite beatha sin. Thug sé cuntas ar an réimse difriúil oibre a bhíonn ar siúl aige mar Bhainisteoir Réigiúnach i gCúige Uladh le Gael Linn.

Léirigh na haoichainteoirí go léir do na daltaí a bhí i láthair, nach gá gurb as an nGaeltacht thú chun gairm bheatha a bhaint amach i saol na Gaeilge.

Rinne Carmel Uí Chiosóg Mhic Gabhann, leabharlannaí i Leabharlann Cheannais Mhic Sheáin i gCo an Chabháin cur síos iontach ar na dúshláin a bhain le Gaelscoil Bhreifne a bhunú sa chontae i lár na nóchaidí, Thug sí léargas iontach ar an mbealach a n-úsáideann sise a cuid Gaeilge ag cur chun cinn imeachtaí pobail agus ag eagrú féilte agus imeachtaí dála Fhleadh Ceoil na hÉireann in áit nach bhfuil an teanga le cloisteáil go forleathan ar bhonn laethúil.

Mar chuid den seimineár cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí a bhí i láthair agus tugadh cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt, le seisiún ceisteanna agus freagraí.
Comhghairdeas le Gráinne Carty ó Phobalscoil Naomh Attracta a bhain amach an duais mhór de €425 – scoláireacht Ghael Linn de bharr an cheist is fearr a chur le linn an tseimineáir i gCora Droma Rúisc agus le Fionnuala Ní Chathmhaoil ó Choláiste Oiriall a bhain amach €425 de scoláireacht Gael Linn i gCarraig Mhachaire Rois.

Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a eagraíonn an seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, agus faoi dheireadh na bliana seo beidh sé cinn déag de na seimineáir seo eagraithe agus freastal déanta ar suas le 4,300 dalta scoile ó gach cearn den tír orthu.

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fíorbhuíoch de Gael Linn, Coláiste Uisce, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Scoil Surfáil Freedom i bPort Láirge a dhéanann urraíocht ar na duaiseanna do na seimineáir seo.
Beidh trí sheimineár eile á reáchtáil ag an gComhdháil idir seo agus deireadh na bliana:
Déardaoin, 17 Samhain 2011- Coláiste Feirste i mBéal Feiste
Dé Máirt 22 Samhain 2011 – Ionad: Óstán An Strand i gCathair Luimnigh
Dé Céadaoin, 23 Samhain 2011 – Óstán na Páirce i nDún Garbhán, Co. Phort Láirge

Más múinteoir scoile tú sna ceantair nó in aice leis na ceantair seo agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár déan teagmháil go luath le Brígíd ag 01 679 4780 / brighid@comhdhail.ie
Tá tuilleadh eolais faoi na seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge ar fáil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Gaelport.com/bbnag.

Next Page »