Ná Díoladh Leanaí as – Cosain an Bunoideachas
Meán Fómhair 4, 2013
Tháinig An Chomhghuaillíocht Náisiúnta don Bhunoideachas, a chuimsíonn na comhpháirtithe bunscoile uile, le chéile chun iarraidh ar an Rialtas stop a chur le ciorruithe breise ar an mbunoideachas i gCáinaisnéis na bliana seo. Creideann An Chomhghuaillíocht gur ionsaí díreach ar leanaí agus ar a gcearta bunreachtúla ar oideachas bunscoile aon iarrracht ciorruithe breise a chur i bhfeidhm ar an mbunoideachas. Ní ceart go gcuirfear iachall ar leanaí an lae inniu agus amárach díol as trioblóidí nó géarchéim eacnamaíochta na tíre seo.
Impíonn An Chomhghuaillíocht ar an Rialtas tosaíocht a thabhairt don bhunoideachas. Tá tábhacht leis an mbunoideachas chun go mbeadh rath ar an tír arís. Conas is féidir le scoileanna an ghlúin reatha a ullmhú don todhchaí má bhaintear acmhainní ríthábhachtacha díobh? Droch luach ar airgead iad na ciorruithe ar an mbunoideachas – cinneadh gearr-radharcach a dhéanfaidh an-dochar do shochaí na hÉireann.
Iarrann An Chomhghuaillíocht ar phobal na scoile teagmháil a dhéanamh leis na Teachtaí Dala áitiúla agus a iarraidh orthu cosaint a thabhairt don bhunoideachas. Sheol an Chomhghuaillíocht cártaí poist, ar féidir iad a sheoladh chuig na Teachtaí Dála, chuig gach scoil le go ndáilfear na cártaí ar gach teaghlach maraon le liosta na dTeachtaí Dála áitiúla, ar féidir na cártaí a sheoladh chucu.
Iarrann An Chomhghuaillíocht Náisiúnta ar scoileanna, ar mhúinteoirí, ar thuismitheoirí, ar phobail scoile agus ar mhuintir na hÉireann, seasamh le chéile, cur in aghaidh na gciorraithe agus an bunoideachas a chosaint ar mhaithe lenár leanaí.
Is iad seo a leanas baill na comhghuaillíochta: An Foras Pátrúnachta, CPSMA, Eaglais na hÉireann, Educate Together, GAELSCOILEANNA TEO., IPPN, INTO, NABMSE, NPC.
Is féidir an cárta poist a íoslódáil anseo: Cárta Poist 2013
Ráiteas GAELSCOILEANNA TEO. maidir leis an nDréachtbhille do Ligean Isteach ar Scoil
Meán Fómhair 3, 2013
Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhoilsiú an dréacht-bhille rollacháin scoile do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Ar an 2 Meán Fómhair 2013 d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, dréachtscéim Ghinearálta do Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil), 2013 mar aon le dréachtrialacháin chun a bpléite sula n-achtófar an reachtaíocht.
Is mian le GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór a ghabháil le gach scoil agus le gach duine a chabhraigh lena bhfeachtas sainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint. Léiríonn an dréacht-bhille dea-thoradh an fheachtais sin sa mhéid is nach mbeidh bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge, ná go mbeidh bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do ghaelscoileanna mar scoileanna friothálacha.
Faoin rialachán nua:
- Ní ligfí do scoileanna iarratais ar ligean isteach a ghlacadh roimh 1ú Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an rollaithe ach go gceadófaí tréimhse níos faide ná sin i gcás scoileanna cónaithe.
- Bheadh sé ar chumas an Aire a rialú nach ceadaithe táillí iontrála ar bith a iarraidh nó a ghearradh mar choinníoll le hiarratas a dhéanamh ar ligean isteach ar scoil.
- Ní bheadh scoileanna in ann agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú.
- Áit gur féidir le scoileanna a chruthú go bhfuil liostaí feithimh ar bun acu, is féidir, de mhaolú air sin, ligint dóibh na liostaí sin a ghlanadh thar thréimhse roinnt blianta.
- Ligfear do scoileanna tús áite a thabhairt d’iarratasóir gur siblín é/í le mac léinn nó iarmhac léinn de chuid na scoile.
- Déileálfar le hachomhairc ag leibhéal na scoile.
Aithníonn GAELSCOILEANNA TEO. go bhfuil tuiscint léirithe sa dréacht bhille seo ar riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge leis an mbunchosaint atá ann don sainmheon teanga sa phróiseas iontrála. Is ábhar imní é áfach i gcás scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu go mbeidh bac orthu agallamh a chur ar thuismitheoirí, modh oibre atá ag roinnt scoileanna chun cumas agus nósmhaireacht teanga clainne a thomhais. Dúshlán an-mhór eile atá sonraithe sa dréachtbhille ná go mbeidh bac ar thosaíocht a thabhairt don fhreastal ar réamhscoil / naíonra. Aithnítear sa teoiric agus sa chleachtas go bhfuil fíor-thábhacht leis an luath-thumadh sa Ghaeilge sa naíonra mar ullmhúchán don bhunscoil lán-Ghaeilge, agus leagann an-chuid bunscoileanna lán-Ghaeilge an-bhéim ar an eispéireas foghlama seo sa pholasaí rollacháin.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. “táimid ag súil le dul i ngleic anois leis an bpróiseas comhairliúcháin faoi impleachtaí na mbeart atá molta. Táimid ag fanacht ar dháta le dul os chomhair an Chomhchoiste Oideachais agus tuigtear dúinn go dtarlóidh sé laistigh de cúpla seachtain. Idir an dá linn fáilteoimid roimh thuairimí na scoileanna maidir leis na himpleachtaí praiticiúla lena mbaineann”.
Grianghriaf ón gcéad lá scoile sna bunscoileanna nua!
Lúnasa 30, 2013
Comhghairdeas le foireann, daltaí, tuismitheoirí agus lucht tacaíochta na mbunscoileanna nua a d’oscail an tseachtain seo. Guíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath oraibh do na todchaí agus beimid ann le tacú libh gach céim den slí. Tá grianghraif álainn ag pátrún na scoileanna, An Foras Pátrúnachta, den chéad lá scoile ar Facebook.
FNT ar lorg breis teagascóirí le cur le painéal teagascóra na heagraíochta
Lúnasa 28, 2013
Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag iarraidh cur le painéal teagascóirí na heagraíochta fud fad na tíre faoi na réimsí seo a leanas:
- Sraith Seimineár NUA Céimeanna Móra (Pleanáil Teanga (Céimeanna Beaga), Ardchaighdeán (Sárshaothar sa Naíonra) & Breathnóireacht ar Shealbhú Teanga (Scéim Phíolótach FNT) sa Naíonra
- Sraith Seimineár: Aistrithe ón Naíonra go dtí an Gaelscoil
- Sraith Seimineár: Réamhlitearthacht & réamhuimhearthacht sa Naíonra
- Sraith Seimineár: Tábhacht an tSúgartha sa Naíonra
- Sraith Seimineár ar aon cheann de na Téamaí indibhidiúla Aistear:
- Folláine agus Leas, Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid, Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht.
- Sraith Seimineár ar aon cheann de na Caighdeáin indibhidiúla Síolta:
- Cearta an Pháiste, Timpeallachtaí, Tuismitheoirí agus Teaghlaigh, Comhairliúchán, Idirghníomhartha, Súgradh, Curaclam, Pleanáil agus Meastóireacht, Sláinte agus Leas, Eagrú, Cleachtas Gairmiúil, Cumarsáid, Aistrithe, Féiniúlacht agus Muintearas, Reachtaíocht agus Rialú, Rannpháirtíocht an Phobail.
- Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra (aon cheann acu seo thíos)
- An Luaththumadh & Sealbhú na Gaeilge
- Puipéid & Scéalaíocht sa Naíonra
- Ceol agus Gluaiseacht
- Pleanáil lae an Naíonra
- Clár Bliana an Naíonra
- Drámaíocht sa Naíonra
- Sábháilteacht sa Naíonra
- Gaineamh agus Uisce
- Ag Réiteach Fadhbanna
- An Cúinne Ealaíne Cruthaitheach
- Céimeanna Beaga
- Spraoi Lasmuigh agus An Dúlra Laistigh
- Fáilte agus Aidhmeanna an Chúrsa
- Ról an Naíonra i gCothú na Gaeilge sa Bhaile agus sa Phobal
- Leanúnachas ón Naíonra go dtí an Ghaelscoil
- Sárshaothar sa Naíonra – Clár d’Ardchaighdeán
- Tábhacht an tSúgartha
- Cúrsa Chéimeanna Beaga (Bunchúrsa Gaeilge Fheidhmeach d’oibrithe Naíonra)
- Ceardlann Chruinnis sa Ghaeilge (dírithe ar chúrsaí cruinnis agus scríobh na Gaeilge).
- Cúrsa Athnuachana Garchabhrach
- Cúrsa sa Gharchabhair oibre (ag plé Naíonra)
- Cúrsa BunGhaeilge do Thuismitheoirí / d’Fheighlithe Leanaí.
Más spéis leat spás ar phainéal teagascóra FNT seol do Churaclam Vitae chugainn ag sean@naionrai.ie. Breis eolais ar fáil ó Sheáin ag 01-8535142.
Eagraíonn FNT ár gcúrsaí go léir trí Ghaeilge agus beidh an cinneadh deiridh ag FNT maidir le rith aon cheann de na cúrsaí oiliúna seo.
Trí Ghaelscoil nua le hoscailt ag an bhForas Pátrúnachta
Lúnasa 28, 2013
Cuirfidh na príomhoidí ar trí Ghaelscoil nua atá faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta, fáilte roimh a gcéad daltaí amárach (29 Lúnasa).
Is scoileanna Ilchreidmheacha iad Gaelscoil na Giúise i dTeach na Giúise, Gaelscoil Shliabh Rua sa Chéim agus Gaelscoil Mhic Aodha i mBaile Chill Dara. Tosóidh siad amach le naíonáin bheaga amháin i mbliana. Creidtear go dtiocfaidh fás agus forbairt ar na Gaelscoileanna nua seo go tapaidh.
I mí an Mhárta 2012, d’aithin an Roinn Oideachais an t-éileamh ar Ghaeloideachais sna ceantair seo agus fógraíodh go n-osclófaí Gaelscoil faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta iontu. Tá na hullmhúcháin do na scoileanna nua seo ar bun ó shin agus tá na príomhoidí nua ar bís faoin mbliain atá rompu.
“Léiríonn bunú na scoileanna nua seo an t-éileamh atá ar scoileanna lán-Ghaeilge atá Ilchreidmheach agus ilchultúrtha,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta.
“Cuireann sé ríméad ar an bhForas Pátrúnachta a bheith in ann freastal ar na tuismitheoirí agus ar na daltaí seo trí scoileanna agus oideachas den scoth a sholáthar. Cinntíonn scoileanna an Fhorais fás, forbairt agus leathnú na teanga ní hamháin i measc daltaí agus pobal na scoile ach i measc pobal iomlán an cheantair.”
Tá Fionnuala Ní Riain, príomhoide ar Ghaelscoil na Giúise, ag súil le ré nua Ghaeilge a chothú i dTeach na Giúise. Dar le Conchur Ó Raghallaigh, príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua, tá an tsuim sa Ghaeilge agus sa chultúr sa Chéim ag méadú.
“Is é Gaelscoil Shliabh Rua an dara Gaelscoil i mBaile Átha Cliath 18,” a dúirt sé. “Táim ag súil le bheith ag obair le Gaelscoil Thaobh na Coille chun an grá don teanga atá sa cheantar seo a fhorbairt tuilleadh.”
Tá Norma Ní Chonchúir, príomhoide Ghaelscoil Mhic Aodha, an-bhródúil as an éacht atá bainte amach ag pobal na scoile i mBaile Chill Dara cheana féin.
“Tá tuismitheoirí na scoile tar éis an-tacaíocht a thabhairt dom. Tá éide scoile álainn socraithe acu agus suaitheantas na scoile deartha acu. Táimid ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn.”
Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:
Orla Bradshaw :: orla@foras.ie :: 01-6294110
Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. Tá An Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach /Protastúnach) acu.
Folúntais i scoileanna atá faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta
Iúil 17, 2013
Tá leathanach nua ar shuíomh idirlín an Fhorais ar a bhfógrófar folúntais i scoileanna faoina bpátrúnacht amach anseo, agus tá liosta de na folúntais reatha sonraithe ann de réir contae. Féach www.foras.ie/vacancies
Forbairt na Ceannasaíochta sa bhunscoil lán-Ghaeilge –Comhdháil uile Éireann
Iúil 16, 2013
Tá comhdháil oiliúna 2 lá ar Forbairt na Ceannasaíochta sa Bhunscoil lán-Ghaeilge á reáchtáil ag an gCoiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas (CSTT) ar an gCéadaoin agus Déardaoin, 9-10 Deireadh Fómhair, 2013. Beidh sé ar siúl san Óstán Louis Fitzgerald Crois an Fhearainn Nua, Baile Átha Cliath. http://www.louisfitzgeraldhotel.com/
Cuirfear sólaistí, lón agus dinnéar ar fáil le linn na comhdhála. Beidh costas lóistín amháin i gceist do rannpháirtithe (ag ráta íslithe san óstán).
Eolas: Bileog Eolais
Clárú: oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 853 5195 roimh Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2013
Rannpháirtithe: Príomhoidí/leasphríomhoide ó gach bunscoil lán-Ghaeilge ar bhonn 32 contae, Gaeltacht san áireamh mar aon le príomhoidí agus comhordaitheoirí na nAonad: Cuirfear áiseanna comhuaineacha ar fáil do phríomhoidí na nAonad.
Aonach: Beidh seastáin ann ó 15.30-19.30 ar an 9 Deireadh Fómhair mar cuid den Comhdháil, le comhlachtaí agus eagraíochtaí a chuireann áiseanna agus seirbhísí ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. Tá fáilte roimh rannpháirtithe na comhdhála agus mórphobal na scoileanna cuairt a thabhairt ar na seastáin, ní bheidh aon táille iontrála i gceist agus is deis iontach é d’fhoireann na scoile agus tuismitheoirí léargas a fháil ar a bhfuil á chur ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge.
Clár na Comhdhála:
• Ról na gCeannasaithe sa Scoil Lán-Ghaeilge
• Tarmligean dualgais – foireann bhainistíochta agus foireann iomlán
• Forbairt na meán-cheannasaíochta le róil agus freagrachtaí soiléire
• Ag cinntiú Ardchaighdeán Oideachais
• Ionduchtú agus meántóireacht do mhúinteoirí nua
• Forbairt Ghairmiúil an Mhúinteora
• Measúnú Uile Scoile agus Féinmheasúnú i dtreo barr fheabhais: tábhacht, impleachtaí agus feidhmiú éifeachtach
• Ceannasaíocht Teanga Shóisialta / Chumarsáide na scoile
• Polasaí na Gaeilge / sainmheon teanga na scoile a chaomhnú
• Cruinneas na bpáistí / na múinteoirí / na foirne
• Gaeilge sa chlós / lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil
• Pleanáil uile scoile (cúrsaí curaclaim san áireamh)
• Cur chuige an tumoideachais
• Léitheoireacht an Bhéarla agus na Gaeilge sa scoil lán-Ghaeilge
• Ag Cothú Cultúir Dearfaigh
• Gaol a chothú idir an scoil agus an scoilphobal / mórphobal
• Cur chuige cumarsáide le páirtithe éagsúla
• Comhoibriú idir scoileanna
Tuilleadh eolais:
Bláthnaid ní Ghréacháin, Cathaoirleach, An Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas.
blathnaid@gaelscoileanna.ie
Teil: 01 8535190 / 086 8050335
http://www.gaelscoileanna.ie/ie/about/cstt/
Nóta don eagarthóir
Bunaíodh an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas sa bhliain 2009 chun an gaeloideachas mar shainábhar a fhorbairt agus a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann. Tá an Coiste comhdhéanta de:
• Altram
• An Foras Pátrúnachta
• An Roinn Oideachais, Tuaisceart Éireann
• COGG
• Comhairle na Gaelscolaíochta
• Comhar na Múinteoirí Gaeilge
• Comhar na Naíonraí Gaeltachta
• Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
• Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
• Foras na Gaeilge
• Forbairt Naíonraí Teoranta
• Gaelscoileanna Teoranta
• Iontaobhas na Gaelscolaíochta
Cinneadh glactha maidir le bunmhaoiniú Earnáil dheonach na Gaeilge
Iúil 10, 2013
Glacadh cinneadh críochnaitheach maidir le socruithe nua maoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a tionóladh in Ard Mhacha inniu, 10 Iúil 2013.
Tugadh treoir d’Fhoras na Gaeilge ag cruinniú CATT i mí Márta na bliana seo pleananna a chur chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach; samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí.
Tá beartaithe anois, bunaithe ar mhúnla nua maoinithe curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge le bliain anuas, go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin:
- Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
- Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
- Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta
- Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
- Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht
- Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga
Mar aon leis na réimsí luaite a chuirfear chun cinn faoin bpróiseas nua, bunófar córas nua maoinithe do raidió pobail ó Thuaidh agus ó Dheas trí scéim raidió pobal a fhorbairt. Leanfar freisin le maoiniú a chur ar fáil do sholáthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire , Béal Feirste.
Tá molta ag CATT go mbunófar fóram comhpháirtíochta uile oileáin de cheannasaithe na 6 eagras ceannais a bheidh freagrach as plean straitéise agus cur chuige na hearnála ar bhonn comhoibrithe.
Anuas air sin, bunófar fóram forbartha teanga comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, a bheidh ag tuairisciú don fhóram comhpháirtíochta maidir le hobair na hEarnála ag leibhéal an phobail.
Ag cruinniú den CATT i mí Márta na bliana seo, d’aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha don naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013 agus tá beartaithe go leanfar leis sin anois go mí Iúil 2014 nuair a thiocfaidh an múnla nua i bhfeidhm.
Ag labhairt dó faoi chinneadh na CATT inniu, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisúnta na Gaeilge “Tar éis cúig bliain d’éiginnteacht, is beag eolais bhreise atá faighte again inniu, ó tharla gurb iad seo na réimsí céanna atá á bplé againn le Foras na Gaeilge le píosa fada. Ní thuigtear go fóill conas mar a nascóidh an cinneadh seo isteach leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, nó cén bhunús pleanála teanga atá laistiar de.”
Deir De Barra: “Tá cruinnithe téamacha socraithe idir na heagrais agus Foras na Gaeilge don tseachtain seo chugainn, agus tá súil againn go mbeidh tuilleadh eolais maidir leis an struchtúr nua ar fáil ag an bpointe sin. Ó tharla nach bhfuilimid ar an eolas faoin ollphlean atá laistiar den mhúnla nua seo, ní léir dúinn go fóill cén buntáistí a bhainfeadh le heagrais Ghaeilge a chur in iomaíocht lena chéile nó cén chaoi an mbeidh sé sin chun leas na teanga.”
Foilsithe ar Gaelport.com
Éilíonn Scoil Chaitlín Maude, Tamhlacht, foirgneamh scoile
Meitheamh 11, 2013
Tá oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil ag Scoil Chaitlín Maude do phobal Iar Thamhlachta le 28 bliain anuas. In ainneoin sin, níl a foirgneamh féin ag an scoil. Tá oideachas curtha ar na céadta páistí ó bunaíodh í i 1985. Tá an scoil ag fás i gcónaí agus ní féidir léi freastal ar an éileamh d’áiteanna.
Bhog an scoil go Cnoc Mhuire i 1990. Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna le fios don scoil gur socrú sealadach a bheadh ann agus go mbeadh foirgneamh buan ar fáil i gCnoc Mhuire tar éis tamall. Níor tharla sé sin áfach, agus de réir mar a d’fhás an scoil cuireadh seomraí sealadacha réamhdhéanta ar fáil. Tá droch-chaoi ar na seomraí sin anois agus ba cheart iad a leagadh. Tá siad go hiomlán mí-oiriúnach, mí-shásúil agus mí-shláintiúil.
Bhí sé soiléir ó 2010 i leith nach gcuirfí suíomh buan ar fáil don scoil i gCnoc Mhuire. Tá an scoil i mbun comhráití leanúnacha leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus le Comhairle Chontae Átha Cliath Theas ó shin chun suíomh buan a aimsiú. Tá gach duine ar aon intinn go bhfuil foirgneamh buan ar shuíomh buan ag teastáil ach tá na comhráití seo ag dul ar aghaidh gan toradh. Tá géarchéim cóiríochta ag an scoil anois. B’fhéidir go mbeidh ar an scoil seomraí ranga a fháil ar chíos ar shuíomh 2km ón scoil agus an scoil a roinnt that thrí shuíomh. Is cúis imní é seo do thuismitheoirí, do mhúinteoirí agus do phobal uile na scoile.
Beidh ionadaithe ó phobal na scoile os comhair oifigí na Roinne Oideachais agus Scileanna ar Shráid Maolbhríde (Marlborough St) ar 14.30 ar an gCéadaoin, 12 Meitheamh, chun éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, an fhreagracht a ghlacadh ar deireadh as suíomh buan a fháil don scoil tar éis 28 bliain.
Tacaíocht á lorg ag an bhForas Pátrúnachta do Ghaelscoil nua i nDumhach Trá / An Rinn
Meitheamh 11, 2013
Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh bunscoil nua le hoscailt i gceantar Dumhach Trá/An Rinn i Meán Fómhair 2014. Is é An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an Foras Pátrúnachta ag iarraidh freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar seo agus chuige sin, tá sé ag déanamh iarratais ar phátrúnacht na scoile nua. Teastaíonn tacaíocht an phobail áfach.
Is é An Foras Pátrúnachta an t-aon phátrún a bunaíodh chun oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn. Bíonn An Foras Pátrúnachta obair go tréan chun tacaíocht a thabhairt don 67 scoil atá faoina phátrúnacht cheana féin agus chun scoileanna nua a bhunú.
Roghnaíonn tuismitheoirí Gaelscoil dá bpáistí toisc go bhfaigheann siad oideachas den scoth ann. Léiríonn an taighde atá déanta ar oideachas dátheangach:
• Go n-éiríonn níos fearr leis na páistí go hacadúil
• Go mbíonn sé níos éasca orthu an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim
• Go mbaineann siad torthaí nós fearr amach i mBéarla agus sa Mhatamaitic.
Tabharfar léargas iomlán don phobal ar na buntáistí a bhaineann le hoideachas lán-Ghaeilge ag an gcruinniú seo. Beidh fáilte roimh chách.
Tá tuilleadh eolais faoin bhForas Pátrúnachta ar fáil ar a shuíomh idirlín, www.foras.ie . Is féidir foirm léiriú spéise, atá ar fáil ar a shuíomh idirlín, a líonadh isteach chun do thacaíocht do Ghaelscoil nua sa cheantar seo a léiriú.
Tuilleadh eolais:
Orla Bradshaw
An Foras Pátrúnachta
eolas@foras.ie
01-6294110