An doras druidte ar Scoil Mhín na Manrach
Meitheamh 27, 2012
Agus bunscoileanna na tíre ag druidim do shaoire an tsamhraidh ar an aimsir seo, ní ríméad ach briseadh croí atá i ndán do dhaltaí agus a dtuismitheoirí i mBunscoil Mhín na Manrach nach mbeidh ag filleadh ar an scoil sin san fhómhar.
Tar éis os cionn céad bliain ar an bhfód, dúnadh doirse na scoile sna Rosa den uair dheiridh. Bhí líon na ndaltaí sa scoil tite chomh mór sin gur chinn an Roinn Oideachais agus Scileanna gur gá an scoil a dhúnadh.
An tseachtain seo caite agus an scoil á dúnadh, cúigear a bhí cláraithe ar rolla na scoile. Astu sin, bhí daltaí i rang na naíonán mór, i rang a haon, rang a dó agus rang a cúig. Múinteoir amháin, príomhoide na scoile, Bernadette Ní Dhuibhir, a bhí i bhfeighil na ranganna sin go léir, agus b’éigean do Choiste Bainistíochta na scoile Rúnaí Scoile a cheapadh go lánama ionas go mbeadh beirt daoine fásta ar an láthair, ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Astu sin a bhí cláraithe ar rolla na scoile ar lá druidte an dorais, bhí cuid acu ar an tríú glúin ó roinnt teaghlach a d’fhreastail ar an scoil.
Sa bhliain 2008, caitheadh €400,000 ar fhorbairtí ar fhoirgneamh na scoile atá suite i gceantar fíor-álainn i measc na gcnoc. Bhí an scoil cóirithe go maith le trealamh, spás, áiseanna agus acmhainní den chéad scoth ar fáil do suas le 60 gasúr, le cláir bhána idirghníomhacha, agus breis agus dhá ríomhaire dhéag.
Tá cainteanna ar siúl faoi láthair ag Coiste Bainistíochta na Scoile i dtaobh cónascadh a shocrú le Scoil Chróine, scoil atá 8km ar shiúl ó láthair Scoil Mhín na Manrach, agus atá sa pharóiste céanna, paróiste an Chlocháin Léith. Tá tuairim is 270 gasúr ag freastal ar an scoil sin, agus tá príomhoide agus deichniúir múinteoirí ar an bhfoireann.
Cé gur trí mheán na Gaeilge a bhí gasúr Scoil Mhín na Manrach ag foghlaim go dtí seo, is cosúil nach ionann polasaí Gaeilge na scoile sin, agus an nósmhaireacht teanga atá ar fáil i scoil mhór an pharóiste, Scoil Chróine, áit nach cainteoirí dúchais Gaeilge iad cuid mhór de na daltaí.
Deir Bernadette Ní Dhuibhir, Príomhoide na scoile, go raibh an scoil seo “mar chuisle croí an phobail – tá an pobal thart timpeall ar an scoil in ísle brí nach mbeidh futa fata na bpáistí le cloisteáil i gclós na scoile am sosa riamh arís”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Maoiniú €300,000 ceadaithe don Ghaeltacht
Meitheamh 26, 2012
Fógraíodh le déanaí go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta €300,000 san iomlán ar fáil mar mhaoiniú do thionscadail Ghaeltachta sna míonna romhainn.
Freastalóidh an maoiniú ar cheantair Ghaeltachta éagsúla i nGaillimh, i gCiarraí agus i gContae Mhaigh Eo.
Rachaidh an t-airgead go mór i bhfeidhm ar na 6 thionscadal ar leith a d’fhógair an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich le linn mhí an Mheithimh.
Tá an t-airgead curtha ar fáil do réimse leathan tionscadal, idir chinn reatha agus chinn nua.
Na figiúirí agus na tionscadail
Tá maoiniú dar luach €110,000 ceadaithe ag an Aire do Ghaelacadamh an Spidéil, a thacóidh leis an dul chun cinn atá á dhéanamh sa Ghaelacadamh ó thaobh an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta de sa cheantar Gaeltachta.
Tá €100,000 soláthartha ag an Roinn do Chumann Lúthchleas Gael – Chomhairle Chonnacht mar chúnamh costais don scéim oiliúna peile agus liathróid láimhe atá á reáchtáil faoi láthair i scoileanna Chonamara. Tugann an scéim deis do dhaoine óga na Gaeltachta an teanga a úsáid go spraoiúil le linn shaol na scoile.
Gheobhaidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne €35,000 lena chomhordaitheoir Gaeilge reatha a fhostú agus a choinneáil mar fhreastalaí ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.
Ceadaíodh €29,000 d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – An Deisceart mar chúnamh tuarastail don teiripeoir urlabhra agus teanga Gaeilge a fhreastalaíonn ar phobal Chorca Dhuibhne faoi láthair.
Tabharfar deontas €15,000 do Chomhairle Contae na Gaillimhe mar chúnamh don fhoscadán nua a thógfar ag Cé an Chloiginn a fhreastalóidh ar mhuintir Inis Bó Finne.
Ceadaíodh €10,000 d’obair bheag athchóirithe i gColáíste uisce i gcontae Mhaigh Eo agus mar chúnamh dóibh fearas spóirt uisce a cheannach. €300,000 funding for An Ghaeltacht
Foilsithe ar Gaelport.com
Ionad Cúraim Leanaí de luach €1 mhilliúin oscailte go hoifigiúil i gCarna
Meitheamh 26, 2012
Ba le hinfheistíocht de €1 mhilliún maoinithe ag Pobal agus Údarás na Gaeltachta a rinneadh forbairt ar Ionad Cúraim Leanaí úr i gCarna a osclaíodh go hoifigiúil ar 18 Meitheamh.
“Níl aon dabht go bhfuil ról criticiúil ag an ionad seo i dtaobh soláthar seirbhísí agus áiseanna réamhscolaíochta agus iarscoile Gaeilge”, a dúirt an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley agus é ag oscailt an Ionaid go hoifigiúil.
Bhí ról lárnach ag Forbairt Chonamara Láir Teo i dul chun cinn an Ionaid ó cuireadh tús leis an togra.
Tá thart ar 40 páiste ag freastal ar naíonra, naíolann agus ar sheirbhís iarscoile an Ionaid agus anuas ar ghnáthfheidhmiúchán an Ionaid cuirtear seirbhísí éagsúla ar fáil don cheantar Gaeltachta sa tslí go bhfeidhmíonn an tIonad mar spás le haghaidh grúpaí spraoi mar aon le campaí samhraidh.
Tá ochtar fostaithe san Ionad agus is mór an tacaíocht é an luathoideachas a chuirtear ar fáil ann don Ghaeilge sa phobal agus í mar phríomhtheanga teallaigh.
Cé nár osclaíodh an tIonad go hoifigiúil go dtí cúpla seachtain ó shin, tá seirbhísí á gcur ar fáil ann ó mhí Mheán Fómhair agus tá líon na bpáistí ag baint leasa as na seirbhísí sin tar éis fás ó 14 – 40 le linn an ama sin.
Foilsithe ar Gaelport.com
An tÁisaonad
Meitheamh 26, 2012
Bhí mé i mBéal Feirste an tseachtain seo agus bhuail mé isteach san Áisaonad.
Bunaíodh an tÁisaonad i1998 le háiseanna oideachais (áiseanna ilmheán chomh maith le háiseanna clóbhuailte) a sholáthar d’earnáil na Gaelscolaíochta, ar chomhchaighdeán agus ar chomhphraghas lena gcomhionann i mBéarla.
Tá an tÁisaonad lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Tá ceathrar d’fhoireann lánaimseartha san aonad, Gabhan Ó Dochartaigh ina measc.
As Doire é: d’fhreastail sé Coláiste Cholm Cille. Fuair sé an chéad áit i dTuaisceart Éireann i GCSE Gaeilge agus fuair sé an dara háit san A Leibhéal dhá bhliain níos moille.(Bhí drochlá aige an lá sin.) Fuair sé céim agus iarchéim sa Ghaeilge ina dhiaidh sin. Chaith sé roinnt blianta ag teagasc sula bhfuair sé post mar eagarthóir san Áisaonad. Múinteoir agus scoláire den scoth atá ann.
Tá Coiste Comhairliúcháin ag an Áisaonad a dhéanann monatóireacht ar a gcuid tionscadal agus tá fócusghrúpaí múinteoirí acu a bhíonn rannpháirteach i roghnú ábhar. Bíonn racháirt ollmhór ar fud na tíre ar an ábhar a chuireann siad amach. Cé go bhfuil obair an Áisaonaid dírithe ar Ghaelscoileanna, ó scéim léitheoireachta iontach do bhunscoileanna go hábhar tarraingteach do dhaltaí meánscoile, bheadh cuid mhaith dá ábhar an-úsáideach do scoil ar bith agus d’fhoghlaimeoirí fásta. Chomh maith leis na foilseacháin, cuireann an tÁisaonad áiseanna ar fáil ar a shuíomh idirlín agus cuireann an fhoireann tacaíocht agus oiliúint ar fáil do scoileanna maidir le dea-úsáid a gcuid áiseanna. Tuilleadh eolais: http://www.aisaonad.org.
www.derryjournal.com
Raidió RíRá
Meitheamh 26, 2012
Ministers visit local gaelscoil
Meitheamh 26, 2012
Ó Domhnaill condemns axing of Gaeltacht Scholarships
Meitheamh 26, 2012
‘Diplomatic’ pupils help give 90- year- old Gaelscoil a facelift
Meitheamh 26, 2012
Spraoicheist Gael Linn i gCeatharlach
Meitheamh 20, 2012
Reachtáileadh ócáid an-speisialta trí Ghaeilge i gCeatharlach le déanaí do dhaltaí ins na hardranganna i mbunscoileanna an cheantair.
Spraoicheist na hÉigse a bhí ann, eagraithe ag Gael Linn i gcomhar le Glór Cheatharlach, agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid. Ghlach trí fhoireann is daichead páirt sa Spraoicheist agus dob é sin an slua ba mhó riamh don ócáid bhliantúil. Bhí halla spóirt na Gaelscoile lán go béal don ócáid.Thángadar ag siúl, i gcarranna agus i mbusanna ó thrí scoil déag. Bhíodar ann ó Ghleann Uisean, Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Scoil an Easboig Uí Fhoghlú, Beann na gCaorach, Tigh an Raoireann, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Scoil Naomh Bríd Mhuinebheag, Gaelscoil Átha Í, Scoil Naomh Fiacc agud Díseart Diarmada, Scoil na Gráinsí, Scoil Bhuachaillí an Teaghlaigh Naofa agus Scoil Mhuire gan Smál.
Bhí éagsúlacht an-mhaith de cheisteanna le freagairt bunaithe ar spórt agus ceol, scannáin agus cláracha teilifíse, leabhair agus eolas ginearálta. Niamh de Búrca thar cheann Gael Linn a bhí ag cur na gceisteanna agus bhí muintir Ghlór Cheatharlach i mbun marcála. Bhain cuid de na foirne scóranna an-ard amach. Bhí foirne ó Scoil Bhríd Mhuinebheag agus Tigh an Raoireann ar chomhscór don cheathrú háit agus bhain trí fhoireann ó Ghaelscoil Cheatharlach na céad áiteanna amach. Bronnadh duaiseanna agus plaiceanna Gael Linn ar na foirne buachach.
Chun clabhsúr a chur leis an ócáid chuir na daltaí ó Ghaelscoil Átha Í, Scoil Chailíní an Teaghlaigh Naofa, Gleann Uisean , Scoil Mhuire gan Smál agus Gaelscoil Cheatharlach taispeántas ceoil, damhsa ags amhránaíochta i láthair. Ghabh Niamh de Búrca buíochas leis na daltaí, leis na múinteoirí agus le bainistíocht na Gaelscoile as a dtacaíocht do Spraoicheist Gael Linn atá anois mar cheann de phríomh imeachtaí na mbunscoileanna ar chlár Fhéile na hÉigse i gCeatharlach.
http://www.carlow-nationalist.ie/
CARLOW NATIONALIST
Seirbhísí i mBéarla amháin
Meitheamh 19, 2012
Is foinse eolais iontach é an suíomh idirlíon www.studentfinance.ie dóibh siúd a mbeidh ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí ard-oideachais.
Cuirtear síos ar gach cineál cúnaimh atá ar fáil do mhic léinn ó thaobh táillí agus deontas de agus luaitear na coinníollacha agus na sonraí ar fad a bhaineann le córas na ndeontas. Is seirbhís iontach fhiúntach í a dhíríonn ar ábhar casta, coimpléascach. Ach, níl fiúntas ar bith ag baint leis an méid seo más Gaeilgeoir tú a dhéanann gach gnó pearsanta trí Ghaeilge go laethúil. Cé go bhfuil nasc ar an suíomh leis an leagan Gaeilge a roghnú, ní dhéanann sé sin ach ceannteidil agus fáiltiú an tsuímh a aistriú go Gaeilge. Agus nuair a brúitear ar na ceannteidil Gaeilge, níl ar fáil ach eolas Béarla.
Nuair a rinneadh teagmháil leis an eagraíocht www.studentfinance.ie, maidir leis an easpa Gaeilge sa tseirbhís, dúradh gurb í príomhaidhm an tionscadail ná an suíomh a bheith beo agus ar fáil dóibh siúd atá de dhíth.
Is tionscadal é seo de chuid an Údarás um Ard-Oideachais, comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Arís, is suíomh fiúntach don phobal é www.hea.ie ach ní fhreastalaíonn an tseirbhís seo ar mhuintir Ghaeilge na tíre ach an oiread. Níl ar fáil ach ceannteidil Ghaeilge a bhfuil nasctha le heolas Béarla nó an ráiteas Is oth linn a rá nach bhfuil an leagan Gaeilge le fáil fós.
Tá dualgas ar an Údarás um Ard-Oideachais suíomh gréasáin dátheangach a chur ar fáil de réir a scéim teanga a bhfuil i bhfeidhm ó 2008. Ach ní léir go bhfuil dualgas reachtúil orthu aon fo-shuíomh de chuid an Údaráis a chur ar fáil go dátheangach. Ní mór a rá ach go gcuireann seo lucht labhartha na Gaeilge faoi mhíbhuntáiste agus iad ag lorg eolais maidir leis an Údarás um Ard-Oideachais nó le hábhar a bhaineann le tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas.
Tá go leor béime ar na suíomhanna áirithe seo faoi láthair agus níos mó daoine ná am ar bith roimhe seo ag lorg comhairle maidir leis an gcúnamh airgeadais atá ar fáil dóibh agus iad ag freastal ar an gcoláiste. Ag tús na míosa seo, mhol an tAire Oideachais Ruairí Quinn T.D. do dhaltaí scoile a raibh i gceist acu iarratas dheontais a fháil, an próiseas a thosú chomh luath agus is féidir.
Seoladh an tionscadal Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn le déanaí, seirbhís idirghníomhacha de chuid an Údaráis um Ard-Oideachais. Is córas iarratais ar líne é do dheontais mhic léinn agus is suíomh é a fhreastalaíonn go cothrom ar chainteoirí chéad teanga na tíre seo. Tá gach gné agus gach foirm iarratais ar an suíomh ar fáil trí Ghaeilge ach is deacair teacht ar an suíomh gan dul tríd www.studentfinance.ie nó www.citizensinformation.ie. Anuas air sin, moltar do gach cuairteoir ar shuíomh an SUSI, suíomh atá á moladh go láidir ag an Roinn Oideachais lena n-áirítear Aire na Roinne, www.grantsonline.ie, gach eolas a fháil ó www.studentfinance.ie, suíomh nach bhfuil fáil ar bith ar an nGaeilge.
Cé go bhfuil dualgas ar an Údarás um Ard Oideachais seirbhís idirghníomhach a chur ar fáil trí Ghaeilge, rud atá déanta acu leis an tionscadal Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn, ba léir nach raibh tús áite tugtha d’eolas a bhaineann le tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas do chainteoirí Gaeilge.
Arís, cuirtear Gaeilgeoirí na tíre faoi mhíbhuntáiste le seirbhísí úra nach bhfreastalaíonn ar an bpobal san iomlán. Déantar neamhaird ar chéad teanga na tíre nuair nach cuirtear ar fáil ach leathsheirbhís.
Foilsithe ar Gaelport.com