Méid an Téacs

An Comhrá Mór – Ollchruinniú Gnímh

Bealtaine 25, 2017

Ollchruinniú

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

De réir daonáireamh na bliana anuraidh ó dheas tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge don chéad uair ón bhliain 1946. Chomh maith leis sin ó dheas, léiríonn tuairisc an Choimisinéara Teanga go bhfuil ag teip ar chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí le bheith mar chroílár Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ó thuaidh, in ainneoin 12,000 a bheith ar shráideanna Bhéal Feirste an tseachtain seo caite (breis eolais thíos), agus go bhfuil deich mbliana caite ó gealladh Acht Gaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn, Comhaontú a shínigh rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine, níl Acht Gaeilge againn fós chun seasamh le cearta phobal na Gaeilge.

Is léir go bhfuil gá do phobal na Gaeilge aird a dhíriú in athuair agus le práinn ar na mórfheachtais atá ag teastáil chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a fhorbairt fud fad na tíre.
Chuige sin, ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit arís freastail ar An Comhrá Mór – Ollchruinniú Gnímh. Tá sonraí na cruinnithe thíos:
• Dáta: Dé Sathairn, 10 Meitheamh 2017
• Am: 11.00 go 16.00
• Ionad: Óstán Wynns, 34-39 Sráid na Mainistreach Íochtar, BÁC 1
Fóram poiblí a bheidh ann le dul i mbun gnímh. Áireofar go háirithe gníomhartha maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach i measc go leor eile. Tá fáilte roimh chách ann agus is féidir clárú anseo.

Ní neart go cur le chéile.

AN LÁ DEARG

Tá ardmholadh ag dul do gach duine páirteach san eagrúchán agus gach duine a bhí ag an Lá Dearg. Léiriú iontach láidir a bhí ann den líon agus den réimse daoine atá taobh thiar d’Acht Gaeilge ó thuaidh agus creideann muid go gcabhróidh sé go mór leis an Acht a bhaint amach

IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge

Bealtaine 24, 2017

Imram-logo-2012-e1473940773605

 

 

 

 

 

 

 

TIONSCADAL BRECHT: AMHRÁIN ÓN RÉ DHORCHA

Léiriú nua i nGaeilge arna sheiftiú agus arna léiriú agus arna léiriú ag Eric Fraad. Cuirfidh Caitríona O’Leary  amhráin agus téacsanna de chuid Brecht inár láthair chun solas géar a chaitheamh ar an domhan polaitiúil agus sóisialta ina mairimid sa bhliain seo 2017.

Ar an gCéadaoin 24 Bealtaine 2017 cuirfidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath i gcomhar leis an bhFéile Litríochta Gaeilge IMRAM Tionscadal Brecht: Amhráin ón Ré Dhorcha /Songs from the Dark Times i láthair in Amharclann Smock Alley. Is é an stiúrthóir Meiriceánach amharclainne agus ceoldrámaíochta Eric Fraad a stiúrfaidh agus is í an t-amhránaí nótáilte Caitríona O’Leary atá mar stiúrthóir ceoil. Tarraingíonn an léiriú Gaeilge seo as monalóga, radhairc, amhráin, saothair éagsúla ceoil agus dánta a chum an file/drámadóir Bertolt Brecht agus na cumadóirí Kurt Weill agus Hanns Eisler d’fhonn comparáidí a dhéanamh idir na réimis fhaisisteacha a tháinig chun cinn sna 1930í agus sna 1940í agus an borradh atá faoi rialtais thiarnúla na heite deise lenár linn féin.

Ba é Brecht an file agus an drámadóir polaitiúil ba mhó a bhí againn san Iarthar sa chéad leath den fhichiú haois agus tá a shaothar chomh suntasach is a bhí riamh. Sna saothair réabhlóideacha aige ar nós Die Dreigroschenoper  agus Aufstieg und Fall der Stadt Mahagonny chuir Brecht agus Weill cor nua sa cheoldráma, san oratóir agus seánraí gaolmhara ceoil, thug brí nua pholaitiúil agus shóisialta dóibh chomh maith le nuálaíocht foirme. Is féidir an rud céanna a rá faoina chuid dánta agus drámaí ar saothar suaithinseach iad. Déanann Amhráin ón Ré Dhorcha ceiliúradh ar an oeuvre liteartha agus ceoil sin i nGaeilge ár linne do phobal ár linne, i dteanga nach minic ar stáitsí na hardchathrach í.

Is í Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath príomhfhéile litríochta na tíre a thugann cuid de na scríbhneoirí is fearr ar domhan le chéile ar mhaithe le díospóireacht, spreagadh, siamsaíocht agus draíocht.

Tugann IMRAM lucht féachana agus léitheoirí ar aistear draíochta chun nualitríocht na Gaeilge agus an domhain a chur ina láthair. Bíonn samhlaíocht agus éagsúlacht i gcónaí le sonrú ar chlár na féile, agus meascán neamhghnách de na seánraí éagsúla litríochta, filíocht, prós, drámaíocht agus ceol.

Cliar Ealaíne agus Léirithe

Stiúrthóir Stáitse: Eric Fraad

Stiúrthóir Ceoil: Caitríona O’Leary

Cóiréagrafaíocht:

Justine Doswell

Seit & Dearadh Soilsithe: Kevin McFadden

Dearadh Cultacha: Monica Ennis

Dearadh Teilgthe: Margaret Lonergan

Traschruthú agus Aistriúcháin Ghaeilge: Gabriel Rosenstock, Aindrias Ó Cathasaigh

Oirfidigh

Amhránaí: Caitríona O’Leary

Aisteoirí: Seán T Ó Meallaigh, Gearóid Ó Mordha

Damhsóirí: Justine Doswell, Clodagh Farrell, Sarah Carey, Roisin Kearney

Méarchláir: Josh Johnston

Sacsafóin, Cnaguirlisí: Nick Roth

Cláirnéid: Deirdre O’Leary

 

Clár

Dáta: Dé Céadaoin 24 Bealtaine 2017

Am: 8:00 pm

Ionad: Amharclann Smock Alley

Praghas: €10 / €8

 

Amharclann Smock Alley

6-7 Sráid an Mhalartáin Íochtarach

Barra an Teampaill

BÁC 8, ÉireImram-logo-2012-e1473940773605

TUILLEADH EOLAIS: Liam Carson 087-2912797; liamog62@mac.com

https://smockalley.ticketsolve.com/shows/873572760?ga=2.105252481.342606341.1495304285-305702049.1495304266

Siamsaíocht @6! Le Gael Linn

Bealtaine 24, 2017

scrabo

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

AMHARCLANN CHÚIRT AN PHAORAIGH

(Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh, cúpla nóiméad ó Shráid Grafton…Bealaí isteach ó Shráid Clarendon, Sráid Liam Theas agus Rae Coppinger…ardaitheoir go hurlár 2) 6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó 5.40 p.m.).

DÉARDAOIN, 25 BEALTAINE 2017 Cuirfidh Josie Nugent( Fidil ) ó oirthear an Chláir, i dteannta a fir chéile Brian Stafford (Píb Uileann ), a deirfiúr Máire Núinseann ( Fliúit ) & Seán O’Donnell ( giotár ) clabhsúr breá le séasúr eile siamsaíochta l le ceol óna halbam ‘Modal Citizen’ agus tuilleadh!

(www.josiebrianmusic.info<http://www.josiebrianmusic.info> ) Tá costas €12 ar thicéad. Is féidir fíon, beor, deochanna boga, tae & caifé a cheannach. Tá spásanna teorannta agus mar sin tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Niamh ar 087-2547574 nó ag niamh@gael-linn.ie<mailto:niamh@gael-linn.ie>

Más fearr leat gan aon eolas a fháil faoi imeachtaí Gael Linn, cuir sin in iúl dúinn, led’ thoil.

POWERSCOURT THEATRE, Teach Cathrach Chúirt an Phaoraigh/Powerscourt Townhouse Centre ( Bealaí isteach/Entrances – Clarendon St, Sth William St, Coppinger Row – ardaitheoir go hurlár 2/lift to 2nd floor ) 6p.m. – 8p.m. (Doirse ar oscailt ó /Doors open 5.45p.m.)

Tickets are €12 and wine beer, soft drinks, tea & coffee are available for purchase.

Booking is essential as seats are limited. Contact Niamh on 087-2547574 ]

Coláiste Dhún Másc – Coláiste Pobail Nua

Bealtaine 24, 2017

Iarbhunscoil nua é Coláiste Dhún Másc a bheidh ag oscailt i bPort Laoise i Meán Fómhair 2017. Tá Bord Oideachais agus Oiliúna  Laoise agus Uíbh Fáilí mar phatrún na scoile agus an Fóras Patrúnachta mar Pháirtí Iontaofa. Iarbhunscoil ilchreidmheach, comhoideachasúil trí mheán an Béarla é Coláiste Dhún Másc,  ina bhfuil Aonad Lán Ghaeilge, áit a mbeidh oideachais ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu do phoist mhuinteeoireachta lánaimseartha/pro rata a d’fhéadfadh a bheith ann don scoilbhliain 2017-2018 mar a leanas:
 

1.       Gaeilge

2.      Béarla

3.      Mata

4.      Eolaíocht

5.      Eacnamaíocht Bhaile

6.      Teicneolaíocht

7.      Graific Theicniúil

8.     Ealaín

9.      Ceol

10.  Staidéir Ghnó

11.   Fraincis

12.  Spáinnis

13.  Stair

14.  Tíreolas

15.   Reiligiún

16.  Corpoideachais

17.   OSSP

18.  OSPS

19.  Litearthacht sna meáin dhigiteacha

20. Fealsúnacht

21.  Códú

22. Taibhiú Ealaíonta

23. Tacaíocht Foghlama

Toisc go mbeidh na hábhair á dteagasc trí Ghaeilge tá árdchaighdeán Gaeilge riachtanach do na poist seo agus is buntáiste é bheith in ann níos mó ná ábhar amháin a mhúineadh.

Is buntáiste é eolas nó taithí a bheith agat leis na réimsí seo:

  • Tacaíocht foghlama/Treoir
  • Úsáid nuálach de theicneolaíocht san oideachais
  • Gearrchúrsaí a fhorbairt agus iad a mhúineadh
  • Measúnú chun foghlama
  • Pleanáil scoile

Léirigh na hábhair a bhfuil tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta chun iad a mhúineadh ar an bhfoirm iarratais

Gach eolas agus foirm iarratas le fail ar  shuíomh LOETB.ie

An Polasaí don Oideachas Gaeltachta – Sraith Chruinnithe á heagrú ag Gaeloideachas

Bealtaine 17, 2017

I gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus na hImlitreach a chuaigh amach ón Aonad Gaeltachta go dtí na scoileanna Gaeltachta ar an 28 Aibreán 2017 a shonraigh gurb é an 15 Meitheamh 2017 an spriocdháta don Léiriú Spéise, tá sé beartaithe ag Gaeloideachas sraith de sheisiúin plé agus forbairt tuisceana ar an tumoideachas a chur ar bun sna Gaeltachtaí, mar atá leagtha amach sa tábla thíos. Beidh fáilte roimh na pobail scoileanna ag na seisiúin plé seo.  Beidh saineolaí ar an tumoideachas agus príomhoidí atá ag cur an tumoideachais i bhfeidhm ar na painéil chainteoirí.

 

Dé Luain 22 Bealtaine

                              7i.n.

Óstán Loch Altan, 

Gort a’ Choirce,

Co Dhún na nGall   

Ag freastal ar Ghaeltacht

Dhún na nGall

Dé Máirt 23 Bealtaine 

                               7i.n.

Óstán  an Clayton,

Bóthar Muine Mheá,

Baile an Bhriotaigh,

Gaillimh. 

Ag freastal ar Ghaeltachtaí

na Gaillimhe agus na Mí.

De Céadaoin  24 Bealtaine

                                7i.n.

     

Óstán Malton,

Cill Áirne,

Co Chiarraí

Ag freastal ar Ghaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge.
Dé Máirt 30 Bealtaine

                                 7i.n.    

Óstán an Broadhaven,

Béal a Mhuirthid,

Co Mhaigh Eo.

Ag freastal ar Ghaeltachtaí

Mhaigh Eo.

 

Lá Dearg agus an Comhrá Mór

Bealtaine 15, 2017

Beidh Lá Dearg ar siúl i mBéal Feirste ar an 20.05.2017 le árd a tharraingt ar an éileamh ar son reachtaíocht don Ghaeilge sa Tuaisceart. Bhí cruinnithe dearfacha ag an Dream Dearg le baill den Pháirtí Comhghuaillíochta, den Chomhaontas Glas, den Phobal Roimh Bhrabús, de Sinn Féin agus den SDLP le déanaí. Beidh mórshiúl ón gCultúrlann go dtí Halla na Cathrach, ag tosnú ag a dó dheag a chlog, meán lae. Beidh busanna ar fáil le gur féidir le daoine áit a ghlacadh iontú go fóill. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú tríd íoslódáil a dhéanamh ar an bpóstaeir thíos. Is féidir teagmháil a dhéanamh le ursula@cnag.ie le háit a chur in áireamh ar bhus ag taisteal uaidh Cathair na Gaillimhe agus le sine@cnag.ie le háit a chur in áireamh ar bhus uaidh Sráid Fhearchair i mBláth Cliath.

I ndiaidh an Lá Dearg, eagrófar ‘An Comhrá Mór – Ollchruinniú GnímhDé Sathairn, 10 Meitheamh, ó 11.00 go dtí 16.00 in Óstán Wynns, Baile Átha Cliath 2. Déanfar cur síos ar an lá ar staid reatha na bhfeachtas, an daonáireamh ó dheas agus ar an bhfeachtas Dream Dearg ó thuaidh. Is cruinniú le dul i mbun gnímh é seo agus tá súil againn go leor gníomhartha a aontú ann agus feidhmiú orthu láithreach bonn go háirithe le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas agus maoiniú don phlean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach. Tá fáilte roimh chách ann.
Ní neart go cur le chéile,
2_DreamDearg_Postaer (4)

Titim i líon na gcainteoirí Gaeilge i gCúige Mumhan

Bealtaine 15, 2017

 

Conradh na Gaeilge

 

 

 

 

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas ó dheas breis tacaíochta agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal tríd Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú le go mbeadh méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa chéad daonáireamh eile in 2022.Gá le gníomhartha cinniúnacha láithreach bonn ón Rialtas, forbairt reachtaíochta ina measc, le dul i ngleic le titim i líon na gCainteoirí Gaeilge

D’fhógair Conradh na Gaeilge go poiblí le déanaí na leasuithe atá molta ag an eagraíocht, le moltaí an Choimisinéara Teanga san áireamh, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú chun dul i ngleic leis an gcéad laghdú i líon na gCainteoirí Gaeilge ó dheas ó 1946.

I measc na bhforálacha atá á moladh leis an Acht a láidriú, tá na moltaí seo a leanas:

 Go gcuirfí gach seirbhís poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020

 Go mbeidh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge (rud a shábhálfadh airgead ar an stát)

 Go gcuirfí deireadh le córas na scéimeanna teanga, a thuairisc an Coimisinéir Teanga le déanaí atá ag teipeadh, agus go gcuirfí córas rialacháin ina n‐áit le rangú ar na comhlachtaí stáit mar chuid de seo

 Go gcuirfí foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach agus go mbeadh an ceart ag gach saoránach an leagan Gaeilge dá n-ainm agus dá seoladh baile a úsáid as Gaeilge

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá Conradh na Gaeilge an‐sásta ár moltaí, a thógann moltaí an Choimisinéara Teanga san áireamh, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú a chur os comhair an phobail inniu.

Tá plé agus forbairt déanta ar na leasuithe don Acht le cúpla mí anuas le polaiteoirí agus tá nach mór an fhreasúra ar fad anois ag tacú leo. Ní amháin sin ach tá an tAire Seán Kyne ag obair go gníomhach linn agus leis an bhfreasúra chun go mbeidh na moltaí san áireamh sna ceannteidil do Bhille nua a fhoilseoidh an Rialtas i mí na Bealtaine”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard‐Rúnaí an Chonartha: “Tá sé soiléir anois, i ndiaidh nach mór 15 bliain d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, go bhfuil gá leis an reachtaíocht a leasú chun feabhais. Tá codanna áirithe den Acht nach bhfuil ag feidhmiú i gceart agus tá míreanna eile nach bhfuil san áireamh san Acht.

Tá na leasuithe seo á moladh ag Conradh na Gaeilge chun go mbeadh seirbhísí Gaeilge ón stát ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar féidir leo brath orthu, agus a thabharfadh spreagadh d’íomhá agus do stádasna Gaeilge sa mhórphobal trí chéile.”

“Dar ndóigh, ní reachtaíocht amháin a chuirfidh le líon na gcainteoirí Gaeilge ach tá reachtaíocht mar chrann taca tacaíochta don phobal gur mian leo Gaeilge a úsáid. Chomh maith le reachtaíocht níos láidre, tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcónaí ar mhaoiniú breise a chinntiú ón dá Rialtas thuaidh agus theas don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, plean a chruthódh breis is 1,100 post agus a chuirfeadh an‐chuid deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal trí chéile.”

Is iad na páirtithe agus na polaiteoirí atá ag tacú leis na leasuithe molta ag Conradh na Gaeilge a chur chun cinn cheana féin ná Fianna Fáil, Sinn Féin, Pobal roimh Bhrabús, Páirtí an Lucht Oibre, Comhghuaillíocht na Tuaithe, an Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialta, agus Catherine Connolly TD. Tá an Conradh ag obair go gníomhach le hAire na Gaeltachta, Seán Kyne TD, agus le Roinn na Gaeltachta leis na leasuithe molta a chur san áireamh sna ceannteidil atá an Roinn ag réiteach faoi láthair chomh maith.

Cúrsa Oiliúna leis an gCumann Lúthchleas Gael

Bealtaine 15, 2017

Cúrsa Samhraidh

Beidh cúrsa oiliúna do bhunmhúinteoirí ar siúl i gColáiste Colmchille in Indreabhán i gConamara. Téimhse ceithre lá a bheidh i gceist, idir an tríú is an seachtú lá de mhí Iúil. Déanfar an chúrsa a reachtáil idir a 9.30 is a 2. Beidh obair phraiticiúil faoi stiúir Theagascóirí CLG ar siúl agus beidh táille €50 le híoch ar an gcúrsa.

Is féidir d’áit ar an gcúrsa a chlárú ar; http://www.galwayec.ie/courses/clg-do-bhunmhuinteoiri/

Is féidir glaoch a chur ar IONAD OIDEACHAIS NA GAILLIMHE, CLUAIN MHUIRE, PÁIRC AN TOBAIR, GAILLIMH ar T: (091) 745 600 le tuilleadh eolais a fháil.

Tá an cúrsa seo á eagrú faoi théarmaí tagartha na Roinne Oideachais agus Scileanna.

lógó cúrsa samhraidh

Folúntas: Oifigigh Oideachais & Comhlaigh á n-earcú ag COGG

Bealtaine 15, 2017

Oifigigh Oideachais

Is mian le COGG Oifigeach Oideachais bunscoile agus Oifigeach Oideachais iar-bhunscoile a earcú. Beidh na hoifigigh freagrach as tacú le feidhmiú An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar aon le freagrachtaí eile a bhaineann le feidhmeanna reachtúla COGG. Gach eolas ar fáil ar www.cogg.ie An dáta druidte: 4pm Déardaoin 1 Meitheamh 2017.

Comhlaigh

Is mian le COGG múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a earcú mar chomhlaigh (associates) do thréimhse suas le 20 lá i gcéad téarma na scoilbhliana seo chugainn le tacú le feidhmiú An Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Fáilteofar roimh léirithe spéise roimh 4pm Déardaoin 1 Meitheamh 2017. Breis eolais ar fáil: poist@cogg.ie

Folúntas le Glór na nGael

Bealtaine 12, 2017

 

Glór na nGael

 

Is gluaiseacht náisiúnta í Glór na nGael, a bhfuil forbairt na Gaeilge sna réimsí oibre seo a leanas “Forbairt phobail, eacnamaíochta agus béim ar leith ar thógáil páistí le Gaeilge” mar spriocanna lárnacha oibre aige.

Tá Riarthóir Oifige (lánaimseartha) á lorg don ról seo a leanas;

Riarthóir Oifige

Príomhdhualgais an phoist

  • Córais riarachán na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Córas comhdaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
  • Plé le fiosruithe ón bpobal (fón, r-phost agus postas)
  • Plé le horduithe díolacháin, idir seachadta agus ceannachán stoic.
  • Córas rialú stoic a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Tacaíocht a thabhairt do Bhainisteoir na gComórtas

Inniúlachtaí Riachtanacha

  • Taithí ar obair riaracháin oifige
  • Ardchaighdeán Gaeilge scríofa
  • Ardchaighdeán Gaeilge labhartha

Inniúlachtaí Inmhianaithe

  • Taithí ar úsáid na nuatheicneolaíochta
  • Taithí ar phróiseáil orduithe
  • Taithí ar bhainistiú stoic

Scála Tuarastail:

De réir Scála tuarastail Oifigeach Chléireachais (Scála Caighdeánach) Ciorclán- 17/2015 2A

€21,879-€37,341 

Suíomh Oibre:

Beidh an Riarthóir Oifige nuacheaptha lonnaithe in Oifig Ghlór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí agus ag feidhmiú faoi stiúir Bainisteoir na gComórtas.

Seol d’iarratas i nGaeilge mar aon le CV i nGaeilge roimh 5.00 i.n., 31 Bealtaine 2017, chuig post@glornangael.ie (D’fhéadfaí painéal iarrthóirí a chur le chéile, bunaithe ar na hiarratais a chuirfear isteach ar an bpost reatha seo, a bhféadfaí tarraingt air sa chás go mbeadh folúntas eile le líonadh roimh dheireadh 2017).

Tá tuilleadh eolais faoi Ghlór na nGael le fáil ar www.glornangael.ie agus cuir síos ar na háiseanna atá á fhorbairt ar www.udar.ie

Tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge.

.Fóras na Gaeilge

« Previous PageNext Page »