School aims to foster spoken Irish with Irish college link
Meán Fómhair 22, 2011
Camchuairt 2011 de Bhuntáiste Breise na Gaeilge
Meán Fómhair 21, 2011
Tugtar cuireadh do scoileanna i gceantair Liatroma, Mhuineacháin, Luimnigh agus Phort Láirge chuig seimineáir ar an nGaeilge agus gairmeacha a bheidh á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go luath.
Agus rang na hArdteiste 2011 ag tosú ar a gcuid cúrsaí ollscoile go luath, tá sé tráthúil go bhfuil dátaí an tseimineáir gairmeacha agus cúrsaí ollscoile, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ fógartha. Tabharfar deis do dhaltaí scoile ó na ranganna sinsearacha san iar-bhunscoil páirt a ghlacadh san imeacht oideachasúil seo in ionaid éagsúla timpeall na tíre.
Reáchtálfar seimineáir i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma an 11 Deireadh Fómhair agus Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin an 12 Deireadh Fómhair 2011. An 22 Samhain reáchtálfar seimineár i gCathair Luimnigh, agus an 23 Samhain, tiocfaidh camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge chomh fada le Co. Phort Láirge.
Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag An Chomhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i gCeatharlach, i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn agus ar An Tulach Mhór.
Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre. Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.
Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí, rud a spreagann díospóireacht spleodrach ar thodhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, nó tacaíocht an Rialtais don teanga.
Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt ar na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Beidh fáilte roimh dhaltaí agus scoileanna ó na ceantair máguaird freastal ar an dá sheimineár.
Tuilleadh eolais: http://www.gaelport.com/bbnag
Beáltriail Ghaeilge don Teastas Sóisearach
Meán Fómhair 21, 2011
Rinne beagnach 4,300 dalta an bhéaltriail Ghaeilge do scrúdaithe an Teastais Shóisearaigh sa bhliain 2011. Tháinig torthaí an Teastais Shóisearaigh amach Dé Céadaoin seo caite an 14 Meán Fómhair agus ba spéisiúil na staitisticí a bhain leis an ábhar Gaeilge.
Rinne 48,349 dalta an páipéar Gaeilge (idir ardleibhéal, ghnáthleibhéal agus bhonnleibhéal) as 56,930 dalta a rinne an Teastas Sóisearach i mí an Mheithimh seo caite. D’éirigh le 80.6% as 23,931 dalta grád A,B nó C a fháil sa pháipéar ardleibhéil. Fuair 77.2% as 22,488 dalta grád A, B nó C sá pháipéar ar an ngnáthleibhéal agus d’éirigh le 76.3% as 1,930 dalta grád A, B nó C a fháil sa pháipéar ar an mbonnleibhéal.
Mar chuid den scrúdú Gaeilge sa Teastas Sóisearach is féidir leis na daltaí scrúdú béaltrialach a roghnú. Tháinig méadú ar líon na ndaltaí a roghnaigh an scrúdú béaltrialach ó 1,687 dalta sa bhliain 2010 go dtí 4,276 dalta sa bhliain 2011. Chomh maith leis sin, tháinig méadú ar líon na scoileanna a d’ofráil an scrúdú béaltrialach ó 54 scoil sa bhliain 2010 go dtí 94 scoil sa bhliain 2011.
Creidtear go bhfuil níos mó daltaí ag roghnú na béaltrialach mar chuid den scrúdú Gaeilge sa Teastas Sóisearach chun taithí a fháil don scrúdú san Ardteistiméireacht. Bronnfar 40% de mharcanna an ábhair Gaeilge ar an mbealtriail san Ardteist ón mbliain seo ar aghaidh.
Ag tagairt do staitisticí an Teastais Shóisearaigh deir Saffron Rosenstock ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge gur maith an rud é scrúdú cainte a bheith mar chroílár an Teastais Shóisearaigh ionas go mbeidh na daltaí ullmhaithe don bhéaltriail atá rompu i mbliain a sé.
Gaelport
Fostaí nua Aitheantas ag eagrú cruinnithe poblí ar son na Gaelscolaíochta
Meán Fómhair 21, 2011
Tá Caitríona Bairéad ina hOifigeach Forbartha nua ag Aitheantas, comhfheachtas ar son na Gaelscolaíochta, agus tá sraith de chruinnithe poiblí maidir le Gaelscoileanna áitiúla a bhunú eagraithe aici i gCo. Átha Cliath agus i gCo. Chill Dara don tseachtain seo chugainn.
Tháinig Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas anuraidh mar gheall ar an easpa fáis i líon na scoileanna lánGhaeilge a bhí á oscailt le blianta beaga anuas, agus beidh Caitríona Bairéad anois ag tabhairt faoi Ghaelscoileanna nua a bhunú i gceantair éagsúla timpeall na tíre ina ról nua leis an bhfeachtas. Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Aitheantas chun coiste bunaithe ar son na Gaelscolaíochta sa cheantar áitiúil a chruthú ag Draíocht, Ionad Bhaile Bhlainséir, Dé Luain, 26 Meán Fómhair 2011; Óstán Maldron, Bealach Bhaile an Fhaoitigh, Tamhlacht, Dé Máirt, 27 Meán Fómhair 2011; agus Ionad Oideachais Chill Dara, Friary Road, Cill Dara, Dé Céadaoin, 28 Meán Fómhair 2011, le gach cruinniú ag rith ó 8.00 – 9.00in.
Dúirt Caitríona Bairéad, Oifigeach Forbartha nua an chomhfheachtais Aitheantas: “Tá an Ghaelscolaíocht ina gné ríthábhachtach d’athbheochan na Gaeilge lenár linn agus mar Oifigeach Forbartha le hAitheantas, táim ag súil leis an éileamh ar an nGaelscolaíocht i gceantair éagsúla fud fad na tíre a léiriú agus a láidriú sna míonna amach romhainn, ag tosú leis na cruinnithe i gCúige Laighean an tseachtain seo chugainn.” Níl easpa taithí ag Caitríona ar obair in earnáil na Gaeilge ó bhain sí céim amach sna hilmheáin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sular thosaigh sí ag obair le Seachtain na Gaeilge i 2008, áit go raibh sí ag feidhmiú mar Oifigeach Riaracháin agus Tacaíochta ar feadh dhá bhliana. Fad agus a bhí sí ag obair leis an bhféile náisiúnta Ghaeilge, rinne sí iarchéim i mBainistíocht Imeachtaí Cultúrtha in Institiúid Ealaíona, Dearadh agus Teicneolaíochta i nDún Laoghaire agus tá sí ag tnúth le tabhairt faoin dúshlán úr atá os a comhair amach anois agus í ag obair le hAitheantas ar son na Gaelscolaíochta.
“Agus aitheantas oifigiúil faighte ag Gaelscoil na Mí ón Roinn Oideachais agus Scileanna níos luaithe i mbliana, táim cíocrach le tógáil ar an obair sin agus le cabhrú le tuismitheoirí gur mian leo oideachas lánGhaeilge a thabhairt dá bpáistí,” arsa an Bairéad Bleá Cliathach. “Chun ceart na dtuismitheoirí sin a chinntiú, tá Aitheantas ag éileamh ar an Roinn Oideachais agus Scileanna go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus áiteanna nua á roghnú acu do gach cineál scoile amach anseo, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, chun freastal mar is cóir a dhéanamh ar an éileamh náisiúnta don oideachas lánGhaeilge.” Beidh Caitríona Bairéad anois ag obair as oifigí Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge (An Foras Pátrúnachta) i Maigh Nuad, agus tá sí féin agus an fhoireann ann ar fáil le labhairt le héinne gur mian leo tacaíocht nó cúnamh a thabhairt don bhfeachtas ar son na Gaelscolaíochta.
Caitríona Bairéad
Oifigeach Forbartha, Aitheantas
+353 (0)86 3965045 / caitriona@foras.ie
Caoimhín Ó hEaghra
Ard Rúnaí, An Foras Pátrúnachta
+353 (0)86 1738044 / Caoimhin.OhEaghra@mie.ie
DVD chun cabhrú le siollabas nua Gaeilge
Meán Fómhair 21, 2011
Tá athruithe móra tagtha i mbliana ar shiollabas Gaeige na hArdteistiméireachta.
Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40 faoin gcéad de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh 15 nóiméad. Chun cabhrú le múinteoirí agus le daltaí araon chun dul i ngleic leis na hathruithe seo, tá treoir phraiticiúil curtha ar fáil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge leis an DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’.
Tugann sé eolas duit ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal. Tugann an clár seo léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Cuirfear cóip in aisce chuig gach scoil sa tír, ar an tseachtain agus déanfar an DVD a sheoladh go hoifigiúil le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
Ta gach eolas ar fáil ag www.gaelport.com/cuireadhchuncainte.
Foinse
Globe trotter speaking up for our mother tongue
Meán Fómhair 21, 2011
Méadú ar an líon a rinne béaltriail
Meán Fómhair 21, 2011
Fógraíodh torthaí an Teastais Shóisearaigh Dé Céadaoin seo caite, agus as 56,930 dalta a thug faoin Teastas Sóisearach, thug 48,349 acu sin faoin nGaeilge.
Leis an mbéim bhreise atá á chur ar an mbéaltriail ag leibhéal na hArdteistiméireachta, le 40 faoin gcéad de na marcanna ag brath uirthi, tháinig méadú ollmhór ar líon na ndaltaí a thug faoin mbéaltriail roghnach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, le méadú ó 1,687 sa bhliain 2010, go dtí 4,300 dalta i mbliana. Anuas air sin, tháinig méadú ar líon na scoileanna a thairg an bhéaltriail roghnach i mbliana, ó 54 scoil in 2010 go dtí 94 scoil in 2011.
Foinse
Ceiliúradh scoile
Meán Fómhair 21, 2011
Tá Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, ag ceiliúradh bhunú na scoile tá 40 bliain ó shin.
Tá údarás na scoile le hAifreann a eagrú sa scoil Dé Domhnaigh, 2ú Deireadh Fómhair ag 3pm le buíochas a ghlacadh as an méid atá curtha i gcrích ó bunaíodh í. Is é Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, an Dr Diarmuid Martin, a bheidh mar phríomhcheiliúraí ag an Aifreann agus beidh fáiltiú sa scoil ina dhiaidh. Cuireann lucht na scoile fáilte roimh iarscoláirí, iarmhúinteoirí agus bhaill eile de chairde an choláiste ag an ócáid.
Eolas: coláiste_iosagain@eircom.net nó 01-2884028
The Irish Times – Pól Ó Muirí
Cruinnithe Poiblí maidir le Gaelscoileanna Nua
Meán Fómhair 20, 2011
Tá cruinnithe poiblí eagraithe ag An Foras Pátrúnachta, an phátrúnacht náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge, le heolas a thabhairt do mhuintir na gceantar seo faoi oscailt Ghaelscoileanna nua i mí Mheán Fómhair 2012 agus 2013. Tá fáilte ollmhór do thuismitheoirí agus daoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge á chur ar fáil sa cheantar. Is deis iontach í seo don phobal suim agus éileamh a thaispeáint sa Ghaelscolaíocht. Beidh deis ann chomh maith do thuismitheoirí agus caomhnóirí réamh-chlárú a dhéanamh dá bpáistí.
Tuilleadh eolais: Preas Ráiteas an Fhorais Pátrúnachta
Cruinnithe Poiblí:
Baile an Chairpintéaraigh ar an 26/09/2011, 20:00 – 21:00
Draíocht, Ionad Bhaile Bhlainséir, Baile Bhlainséir
Tamhlacht: Baile an Fhoirtcheirn, Teach na Giúise/An Seanbhábhún, Iarthar Tamhlacht/Citywest ar an 27/09/2011, 20:00 – 21:00
Maldron Hotel, Bealach Bhaile an Fhaoitigh (N81), Tamhlacht
Baile Chill Dara ar an 28/09/2011, 20:00 – 21:00
Ionad Oideachais Chill Dara, Friary Road, Baile Chill Dara
Students lured by added value of oral Irish exam
Meán Fómhair 20, 2011