Meánscoil ilchreidmheach nua fógartha do Phort Laoise
Samhain 4, 2016
Tá An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge in Éirinn, roghnaithe mar iontaobhaí ar mheánscoil nua i bPort Laoise i bpáirtnéireacht le Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fháilí. D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton TD an toradh inniu (03.11.16) ar an gcomhiarratas.
Osclóidh an scoil ilchreidmheach agus comhoideachasúil i 2017 agus beidh suas le 1,000 dalta ag freastal uirthi amach anseo. Beidh aonad lán-Ghaeilge mar chuid den scoil úr. Den chéad uair, tá sé beartaithe go bhfásfaidh an tAonad ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoi chomhphátrúnacht an dá eagraíocht.
Agus é ag trácht ar an bhfógra inniu, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta: “Is cúis áthais dúinn go bhfuil An Foras ainmnithe mar iontaobhaí ar an meánscoil nua seo i bPort Laoise. Táimid ag súil le dul i mbun oibre le Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise Uíbh Fháilí, eagraíocht a bhfuil clú orthu as sároideachas a chur ar fáil sa cheantar seo.”
“Tá sé thar a bheith tábhachtach don Fhoras go raibh mianta na dtúismitheoirí san áireamh mar chuid den phróiseas iomaíoch seo le pátrún a roghnú. Táimid an-sásta go gcuirfidh an scoil nua i bPort Laoise rogha ar fáil mar gur scoil comhoideachasúil agus ilchreidmheach a bheidh inti.”
“Is í an aidhm atá againn ná oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste ar mian leo é a fháil. Cuirfidh an tAonad éagsúlacht ar fáil ó thaobh an éitis teanga agus beimid ag úsáid ár saineolas leis an Aonad a fhás ina Ghaelcholáiste neamhspleách faoi chomhphátrúnacht an dá eagraíocht.”
Comhdháil 2016 ag teannadh linn – Cláraigh anois!
Samhain 4, 2016
Níl ach seachtain fágtha go Comhdháil 2016! Beidh reimse leathan cainteanna agus ceardlann ar siúl i mbliana:
Clár – Comhdháil Oideachais COGG & Gaeloideachas 2016
An bhfuil tú cláraithe? Tapaigh an deis le bheith linn:
http://www.gaelscoileanna.ie/comhdhail/
Ná dearmad go bhfuil ionadaíocht ar fáil i mbliana. Is féidir le suas le beirt mhúinteoirí ó gach scoil ionadaíocht a fháil tríd an gcóras OLCS, ach an CNCM a lua.
Tá COGG le hionadaíocht a íoc do phríomhoidí atá ag teagasc; plé go díreach le COGG (eolas@cogg.ie).
(English) Minister Bruton announces patronage of 9 new Post-Primary schools to be established in 2017 and 2018
Samhain 3, 2016
(English) National award for Limerick pre-school
Samhain 3, 2016
(English) Gaelscoil Osraí leading the way in healthy eating for children
Samhain 2, 2016
Straitéis Dhigiteach do Scoileanna
Samhain 1, 2016
Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 Teagasc, Foghlaim agus Measúnú a fheabhsú
Foilsíodh “Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020, Teagasc, Foghlaim agus Measúnú a fheabhsú” nua i mí Dheireadh Fómhair 2015. Tógann sí ar obair a rinneadh roimhe seo agus tacaíonn sí le straitéis fhoriomlán na Roinne i roinnt príomhréimsí lena n-áirítear cur i bhfeidhm curaclaim, forbairt scileanna, oiliúint mhúinteoirí agus torthaí foghlaimeora. Toradh ar thaighde agus comhairleoireacht fhorleathan is ea an Straitéis.
Sa Straitéis leagtar amach fís shoiléir atá dírithe ar an acmhainneacht atá i dteicneolaíochtaí digiteacha eispéiris foghlama scoláirí a athrú ón mbonn aníos trí cabhrú leo a bheith ina smaointeoirí rannpháirteacha, ina bhfoghlaimeoirí gníomhacha, ina bhfoirgneoirí eolais agus ina saoránaigh dhomhanda a ghlacann páirt go huile agus go hiomlán sa tsochaí agus san eacnamaíocht.
Anseo thíos roinnt príomhthosaíochtaí na Straitéise le linn di a bheith á cur i bhfeidhm:
- Soiléire a thabhairt do mhúinteoirí agus do scoileanna maidir lena bhfuil i gceist le TFC a leabú i dTeagasc, Foghlaim agus Measúnú, trí Chreat Inniúlachta TFC UNESCO do Mhúinteoirí a chur in oiriúint don chomhthéacs Éireannach. Trí Chreat Inniúlachta TFC UNESCO do Mhúinteoirí a chur in oiriúint don tír seo is féidir le scoileanna agus múinteoirí na riachtanais oiliúna a aithint nach mór don Roinn agus dá cuid seirbhísí tacaíochta díriú orthu.
- Forbairtí teicneolaíochta agus oideachais a léiriú tríd an acmhainn pleanála ríomhfhoghlaim i Do Scoil (ón bhliain 2009) a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn cabhrú le scoileanna tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a mbeartas ríomhfhoghlama.
- Tabhairt faoi na riachtanais bhonneagair TFC atá ag scoileanna trí deontas Trealaimh TFC a fhorbairt (an chéad tráinse a bheith ar fáil don scoilbhliain 2016-2017), agus leanúint de bheith ag cur feabhais ar sheirbhísí leathanbhanda do scoileanna.
- Scoilnet agus láithreáin/seirbhísí gaolmhara a chur chun cinn mar phointe tagartha náisiúnta do scoileanna chun ábhar digiteach den scoth a thaispeáint dóibh (www.scoilnet.ie).
- Eolas a chur ar fáil do mhúinteoirí maidir le silte nuálacha chun úsáid a bhaint ar shlí níos gníomhaí as teicneolaíochtaí digiteacha ina gcuid teagaisc, samplaí deachleachtas san áireamh, agus comhroinnt na gcleachtas seo i measc múinteoirí a éascú.
- Feabhas a chur ar rochtain ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach do mhúinteoirí agus ar an éifeacht atá aici, trí cur le formáidí seachadta na Forbartha Gairmiúla Leanúnaí chun go gcuirfear cláir foghlama ar líne agus cláir chumaisc san áireamh.
- Iniúchadh a dhéanamh ar réitigh maidir le tacaíocht theicniúil do scoileanna agus moltaí a dhéanamh ina dtaobh.
- Cur le scóip agus raon agus foghlaim an scoláire laistiar de bhallaí an seomra ranga.
Féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar an Straitéis. Tá an doiciméad beartais iomlán ar fáil ag: An Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020.
Cláraigh do nuachtlitir Peig.ie / deis iPad a bhuachan
Samhain 1, 2016
Ba mhaith linn deis a thabhairt duit clárú le Plé an Lae, nuachtlitir Peig.ie, a sheoltar amach trí ríomhphost gach lá ag a 9 r.n. ó Luan go hAoine.
Le beagnach 1,000 duine cláraithe cheana, is bealach iontach é seo le bheith ar an eolas faoi phríomhscéalta an lae, imeachtaí na seachtaine agus na topaicí ar fad atá i mbéal phobal na Gaeilge.
Ma chláraíonn tú roimh 7 Samhain tríd an bhfoirm thíos, nó má tá tú cláraithe linn cheana féin, cuirfear isteach i gcrannchur tú le deis iPad a bhuachan.
Naíonra Lios na nÓg
Samhain 1, 2016
An Corn Sam Mhic Uidhir sa naíonra.
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 Foilsithe ag An Rialtas
Deireadh Fómhair 28, 2016
Inniu sheol an Taoiseach, Enda Kenny T.D, mar aon leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D., agus leis an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne T.D, Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tharla an seoladh i Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua , Contae na Gailllimhe.
Tá forbairt agus feidhmiú an Pholasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar thiomantas lárnach ag an Aire Bruton sa Phlean Gníomhaíochtaí don Oideachas 2016-2019 a foilsíodh i Mí Meán Fómhair na bliana seo.
Agus é ag caint ag an seoladh, dúirt an Taoiseach gur chreid sé go raibh an Ghaeltacht ríthábhachtach do thodhchaí na teanga agus don chultúr Gaelach.
“Tá an Polasaí seo ar an gcéad straitéis chuimsitheach don oideachas sa Ghaeltacht ó bunaíodh an Stát. Tá an Rialtas an-tiomanta d’fheidhmiú na mbeart atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus anseo, sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, déantar cur síos ar an tslí ina dtacóimid le scoileanna Gaeltachta chun oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar do pháistí na Gaeltachta,” arsa an Taoiseach.
Rinne an tAire Richard Bruton cur síos ar na dúshláin a bhíonn ag scoileanna Gaeltachta agus iad ag teagasc páistí a tháinig chun na scoile le mór-éagsúlachtaí san leibhéil taithí a bhí acu ar an nGaeilge labhartha.
“Mar Aire Oideachais agus Scileanna, is mian liom a dheimhniú go mbíonn na cúinsí cearta ar fáil chun sár-scoileanna trí mheán na Gaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht,” arsa an tAire Bruton. “Faoin bPolasaí, beidh an deis ag scoileanna sa Ghaeltacht, ó 2017 ar aghaidh, aitheantas a éileamh mar Scoileanna Gaeltachta de réir na gcritéar teangeolaíocha. Tá súil agam go mbeidh spreagadh agus gríosadh le fáil ag scoileanna ón bpróiseas aitheantais, agus go meallfar scoileanna le bheith páirteach ann,” a dúirt sé freisin.
Faoin bPolasaí, beidh scoil Ghaeltachta aitheanta mar scoil ina dtiomnaíonn an scoil gach achar agus ábhar curaclaim a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Beidh cúig bliana ag scoileanna a roghnaíonn stádas mar scoil Ghaeltachta chun an stádas sin a bhaint amach. Beidh fáil ag na scoileanna seo ar phacáistí d’acmhainní breise teagaisc agus eile ar bhealach céimnithe de réir mar a bhíonn dul chun cinn á léiriú acu i dtreo stádas scoile Gaeltachta.
“Is é an cuspóir atá againn ná go mbeidh scoileanna aitheanta Gaeltachta mar chéad rogha scolaíochta do thuismitheoirí na Gaeltachta,” arsa na tAire Bruton.
Beidh, freisin, ar scoileanna Gaeltachta aitheanta a bheith gafa leis na pobail lena mbaineann siad i bpróiseas pleanála na teanga Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
D’fháiltigh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne roimh fhoilsiú an Pholasaí, agus go háirithe roimh an tiomantas go mbeidh scoileanna ábalta a bheith lánpháirteach sa phróiseas pleanála teanga i ngach ceantar Gaeltachta.
“Léiríonn an riachtanas go mbeidh scoileanna Gaeltachta páirteach sa phróiseas pleanála teanga an tábhacht a bhaineann le scoileanna agus leis na pobail lena mbaineann siad a bheith ag obair go dlúth le chéile chun úsáid na Gaeilge a threisiú,” a dúirt sé.
Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Déanann an Polasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022:
- Fís don oideachas Gaeltachta a rianadh a thugann aitheantas don ról a bhíonn ag scoileanna agus ag ionaid luathbhlianta chun oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus chun cumas agus úsáid na Gaeilge a chothú i mórphobal na Gaeltachta
- Díriú ar cháilíocht an teagaisc trí mheán na Gaeilge i scoileanna agus i réamhscoileanna Gaeltachta a thacú agus a fheabhsú, ionas gur féidir a dheimhniú go mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge mar chéad rogha ag tuismitheoirí i ngach ceann de na ceantair Ghaeltachta
- Leagan amach cuimsitheach a sholáthar ar raon gníomhaíochtaí comhnasctha chun an fáil ar thaithí oideachasúil ardcháilíochta agus ábhartha trí mheán na Gaeilge don uile dhuine óg atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta a dheimhniú agus sa tslí seo tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga ag pobail na Gaeltachta
- Polasaí a sholáthar inar féidir le scoileanna atá lonnaithe i gceantair phleanála na Gaeltachta roghnú ar aitheantas a ghnóthú mar scoil Ghaeltachta – beidh scoil Ghaeltachta mar scoil ina dtiomnaíonn an scoil gach achar agus ábhar curaclaim a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus ina mbíonn an scoil gafa leis an bpobal i bpróiseas pleanála na teanga Gaeltachta. Beidh cúig bliana ar a mhéid ag scoileanna a roghnaíonn stádas scoile Gaeltachta chun an stádas sin a bhaint amach. Beidh fáil ag na scoileanna seo ar phacáistí d’acmhainní breise teagaisc agus eile ar bhealach céimnithe de réir mar a bhíonn dul chun cinn á léiriú acu i dtreo stádas scoile Gaeltachta.
- Tabhairt faoi obair na scoileanna Gaeltachta a dhlúth-ailíniú leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta.
(English) Taoiseach and ministers to attend significant Connemara engagements
Deireadh Fómhair 28, 2016