Méid an Téacs

Maoiniú Áiseanna Teagaisc/ Foghlama Gaeilge agus Sparánachtaí Taighde

Feabhra 26, 2018

Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais: www.cogg.ie

Dáta deiridh d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Máirt 20 Márta 2018.

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta & CAER

Feabhra 26, 2018

Fógraíonn Comhairle na Gaelscolaíochta, an forás ionadaíochta ar son na gaelscolaíochta agus CAER, (Cumann Oideachais na Réigiún Eorpach), a chuireann chun cinn agus a fhorbraíonn oideachas trí theangacha neamhfhorleathana, go mbeidh Comhdháil chomhpháirteach ar siúl ar an 15ú Márta 2018 i gColáiste Ollscoile Naomh Muire & ar an 16ú Márta 2018 i gColáiste Feirste, Béal Feirste.

Is í ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann í, a mheallfaidh toscairí as Gaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge eile, idir chultúrtha agus oideachasúla agus i mbliana agus anois le comhpháirtíocht CAER, beidh cainteoirí idirnáisiúnta ar an tumoideachas ó cheann ceann na hEorpa.

I mbliana beidh atmaisféar láidir idirnáisiúnta le brath agus cainteoirí ó gach cearn don Eoraip i láthair. Inma Muñoa ó Thír na mBascach agus Ester Magis ón Bheilg, a chuirfidh a gcuid taighde faoi bhráid na comhdhála chomh maith le taighdeoirí agus acadóirí as an Bhreatain Bheag, as Albain agus as Éirinn i láthair.

Beidh an chomhdháil ar siúl i gColáiste Mhuire agus i gColáiste Feirste i mbliana agus tá Comhairle na Gaelscolaíochta agus CAER an-bhuíoch dóibh as an ócáid a óstáil i mbliana; dhá aonad iad atá aitheanta fud fad na tíre as a dtiomantas i leith chur chun cinn na Gaeilge.

Tá Comhairle na Gaelscolaíochta agus CAER an-sásta go mbeidh an t-aoi speisialta leis an Chomhdháil a oscailt i mbliana, An Choimisinéir Teangan Rónán ó Domhnaill. Tá Comhairle na Gaelscolaíochta & CAER an-bhuíoch dó as a chuid ama a thabhairt dúinn le bheith i láthair ar an lá.

Agus é ag caint ar theacht na Comhdhála i mbliana, dúirt Liam Ó Flannagáin, , Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, go gcuirfí fáilte chroíúil roimh gach toscaire chuig an ócáid speisialta seo.

Beidh réimse leathán de sheastáin eolais ag eagraíochtaí cultúrtha, oideachais, Gaeilge agus spóirt ann ar an lá chomh maith.

Ní mór do mhúinteoirí a bheith cláraithe roimh ré chun freastal ar an Chomhdháil seo, a thosaíonn ag 9.00 sa dá ionad.

Tuilleadh eolais: Seán Ó Muireagáin somuireagain@comhairle.org Guthán 02980 321475

Cúrsaí Oiliúna leis An Foras Pátrúnachta

Feabhra 20, 2018

Beidh ceardlanna ar chosaint leanaí agus cosaint sonraí á reáchtáil ag An Foras Pátrúnachta i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Má tá suim agat ionadaí/ionadaithe ó do scoil a chlárú, ní mór ríomhphost a chur chuig  oiliuint@foras.ie Tá an oiliúint seo oscailte d’ionadaithe ó scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta faoi gach pátrún. Tá An Foras Pátrúnachta sásta seisiún breise a reáchtáil in ionaid má bhailíonn scoileanna 15 duine ar a laghad.

Cosaint Leanaí – 7pm i ngach cás
Dáta Scoileanna Áit
1/3/2018 Corcaigh Ionad Oideachais Chorcaí
5/3/2018 An Mhí Gs na Mí
7/3/2018 BÁC Óstán Beacon, Áth an Ghainimh BAC
8/3/2018 Cill Dara – Laois- Uibh Fhailí Gaelscoil Mhic Aodha
12/3/2018 Áth an Rí Óstán Raheen Woods
8/3/2018 Ros Comáin Gaelscoil de híde
12/3/2018 Biorra Gaelscoil na Laochra
13/3/2018 Baile Dhún na nGall Gaelscoil na gCeithre Máistrí

Cláraigh ar oiliuint@foras.ie – Luaigh an Dáta agus an tIonad

GDPR – Cosaint Sonraí – 7pm i ngach cáṡ
Dáta Scoileanna Áit
10 Aibreáin 2018 BÁC Óstán Beacon, Áth an Ghainimh BAC
10 Aibreáin 2018 Leitir Ceanainn Óstán Mt Eireagail
18 Aibreáin 2018 Tiobraid Árainn GS Charraig na Siúire
18 Aibreáin 2018 Cill Dara – Laois- Uibh Fhailí Gaelscoil Mhic Aodha
24 Aibreáin 2018 Corcaigh Ionad Oideachais Chorcaí
25 Aibreáin 2018 Ath an Rí Óstán Raheen Woods
26 Aibreáin 2018 Loch Garman GS Charman
26 Aibreáin 2018 Cábhán/Muineachán GS Eois

Cláraigh ar oiliuint@foras.ie – Luaigh an Dáta agus an tIonad

 

Earcaíocht

Seimineár Lae agus Ceardlanna Earcaíochta do Bhunscoileanna agus Meánscoileanna

Óstán Glen Royal Maigh Nuad

10am – 17 Aibreáin 2018

Cláraigh ar oiliuint@foras.ie – Luaigh an Dáta agus an tIonad

Comórtas do Bhunscoileanna

Feabhra 20, 2018

Tá comórtas á reáchtáil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do bhunscoileanna na tíre do Sheachtain na Gaeilge agus ní gá dóibh ach Amhráinín i Nóiméidín a thaifead le bheith san áireamh don duaischiste €1000.  Is féidir amhrán, nó ceol uirlise, nó meascán den dá rud, mashup Gaelach, a chur isteach, ach gan é a bheith níos faide ná 60 soicind.  Is féidir iad a thaifead ar fón cliste nó ar tháibléad.  Tá siad ag glacadh le hiarratais ó anois go dtí 2 Márta, agus fógrófar na buaiteoirí ar 15 Márta.  Beidh na hiarratais le cloisteáil ar an gclár An Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí, Luan go Déardaoin 3 pm – 5 pm, i mí an Mhárta.  Cuir na hiarratais chuig Dónall ar wetransfer ag macruad@rte.ie agus tá breis eolais ag www.rte.ie/rnag

Ceardlann Oiliúna do Mhúinteoirí Gairmthreorach Iar-bhunscoile

Feabhra 20, 2018

Beidh ceardlann oiliúna do mhúinteoirí Gairmthreorach iar-bhunscoile a mhúineann trí mheán na Gaeilge in Óstán an Gresham, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath ar an Aoine, an 2 Márta ón 11 r.n. – 2 i.n.

Má tá suim agat freastal ar an gceardlann, ní mór ríomhphost a sheoladh chuig padraig@cogg.ie Tá líon na spásanna ar an gcúrsa teoranta, mar sin ní mór clárú go luath má tá sé i geist agat freastal air.

Seolfar tuilleadh sonraí ar aghaidh maidir le clár an lae nuair a bheidh rannpháirtithe na ceardlainne deimhnithe. Beidh Claire O’Halloran (Síceolaí Oideachais) ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) i láthair ar an lá chun caint a thabhairt ar thopaicí atá tráthúil i gcomhthéacs an déagóra iar-bhunscoile comhaimseartha.

Soláthar úr naíscolaíocht Ghaeilge faofa ag An Grúpa Oideachais Réamhscolaíochta do Chathair Ard Mhacha, Suaitreach & Droichead Thuama

Feabhra 19, 2018

Chuir Gearóid Mac Ádhaimh, Cathaoirleach Chomhairle na Gaelscolaíochta (an foras a bhunaigh an Roinn Oideachais leis an ghaelscolaíocht a fhorbairt), fáilte roimh an chinneadh déanach a rinne An Grúpa Oideachais Réamhscolaíochta do Chathair Ard Mhacha, Suaitreach & Droichead Thuama, Co Aontroma, an soláthar úr naíscolaíocht a fhaomhadh.

Creideann an t-uasal Mhic Ádhaimh go léiríonn an soláthar úr seo tuiscint an phobail ar bhuntáistí an oideachais dátheangaigh dá bpáistí. Dúirt sé; “Tá na pobail seo ar thuras oideachasúil a shaibhreoidh saol a bpáistí agus saol a bpobail féin mar aon. Táthar ag oscailt dorais do bhuntáistí oideachasúla agus cultúrtha a eascraíonn as an dátheangachas agus an tumoideachas.”

Lean sé leis, “Tá sé d’aidhm againn an Ghaelscolaíocht a chur ar fáil don oiread pobal agus is féidir sa tuaisceart agus seo déanta taobh istigh do chomhthéacs na Pleanála Ceantair. Tugann na naíscoileanna úra seo deis dúinn freagairt don éileamh d’fhorbairt na Gaelscolaíochta sa phobal.”

Is an-fhorbairt don earnáil bunú agus faomhadh trí naíscoil úra nó is é seo an chéad uair a bunaíodh trí naíscoil in aon bhliain amháin. Léiríonn sé go sonrach an t-éileamh sa phobal don ghaelscolaíocht. Tá anois 6000 dalta ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge san earnáil agus tá súil le méadú ar na huimhreacha sin sa bhliain amach romhainn.”

Mhol an t-uasal Mac Ádhaimh ról an phobail áitiúil a thug a gcuid ama agus fuinnimh le naíscolaíocht Gaeilge a bheith ar fáil ina bpobal féin. D’aithin sé chomh maith an choimitmint agus an tacaíocht airgeadais a thug Foras na Gaeilge (foras maoinithe uile-oileánda) agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta (ciste iontaobhais na gaelscolaíocht ó thuaidh) nuair a dúirt sé, Ní bheadh sé de mhian na bpobal seo soláthar gaelscolaíochta a bheith acu ach ab é creideamh, tiomantas agus coimitmint na n-eagraíochtaí agus na ndaoine seo.”

“Ba mhian liom buíochas agus aitheanta a thabhairt dár gcomhpháirtithe san eagraíocht Altram, an grúpa a thacaíonn le tionscadail réamhscolaíochta. Ba mhór agus luachmhar an tacaíocht a thug Altram le bunú na naíscoileanna seo.”

Tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag súil le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe uile agus muid ag tacú leis an trí fhorbairt úr gaelscolaíochta sna pobail seo agus muid ag cur comhairle agus tacaíocht ar fáil le go ndeachaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de sholáthar an ghaeloideachais ina gceantair féin.

Le tuilleadh eolais a fháil nó le do pháiste a chlárú, déan teagmháil le:

Orlagh @ 0785112041 (Naíscoil na Caille, Armagh)
John @ 07855902093 (Naíscoil na Fíobha, Toomebridge)
Malachaí @ 07746930591 (Naíscoil Ghreanacháin, Swatragh)

Ag glaoch ar Dhamhsóirí, ar Cheoltóirí agus ar Chóracha na hÉireann le páirt a ghlacadh i gComórtais Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2018

Feabhra 13, 2018

Tá Coiste Pan Cheilteach na hÉireann sa tóir ar ealaíontóirí traidisiúnta chun an fód a sheasamh d’Éirinn ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2018. Reachtálfar comórtais fidle, cruite, ceol beirte, córacha agus damhsa idir na tíortha Ceilteacha le linn na féile, a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ón 3-8 Aibreán 2018.

“Is deis iontach iad na comórtais chun blaiseadh agus léargas a fháil ar chultúr na dtíortha Ceilteacha eile. Chomh maith leis sin, tugann sé ardán nua cruthaitheach d’ealaíontóirí na hÉireann”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach.  “D’éirigh go maith leis na hÉireannaigh sna comórtais thar na mblianta, go háirithe san amhránaíocht traidisiúnta agus san amhránaíocht nuachumtha,” a dúirt sí, “agus i mbliana ba mhaith linn ár marc a dhéanamh sna comórtais ceoil, damhsa agus córacha chun ár gcultúr saibhir a chur chun cinn i measc ár gcairde Ceilteacha”, a dúirt sí.

Ar chlár na féile beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl do cheoltóirí, amhránaithe, cumadóirí, damhsóirí, córacha, filí agus scéalaithe. Beidh léachtaí, coirmeacha ceoil agus, ár ndóigh, na comórtais éagsúla.

 Is é an spriocdháta le cur isteach ar na comórtais ná, 1 Márta 2018. Is féidir foirm iontrála a fháil ar líne ag http://www.panceltic.ie/ agus é a sheoladh chuig competitions@panceltic.ie nó é a sheoladh chuig: Comórtais Pan Cheilteach, Oireachtas na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

 Le haghaidh tuilleadh eolais:

Louise Ní Dháibhéid                   T: 01 4753857                   R: louise@antoireachtas.ie

Gearóid Ó Maonaigh                 T:087 2389303

Máire Ní Fhearraigh                                                            R: pancelticdonegal@gmail.com 

 

Nótaí don Eagarthóir

1.    Tionóladh an chéad Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach i mí na Bealtaine 1971.

2.       Reáchtáiltear an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach um Cháisc gach bliain.

3.    Déantar ceiliúradh ar chultúr Ceilteach na hÉireann, na Breataine Bige, na hAlban, na Briotáine, Corn na Breataine agus Oileáin Mhanann.

4.    Bíonn eolas cothrom le dáta i gcónaí ar www.panceltic.ie maidir le himeachtaí na féile.

Daltaí an Chaisleáin ar BBC

Feabhra 12, 2018

Coinnigí súil amach don tsraith nua faoi bhunú Ghaelcholáiste Dhoire. Beidh an chéad chlár á craoladh ar an 12 Feabhra ag 10.00i.n ar BBC2. Chaith criú scannánaíochta ó LIGID dhá bhliain ag leanstan an scoilphobail fríd na dúshláin agus na buanna a bhí ag an scoil ó bunaíodh í. Más suim leat an Gaeloideachas beidh dúil agat in “Daltaí an Chaisleáin”.

Is sraith nua ó BBC Gaeilge é Daltaí an Chaisleáin, a dhíríonn ar na daoine a ndearna a dtiomantas scoil nua-aoiseach de chaisleán meánaoiseach.

Le 500 bliain anuas, tá Caisleán Dhún Geimhin ina sheasamh ag bun na Speiríní. Is mar theach sinseartha mhuintir Chatháin a tógadh é, ach is iomaí craiceann a chuir sé de thar na blianta, lena n-áirítear áit chónaithe d’Arm SAM le linn an Dara Cogadh Domhanda, halla damhsa agus ceoil sna 1950idí agus 1960idí (a raibh Tom Jones agus Engelbert Humperdinck agus a lán eile ar an ardán ann) agus óstán boutique go dtí 2014.

Anois, a bhuíochas sin do phobal diongbháilte áitiúil agus do choiste deonach díograiseach, tá feidhm úr ag an fhoirgneamh thaibhseach seo, mar Ghaelcholáiste Dhoire – an chéad iar-bhunscoil Ghaeilge neamhspleách i suíomh tuaithe sa tuaisceart.

Cuireann muid aithne ar mhuintir na háite a bhí freagrach as an mhórathrú seo, ar an phríomhoide dhíograiseach agus ar a fhoireann, agus ar na daltaí fosta, atá iontach sásta leis an scoil úr neamhghnách seo, a bhfuil an oiread sin dúile acu inti go dtugann cuid acu an leasainm ‘Hogwarts’ uirthi.

Sa chéad chlár den tsraith, tugtar léargas dúinn ar reáchtáil laethúil Ghaelcholáiste Dhoire, chomh maith le saol baile agus saol sóisialta na ndaltaí.
Cuireann muid aithne ar Fherdia, feirmeoir, ar breá leis aire a thabhairt don phór neamhchoitianta eallaigh atá aige, ar Sé Óg, ábhar churadh na hÉireann mar thiománaí i rásaíocht na gcairtíní, agus Erin, cláirseoir éirimiúil óg.

I gclár a dó, cuireann muid aithne ar Ruairí, dalta ‘nua’ atá páirteach san fhoireann díospóireachta agus atá réidh a chuid argóintí a chur trasna sa chéad bhabhta de chomórtas díospóireachta Ghael Linn.

Déantar an fhoireann Eolaithe Óga a roghnú le páirt a ghlacadh i dtaispeántas san RDS i mBaile Átha Cliath, agus tá cór na scoile san iomaíocht i gComórtas Chór Idirnáisiúnta na Bliana.

Ach más mór na dúshláin sin, tá dúshláin dá gcuid féin le sárú ag Bord na nGobharnóirí, atá ar lorg maoiniú ón Údarás Oideachais le seomraí ranga úra a thógáil le freastal ar na daltaí úra.

Is é Ligid TV a rinne Daltaí an Chaisleáin do BBC Gaeilge, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Beo ar an 3 Márta 2018

Feabhra 9, 2018

Beo

Tá Coirm Gael Linn 2018 faoi lán seoil!

Feabhra 9, 2018

Bhí suas le 600 aisteoirí, ceoltóirí agus rinceoirí ar stáitse go dtí seo ag féilte i Mainistir Fhear Muí agus Ros Mhic Thriúin.

Léirigh Gaelscoileanna ó chontaetha Corcaigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Port Láirge, Ceatharlach agus Baile Átha Cliath, seónna de ardchaighdeán in Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí ar an gCéadaoin, 7 Feabhra agus in Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin ar an Déardaoin, 8 Feabhra. Roghnaigh gach scoil an téama dá seó féin, agus bhí meascán de mhíreanna -drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach ceann. Bhí deis ag gach scoil tallanna éagsúla a gcuid scoláirí, ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla, a chur i láthair.

Bhain na scoláirí sult as seónna a chéile a fheiceáil, agus chuir an fear grinn iomráiteach, ‘Giggles’, go mór leis an tsiamsaíocht don lucht féachana, lena chuid geaitsíochta idir mhíreanna!

Cé nach bhfuil comórtas i gceist le Coirm Gael Linn, tugtar aitheantas (i bhfoirm gradaim) do sheónna, nó do mhíreanna as seónna, a bhíonn ar ard-chaighdeán. Mhol an léirmheastóir, Liam Mac an Mhaoir, na múinteoirí díograsacha ó na scoileanna uilig a léirigh agus a stiúraigh na seónna i Mainistir Fhear Muí agus i Ros Mhic Thriúin, agus bhí sé flaithiúil leis na gradaim ! Comhghairdeas leis na scoláirí agus na múinteoirí ar aon !

Tá áit lárnach ar an bhféilire bunscoile ag Coirm Gael Linn agus beidh seacht gcinn eile de fhéilte ar siúl in amharclanna ar fud na tíre roimh dheireadh mhí an Mhárta, mar seo a leanas:

Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018 – Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
Dé Máirt 27 Feabhra 2018 – Amharclann Hawks Well, Sligeach
Dé Céadaoin 28 Feabhra 2018 – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
Déardaoin 1 Márta 2018 – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
Dé hAoine 2 Márta 2018 – Amharclann Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
Dé Luain/Dé Máirt 5/6 Márta 2018 – Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Dé Máirt 13 Márta 2018 – Siamsa Tíre, Trá Lí

Cuirfear tús le nach mór gach féile c. 10.30 a.m. agus beidh fáilte roimh lucht féachana ach eolas a chur chuig Gael Linn
( 01:6751200 ) roimhré.

‘Agus Gael Linn ag comóradh 65 bliain ar an bhfód i 2018 , táimid ag coinneáil lenár dtraidisiún fad-bhunaithe, is é sin, cur chun cinn na Gaeilge trí mheán na healaíona’, a dúirt Seán Ó Ceallaigh, Feidhmeannach Sinsearach leis an eagras. ‘Is cúis áthais dúinn go mbeidh deis ag suas le 3,000 scoláire bunscoile a gcuid Gaeilge a chleachtadh ar bhealach taitneamhach, spraíúil, ag féilte Coirm, i mBliain seo na Gaeilge ach go háirithe’.

Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/087:2623953/niamh@gael-linn.ie
GG 4 Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc

 

GG 3 Gaelscoil de hÍde

« Previous PageNext Page »