Cúrsaí Gaeilge ar líne do dhaoine fásta
Meitheamh 25, 2013
Is cúis átháis dúinn é na cúrsaí ar líne de chuid Gaelchultúr a thairiscint duit arís ar phraghas eisiach:
- Gaeilge gan Stró! Leibhéal TEG, B1: Bainigí triail as. Íoc €80, faigh €30 ar ais*
– Oiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an Ghaeilge (Ardteistiméireacht, m.sh.) ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid.
– Oiriúnach do mhúinteoirí bunscoile ach go háirithe atá ag iarraidh iad féin a choinneáil cothrom le dáta.
- Gramadach gan Stró! Dúshlán gramadaí! Íoc €80, faigh €30 ar ais*
– Oiriúnach do chainteoirí maithe.
– Dóibh sin ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí agus cur lena saibhreas sa teanga.
– Dóibh sin nach dtuigeann cúrsaí gramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.
Eolas: 091-870718 / oifig@lochariach.com
Seo comhfhiontar de chuid Gaeilge Locha Riach agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe (Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin) fá choinne pobal oirthear na Gaillimhe.
*€30 ar ais má chríochnaítear cúrsa laistigh de sé mhí.
NB: Ní mór clárú le Gaeilge Locha Riach
Eolas: 091-870718 / oifig@lochariach.com
Coláiste Samhraidh i mBaile Átha an Rí
Meitheamh 25, 2013
1ú – 12ú Iúil 2013
Aoisghrúpa: 12 – 18 bliana d’aois
Táille: €250 ar fad
Eagraí: Coláiste Néifinn, www.ColaisteNeifinn.com
Dé Luain – Dé hAoine: 10 r.n. – 5 i.n.
Imeachtaí: Spórt: Cluichí Gaelacha, Sacar, Cispheil, Eitpheil, Rounders, Tarraingt Téide, Rugbaí agus eile; Dráma, Díospóireacht, Damhsa, Amhránaíocht, Ceol, Tráth na gCeist agus Turas
Eolas: 087-3903994 / colaisteneifinn@gmail.com
Imeacht cheoil do dhaltaí iar-bhunscoile
Meitheamh 25, 2013
Imeachtaí Saor in aisce in Áras Chrónáin
Meitheamh 25, 2013
‘Lúrapóg Larapóg’ – seó ardáin úr do pháistí
Meitheamh 20, 2013
Is é ‘Lúrapóg Larapóg’ an léiriúchán ardáin is nuaí le teacht as Gaeltacht Dhún na nGall.
Seó le páistí do pháistí atá ann, léirithe ag ceathrar idir 7 agus 11 bliain d’aois arbh as Gaoth Dobhair dóibh ó dhúchas.
Baintear úsáid as trí shaothar Gaeilge dírithe ar pháistí: Ící Pící, Ní Thuigimse Daoine Fásta agus Báidín Fheidhlimidh sa seó, le léiriú d’amhráin nuachumtha, amhráin thraidisiúnta, bréag-dhíospóireachtaí agus aithris dánta. Tá féith an ghrinn le haireachtáil sa seó mar aon le agus saibhris teanga, agus spreagtar an tsamhlaíocht ar bhonn cruthaitheach.
Tá Lúrapóg Larapóg feiliúnach do gach aoisghrúpa agus bíonn idirghníomhaíocht láidir idir na haisteoirí agus an lucht féachana sa tslí go gcuirtear gach duine ag canadh, ag damhsa agus fiú ag dreapadh suas ar an stáitse chun a bheith páirteach sa seó.
Cuireann seanchaí Rann na Féirste, Suzanne Ní Ghallachóir, go mór le léiriú na bpáistí sa tslí go bhfuil teannas, craic agus diabhlaíocht snoite go mion ina cuid scéalta.
In éineacht leis an seó beo, cuireann Lúrapóg Larapóg ceardlanna ar siúl do pháistí, bunaithe ar na hamhráin, na scéalta agus na leabhair a úsáidtear sna seónna, chun caidreamh agus spraoi a chruthú mar aon le gníomhaíochtaí ceoil agus damhsa.
Tá samplaí agus tuilleadh eolais ar na leabhair thuasluaite ar fáil ar www.eabhloid.com.
Is d’fhéilte agus d’ócáidí speisialta eile é Lúrapóg Larapóg, agus is féidir an seó a phlé agus socraithe a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le Marina ag 087-2350151.
Foilsithe ar Gaelport.com
Juvenes Translatores – 2013
Meitheamh 20, 2013
Ceapadh an comórtas aistriúcháin Juvenes Translatores, a eagraíonn an Coimisiún Eorpach, d’fhonn ilteangachas, foghlaim teangacha agus aistriúchán mar ghairmréim a chur chun cinn. Iarrtar ar iomaitheoirí ann téacs thart ar leathanach a aistriú ó aon cheann de 24 teanga oifigiúil an AE go haon teanga oifigiúil eile. Is féidir le daltaí iarbhunscoile a rugadh i 1996 cur isteach ar an gcomórtas. Tabharfar cuireadh do bhuaiteoir amháin as gach Ballstát cuairt trí lá a thabhairt ar an mBruiséil, mar a bheidh searmanas duaiseanna i gceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh.
Is féidir le scoileanna ar mian leo cur isteach ar an gcomórtas trí clárú ag http://ec.europa.eu/translatores ón 1 Meán Fómhair – 20 Deireadh Fómhair 2013 agus beidh an comórtas ar an 28 Samhain 2013.
Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas, chomh maith le nascanna le hiarpháipéir aistriúcháin, le fail ag: http://ec.europa.eu/translatores/index_en.htm
Dianchúrsaí Gaeilge le hAcadamh na hOllscolaíochta
Meitheamh 20, 2013
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, ag reáchtáil dianchúrsaí Gaeilge seachtainiúla agus coicísiúla ón 1 – 12 Iúil 2013.
Is do dhaoine fásta na cúrsaí seo – ceann ar fáil do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nach bhfuil an teanga á chleachtadh acu le roinnt mhaith anuas; ceann d’foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu ar an nGaeilge le déanaí; agus ceann eile do dhaoine le hachmhainn comhráiteach ach ar mian leo cur lena gcumas gramadaí agus stór focal. De bharr go mbeidh na cúrsaí lonnaithe sa Cheathrú Rua, tabharfar an deis d’fhoghlaimeoirí a gcumas Gaeilge a chleachtadh go neamhfhoirmiúil agus go nádúrtha i gcroílár na Gaeltachta.
Is féidir clárú trí ghlaoch a chur ar 091-595101; nó ríomhphost a sheoladh chuig cursaigaeilge@oegaillimh.ieTá tuilleadh eolais maidir leis na dianchúrsaí ar fáil ar shuíomh idirlín an Acadaimh ar www.oegaillimh.ie/acadamh.
Foilsithe ar Gaelport.com
Dianchúrsa Gaeilge i gCo. Thír Eoghain
Meitheamh 20, 2013
Beidh ‘Gaeltacht Thír Eoghain’ ar siúl arís i mbliana ón 1 – 5 Iúil 2013 i gCabhán an Chaorthainn, i gContae Thír Eoghain.
Is dianchúrsa Gaeilge é seo atá dírithe ar fhoghlaimeoirí de gach uile chaighdeán, le rang bunleibhéil, meánleibhéil agus ardleibhéil. Beidh an cúrsa, atá ar siúl in Institiúid Cheannaireachta na hÉireann i gCabhán an Chaorthainn, ag tosú ar 09:30 agus ag dul ar aghaidh go dtí 15:30 gach lá.
Ar an Déardaoin, 4 Iúil beidh turas cultúrtha go dtí An Bhinn Bhorb ag tosú ar 11:00 ar maidin. Mar chuid den turas beidh caint faoi stair na háite agus cur síos ar an gcath a thit amach i mBinn Bhorb sa bhliain 1598.
Tá costas £60 ar an gcúrsa le sólaistí san áireamh gach lá. Is deis iontach é seo d’fhoghlaimeoirí Gaeilge seachtain a chaitheamh leis an nGaeilge agus an teanga a fhoghlaim ar bhealach taitneamhach.
Más mian leat áit a chur in áirithe nó tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa is féidir teagmháil a dhéanamh trí ríomhphost a chur chuig gaeilge@cookstown.gov.uk nó glaoch ar 028 877 5780.
Foilsithe ar Gaelport.com
Tá sé déanta ag Coláiste Lurgan arís
Meitheamh 20, 2013
Tá iomrá bainte amach ag foireann Choláiste Lurgan le cúpla bliain anuas ó thaobh ceol nua-aimseartha de, agus tá sé déanta acu arís leis an aistriúchán is nuaí, den amhrán ‘Get Lucky’ le Daft Punk.
D’ardaigh líon na mbraithnaitheoirí go dtí deich míle laistigh de 24 uair a’chloig ó rinneadh uaslódáil ar an bhfíseán ar Youtube agus clúdaíodh an scéal sna meáin, ar leithéidí TheJournal.ie agus Joe.ie ó shin.
‘An t-Ádh ‘Nocht’ an t-ainm atá ar an amhrán ar chainéal Youtube TGLurgan. “Leagan breá d’amhrán ‘Get Lucky’ le Daift Ponc (Daft Punk) á chanadh ag Ian Mac Gabhann agus Megan Ní Dhonncha” atá i gceist. Tá an físeán le feiceáil ar www.gaelport.com.
Tá cáil bainte amach ag Coláiste Lurgan, atá lonnaithe in Indreabhán, Conamara, le cúpla bliain anuas mar choláiste samhraidh nua-aimseartha. Bíonn tionscadail éagsúla ar bun i ngach cúrsa le comhoibriú leanúnach idir an fhoireann agus na scoláirí.
Bhain Coláiste Lurgan clú agus cáil amach anuraidh leis an leagan Gaeilge den amhrán ‘Some Nights’, le FUN, a casadh ar stáisiúin raidió náisúnta timpeall na tíre. As an obair seo uilig, tá an banna ‘Seo Linn’ tar éis teacht ar an bhfód agus tá éileamh mór orthu i saol na Gaeilge go dtí seo.
Is féidir breathnú ar na tionscadail atá curtha i gcrích ag Coláiste Lurgan go dtí seo ar www.youtube.com/tglurgan; agus tá tuilleadh eolais ar an gcoláiste ar fáil ag www.lurgan.biz.
Foilsithe ar Gaelport.com
Bain cáilíocht sa Ghaeilge amach ag tosú i mí Mheán Fómhair
Meitheamh 18, 2013
An bhfuil cáilíocht tríú leibhéal sa Ghaeilge á lorg agat? Más dioplóma, bunchéim nó máistreacht atá de dhíth, tá ollscoileanna ar fud na tíre fós ag glacadh le hiarratais don chéad téarma eile a thosóidh i mí Mheán Fómhair.
Tá éileamh an-mhór ar fhostaithe a bhfuil cáilíocht bainte amach acu sa Ghaeilge i ngach sórt réimse oibre, más sa láithreoireacht teilifíse, sa mhúinteoireacht, nó i gcúrsaí dlí a chuireann tú suim.
Tá Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ag tairiscint an Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) arís i mbliana. Cuirtear béim láidir sa Dioplóma ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Seo cúrsa bliana ar bhonn páirtaimseartha atá oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach i múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta.
Is i gConamara a bheidh an cúrsa ar siúl i mbliana agus tá sé á thairiscint le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá an fhoirm iarratais le fáil ar líne ag http://www.nuim.ie/language/courses/cert-irish.shtml.
Cuirfear tús le cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach i gColáiste na hOllscoile i mí Mheán Fómhair 2013. Tá an cúrsa seo dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus beidh sé oiriúnach go speisialta do dhaoine sa tseirbhís phoiblí agus do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Glacann An Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháilíocht Ghaeilge don Chúrsa Iarchéime don Bhunmhúinteoireacht. Tá tuileadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ón mbróisiúr.
Más foghlaimeoir lánfhásta thú ar mhian leat BA a bhaint amach sa Ghaeilge, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag cur cúrsa eisceachtúil ar fáil – BA sa Ghaeilge Fheidhmeach. Sásaíonn an cháilíocht seo bunchritéir na Comhairle Múinteoireachta i leith mhúineadh na Gaeilge mar ábhar ardteiste. Cuimseoidh siollabas an chláir: ceartúsáid na teanga, cúrsaí litríochta, béaloideas agus stair chultúrtha agus gnéithe den aistriúchán agus den iriseoireacht. Tuilleadh eolais: www.oegaillimh.ie/acadamh nó www.oegaillimh.ie/gaeilge.
Más mian leat díriú ar oideolaíocht agus ar theoiric an tumoideachais agus an dátheangachais tá clár M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge ar fáil ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas lán-Ghaeilge agus san oideachas Gaeltachta a chur chun cinn. Tá gach eolas ar fáil anseo http://www.gaelport.com/cursai/MOid-san-Oideachas-Lan-Ghaeilge/ nó seol ríomhphost chuig tj.oceallaigh@mic.ul.ie.
Reáchtálfaidh Europus faoi urraíocht na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, dianchúrsa oiliúna lánaimseartha ar aistriúchán cáipéisí dlí agus cáipéisí stáit eile ar an gCeathrú Rua i mí Lúnasa agus Meán Fómhair 2013.
Glacfar le céimithe a mbeidh caighdeán ard acu i nGaeilge agus i mBéarla agus le daoine a bhfuil cáilíochtaí sa dlí acu. Ní bheidh aon táille ar an gcúrsa ach ní ghlacfar ach le líon teoranta daoine. Déan teagmháil le aine@europus.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Déan cinnte súil a chaitheamh ar www.gaelport.com/cursai ina bhfuil liosta iomlán na gcúrsaí le Gaeilge in 2013 ar fáil.