Méid an Téacs

Lámh chúnta do dhaltaí na hArdteiste le fáil i gclár úr TG4

Aibreán 3, 2012

Cuirfidh an t-aisteoir Marcus Lamb comhairle a leasa ar dhaltaí scoile atá ag ullmhú do bhéaltriail úr na hArdteistiméireachta sa chlár teilifíse ‘Cuireadh Chun Cainte’ atá le craoladh ar TG4  11 Aibreán ag 11am.

Is í seo an chéad bhliain do shiollabas nua Gaeilge agus don bhéaltriail ag leibhéal na hArdteistiméireachta.

Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40% de mharcanna sa scrúdú iomlán ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh thart ar 15 nóiméad.

Mar sin tá sé tráthúil go bhfuil  comhairle ó shaineolaithe oideachais curtha i dtoll a chéile don chlár a tabharfaidh leideanna do dhaltaí agus a chuirfidh ar a suaimhneas iad sula dtabharfaidh siad faoin bhéaltriail.

Ba iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge a léirigh an clár.  Tugtar léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air.

Sa chlár míníonn an t-aisteoir Marcus Lamb (Ros na Rún, Corp agus Anam) leagan amach an scrúdaithe agus déanann sé tráchtaireacht ar bhréagscrúdú atá ar siúl os a chomhair. Chomh maith leis sin, tá na míreanna nua sa bhéaltriail á bplé agus á gcur i láthair aige.

Tá ceithre mhír sa bhéaltriail nua: Fáiltiú, Léamh na Filíochta, Cur síos ar Shraith Pictiúr agus Comhrá.  Tabharfaidh an clár eolas ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal.

Tá an clár seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.

Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cuidiú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú.

Tá ábhar breise ar fáil ar an suíomh Gréasáin http://www.gaelport.com/cuireadhchuncainte a bheidh ina chabhair do dhaltaí chomh maith. Tá na dánta go léir atá riachtanach don bhéaltriail le cloisteáil ann, chomh maith le lámhleabhar áisiúil do dhaltaí scoile.

GAELPORT

40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh i bplean tógála an Rialtais

Márta 13, 2012

Tá fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D go bhfuil 275 tionscadal tógála scoile ceadaithe inniu mar chuid de phlean nua cúig bliana do chóiríocht scoile. Tá 40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh sa phlean tógála.

Caithfear €1.5 billiún mar chuid den chlár infheistíochta agus mar chuid den tionscadal beidh 106 foirgneamh bunscoile le tógáil agus cuirfear síntí le 65 bunscoil agus le 43 meánscoil.

Ceaptar go gcuirfear go mór le líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018 mar gheall ar an méadú ar an ráta-beireatais sa tír le tamall de bhlianta anuas. Beidh 70,000 dalta breise ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018.

Cruthófar 100,000 áit scoile mar chuid den tionscadal tógála agus beidh an tionscadal á riaradh i gcomhpháirt le coistí gairmoideachais, comhairlí contae agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

Chuir GAELSCOILEANNA TEO fáilte roimh an ráiteas ach dúirt an eagraíocht áfach go mbeadh díomá ar scoileanna eile atá ag fanacht le fada ar cóiríocht chuí ach nár tugadh san áireamh iad ar liostaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don tréimhse 2012-2015.

Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht buan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht sealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht sealadach do chuid den scoil.

Beidh 22 bhunscoil faoi an Foras Pátrúnachta ag fáil scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le 2 bhunscoil eile faoin bpátrún. Chuir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta fáilte roimh an ráiteas.  “Tá An Foras Pátrúnachta ríméadach faoin bhfógra ar an bplean cúig bliana. Tá formhór de na scoileanna againn ag fanacht le fada leis an dea-scéal seo ón Roinn Oideachais. Cuirfidh na foirgnimh nua agus na forbairtí go mór le timpeallacht na scoile agus le leas mhuintir na scoile”, a dúirt sé.

I dtaca le Gaelscoileanna, léirigh an eagraíocht díomá  nach bhfuil scoileanna ar an liosta cé go bhfuil siad ag fanacht le fada an lá le cóiríocht bhuan.  Thug siad le fios inné go ndéanfar teagmháil leis an Roinn Oideachais chun an cheist a fhiosrú agus a gcás a chur chun cinn.

Scoileanna lán-Ghaeilge a bheidh san áireamh sa tionscadal tógála:

2012: Obair tógála ar bun
Gaelscoil Uí Fhiach, Cill Dara
Gaelcholáiste Oiriall, Muineacháin
Gaelscoil Ultain, Muineacháin
Gaelscoil Uí Riordán, Corcaigh
Gaelscoil Chloich na Coillte, Corcaigh
Gaelscoil Adamhnáin, Dún na nGall
Gaelscoil Eiscir Riada, BÁC
Gaelscoil na Deise, Port Láirge
Coláiste Áiligh, Dún na nGall

2013: Obair tógála le tosú
Gaelscoil An Ghort Álainn, Corcaigh
Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Gaelscoil Chaladh an Treoigh, Luimneach
Gaelscoil Na Mí, An Mhí
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fháilí
Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Garman
Gaelscoil Moshíológ, Loch Garman
Gaelscoil an tInbhir Mhóir, Cill Mhantain
Gaelscoil na gCloch Liath, Cill Mhantáin

2014: Obair tógála le tosú
Gaelscoil Mainistir na Corann, Corcaigh
Gaelscoil & Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh
Gaelscoil nua, an tSeanbhábhún, BÁC
Gaelscoil Bharra, BÁC
Gaelscoil Bhaile Munna, BÁC
Bunscoil Coláiste Mhuire, BÁC
Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Gaelscoil Riada, Gaillimh
Gaelscoil an Ráithín, Luimneach

2015:Obair tógála le tosú
Gaelscoil de hÍde, Corcaigh
Gaelscoil nua, An Chéim, BÁC
Gaelscoil an Chuilinn, BÁC
Gaelscoil Ros Eo, BÁC
Scoil Lorcáin, BÁC
Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh
Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
Gaelscoil de hÍde, Gaillimh
Gaelscoil Liatroma, Liatrom
Gaelscoil an Longfoirt, Longfort
Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Mhí
Gaelscoil Chill Mhantain, Cill Mhantain

Achainí ar chás na nGaelscoileanna

Márta 1, 2012

Tá Gaelscoileanna Teoranta ag iarraidh ar dhaoine a gcuid tacaíochta a léiriú do na gaelscoileanna beaga trí achainí a shíniú ar líne i gcoinne cinneadh an Rialtais maidir le cóimheas múinteoirí le daltaí i ngaelscoileanna.

Cuireadh an achainí ar bun le dul i gcoinne na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2011.

De réir na cáinaisnéise, ardóidh líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83.

Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.

Áitítear mar chuid den achainí go gcaillfeadh múinteoir amháin ó 31 gaelscoileanna má chuirfear na ciorruithe sa chóimheas múinteoirí le daltaí i bhfeidhm.

Is é tuismitheoir a thosaigh an achainí seo agus is í an chéad chéim eile i bhfeachtas dian atá á stiúradh faoi láthair ag tuistí, foirne agus páistí na scoileanna beaga.

Thit agóidí amach ar fud na tíre ag an deireadh seachtaine agus ba léir míshástacht an phobail i measc na sluaite a bhí i láthair. Ba iad an Feachtas Save Our Small Schools agus Cumann Múinteoirí Éireann a bhí ina mbun agus is cinnte go mbeidh tuilleadh gníomhaithe ar siúl maidir leis na ciorruithe sna míonna amach romhainn.

Is féidir an achainí a shíniú ag http://www.ipetitions.com/petition/gaelscoileanna-cuts-protest/

Agóid náisiúnta ar chás na scoileanna beaga

Feabhra 21, 2012

Beidh na mílte ag bailiú le chéile ar fud na tíre an tseachtain seo in aghaidh na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2012.

Tá dhá lá ágóide náisiúnta eagraithe ag na heagraíochtaí scoileanna éagsúla  don tseachtain seo.

Baileoidh muintir na scoileanna DEIS le chéile taobh amuigh den Dáil ag 3.30pm ar an Déardaoin, 23 Feabhra.  Táthar ag súil le slua mór sa phríomhchathair ar an lá céanna a dtiocfaidh grúpaí eile le chéile ar son na cúise in áiteanna eile ar fud na tíre ina bhfuil scoileanna DEIS.

Titfidh an dara lá agóide amach ar an Satharn, 25 Feabhra agus is iad an feachtas Save Our Small Schools agus craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann a bheidh ina bhun.  Bunaíodh craobhacha Save Our Small Schools ar fud na tíre le déanaí agus beifear ag siúl le chéile ar an Satharn i gCiarraí, sa Chlár, i bPort Láirge, i nDún na nGall agus i nGaillimh.  Táthar ag súil le 150 scoil agus 3000 duine i gCaisleán an Bharraigh ar an lá, áit a siúlfaidh an slua chuig oifig Dáilcheantar an Taoisigh lena míshásacht a léiriú.

Beidh craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann ag mórshiúl ar an 25 Feabhra agus Craobh an Earagail, Gaoth Dobhair ina measc.  Tiocfaidh siad le chéile ar an Screabán (oifig Roinn na Gaeltachta) ag 12pm agus iarrtar ar phobal na scoile uile – an Bord Bainistíochta, tuismitheoirí agus an fhoireann – tacú leo ar an lá.

De réir na cáinaisnéise a fógraíodh mí na Nollag seo caite, ardóidh líon na ngasúr is gá do scoil le ceithre mhúinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83.  Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.

GAELPORT

Eagraíochtaí Gaeilge slán go dtí Meitheamh 2013

Feabhra 15, 2012

In Inis Ceithleann inniu thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas treoir do Fhoras na Gaeilge go leanfaí ag cur maoiniú eatramhach ar fáil do na heagrais bunmhaoininthe Gaeilge suas go dtí an 30 Meitheamh 2013.

D’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ag an gcruinniú.

Sa chomhráiteas a eisíodh tráthnóna inniu, nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairt samhail nua iomaíoch mhaoinithe.
Níor moladh áfach go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhairliúcháin poiblí, gníomh á bhí á lorg ag na heagrais le tamall anuas.

Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras

Faoi láthair, tá comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge maidir leis an Samhail nua mhaoinithe mar atá molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann  bunmhaoiniú  ó Fhoras na Gaeilge.

I Mí Mheán Fomhair, thug an CATT treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun comhphlé leis an earnáil dheonach maidir le  struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe.Iarradh ar an bhForas cás gnó mionsonraithe a ullmhú  chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí  beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus  plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis.

Faoin tSamhail Nua Mhaoinithe déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh d’ocht scéim.  I measc na scéimeanna siúd beidh: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail.

Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com roimhe seo, ta na heagrais bhunmhaoinithe den tuairim go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú

I Mí na Nollag,  d’eisigh na heagrais comhráiteas ag léiriú a mbuartha, inar mhol siad d’Fhoras na Gaeilge “meicníocht idirbheartaíochta” a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.

Tuarascálacha Bliantúla an Fhorais

Tuairiscíodh inniu go mbeidh Tuarascáil Bhliantúil an Fhorais Teanga don bhliain 2008 le cur faoi bhráid  an Oireachtais san Earrach.

Chomh maith leis sin beidh athbhreithniú a dhéanamh ar dílarú Fhoras na Gaeilge i bhfianaise cinneadh an rialtais cealú an chláir dhíláraithe, de bharr na ndeacrachtaí reatha eacnamaíochta, agus cealú roinnt tionscadal, cuid acu fágtha mar atá agus athbhreithniú á dhéanamh ar chuid eile acu. Breathnóidh an dá Roinn ar na himpleachtaí a eascróidh as an cinneadh sin don Fhoras Teanga.

©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2012

Tuairisc ar an nGaelscolaíocht

Feabhra 7, 2012

Caitheann páistí Gaelscoile níos mó ama ag léamh mar chaitheamh aimsire agus ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí cultúrtha ná páistí i scoileanna Béarla.

Foilsíodh tuairisc nua de chuid na hInstidiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Coláiste na Tríonóide, Growing Up In Ireland ar 26 Eanáir.

Bunaíodh torthaí na tuairisce ar shuirbhé, a raibh páistí 9 mbliana d’aois timpeall na tíre páirteach ann, a mheas na gníomhaíochtaí oideachais agus caitheamh aimsire a bhí acu.

Dar le torthaí an tsuirbhé, bíonn páistí Gaelscoile páirteach i gcaitheamh aimsire cultúrtha seachas bheith in ionad spóirt amháin nó ag amharc ar an teilifís, níos mó ná grúpa ar bith eile.

Dúradh go bhfuil páistí Gaelscoile, go háirithe cailíní, níos dearfaí faoin léamh agus caitheann siad níos mó ama ag léamh mar chaitheamh aimsire ná páistí i scoileanna Béarla agus i scoileanna Gaeltachta.

Léirigh an tuairisc go bhfuil curaclam níos leithne á chur ar fáil i nGaelscoileanna, áit a bhfuil níos mó béime ar ábhair éagsúla ar nós na Drámaíochta, an Cheoil agus an Chorpoideachais.  Tuairiscíodh leis an toradh sin go n-úsáidtear na hábhair seo níos minice i nGaelscoileanna mar mhodhanna do mhúineadh na Gaeilge.

Anuas ar sin, tá páistí Gaelscoile níos dearfaí faoin nGaeilge.  Deir 45% de pháistí Gaelscoile agus beagnach 40% de pháistí i scoileanna Gaeltachta go dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘i gcónaí’.  Ach dar leis an tuairisc, níl ach 20% de pháistí i scoileanna Béarla a dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘i gcónaí’ agus deir 30% nach dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘riamh’.

GAELPORT

Áiseanna foghlamtha Gaeilge anois ar iTunes

Feabhra 7, 2012

An tseachtain seo caite in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCárna i gCo. na Gaillimhe sheol Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin cainéal iTunes U.

Is togra é seo de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, comhpháirtíocht ar cuireadh tús léi cúpla bliain ó shin agus bhí áis nua foghlama den scoth le feiceáil le linn an tseolta i gCarna.

Cnuasach saibhir fuaime, fís amhráin dánta agus scéalta staire atá curtha le chéile ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó chartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar chuid de thionscadal taighde atá curtha i gcrích ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna.

Tá an áis nua iontach seo, arna mhaoiniú ag COGG, dírithe ar na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán- Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre. Tá os cionn 300 mír éagsúil ar fáil le seálta gleoite An Gúm agus tá físeán eolaíochta don teastas sóisearach á chur i láthair ag an múinteoir agus láithreoir Aoibhinn Ní Shúilleabháin mar mhír thábhachtach ar an áis.

Tá na scéalta agus míreanna staire le cloisteáil i gcanúintí Uladh, i gcanúint na Mumhan agus i gcanúint Chonnacht.
Is é an aidhm is mó a bhí leis ná daoine óga a mhealladh ar ais chug nósanna a bhíodh ann blianta ó shin agus iad a chur ar an eolas maidir le cultúr agus seanchas na tíre.

Tá an áis nua foghlama seo ar fáil saor in aisce @ itunes.cogg.ie

GAELPORT

Siollabas nua don tríú bliain ollscoile le seoladh inniu

Feabhra 6, 2012

Tá i gceist ag siollabas nua ‘féinfheasacht, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha’ a spreagadh agus a fhorbairt i measc scoláirí atá ag staidéar na Gaeilge sa tríú bliain ollscoile.

Seolfar an siollabas nua inniu i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach agus is é an tríú siollabas atá deartha ag an ngrúpa comhairleach, An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal.

Is iad an Dr Máirín Nic Eoin  ó Choláiste Phádraig agus an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá ina chomhstiúrthóirí ar an tionscadal. Tá sé bunaithe ar shlat tomhais idirnáisiúnta, an Fráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha.

“Is siollabas comhtháite é agus tá na scileanna teanga go léir i gceist”, dar leis an Dr Máirín Nic Eoin, comhstiúrthóir an tionscadail.

Tugtar san áireamh sa siollabas riachtanais éagsúla agus cumas teanga na mac léinn chomh maith leis na  téamaí, scileanna teanga agus torthaí foghlamtha a bheidh i gceist sa siollabas úr.

Tá an siollabas don chéad bhliain agus don dara bliain ar fáil chomh maith leis an siollabas úr don tríú bliain ar http://www.teagascnagaeilge.ie/.

GAELPORT

Agóid na scoileanna Gaeltachta

Feabhra 3, 2012

Ar lá fhéile Bríde, ardóidh múinteoirí, tuismitheoirí agus muintir na Gaeltachta a seolta agus ní stopfaidh siad  go seasfaidh siad os comhair na Dála i gceartlár Bhaile Átha Cliath.

Táthar ag súil go  dtabharfaidh  suas le 300 duine ó na ceantair Ghaeltachta  go léir cuairt ar an ardchathair tráthnóna inniu don léirsiú  ag 6 i.n.

Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag comhordú an fheachtais  Gaeltachta in aghaidh fógra an rialtais go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.

Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann do phobail bheaga tuaithe agus don Ghaeltacht ach go háirithe dar le Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG). Ó fógraíodh an cinneadh sa cháinaisnéis chuir ESG  feachtas láidir ar bun i ngach ceantar Gaeltachta agus tionóladh  cruinnithe poiblí  sna Gaeltachtaí ar fad.

Ach deir Treasa Ní Mhainín go bhféadfadh go mbeadh an scéal níos tromchúisí i gceantair Ghaeltachta mar gheall go mbeidh deireadh leis na socruithe speisialta  don chóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i  scoileanna beaga Gaeltachta.

Ó bhí 2003 ann, bhí lion níos lú daltaí de dhíth ar scoileanna Gaeltachta chun múinteoirí Gaeltachta a choinneáil.

Tá an léirsiú á reáchtáil inniu le tacaíocht ó Chraobh an Iarthair de Chumann Múinteoirí Éireann.  Tá siad aontaithe ar an gceist gur ‘pionós dúbailte’ a bheidh ann ar an ábhar nach bhfuil i dtromlach na scoileanna Gaeltacht ach idir beirt agus ceathrar mhúinteoir, dar le Ard Rúnaí an Chumainn, Sheila Nunan.

Ag labhairt dó sa Dáil inné, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Dinny McGinley nach raibh sé ‘dall nó bodhar’  ar thionchar na gciorruithe ar scoileanna Gaeltachta mar tá an oiread sin ina cheantar féin dar leis. Beidh le feiceáil an mbeidh a chomhghleacaithe bodhraithe ag an nglór a bheidh ann mórthimpeall ar Shráid Chill Dara anocht.

GAELPORT

Cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le plé sa Seanad Dé Céadaoin

Eanáir 17, 2012

Reáchtálfar díospóireacht sa Seanad ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta tráthnóna amárach, Dé Céadaoin 18 Eanáir ag 2 i.n.

Ba é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a mhol an díospóireacht agus is deis iontach  é seo chun ardán náisiúnta a thabhairt do na mórcheisteanna atá ag déanamh imní  do phobal na Gaeilge dar leis.

Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge ag an deireadh seachtaine nocht sé an tuairim go raibh ionadaithe i dTeach Laighean aineolach go leor ar na ceisteanna atá ag déanamh tinnis do phobal na Gaeltachta. Dúirt sé áfach go dtugann díospóireachtaí mar sin deis do Sheanadóirí páirt a ghlacadh sa phlé.

Ar na hábhair is mó a bheidh idir chamáin ag na Seanadóirí beidh an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Todhchaí Údarás na Gaeltachta, Cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman, Maoiniú na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta agus ciorruithe i scoileanna tuaithe agus Gaeltachta.

Beidh imeachtaí an lae le feiceáil ar http://www.seanad.tv.

GAELPORT

« Previous PageNext Page »