Méid an Téacs

Ag Cothú Gaeloideachas den Scoth ag Comhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO.

Samhain 22, 2009

Chuir GAELSCOILEANNA TEO. fáilte roimh Phríomhchigire cúnta leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Éamonn Murtagh a d’oscail Comhdháil Bhliantúil 2009.

Ag labhairt ar maidin dúirt Murtagh, “go dtacaíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le bunaidhm an pholasaí tumoideachais uile-oileánda, polasaí a sheolfar go hoifigiúil níos déanaí.”

D’fháiltigh Uachtarán na h-eagraíochta, Mícheál Ó Broin roimh an ráiteas seo agus roimh an mholadh go ndéanfaí iniúchadh ar na féidearthachtaí a bhaineann le múnlaí uile an tumoideachais atá leagtha amach sa pholasaí a fhorbairt.

Ag tagairt do chúrsaí geilleagracha deir Ó Broin,”Tuigimid go rí-mhaith drochstaid an gheilleagair agus an brú atá ar an Roinn dá bharr, ach iarraimid ar an Roinn agus ar an Rialtas meicníochtaí a fhorbairt don todhchaí chun nach gcuirfear todhchaí scoileanna lán-Ghaeilge i mbaol arís.” Léirigh Ó Broin tacaíocht láidir na hearnála d’obair riachtanach COGG agus d’éiligh sé nach nglacfar le moladh Mhic Chárthaigh ina leith ach breis acmhainní agus tacaíochta a thabhairt.

Dhírigh  eochairchaint na Comhdhála de chuid an Dr. Muiris Ó Laoire ar thábhacht na feasachta teanga sa seomra ranga sa scoil lán-Ghaeilge sa mhéid is go spreagann sí fiosracht agus fonn foghlama i bhfoghlaimeoirí agus go gcothaíonn sí cruinneas sa teanga. Thagair sé do thaighde nua a dheimhníonn go bhfuil an fheasacht teanga i measc páistí na scoileanna lán-Ghaeilge níos airde ná mar atá i measc páistí scoileanna trí mheán an Bhéarla.

Sheol GAELSCOILEANNA TEO. polasaí uile-oileánda ar an Tumoideachas inniu a bheidh ina threoir fiúntach do scoileanna agus iad ag forbairt a gcuid polasaithe scoileanna. “Táimid an-sásta go bhfuil an pointe stairiúil seo bainte amach againn go bhfuilimid ag ceiliúradh forbairt polasaí uile-oileánda ar an tumoideachas don chéad uair agus táimid dóchasach gur ábhar spreagtha é do bhreis comhoibirithe ar cheist an ghaeloideachais idir egaraíochtaí ar bhonn uile-oileánda,” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na heagraíochta.

Bhí an-rath ag baint le Comhdháil Bhliantúil 2009 anseo i gCathair Chill Chainnigh cathair ina bhfuil béim láidir ar an ngaeloideachas agus ar chothú pobail le Gaeilge.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Lá Oscailte ag Institiúid Oideachais Marino

Samhain 18, 2009

Spéis agat a bheith i do Mhúinteoir Bunscoile?

Céim B. Oid agus Ard-Dioplóma san Oideachas (Bunmhúinteoireacht)

Coláiste Mhuire, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

Lá Oscailte

An Satharn, 21 Samhain, 2009

11 r.n. – 4 i.n.

Tuilleadh eolais: Irene Kelly ag 01-8057730 nó Irene.kelly@mie.ie

Neamhaird déanta ag an mBord Snip ar mholtaí na Roinne Oideachais

Deireadh Fómhair 8, 2009

Is cúis mhór díomá do GAELSCOILEANNA TEO. gur chinn an Grúpa Speisialta neamhaird iomlán a dhéanamh de mholadh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i dtaca le COGG.

Léiríonn eolas atá tagtha chun cinn trí iarratas um shaoráil faisnéise a rinne TG4 ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gur chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i gcoinne moladh an Ghrúpa Speisialta gur cheart COGG a hionsú isteach sa Roinn féin nó sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar shábháil €1.2m don stát-chiste.

Mhol an Roinn Oideachais go leanfaí le dea-obair COGG mar atá. In ainneoin an mholadh sin rinneadh neamhaird i dtuarascáil an Ghrúpa Speisialta den imní a léirigh an Roinn go ndéanfaí leatrom ar chearta dhaltaí agus múinteoirí na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge maidir le tacaíochtaí d’oideachas trí mheán na Gaeilge Is moladh gan bhunús a bhí i dtuarascáil an Ghrúpa dá réir.

Anuas ar shárú cearta phobail na tíre seo léirigh an Roinn na dúshláin a bheadh ann deireadh a chur le COGG ar bhonn praiticiúil agus nach mbeadh aon sábháil airgid i gceist mar gur gá go leanfaí leis an soláthar agus gur gá foireann a earcú chun an soláthar seo a chinntiú. Ábhar mór faoisimh atá ann do GAELSCOILEANNA TEO. agus don earnáil trí chéile tuiscint agus tacaíocht na Roinne Oideachais a fheiceáil ar fheidhmeanna reachtúla agus ar éifeacht COGG.

Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO., “Is deacair a chreidiúint go rachadh an Grúpa Speisialta i gcoinne moladh ón Roinn a bhfuil cúram an oideachais lán-Ghaeilge uirthi. Deimhníonn an t-eolas nua seo atá tagtha chun solais go bhfuil an ceart ag pobal na Gaeilge easpa muiníne a léiriú i moltaí na tuarascála mar a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an ngaelscolaíocht mar is léir go bhfuil siad bunaithe ar aineolas agus easpa feasachta ar chearta, gealltanais an rialtais agus tuiscint ar bith ar chaomhnú cultúir agus oidhreachta”.

Agus í ag tagairt don bhfeachtas stocaireachta i gcoinne an mholadh deireadh a chur le COGG deir sí “Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór le gach scoil agus le gach duine a chabhraigh leis an bhfeachtas seo. Léiríonn an t-aiseolas go gcreideann scoileanna agus a gcuid tuismitheoirí go mbeadh an gníomh seo tubaisteach. Impímid oraibh leanúint leis an stocaireacht agus bímid muiníneach as cinneadh an Taoisigh tacaíocht cheart a thabhairt d’earnáil na gaelscolaíochta”.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 gaelscoil agus 39 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

Troscáin Scoile Saor in Aisce!

Meán Fómhair 8, 2009

Tá troscáin scoile ar fáil saor in aisce ó GAELSCOILEANNA TEO. Sciob do dheis mar ní féidir an troscáin a stóráil níos faide. Tá sé le bailiú i mBaile Átha Cliath. Seo thíos an liosta:

  • Taisceadáin
  • Deisceanna
  • Cófraí tarraiceáin do dheisc
  • Tralaí ríomhaireachta
  • Cathaoireacha
  • Seilf leabhar
  • Cófraí
  • Fillteáin
  • Crochadáin chótaí

Má tá spéis agat in aon rud anseo nó chun tuilleadh eolas a fháil, déan teagmháil linn san oifig ar 01-8535195.

Comhsheimineár ar Oideachas Luath-Óige trí Ghaeilge

Meán Fómhair 2, 2009

Beidh Comhsheimineár á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo. le Forbairt Naíonraí Teoranta chun plé a dhéanamh ar an ngaol idir an bunscoil lán-Ghaeilge agus an naíonra lán-Ghaeilge. Reáchtáiltear an seimineár in Óstán Maryborough House, Dúglas, Corcaigh tráthnóna Sathairn, 3 Deireadh Fómhair 2009.

Tá sé mar aidhm ag an seimineár plé a dhéanamh mar chúlra d’fhoilsiú treoirleabhair praiticiúil don dá leibhéal maidir leis an ngaol a láidriú eatarthu leis an earnáil i gcoitinne a neartú. Mar sin beidh rannpháirtíocht ón dá leibhéal an-tábhachtach chuige seo. Tá seo chun tógáil ar an ngaol láidir atá ann cheana féin idir Gaelscoileanna Teo. agus Forbairt Naíonraí Teoranta.

Tugann a leithéid de seimineár deiseanna do stiúrthóirí naíonraí, príomhoidí agus múinteoir naíonáin bunscoileanna agus bainistíocht an dá leibhéil teacht le chéile agus plé a dhéanamh agus foghlaim faoin obair a bhíonn ar siúl ag an dá leibhéal seo. Is minic go mbíonn an bunscoil ag braith ar an naíonra le daltaí a chur ar fáil don bhunscoil agus a mhalairt chomh maith. Ar a bharr sin go minic bíonn an naíonra ar an suíomh céanna leis an mbunscoil rud a chothaíonn gaol nádúrtha idir an dá leibhéal.

Ní bheidh ach €30 an rannpháirtithe ar an seimineár agus cuirfear lón ar fáil díreach roimh an seimineár.

Iarraimid oraibh teacht ar ais chugainn roimh an 18 Meán Fómhair. Má tá aon cheist agat maidir leis an seimineár tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh liom ag nora@gaelscoileanna.ie  nó ag 01-8535195.

Eolas ar Phaindéim (H1N1) 2009 (Fliú na Muc)

Meán Fómhair 1, 2009

Tá an Roinn Oideachais & Eolaíochta ag cur an t-eolas is deireanaí ar Phaindéim (H1N1) 2009 ar fáil go leanúnach. Tá an t-eolas seo ar fáil ó shuíomh gréasáin an Roinn Sláinte & Leanaí ag www.dohc.ie.

Tá bileog faisnéise do scoileanna, coláistí agus lárionaid oideachais faoin bhfliú (H1N1) ullmhaithe ag an ROE agus ar fáil anseo.

Cuireann an FSS (HSE) eolas leanúnach ar fáil ag www.swineflu.ie.

Tá eolas an-cuimsitheach le fáil ag suíomh gréasáin an CPSMA nó féach an doiciméad a d’ullmhaigh siad do phríomhoidí trí chliceáil anseo.

Feachtas Chun Tacú le COGG

Lúnasa 8, 2009

Feachtas i gcoinne moladh an Bhoird SNIP Nua deireadh a chur le COGG

Rinne an Bord SNIP nua moladh tromchúiseach go gcuirfí deireadh leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Léiríonn an moladh seo easpa tuisceana iomlán ar obair COGG agus ar an méid atá bainte amach acu ó bunaíodh í sa bhliain 2002.

Tá obair fíor-thábhachtach maidir le hoideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta curtha i gcrích ag COGG ar acmhainní an-srianta agus níl ceist ann ach go bhfuil luach ar airgead á fháil ag an Rialtas. Ó bunaíodh í tá 111 áis bhunscoile agus 32 áis iarbhunscoile (gan na leabhráin scrúduithe stáit san áireamh) curtha ar fáil, le 41 áis eile á fhorbairt faoi láthair ag COGG. Tá 16 píosa taighde foilsithe agus 20 píosa taighde reatha á chomhordú ag an eagraíocht.

Léiríonn an liosta thíos na háiseanna/gníomhaíochtaí nach mbeidh ann a thuilleadh do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal, má thugtar feidhm don mholadh:-

  • Téacsleabhair i nGaeilge, seachas iad siúd a chuireann an Gúm ar fáil
  • Leaganacha Gaeilge de Thriailscrúduithe na hArdteiste ná an Teastais Shóisearaigh
  • Leaganacha Gaeilge de leabhráin na n-iarpháipéir scrúduithe
  • Stiúradh ar an tionscadal Séideán Sí
  • Ábhar ar-líne, mar atá á fhorbairt faoi láthair don eolaíocht agus do na meáin dhigiteacha
  • Fóram trí Ghaeilge ar-líne do mhúinteoirí
  • Nótaí agus ábhair tacaíochta eile do mhúinteoirí
  • Bunachar na n-áiseanna teagaisc ar-líne
  • Leabhrán eolais áiseanna agus acmhainní teagaisc
  • Seirbhísí eolais COGG, an suíomh gréasáin agus an taispeántas taistil téacsleabhar ina measc
  • Ceardlanna múinteoirí
  • Dianchúrsaí Gaeilge do mhúinteoirí ag teagasc i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
  • Taighde ar ábhar a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge
  • Ionadaíocht thar ceann na scoileanna leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, CNCM agus áisíneachtaí eile
  • Comhairle ar an Aire, ar an CNCM agus ar raon leathan eagrais agus áisínteachtaí maidir le cur chun cinn oideachas trí mheán na Gaeilge
  • Póstaeir, léarscáileanna, cruinneoga, agus a leithéid
  • Dáileacháin ar an iris Breacadh

Tá curtha in iúl go bhfuil deis ag an bpobal roimh an 11 Meán Fómhair aighneachtaí a chur faoi bhráid an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus an Ard-Rúnaí, Brigid Mc Manus, maidir le moltaí an Bhoird SNIP.

Chabhródh sé go mór dá seolfá litir achainí chuig an Aire agus chuig an Ard-Rúnaí roimh an 11 Meán Fómhair 2009 ag léiriú do mhíshástacht leis an moladh tromchúiseach seo. Tá fáilte romhat eolas a thógáil ó na litreacha samplacha seo thíos nó iad a íoslódáil, a shíniú agus a sheoladh.

Litir Achainí chuig an Aire Oideachais & Eolaíochta

Litir Achainí chuig Ard-Rúnaí an Roinn Oideachais & Eolaíochta

Litir threorach do thuismitheoirí

Is cinnte gur cailliúint ollmhór a bheadh ann do scoileanna lán-Ghaeilge uile na tíre seo dá gcuirfí an moladh seo i bhfeidhm. Tapaigh do dheis seasamh ina choinne trí tacaíocht a léiriú don bhfeachtas seo.

Gaelcholáiste na Mara

Lúnasa 5, 2009

Coláiste Ráithín

Lúnasa 5, 2009

Meánscoil Gharman

Lúnasa 5, 2009

Next Page »