Príomhoide Gaelscoile, Co. Laoise
Bealtaine 28, 2012
Tá príomhoide scoile á lorg ag Gaelscoil Thromaire, Co. Laoise.
Post sealadach ag feidhmiú mar phríomhoide ar feadh bliana ag tosú ón 1ú Meán Fómhair 2012 go dtí 31ú Lúnasa 2013. Is scoil lán-ghaelach í Gaelscoil Thromaire le beirt oide, múinteoir tacaíochta foghlamtha roinnte, rúnaí páirt-aimseartha agus 35 dalta.
Beidh an t-iarrthóir ráithiúil líofa sa Ghaeilge.
Is scoil lán-ghaelach í Gaelscoil Thromaire atá faoi phátrúnacht Deoise Chill Dara agus Laighean le beirt oide agus ranganna beaga atá feiliúnach d’ábhair éagsúla mar drámaíocht, corp oideachais, snámh, rince gaelach chomh maith leis na príomh-ábhair.
Iarratais:
Fáilteofar roimh iarratais ar ghnáth fhoirm iarratais do Phríomhoideacht Bhunscoile.
Seolfar iarratais chuig:
FAO: An tAthair Seosamh ó Bróithe
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta,
Bóthar PhortLaoise,
Maighean Rátha,
Co. Laoise.
Caithfear iarratais a bheith curtha (tríd an bpost)roimh an Aoine, 6ú Meitheamh, 2012.
Tuilleadh eolais: joembrophy2@eircom.net
Múinteoir Gaelscoile, Co. Mhuineacháin
Bealtaine 28, 2012
Tá múinteoir á lorg ag Gaelscoil Ultain, Co. Mhuineacháin le tréimhse mháithreachais a chlúdú.
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 28 Lúnasa 2012.
Iarratais:
Caithfear iarratais a chuir, roimh 15 Meitheamh 2012, chuig:
FAO: An Cathaoirleach
Gaelscoil Ultain
An Cnoc
Muineachán
Co Mhuineacháin
Bíodh na foirmeacha seo a leanas iniata le gach iarratas:
-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí scríofa
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Tuairiscí cigireachta
-CV (Neamhcheangailte/Unbound)
-Clárú na Comhairle Múinteoireachta
-Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Múinteoir Gaelscoile, Co. Lú
Bealtaine 28, 2012
Tá múinteoir á lorg ag Gaelscoil Dhún Dealgan.
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 11 Meitheamh 2012.
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost chuig gaelscdd@eircom.net nó tríd an bpost go:
FAO: Pádraig Mac Canna
Gaelscoil Dhún Dealgan
Muirtheimhne Mór
Dún Dealgan
Co. Lú
Bíodh na foirmeacha seo a leanas iniata le gach iarratas:
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Clárú na Comhairle Múinteoireachta
-Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Is é 1 Meitheamh 2012 an spriocdháta.
Tuilleadh eolais: 042 9339389 nó gaelscdd@eircom.net.
Múinteoir tacaíochta foghlama á lorg ag Gaelscoil Aonach Urmhumhan
Bealtaine 28, 2012
Tá múinteoir tacaíochta foghlama á lorg ag Gaelscoil Aonach Urmhumhan le tréimhse mháithreachais a chlúdú.
Toisc gur Gaelscoil í seo, is fearr Gaeilge líofa a bheith ag iarrthóirí.
Iarratais:
Ní mór iarratais a chur chuig cathaoirleach na scoile roimh 31 Bealtaine 2012:
FAO: An Cathaoirleach,
Pádraic Ó Curraoin,
Bóthar Naomh Chonláin,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann
Bíodh na foirmeacha a leanas iniata le gach iarratas:
-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí scríofa
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Gráid an chleachtaidh teagaisc
-Tuairiscí cigireachta
-CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Tuilleadh eolais: 067 33509 nó inezgau@gmail.com.
Múinteoir Gaelscoile, Tiobraid Árann
Bealtaine 28, 2012
Tá múinteoir bunscoile á lorg ag Gaelscoil Aonach Urmhumhan le tréimhse mháithreachais a chlúdú.
Toisc gur Gaelscoil í seo, is fearr Gaeilge líofa a bheith ag iarrthóirí.
Iarratais:
Ní mór iarratais a chur chuig cathaoirleach na scoile roimh 31 Bealtaine 2012:
FAO: An Cathaoirleach,
Pádraic Ó Curraoin,
Bóthar Naomh Chonláin,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann
Bíodh na foirmeacha a leanas iniata le gach iarratas:
-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí scríofa
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Gráid an chleachtaidh teagaisc
-Tuairiscí cigireachta
-CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Tuilleadh eolais: 067 33509 nó inezgau@gmail.com.
Múinteoir acmhainne á lorg ag Gaelscoil na Camóige
Bealtaine 28, 2012
Tá múinteoir acmhainne á lorg ag Gaelscoil na Camóige, Baile Átha Cliath, le tréimhse mháithreachais a chlúdú.
Is scoil lán Ghaeilge í Gaelscoil na Camóige agus tá Gaeilge líofa ag teastáil ag na hiarratasóirí don phost seo.
Iarratais:
Seolfar iarratais, roimh 28 Bealtaine 2012, chuig:
FAO: An Cathaoirleach
Gaelscoil na Camóige,
Bóthar an Úlloird,
Cluain Dolcáin,
BÁC 22.
Bíodh na foirmeacha a leanas iniata le gach iarratas:
-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
-Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Ground-breaking Initiative ‘Dissolving Boundaries’ in Schools
Bealtaine 24, 2012
Picnic Náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge
Bealtaine 24, 2012
Fud fad na tíre beidh teaghlaigh ag spraoi trí mheán na Gaeilge ag picnicí ar 27 Bealtaine mar chuid de phicnic náisiúnta Chomhluadar.
Is eagraíocht í Comhluadar a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge.
Beidh an phríomhphicnic ar siúl i bPáirc Naomh Éanna, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath ach beidh picnicí eile á reáchtáil ar fud na tíre, ina measc, Co. Dhoire, Dún na nGall, Co. Longford, Co. Lú, Co. Mhaigh Eo agus Co. Luimnigh.
Deir Nicole Ní Cheallaigh, Oifigeach Imeachtaí Náisiúnta le Comhluadar: ‘Is deis iontach í an Phicnic Náisiúnta do ghrúpaí atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile agus imeacht nádúrtha i nGaeilge a bheith acu. Tá neart suime léirithe ag ár mbaill féin agus ag grúpaí pobail ann.’
Ní cúis imní é mura luaitear do cheantar thuas. Is féidir do phicnic féin a eagrú agus í a chlárú le Comhluadar agus beidh pacáiste áiseanna á chur ar fáil do gach aon dream a dhéanann a bpicnic a chlárú leo.
Tá fáilte roimh gach duine chuig an bPicnic Náisiúnta, cé go bhfuil sí dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil sé ar intinn acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí.
Bíonn imeachtaí den tsaghas seo á n-eagrú go minic ag Comhluadar chun deis a thabhairt do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí eile atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge chomh maith.
Tá sé i gceist ag Comhluadar An Phicnic Náisiúnta a eagrú go bliantúil amach anseo.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPicnic Náisiúnta ar an suíomh gréasáin www.comhluadar.ie
Spraoicheist Gael Linn ag Éigse Cheatharlach
Bealtaine 23, 2012
Tá sé i gceist ag Gael Linn tráth na gceist boird trí Ghaeilge dar teideal Spraoicheist a eagrú do dhaltaí bunscoile i gCeatharlach le linn Féile na hÉigse ar an gCéadaoin, 13 Meitheamh ag 10.00r.n. Is i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc a tionólfar an ócáid.
Is é an aidhm atá le Spraoicheist ná a léiriú do na daltaí gur féidir leo píosa spraoi a bheith acu tré mheán na Gaeilge‚ fiú muna bhfuil siad líofa sa teanga.
Beidh 6 bhabhta ceisteanna san áireamh le 10 gceist i ngach babhta agus iad dírithe ar dhaltaí as na hardranganna. Míneofar gach ceist i nGaeilge shimplí agus cuirfear foclóir gearr ar fáil chun gur féidir na focail is deacra a mhíniú agus a mhúineadh roimhré.
Ceadófar do gach scoil suas le cúig fhoireann a iontráil agus bronnfar duais ar gach ball foirne den 4 fhoireann is airde marc. Tabharfar roinnt spotduaiseanna amach i rith na hócáide chomh maith.
Eagrófar ceolchoirm ghearr tar éis bronnadh na nduaiseanna agus tabharfar cuireadh do dhaltaí ó na scoileanna éagsúla míreanna 5 nóiméad nó mar sin ar fhaid de cheol, amhráin Ghaeilge, rince srl a chur i láthair.
Tá litir eolais agus foirm iontrála seolta chuig príomhoidí scoileanna uile an cheantair. Má tá aon cheist is féidir glaoch ar Niamh in Gael Linn ag 01 6753303 nó oifig Ghlór Cheatharlach ag 085 1340047. Bí páirteach sa Spraoicheist i mbliana.
www.carlow-nationalist.ie
13 iarratas ar phacáiste tacaíochta teanga Roinn na Gaeltachta
Bealtaine 23, 2012
TRÍ CINN déag d’iarratais atá faighte ag Roinn na Gaeltachta go dtí seo ar an bpacáiste tacaíochta teanga do thuismitheoirí a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta mí ó shin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Ag tús na seachtaine bhí iarratas ar an bpacáiste tacaíochta déanta ag seisear ón nGaeltacht agus seachtar lasmuigh den Ghaeltacht.
De réir eolais a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil don cholún seo, tháinig ceithre cinn de na hiarratais sin ó dhaoine atá ag obair le heagraíochtaí atá ag plé leis an nGaeilge agus a chuir fios ar na pacáistí chun tuismitheoirí áitiúla a chur ar an eolas faoi cad a bhí ar fáil.
Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta leis an gcolún seo nach rabhthas ag súil le líon mór iarratas ag tús na scéime: “Ní tharlóidh sé seo thar oíche, is cuid an-tábhachtach an pacáiste tacaíochta den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh ach níl ann ach rud amháin i measc go leor rudaí eile.
“Tiocfaidh an t-éileamh ar na pacáistí ó na bileoga eolais atá á scaipeadh de réir a chéile againn ar na hospidéil atá ag freastal ar na ceantair Ghaeltachta. Tógfaidh sé tamall an córas a chur ar a chosa cearta.”
Mar chuid den phacáiste faigheann tuismitheoirí leabhrán a chuireann comhairle phraiticiúil ar thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge agus dlúthdhiosca agus leabhar rannta atá oiriúnach do pháistí.
Thug an Roinn le fios go mbeifí ag cur leis an bpacáiste agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh “de réir a chéile”. Tuairim is €8 a chosnaíonn gach pacáiste ar Roinn na Gaeltachta nuair a chuirtear costais riaracháin agus poist san áireamh.
Tá an pacáiste tacaíochta teanga dírithe ar thuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge agus tá sé á scaipeadh mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh nua a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, ar 26ú Aibreán.
Tháinig an clár in áit deontas Scéim Labhairt na Gaeilge a bhíodh á híoc le teaghlaigh Ghaeltachta nó gur cuireadh deireadh léi anuraidh.
Faoin gclár nua tá 12 beart ar leith leagtha amach ag an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclanna a thógáil le Gaeilge.
Dúirt urlabhraí ón Roinn go rabhthas “dóchasach” go dtiocfadh borradh faoi líon na n-iarratas atá á dhéanamh ar an bpacáiste tacaíochta teanga “de réir mar a chuirtear i bhfeidhm an beart”.
Dúirt an t-urlabhraí go raibh sé róluath breithiúnas a thabhairt ar conas mar a bhí ag éirí leis an scéim nua.
“Níor mhiste a rá go bhfuil sé i bhfad róluath, shílfeá, a bheith ag déanamh breithmheasa faoin mbeart seo nuair atá an oiread sin céimeanna fós le glacadh le go mbeadh an beart faoi lán seoil,” a dúirt sé.
Thug an t-urlabhraí le fios gurbh é “príomhchuspóir” an bhirt nua ná feasacht a chothú i measc tuismitheoirí faoi na buntáistí a bhain le rogha na Gaeilge mar theanga na clainne.
“Feidhm áisitheoireachta atá á glacadh ag an Roinn sa chás seo. Is faoi thuistí agus faoin bpobal trí chéile atá sé an rogha a dhéanamh faoi cad atá uathu ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt sé.
Is féidir le tuismitheoirí atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar phacáiste tacaíochta teanga ach teangmháil a dhéanamh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
www.irishtimes.com