Pobal na Gaeilge ag Comórtas Treabhdóireachta
Iúil 10, 2013
24 Meán Fómhair 2013 – 26 Meán Fómhair 2013
Déanfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo a oscailt go hoifigiúil ag a meán lae ar an Máirt 24 Meán Fómhair 2013. Mar is gnátha mairfidh an comórtas trí lá arís i mbliana le na céadta imeachtaí beartaithe go dtí an Déardaoin, 26 Meán Fómhair 2013.
Beidh comórtas na bliana seo á reáchtáil i Ráithín an Uisce, An Sráidbhaile i gCo. Laoise agus is cinnte go bhfuil an-athrú agus fás suntasach tagtha ar an gcomórtas seo ó reáchtáladh sa cheantar sin é in 1943.
Tá páirt lárnach agus an-tábhachtach ag an ócáid seo ag cur chun cinn agus ag tabhairt ardán d’fheirmeoirí na tíre seo ó 1931. Bíonn an-tóir ag gach aois ghrúpa idir óg agus aosta ó ghrúpaí scoile agus grúpaí pobail ar an gcomórtas seo gach bliain agus don chéad uair riamh beidh puball ollmhór Gaelach i láthair agus beidh áit faoi leith ag teanga dúchais na tíre i lár an aonaigh i measc an phobal ag an ócáid aitheanta seo.
I láthair le seastán sa Phuball Gaelach seo beidh Údarás na Gaeltachta, Glór na nGael, Coláiste UISCE, TG4, Gael Linn Ógras, Oideas Gael, An Spáilpín Fanach, Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS), Oireachtas na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Beidh ionadaithe ag na seastáin ag tabhair amach neart eolais agus comhairle a bhaineann leis an nGaeilge. Mar aon leis seo beidh deis ag an bpobal neart earraí Éireannacha ar nós áiseanna Gaeilge, t-léinte agus húdaí Gaelacha, cluichí, póstaer, leabhair agus An Fáinne a chéannacht. Anuas ar seo beidh an pobal ábalta eolas a sholáthair ar imeachtaí Gaelacha atá a g titim amach ar fud na tíre, Spóirt trí Ghaeilge, Cúrsaí Gaeilge, cúrsaí teicneolaíocht nua aimsire trí Ghaeilge, Cúrsaí Samhraidh, na Meáin Ghaeilge mar aon le neart comhairle ghinearálta.
Anuas ar réimse breá leathan d’imeachtaí a bheith ar siúl ag comórtas na bliana seo idir seimineáir, seisiúin eolas ar ábhar éagsúla a bhaineanna le feirmeoireachta, ainmhithe agus saol na tuaithe, oideachas, gnó, ceardaíocht, cúrsaí sláinte, spóirt, cócaireacht agus ceardlainne éagsúla beidh blaiseadh iontach den teanga agus réachtáilfar imeachtaí idir siamsaíocht den scoth, ceol, damhsa, seoladh dlúthdhiosca, seoladh seirbhísí digiteacha úr Ghaeilge mar aon le comórtais, neart spraoi agus neart eile sa phuball.
Beidh míle fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chuig “Pobal na Gaeilge' ón 24-26 Meán Fómhair 2013 is cuma más cainteoir líofa thú nó múna bhfuil agat ach Cúpla focal.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cinneadh glactha maidir le bunmhaoiniú Earnáil dheonach na Gaeilge
Iúil 10, 2013
Glacadh cinneadh críochnaitheach maidir le socruithe nua maoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a tionóladh in Ard Mhacha inniu, 10 Iúil 2013.
Tugadh treoir d’Fhoras na Gaeilge ag cruinniú CATT i mí Márta na bliana seo pleananna a chur chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach; samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí.
Tá beartaithe anois, bunaithe ar mhúnla nua maoinithe curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge le bliain anuas, go mbeidh na tosaíochtaí straitéiseacha a leanas á seachadadh ag 6 eagras ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin:
- Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
- Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
- Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta
- Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
- Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht
- Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga
Mar aon leis na réimsí luaite a chuirfear chun cinn faoin bpróiseas nua, bunófar córas nua maoinithe do raidió pobail ó Thuaidh agus ó Dheas trí scéim raidió pobal a fhorbairt. Leanfar freisin le maoiniú a chur ar fáil do sholáthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire , Béal Feirste.
Tá molta ag CATT go mbunófar fóram comhpháirtíochta uile oileáin de cheannasaithe na 6 eagras ceannais a bheidh freagrach as plean straitéise agus cur chuige na hearnála ar bhonn comhoibrithe.
Anuas air sin, bunófar fóram forbartha teanga comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, a bheidh ag tuairisciú don fhóram comhpháirtíochta maidir le hobair na hEarnála ag leibhéal an phobail.
Ag cruinniú den CATT i mí Márta na bliana seo, d’aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha don naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013 agus tá beartaithe go leanfar leis sin anois go mí Iúil 2014 nuair a thiocfaidh an múnla nua i bhfeidhm.
Ag labhairt dó faoi chinneadh na CATT inniu, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisúnta na Gaeilge “Tar éis cúig bliain d’éiginnteacht, is beag eolais bhreise atá faighte again inniu, ó tharla gurb iad seo na réimsí céanna atá á bplé againn le Foras na Gaeilge le píosa fada. Ní thuigtear go fóill conas mar a nascóidh an cinneadh seo isteach leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, nó cén bhunús pleanála teanga atá laistiar de.”
Deir De Barra: “Tá cruinnithe téamacha socraithe idir na heagrais agus Foras na Gaeilge don tseachtain seo chugainn, agus tá súil againn go mbeidh tuilleadh eolais maidir leis an struchtúr nua ar fáil ag an bpointe sin. Ó tharla nach bhfuilimid ar an eolas faoin ollphlean atá laistiar den mhúnla nua seo, ní léir dúinn go fóill cén buntáistí a bhainfeadh le heagrais Ghaeilge a chur in iomaíocht lena chéile nó cén chaoi an mbeidh sé sin chun leas na teanga.”
Foilsithe ar Gaelport.com
Preaseisiúint Fhoras na Gaeilge 10/07/2013
Iúil 10, 2013
Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh an chinneadh a rinne an CATT inniu. Tá deireadh anois leis an éiginnteacht maidir leis an todhchaí, éiginnteacht a bhí ag cothú míshuaimhnis, imní agus deacrachtaí le 5 bliana. Caithfidh muid anois obair go dlúth le chéile le cinneadh an CATT a chur i bhfeidhm. Is é atá molta ag an CATT ná:
Córas nua maoinithe in áit an chórais bhunmhaoinithe a bhí ann. An cur chuige ná Fóram Comhpháirtíochta de 6 cheann-eagraíocht ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireann ag plé leis na réimsí:
1. Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge
2. Oideachas in earnáil an Bhéarla, agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile
3. Forbairt Phobail agus Eacnamaíochta
4. Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán
5. Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht
6. Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga
Dar le Foras na Gaeilge is réimsí thar a bheith tábhachtach iad seo má tá an teanga le brú chun cinn agus má tá an Straitéis 20 bliain agus an Dréacht Straitéis ó thuaidh le cur i bhfeidhm go héifeachtach. Anuas air sin beidh Scéim Raidió Pobail ann agus beidh muid ag plé le Coláiste Ollscoile Naomh Muire maidir le soláthar áiseanna tríd an Áisaonad Lán-Ghaeilge atá lonnaithe sa choláiste.
Ní hé go mbeidh Foras na Gaeilge ná na sé cheanneagraíocht ag dul don obair seo leo féin. Mhol an CATT chomh maith go mbunófaí dhá ghrúpa ar leith:
A) Fóram Comhpháirtíochta a bheidh comhdhéanta de cheannasaithe na 6 cheann-eagraíocht agus Foras na Gaeilge le comhoibriú agus comhphleanáil a dhéanamh leis an obair ar fad a chomhtháthú. Beidh an grúpa seo ag aontú plean straitéiseach don earnáil agus pleananna a chéile agus ag cinntiú go mbeidh na ceann-eagraíochtaí ag obair go dlúth as lámha a chéile leis an chuid is fearr a dhéanamh don teanga.
B) Fóram Forbartha Teanga don oileán a bheidh comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tabharfaidh an grúpa seo aischothú don Fhóram Comhpháirtíochta ar fheidhmiú na dtionscadal ar an talamh agus déanfaidh siad moltaí maidir leis an bhealach chun tosaigh.
Tá obair mhór romhainn uilig má tá an clár ama leagtha síos ag an CATT le cur i bhfeidhm. Tá na socruithe nua le teacht i bhfeidhm ó 01 Iúil 2014. Caithfear toiseacht ar an phleanáil agus na cainteanna láithreach bonn agus beidh Foras na Gaeilge ag iarraidh bualadh leis na heagrais sna laethe agus sna seachtainí romhainn le tús a chur leis an phróiseas athraithe.
Tuilleadh Eolais:
Gearóid Mag Uibhrín
Cumarsáid & Margaíocht
0871779018
gmaguibhrin@forasnagaeilge.ie
Gaelscoileanna ag moladh do lucht an oideachais Ghaelaigh scríobh chuig an Aire faoina phleananna nua scoile
Iúil 10, 2013
Tá an eagraíocht Gaelscoileanna ag iarraidh ar chathaoirligh agus ar phríomhoidí ar scoileanna lán-Ghaeilge litreacha a scríobh chuig an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, maidir le rialacha nua iontrála atá molta.
Tá dréachtbhille á ullmhú ag Quinn faoi láthair chun rialachán a chur faoin chleachtas iontrála i scoileanna lán-Ghaeilge, idir bhunleibhéal agus iarbhunleibhéal. Tá súil aige go mbeidh an dréachtbhille os comhair na Dála sula scoirfidh sí ar 18ú Iúil. Idir an dá linn, scríobh ardfheidhmeannach Gaelscoileanna, Bláthnaid Ní Ghreacháin, chuig cathaoirligh na scoileanna ag impí orthu a n-imní a chur in iúl don Aire agus d’ardrúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, maidir leis na himpleachtaí a bheadh ag na moltaí seo don Ghaelscolaíocht. Táthar buartha nach mbeidh cead ag na Gaelscoileanna rogha a bheith acu tús áite a thabhairt sa phróiseas iontrála do pháistí theaghlaigh lán-Ghaeilge nó i gcás na nGaelcholáistí do pháistí a d’fhreastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge. Chas toscaireacht ó Ghaelscoileanna le teachtaí traspháirtí leis an ábhar a phlé i mí an Mheithimh. Táthar ag fanacht anois le dáta le dul os comhair an Chomhchoiste Oideachais.
www.irishtimes.com
Smiles all round at St Joseph’s summer camp
Iúil 10, 2013
Thirty-six students from St. Josephs N.S. in Muirhevnamor celebrated the start of their summer holidays in style as they participated in the week long Irish language Summer Camp, ‘‘Is Fiu, Is Feidir, 2013’’.
The purpose of the summer camp is to help children across Ireland enhance their Irish language skills in a fun, informal way. The school corridors were buzzing all week as the children took part in a wide range of activities including sport, art, drama, music, cooking and many more, through the medium of Irish. The packed schedule of events culminated in a Ceili Mor on Friday to celebrate the tremendous week. The traditional Ceili was given a new lease of life as the children engaged in a ‘Campa Samhraidh- Gangnam Style’ dance off! Led by Karol Caulfield, Tess Hughes and Alan Nelson, the St. Joseph’s teachers were well aware that the camp offered the children an excellent opportunity to learn Irish in a fun way. With smiles a plenty Friday afternoon, the summer camp was undoubtedly a resounding success.
www.dundalkdemocrat.ie
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga
Iúil 10, 2013
Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ag tabhairt deis do dhaoine tabhairt faoi Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga.
Is í aidhm an chúrsa deis a thabhairt do rannpháirtithe eolas agus oiliúint fheidhmeach a fháil ar straitéisí buanaithe teanga agus leas-chleachtais na pleanála teanga. Cuirfidh siad eolas
ar ghnéithe den fhorbairt pobail atá riachtanach do phobal na Gaeilge san am atá romhainn.
Beidh sé feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á fheidhmiú acu.
Ábhar an Chúrsa:
Dioplóma de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, atá ag teacht le cáilíocht ag Leibhéal 7 den Chreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí é seo. 30 ECTS atá luaite leis an gclár léinn seo.
Sa chás nach gcríochnaíonn an rannpháirtí ach an chéad bhliain, is féidir Teastas sa Phleanáil Teanga a bhronnadh air/uirthi ach an caighdeán cuí a bhaint amach i measúnuithe mhodúil na chéad bhliana.
Riachtanais Iontrála:
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo. De bharr go mbeidh gnéithe den chúrsa á seachadadh ar bhonn cianfhoghlama ní foláir go mbeidh teacht ag rannpháirtithe ar ríomhaire agus ceangal leathanbhanda. Is gá caighdeán sásúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge a bheith ag rannpháirtithe an chúrsa.
Táille agus Iarratais:
Gearrfar táille de €990 in aghaidh na bliana ar mhic léinn an Dioplóma ach beidh táille laghdaithe de €750 le híoc ag mic léinn a chomhlánaíonn foirm iarratais ar-líne roimh Dé hAoine 16 Lúnasa 2013.
Ní mór foirm iarratais ar-líne a chomhlánú roimh Dé hAoine 23 Lúnasa 2013.
Breise sonraí ar fáil Anseo
Is féidir tuilleadh fiosruithe a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa, Éamon Ó Cofaigh, ag: eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie nó 091-493802
Foilsithe ar Gaelport.com
ANSEO Aip do mhuintir na Gaeilge
Iúil 9, 2013
Seoladh aip nua dar teideal Anseo agus dírithe ar mhuintir na Gaeilge le déanaí.
Cruthaíonn Anseo App nasc digiteach idir lucht labhartha na Gaeilge timpeall na tíre idir fhoghlaimeoirí, ghnólachtaí, ghrúpaí pobail agus cultúrtha, scoileanna agus eagraíochtaí Gaeilge. Príomhaidhm na haipe, atá le fáil anois ar Shiopa Aipeanna Apple agus ar an margadh Android, ná gréasáin a chruthú i measc Ghaeilgeoirí uile na tíre trí chóras suite domhanda. Úsáidtear an aip le cainteoirí eile sa cheantar a aimsiú chomh maith le comhlachtaí agus eagraíochtaí Gaeilge, agus is féidir teacht ar ócáidí Gaeilge sa cheantar freisin.Tá Anseo maoinithe ag Foras na Gaeilge tríd an tionscnamh Nuálaíocht i Réimse an Ghnó. Bunathróidh AnseoApp an bealach ina n-úsaideann daoine an Ghaeilge. Beidh sé níos éasca chun dul i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile, chun imeachtaí agus eachtraí Gaelacha a aimsiú agus spreagfaidh sé an lucht foghlama agus Gaeilgeoirí araon chun úsáid a bhaint as an nGaeilge sa ghnáthshaol. Cabhróidh AnseoApp spás sa ghnáthshaol a bhaint amach don Ghaeilge agus chun cabhrú léi leathnú. Níos fearr fós tá sé saor agus mar sin tá an réabhlóid Anseo anseo!
Leis an aip nua Anseo is féidir Gaeilgeoirí atá in aice láimhe a aimsiú, féachaint ar a bpróifíleanna agus teachtaireachtaí a sheoladh chucu. Is féidir dul i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile atá sa cheantar agus cur le líon chairde le Gaeilge. Tá sé seo éasca agus áisiúil le AnseoApp. Buntáiste eile atá le AnseoApp ná an cumas chun ceangailt le gnóthaí Gaelacha sa cheantar agus ar fud an domhain. Is féidir le húsáideoirí na próifíleanna gnó a léamh is a fheiceáil ar léarscáil idirgnhíomhach. Spreagann AnseoApp na gnóthaí áitiúla chun úsáid a bhaint as an nGaeilge chomh maith le tacú le Gaeilgeoirí a ngnáthshaol a chaitheamh trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach cabhraíonn AnseoApp na himeachtaí a dhéantar trí Ghaeilge a aimsiú mar shampla ranganna Gaeilge, ceolchoirmeacha, clubanna cultúrtha agus a lán rudaí eile a aimsiú ar an léarscáil idirghníomhach. Tá sé anseo, AnseoApp! Tá gach eolas ar www.anseoapp.com
www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 9 Iúil 2013
Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach
Coláiste Samhraidh 2013 faoi lán seoil i gCeatharlach
Iúil 9, 2013
Tá Coláiste Samhraidh ar siúl i mbaile Cheatharlach don cúigiú bhliain as a chéile agus tá ag éirí go hiontach leis.
Cuireadh tús leis an gcúrsa coicíse ar an 1ú Iúil agus tá teach lán ann le beagnach 60 déagóirí ag freastal ar an gcoláiste samhraidh atá lonnaithe i nGaelcholáiste Cheatharlach. Eagraithe ag Glór Cheatharlach, bhí an-éileamh go deo ó thuismitheoirí ar áiteanna i mbliana mar rogha eile seachas a gcuid bpáistí a sheoladh as baile go dtí cúrsa samhraidh sa Ghaeltacht. Tá na daltaí, atá idir aois 12 agus 18, ag caitheamh coicíse ag foghlaim Gaeilge agus ag glacadh páirte i ngach saghas gníomhaíochtaí le spórt agus spraoi acu trí mhéan na Gaeilge. Is togra iontach é an Coláiste Samhraidh agus tá na daltaí an-sásta leo féin agus iad ag cur feabhais ar a gcuid scileanna teanga chomh maith le taitneamh á bhaint acu as na himeachtaí cultúrtha uile.
Chomh maith le Co. Cheatharlach tá na rannpháirtithe ag taisteal chuig an coláiste samhraidh ó Chill Chainnigh, Chill Dara, Loch Garman, Cill Mhaintáin agus Co.Laoise. Cuirtear ranganna Gaeilge le meascán maith de chomhrá agus gramadach, plé agus diospóireacht in oiriúint do na daltaí ar fáil dóibh gach lá. Agus is aoibhinn leo an rogha maith d’imeachtaí cultúrtha atá ar an gclár chomh maith. Tá an Céilí ag dul i bhfeidhm go mór ar na déagóirí uile agus iad ag baint suilt as Ionsaí na hInse, Ballaí Luimní agus Baint an Fhéir. Thar aon ní eile cuireann an coicís a chaitheann siad sa choláiste samhraidh ina luí orthu gur féidir leo taitneamh agus spraoi a bhaint as an teanga a fhoghlamaíonn siad ar scoil lá i ndiaidh lae. Chomh maith le cur lena gcuid líofachta féin sa teanga táid ag casadh le cairde nua trí Ghaeilge. Ar an bhfoireann teagaisc tá Orlaith Ní Mhórda, Máire Ní Fhaoláin, Ellen Ní Choisdealbha, Lucy Ní Bhroin, Emma Uí Bhroin agus Bríde de Róiste. Leanfar leis an gColáiste Samhraidh go deireadh na seachtaine seo.
www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 9 Iúil 2013
Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach
‘An Léamh Mór’ i gCeatharlach
Iúil 9, 2013
Cuireadh tús le Léamh Mór an tSamhraidh ins na leabharlanna uile i gContae Cheatharlach ar an 1ú Iúil.
‘Séard atá i gceist leis An Léamh Mór ná tionscnamh atá eagraithe ag foirne na gceithre leabharlann chun páistí a spreagadh agus a mhealladh agus carn leabhar a léamh i rith an tsamhraidh agus iad ar saoire ón scoil. Tá an tionscnamh dírithe ar bhuachaillí agus ar chailíní idir aois a sé bliana agus dhá bhliain déag d’aois agus mairfidh an scéim go dtí 31ú Lúnasa. Tá na leabharlanna i mBaile Cheatharlach, Buiríos, Muinebheag agus sa Tulach ag reachtáil na scéime i mbliana.
Níl le déanamh ag na leitheoirí óga ach iad féin a chlárú don tionscnamh léitheoireachta in a leabharlann áitiúil agus cárta dílseachta a bhailiú. Cuirfear stampa ar an gcárta gach uair a thógann siad leabhar amach agus nuair a bheidh deich stampa air cuirfear an cárta isteach le haghaidh crannchuir ag deireadh Lúnasa. Níl teora leis an méid leabhair gur féidir a léamh ná an méid cártaí gur féidir a líonadh ach ar ndóigh dá mhéid sea is mó seans ar dhuais a bhuachaint. Reachtálfar ócáid mhór sa fómhar do na léitheoirí go léir nuair a bronnfar na duaiseanna chomh maith le teastais léitheoireachta. Tá fáilte roimh chách agus is féidir tosú ag am ar bith. Tá gach eolas faoi An Léamh Mór ar fáil ar www.carlowlibraries.ie nó 059 9129705 nó ón leabharlann áitiúil.
www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 9 Iúil 2013
Carlow Nationalist – Glór Ceatharlach
Rúnaí ag teastáil i nGaelscoil Uí Earcáin
Iúil 8, 2013
Post Sealadach
Duine fuinniúil, le sárscileanna agus taithí rúnaíochta, riaracháin agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.
Bheadh taithí ar láimhseáil airgid ina chabhair chomh maith le scileanna maithe TEC agus eagrúcháin.
Seol CV & litir iarrtais roimh 29/7/2013 chuig:
An Cathaoirleach, Gaelscoil Uí Earcáin, Fionnghlas, B.Á.C. 11
nó i r-post go: priomhoideleah@gmail.com
Tuilleadh eolais: 086/2640912