Méid an Téacs

Siúl ar son do chearta

Feabhra 6, 2014

Beidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar ais ar na sráideanna ar Dé Sathairn 15 Feabhra mar chuid d’fheachtas cearta atá bunaithe mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go mbeadh sé ag éirí as oifig de bharr na heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas.

Cuirfear tús leis an mórshiúl Lá Mór na Gaeilge – Siúl ar son do Chearta ag 2.00i.n. agus an slua ag fágáil Cearnóg Parnell ag 2.00i.n. agus iad ag tabhairt aghaidhe ar lár na cathrach. Beidh grúpaí i láthair ó fud fad na tíre, le busanna ag taisteal ó Chonamara, Gaillimh, Tír Chonaill, Liatroim, Corcaigh, Cill Dara, an Mhí agus Béal Feirste. Tá pobail eile freisin ag cur eagair orthu féin le bheith i láthair chun teachtaireacht a thabhairt don Rialtas agus don státchóras nach bhfuil siad sásta glacadh a thuilleadh leis an éagóir atá á dhéanamh ar chearta na teanga. Cuirfear críoch leis an mórshiúl le slogadh ollmhór, áit a ndéanfar ceiliúradh ar bheocht agus ar shaibhreas na Gaeilge le ceolchoirm ó Seo Linn agus baill den ghrúpa Kíla agus Na Firéin.

www.advertiser.ie

Busanna ó Ghaillimh agus Conamara

Feabhra 6, 2014

Tá busanna á eagrú ó chathair na Gaillimhe agus ó cheantar Chonamara chun daoine a thabhairt go Baile Átha Cliath don mhórshiúl Lá Mór na Gaeilge – Siúl ar son do Chearta .

Fágfaidh bus na cathrach an Ardeaglais ag 10.00r.n. ar Dé Sathairn 15 Feabhra agus beidh bus Chonamara ag freastal ar cheantar na nOileán, an Cheathrú Rua, Indreabhán agus an Spidéal. Is féidir suíochán a chur in áirithe ar do rogha bus ach glaoch a chur ar 091 567824.

www.advertiser.ie

Deiseanna fostaíochta san AE

Feabhra 6, 2014

Ag seimineár do scoileanna dara leibhéil an tseachtain seo caite tugadh le fios go bhféadfaí 200 post a chruthú san Aontas Eorpach ach deireadh a chur leis an maolú atá ar stádas na Gaeilge san AE.

Bhí an seimineár, a bhí ar siúl in Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath, ag díriú ar dheiseanna fostaíochta leis an AE do chainteoirí Gaeilge. In ainneoin gur aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ar 1 Eanáir 2007, cuireadh maolú ar an stádas sin ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí 2012, agus arís go dtí 1 Eanáir 2017, ionas nach mbeadh gá na cáipéisí ar fad a aistrítear go gach teanga oifigiúla eile, a aistriú go Gaeilge. Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan. Is gá dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá na poist nua le cruthú agus má tá siad chun dul i mbun feachtas earcaíochta chun na poist sin a líonadh.

www.advertiser.ie

Learn Irish for less at Coláiste na nOileán

Feabhra 6, 2014

Located in the heart of the Connemara Gaeltacht, Coláiste na nOileán is one of the longest-running Irish colleges.

The college offers a number of course options. Five day summer Gaeltacht course for fifth and sixth class primary A specially designed five day residential course for fifth and sixth class primary students, this completely separate and fully supervised course is especially designed around parents’ requests and caters specifically for this age group. Three week summer courses The extremely popular three-week courses have made the college stand out from the rest with special courses for those sitting the Leaving Cert and Junior Cert 2014. Great emphasis is placed on the oral Irish test which accounts for 40 per cent of the awarded grade.

One, two, and three day Gaeltacht activity courses The college also runs one, two, and three day mini Gaeltacht activity courses during the school year that would suit all ages from fifth and sixth class primary students up to transition year in secondary. The courses include a huge range of activities, all through the medium of Irish, which make it a fun packed adventure. Coláiste na nOileán believes that learning Irish should be fun as this helps to cultivate a love for the Irish language and its culture, a formula that has made Coláiste na nOileán a huge success for over half a century. It is also running special offers for mid-term break and Easter.

For further details on all courses and to download a brochure visit www.colaistenannoilean.ie or contact the college on 091 551933/595890 or email colnanoilean@gmail.com.

www.advertiser.ie

Gaeltacht courses in Coláiste Cholumba in An Cheathrú Rua

Feabhra 6, 2014

Coláiste Cholumba is located in An Cheathrú Rua in the heart of the Connemara Gaeltacht and provides a base for students to further their appreciation and knowledge of not only the Irish language but also of Ireland’s rich historical culture.

Courses are graded and cater for primary students, pre-Junior Cert and pre-Leaving Cert, with special tuition on oral examinations. The college will run three separate three-week courses over the summer, the first running from June 2 to June 23, then from June 24 to July 15, and finally from July 16 to August 8. Coláiste Cholumba uses the communicative approach in Irish classes and avails of modern teaching aids as well as drama and other techniques to ensure that each student has the greatest opportunity to improve his or her Irish.

These courses are inclusive of accommodation, food, tuition, sports activities and travel during the course. Coláiste Cholumba is also famed for its theme nights which include Dubh agus Bán, Céilí 60s, Céilí Gléasta, Oíche Hawaii, Oíche Hollywood, Oíche Pop stars, Oíche Culchie, Oíche na gcontaetha, Céilí Tire, and many more. It’s hard to imagine a more fun filled experience in one of the most popular Irish summer colleges.

Coláiste Cholumba also runs special courses for those sitting the Leaving Cert 2014, Junior Cert, and for sixth class primary and first year post primary students. For further details/special offers contact 091 595184, email colaistecholumba@gmail.com or log on to www.colaistecholumba.ie You can also find Coláiste Cholumba on Facebook and Twitter.

www.advertiser.ie

Buaiteoirí Scléip 2014 sa Firkin Crane

Feabhra 6, 2014

Amharclann an Firkin Crane, Corcaigh, 5 Feabhra 2014

Scoileanna rannpháirteacha:

  • Coláiste an Phiarsaigh
  • Gaelcholáiste Chiarraí
  • Gaelcholáiste Luimnigh
  • Gaelcholáiste Mhuire AG
  • Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Chloe Millikan, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
  • Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Na Todchaí, Coláiste an Phiarsaigh (sóisear)
  • Walter & Co., Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Caela O’Shaughnessy, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • An Cogadh, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Tá rudaí níos mó ná réasún, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)
Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
  • Easaontas Ceoil, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sóisear)
  • Cion agus Conor, Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • Flúirse Fonn, Gaelcholáiste Mhuire AG (sóisear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis sibh ar an 1 Márta don chraobh ceannais.

Eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh le plé ar Cormac ag a Cúig

Feabhra 4, 2014

Cormac ag a Cúig ag craoladh beo ó Bhéal Feirste tráthnóna inniu le todhchaí na Gaeilge ó thuaidh faoi mhúnla nua Fhoras na Gaeilge a phlé

D’fhógair Foras na Gaeilge an mhí seo caite gurb iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na sé cheanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú in Earnáil Dheonach na Gaeilge mar chuid den mhúnla nua maoinithe. Tiocfaidh deireadh le maoiniú na n-eagraíochtaí nár éirigh leo sa phróisis ag deireadh mhí Mheithimh 2014.

Cé go bhfuil feidhm uile-oileáin ag cuid de na heagraíochtaí a roghnaíodh (thuas) cheana féin, is i bPoblacht na hÉireann atá a gceanncheathrú ag gach ceann acu. Tá imní léirithe faoi seo ó fógraíodh toradh an phróisis toisc an easpa tacaíochta a bheidh ar fáil do na struchtúr reatha teanga ó thuaidh.

Cuirfear deireadh le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge do Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach agus Pobal, rud a chiallóidh go mbeidh foirne na n-eagraíochtaí ligthe chun siúil agus go mb’fhéidir go mbeidh deireadh á chur leis na heagrais féin. Mar eagraíochtaí deonacha, d’fhéadfadh na heagrais seo leanúint ar aghaidh gan mhaoiniú agus gan fhoireann, ach is cinnte go mbeadh tionchar iontach diúltach aige seo ar obair na n-eagras.

Craolfar eagrán speisialta de Cormac ag a Cúig beo ó Chultúrlann Mc Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste inniu, Dé Máirt, 4 Feabhra 2014, a bheas ag díriú ar na hathruithe atá fógartha ag Foras na Gaeilge ar earnáil na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh an bpobal chuig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich áit a dtabharfar deis don slua ceisteanna a chur faoin leagan amach nua ar Earnáil na Gaeilge.

Tá dearbhaithe go mbeidh Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na nGaeilge agus Glór na nGael i láthair tráthnóna.

Beidh an t-eagrán speisialta de Cormac ag a Cúig le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, www.rte.ie/rnag, inniu, 4 Feabhra 2014, ó 5.00-6.00pm.

Foilsithe ar Gaelport.com

Beofast i mBéal Feirste

Feabhra 4, 2014

Dé hAoine seo caite, 17 Eanáir 2014, tháinig 7 scoil le chéile i mBéal Feirste ag an ‘Oh Yeah’ centre fá choinne ‘Beo-Fast’. As an seachtar scoil sin, bhí cúigear acu as Dún na nGall agus bhí dhá scoil eile as Béal Feirste. Séard a bhí I ‘Beo-Fast’ go bunúsach nó ceolchoirm de chuid Beo. Déanann Beo iarracht bannaí rac Éireannach agus ceol nua a chuir chun cinn. Bhí ‘Beo-Fast’ ar cheann amháin de na ceolchoirmeacha de chuid Beo a bhí ar súil ar fud na tíre ar an Aoine sin. Bhí cúig cheolchoirm eile de chuid Beo ar siúl i scoileanna difriúla ó cheann ceann na tíre. Bhí na cheolchoirm eile i Dungloe, Castlebar,Youghal, Dingle agus Stranorlar. Fósta, bhí an ceolchoirm i mBéal Feirste ar an chéad cheolchoirm de chuid Beo a bhí ar siúl i dTuaisceart Éireann.

Roimh an cheolchoirm, bhí bean darbh aimn Linda Ervine ag labhairt faoin teanga ghaeilge. Bíonn Linda Ervine ag munú agus ag spréadh an teanga fríd an phobail Protastúnach i mBéal Feirste. Bhí sí ag labhairt os coinne na scoileanna uilig a bhí ag freastáil ar an ghig níos moille an oíche sin. Labhair Linda faoi an bealach a bhíonn sí ag munú gaeilge do Phrotastúnaigh i oirthear Beál Feirste. Cainteoir iontach suimiúl ab í Linda Ervine. I ndiaidh urlabhra Linda, bhí seans ag na scoilairí uilig píosa siopadóireacht a dhéanamh i lár mBeál Feirste agus d’fhill said ar ais or an Oh Yeah Centre in am don cheolchoirm.

Thosaigh an gig ag a seacht a chlog agus bá é Callum Stewart an chéad duine leis an stáitse a ghlacadh. Sheinn sé an giotár agus chan sé cúpla amhrán. Chruthaigh sé atmaisféar deas sa seomra. Díreach i ndiaidh Callum Stewart tháinig Apollo Six ar an stáitse. Banna óg as Leitirceanainn atá iontú le baill den ghrúpa as Clochar Loreto agus Coláiste Naomh Adhamhnáin atá sa bhaile. Sheinn siad amhráin raic agus thug siad ar dhaoine toiseacht ag léim agus ag damhsa.

Roimh an dara leath den ceolchoirm, bhí sos beag ann nuair a bhí “More Than Conquerors” ag ullmhú an stáitse. Bhí gach duine ag súil go mór leo agus níor lig MTC síos an lucht féachana. Rinne said trup ar dóigh agus bhí atmaisféar bríomhar acu. Bhí páirt den lucht féachana ag “mosháil” agus ag léimtí thart leis an gceol. Bhí gach duine ar bís agus bhí craic ar dóigh ann!

Chríochnaigh an gig ag a naoi a chlog. Bhain gach duine sult as an oíche agus bhí turas fada bus ar ais go Dún na nGall os ár gcomhair amach, ach níor chuir sé sin isteach nó amach ar dhuine ar bith indiaidh an lá iontach a bhí acu I mBéal Feirste. Oíche ar dóigh a bhí ann. Beo go deo!

Féach tuilleadh sonraí agus grianghraif le Carrie Davenport ar http://beoireland.com/

Léirigh do nasc leis an nGaeilge – Caith Fáinne

Feabhra 4, 2014

Anois teacht an earraigh, is gearr go mbeidh Seachtain na Gaeilge 2014 buailte linn

Eagraítear scoth na n-imeachtaí timpeall na tíre agus go hidirnáisiúnta mar chuid den fhéile bhliantúil ag a dtugtar deis do gach uile dhuine a gcúpla focal a chleachtadh, in ainneoin an chaighdeáin Ghaeilge acu. Beidh Seachtain na Gaeilge 2014 ar siúl ó 1-17 Márta agus bealach amháin le do chuid Gaeilge a léiriú do dhaoine le linn na féile agus amach anseo ná Fáinne a chaitheamh.

Is siombail é An Fáinne ar do nasc féin leis an nGaeilge. Caitear An Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt.

Is fiú do mhúinteoirí Gaeilge machnamh a dhéanamh ar ghlacadh le Scéim An Fháinne, chun iad a bhronnadh ar dhaltaí, agus sprioc a thabhairt don rang ar fad le baint amach le linn na bliana.

Roghnaigh An Fáinne a oireann don leibhéal cumais atá agat nó ad do dhaltaí:

Léiríonn an Fáinne Óir agus an Seanfháinne go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat

Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid.

Tá suaitheantas den teideal ‘Cúpla Focal’ ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge atá bródúil as an gcúpla focal atá acu.

•Fáinne Óir € 5.50
•Fáinne Airgid € 4.00
•Seanfháinne € 7.00
•Cúpla Focal € 4.00

Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá i mbun dháileacháin An Fáinne, suaitheantas na Gaeilge, ó 1965.

Is féidir An Fáinne a cheannach ag an siopa ar líne www.fainne.ie agus tá lascaine 10% ar orduithe de 25 nó níos mó suaitheantas ar bith.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin An Fáinne www.fainne.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com

Dúshlann roimh forbróirí áitiúla chun aip turasóireachta a dhréachtú don Cheathrú Ghaeltachta

Feabhra 4, 2014

Tá cuireadh a thabhairt d’fhorbróirí áitiúla chun smaointí ar aipeanna nualaíocha a chur chun tosaigh a mheallfaidh tuilleadh turasóirí chuig Ceathrú Ghaaltachta Bhéal Feirste. Tá an comórtas, a bhfuil tacaíocht faighte aige ó Roinn Cultúr Ealaíon agus Fóillíochta, dírithe ar choinceapanna úra maidir le haipeanna a thabhairt chun an mhargaidh le tógáil ar na sócmhainn cruthaitheacha cultúrtha ata le hofráil ag Gaelphobal Feirste.

Tá an comórtas, atáthar a reachtáil i bpáirtnéireacht le Forbairt Feirste an aisíneacht forbartha Gaeilge Feirsteach, ag cur tairiscint suas le £15,000 roimh forbróirí chun aip úr a cruthú a ndéanfar á lainseáíl níos moille i mbliana. Go huathúil, fanfaidh ceart maoine intleachtúla leis na fobróirí buachana, a ligfeas dóibh an tionscadal a úsáid chun tuilleamh gnó a mhealladh ó taobh amuigh den réigiún.

Dúirt Jake MacSiacais, Stiúrthóir Forbairt Feirste, “Níl áit ar bith ar láidre beoga an oidhreacht cultúrtha, agus stairiúl náisiúnta ná sa Cheathrú Ghaeltachta. Is ceantar é seo inar bheoigh An Ghaeilge réimse d’eispéiris cultúrtha de chuid an 21ú Aois. Tá comhoibriú cruthaitheach a dhíth ón chuid is fearr san earnáil chun na heispéiris a roinnt tríd na hardáin is nua-aoisigh ar bhealaigh tarraingeacha a mheallfaidh níos mó cuairteorí chuig an cheantar.”

Tá an comórtas a óstadh ag IGNITN, an ardán úr do dhúshláin nualaíocha, a rinneadh a lainseáil i nDoire i Mí Eanair ag Féile CultureTECH Dhoire. Dúirt Sriúrthóir CultureTECH Mark Nagurski: “Tá muid an-tóghtha le bheith ag obair le Forbairt Feirste ar an tionscadal seo. Tá oidhreacht spreagúil, saibhir cultúrtha ag an Cheathrú Ghaeltachta a théann i bhfad níos faide siar na an stair úrnua. Silim gur féidir, agus seo cheangailte leis an talann cruthaitheach, teicniúl áitiúl is fearr, rud iontach speisialta a fhorbairt a mbeidh tionchar dearfach aige agus a mheallfaidh cuairteoirí agus a ndéanfaidh cuairteoirí féideartha a cheangal leis an cheantar.”

“Molaimid d’éinne a bhfuil suim acu moladh a chur chun tosaigh bheith cruthaitheach agus rioscaí a ghlacadh ina chur chuige. Ag an phointe seo tá muid dírithe ar na smaointí is fearr a aimsiú; rudaí a chuirfeas ar bís muid. Is deis iontach é seo do na forbróirí ceart agus ba mhaith linn go núsáidfidh siad é chan amháin chun rud éigin iontach a chruthú ach chun é a úsáid mar phreabchlár chun tuilleamh gnó a mhealladh nó chun a smaoineamh a fhorbairt mar ghnó ann féin,” a dúirt Mark.

Beidh an comórtas, a lainseáladh inniu, foscailte go dtí an 28ú Feabhra, ina dhiadh sin gheobhaidh an dá smaoineamh is fearr gearrlíostáílte £5000.00 chun a gcuid coinceapanna aonair a fhorbairt. Gheobhaidh an buaiteoir foriomlán aonar, a roghnófar ag paineál roghnaithe go mall I Mí an Mhárta, £10,000 breise chun smaoiniú s’acu a thabhairt chun margaidh i bpáirtnéireacht le Forbairt Feirste.

Ba chóir d’fhorbróirí a bhfuil suim acu ann cuairt a thabhairt ar www.ignitn.com/gaeltachttourism chun beart eolais ábhartha, rialacha comórtais agus ábhar samplach, atá curtha ar fáíl ag Forbairt Feirste, a íoslódáil.

Tá CultureTECH ar an imeacht is mó de chuid earnáil tionsclaíoch cruthaitheach, digiteach Thuaisceart Éireann, a reachtáíltear go bhliantúil i nDoire agus a mheall lucht féachana comhiomlán de 24,000 i Meán Fómhair 2013. Tá CultureTECH tiomanta chun idirchaidrimh a chur chun cinn i measc lucht cultúrtha agus teicniúla agus tá sé ag forbairt réimse tosaíochtaí ar-líne agus as-líne, agus ardán comórtais úr TÉ IGNITN.com. san áireamh. Tuilleadh eolais ag www.culturetech.co
Is gníomhaireacht forbartha Gaeilge é Forbairt Feirste, atá lonnaithe i mBéal Feirste, agus a dhéanann an Gaeilge a úsáid le cumhacht soch-gheilleagrach Bhéal Feirste a scaoileadh chun leasa an Chathair iomlán, agus ghníomhaíonn chun oidhreacht Ghaelphobal Feirste a lárnú I saol na cathrach chun deiseanna geilleagracha a chruthú don ghaelphobal agus chun stádas na Gaeilge a neartú. Tuilleadh eolais ag www.forbairtfeirste.com
Tá an tionscadal seo a mhaoiniú ag Roinn Cultúr Ealaíon agus Fóillíochta ceann den 11 Ranna Rialtais a tháinig ann dóibh de thoradh Ord Ranna (Thuaisceart Eireann) 1999. Is é an roinn atá freagrach i dTuaisceart Éireann as na healaíona agus cruthaitheachta, iarsmalainn, leabharlanna, uiscí intíre agus iascaireacht intíre, eagsúlacht teangacha, cartlainn agus maidir le comhairle i dtaca le seachadadh an Crannchur Náisiúnta. Tuilleadh eolais ag www.dcalni.gov.uk

Connor Doherty
T: 02871262379
E: connor@culturetech.co
W: www.ignitn.com / www.culturetech.co

« Previous PageNext Page »