Méid an Téacs

Folúntas: Gaelscoil Chluainín, Liatroim

Bealtaine 31, 2016

Tá múinteoir de dhíh i nGaelscoil Chluainín. Tuilleadh sonraí ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26082/

Face-It Academy

Bealtaine 31, 2016

1Daoine óga ag teastáil do Shraith Smididh Maisíochta do Dhaoine Óga.

2

 

 

Tá Fíbín Media ag taifeadadh sraith smididh maisíochta (Special Effects Make-Up), Face-It Academy do dhaoine óga do RTÉ i mí Iúil.

Tá muid ar thóir daoine óga díograiseacha le suim in ealaín, dearadh, feisteas agus atá ag iarraidh scil nua a fhoghlaim agus go mbainfeadh siad taitneamh as an taithí a bheith páirteach sa léiriúchán teilifíse spraíúil seo.

Eolas do na daoine óga seo:

  • Go mbeadh suim acu a bheith páirteach in éineacht lena gcara
  • Go mbeadh siad idir 10 agus 12 bliain d’aois
  • Go mbeadh siad gealgháireach agus cairdiúil

Chun cur isteach ar seo:  Ba chóir do na daoine óga a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa chlár ríomhphost a sheoladh ag rá cén fáth gur mhaith leo féin agus a gcara a bheith páirteach sa tsraith!

Cuir na sonraí seo a leanas sa ríomhphost chomh maith:

  • ainm,
  • aois,
  • seoladh,
  • sonraí teagmhála tuismitheora,
  • deimhniú go bhfuil tú ar fáil le haghaidh lá amháin taifeadta i nGaillimh idir 18-22ú Iúil

Seol ríomhphost chuig faceityp@gmail.com roimh 7 Meitheamh 2016

Ba chóir go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist.

D’fhéadfaí go nglaofaí le haghaidh éisteacht ar na daoine óga a dhéanann ar an ngearrliosta é!

Folúntas: Gaelscoil Chnoc Liamhna, Baile Átha Cliath

Bealtaine 31, 2016

Tá múinteoir de dhíth i nGaelscoil Chnoc Liamhna. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26036/

Folúntas: Gaelscoil Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Bealtaine 31, 2016

Tá múinteoir de dhíth i nGaelscoil Chluain Dolcáin. Tuilleadh eolais ag an naisc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26040/

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26039/

Folúntas: Gaelscoil Riada, Gaillimh

Bealtaine 31, 2016

Tá Gaelscoil Riada ag lorg múinteoir sealadach. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26059/

Dalta na hIdirbhliana 2016, Colaiste de hÍde

Bealtaine 31, 2016

Tharla Oíche Bhronnadh na hIdirbhliana 2016 i gColaiste de hÍde Luan 30 Bealtaine 2016. Bronnadh Dalta na Bliana 2016 bliain 4 ar Grace Ní Hící. Comhghairdeas do Ghrace agus a chlann.

1

Shirley Ni Hicí (Máthair Grace0, Evelyn Ni Raghail (Co ordaitheoir na hIdirbhliana), Grace Ni Hicí (Dalta na bliana bliain 4 2016), Deiric Mac An Bhaird (Priomhoide Colaiste de hÍde)

 

SLAM MATAMAITICE COLÁISTE DE HÍDE

Bealtaine 31, 2016

1

Comhghairdeas do Keith Ó Cinnéide, Shane Ó Craosadéil agus Aisling Ní Bhroin (sa phictiúr) : thriúr dalta na hIdirbhliana Choláiste de hÍde a ghlac le teastaisí Matamaitice tar eis cúrsa sé mhí a chaitheamh thar deich  deireadh seachtainí  i gColaiste na Trionóide. Teastaíonn cumas agus scileanna ceannaireachta sa chúrsa Matamaitice seo mar shampla bhí orthú ranganna Códachán sa Mhatamaitice a mhúineadh do bhliain a haon mar chuid den chúrsa. Comhghairdeas dá múinteoir Matamaitice Joy Uí Mhurchadha.

 

Folúntas: Comhalta Iardhochtúireachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bealtaine 31, 2016

Tá iarratais á lorg ó iarrthóirí cáilithe do Chomhaltacht Iardhochtúireachta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh an té a cheapfar páirteach i bhforbairt an tSeimeastair Ghaeltachta, a bheas mar chuid lárnach de chúrsaí céime an BComm le Gaeilge, an BA sa Chumarsáid & Gaeilge agus an BA sa Ghaeilge. Beidh an chéad chohórt den BComm le Gaeilge ag tabhairt faoin Seimeastar Gaeltachta i Meán Fómhair 2016.

Mairfidh an chomhaltacht iardhochtúireachta ón 1 Lúnasa 2016 go dtí an 31 Iúil 2017.

Cáilíochtaí

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir:

• PhD i réimse na Pleanála Teanga, an Ghaeloideachais, na Gaeilge nó in ábhar gaolmhar eile;

• Taithí i dtimpeallacht taighde agus forbartha, go hinmhianaithe i réimse na Pleanála Teanga nó an Ghaeloideachais;

• Scileanna maithe cumarsáide, eagrúcháin agus idirphearsanta;

• Beidh sé/sí spreagtha agus beidh sé/sí ábalta oibriú as a stuaim féin;

• Beidh ardchumas sa Ghaeilge aige/aici, idir labhairt agus scríobh, mar aon le cumas maith sa Bhéarla.

Go hinmhianaithe beidh taithí ag an iarrthóir i bhforbairt polasaithe agus treoirlínte mar aon le cur amach ar chórais ríomhaireachta.

Tuarastal: €37,750 – €46,255 in aghaidh na bliana. Dáta Tosaithe: 1 Lúnasa 2016

Tuilleadh eolais faoi thaighde agus fostaíocht le OÉ Gaillimh le fáil ag Research at NUI Galway

Eolas faoi Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le fáil ag www.oegaillimh.ie/acadamh

Chun iarratas a dhéanamh: Seoltar iarratais (i.e. litir chumhdaigh, CV agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí) i bhformáid Word nó pdf amháin chuig dorothy.niuigin@oegaillimh.ie

Ba cheart go mbeadh an uimhir thagartha NUIG 070-16 i líne ábhair an iarratais leictreonaigh.

An spriocdháta: Dé Máirt, 14 Meitheamh 2016

Beidh na hagallaimh ar siúl an 21/22 Meitheamh 2016

Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Coláiste Bhríde (Sruth)

Bealtaine 30, 2016

Pacáiste Tacaíochta ar fáil d’imeachtaí Gaeilge le linn Oíche Chultúir 2016

Bealtaine 30, 2016

Bheidh Oíche Chultúir ar siúl ar an Aoine 16 Meán Fómhair, ó 5pm go 11pm, agus tá iarracht ar bun cur le himeachtaí Gaeilge (taobh amuigh den Ghaeltacht) le linn na hOíche. D’árdaigh líon na n-imeachtaí Gaeilge 300% anuraidh!

Freastalaíonn thart ar 350,000 duine thar timpeall na tíre ar imeachtaí cultúir, oidhreachta agus ealaíon saor in aisce le linn Oíche Chultúir. Is deis í seo do ghrúpa/scoil a chur chun cinn, baill nua a mhealladh, aird a tharraingt ar bhur n-imeachtaí agus tuilleadh cairdis a chothú leis an bpobal.

Ar mhaithe leis sin, tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil ag an tOireachtas d’aon ghrúpa a bheidh sásta imeacht cultúir, ealaíon nó oidhreachta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge ar Oíche Chultúir. (Tabhair faoi deara nach féidir aon táille ar ghearradh ar dhaoine a bheidh páirteach nó a bheidh ag freastal ar imeachtaí na hoíche.) Ba chóir go dtabharfaidh an imeacht deis do chainteoirí Gaeilge níos mó úsáidte a bhaint as an nGaeilge.

Pacáiste Tacaíochta d’Oíche Chultúir:
• Póstaeir le spás do shonraí an imeachta
• Maoiniú airgid (uasmhéid €300) le costais an imeachta a chlúdach
• Poiblíocht san meáin shóisialta, Gaeilge, náisiúnta agus áitiúla

Samplaí d’imeachtaí gur féidir a reáchtáil d’Oíche Chultúir:
Seoltaí (Leabhair, scannáin, taispeántais)
Taispeántais (Ealaíon, Ceoil, Damhsa, Amhránaíochta)
Ceardlanna
Cainteanna
Seónna (Ceoil, drámaíochta)
Turais

Le leas a bhaint as an bpacáiste seo, caithfear sonraí an imeachta/na n-imeachtaí atá i gceist agat a reáchtáil a chlárú ar an bhfoirm thíos, agus má tá tú ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar an gciste airgid, caithfear sonraí measta costais a thabhairt freisin. Caithfear an fhoirm comhlánaithe a chur ar rphost chuig Majella Ní Chríocháin, Oireachtas na Gaeilge ag majella@antoireachtas.ie faoi 5pm ar an gCéadaoin 15 Meitheamh 2016, le bheith áirithe ar an gclár imeachtaí.

Oíche Chultúir LItir 2016

Next Page »