Méid an Téacs

Cúntóir Riachtanais Speisialta a earcú ag Gaelscoil Bharra

Lúnasa 8, 2017

 

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá triúr Cúntóirí Riachtanais Speisialta á earcú ag Gaelscoil Bharra don bhliain seo chugainn. Conarthaí buan atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Bharra.

Caithfear reifreann (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) agus foirm iarratais do Chúntóirí Riachtanais Speisialta a sheoladh ar ríomhphost chuig aine@gsliosnanog.ie. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an t-ochtú lá deag de mhí Lúnasa.

Bunscoil Chaitliceach faoi Fhoras Phátrúntachta na scoileanna lán Ghaeilge í Gaelscoil Bharra. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile. Ní foláir d’iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90287

Cúntóir Riachtanais Speisialta a earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg

Lúnasa 8, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta á earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Gaelscoil Lios na nÓg.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir agus foirm iarratais do Chúntóirí Riachtanais Speisialta a sheoladh ar ríomhphost chuig aine@gsliosnanog.ie. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an t-ochtú lá deag de mhí Lúnasa.

Bunscoil Chaitliceach faoi Fhoras Phátrúntachta na scoileanna lán Ghaeilge í Gaelscoil Lios na nÓg. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile. Ní foláir d’iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu. Ní ghlacfar ach le hiarratais trí mhean na Gaeilge amháin. Is féidir liosta de iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fógra seo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90164.

Múinteoir Ranga a earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg

Lúnasa 8, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Gaelscoil Lios na nÓg.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta a sheoladh ar ríomhphost chuig aine@gsliosnanog.ie. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an t-ochtú lá deag de mhí Lúnasa.

Bunscoil Chaitliceach faoi Fhoras Phátrúntachta na scoileanna lán Ghaeilge í Gaelscoil Lios na nÓg. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile. Ní foláir d’iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu. Ní ghlacfar ach le hiarratais trí mhean na Gaeilge amháin. Is féidir liosta de iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fógra seo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90152.

Muinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil Uileog de Búrca

Lúnasa 8, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Uileog de Búrca don bhliain seo chugainn. Conradh buan atá i gceist. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Uileog de Búrca. Cé gur post do mhúinteoir ranga atá i gceist, d’fhéadfadh seo athrú amach anseo.

Caithfear litir iarratais mar aon le reifreann, cv, foirm iarratais do mhúinteoirí agus cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir a sheoladh sa phost chuig Gaelscoil Uileog de Búrca, Lochán na mBan, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Caithfear “Iarratas” a scríobh ar an gclúdach.

Tá sé riachtanach go bhfuil árd-chaighdeán sa Ghaeilge labhartha agus scríofa ag múinteoirí na scoile agus glacfar le hiarratais trí Ghaeilge amháin.

Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dara lá fichead lá de mhí Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90835.

Rúnaí de dhíth ar Ghaelscoil an Chaisleáin

Lúnasa 8, 2017

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá Rúnaí á earcú go páirt-aimseartha ag Gaelscoil an Chaisleáin don bhliain seo chugainn. 12 in aghaidh na seachtaine a bheidh i gceist.

Is bunscoil lán-Ghaelach, ilchreidmheach, nua-bhunaithe í seo. Is é an Foras Pátrúnachta patrún na scoile. Tá caighdeán maith Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach don bhfolúntas seo. Caithfidh ardscileanna idirphearsanta, cumarsáide, ríomhaireachta agus bainistíochta oifige a bheith ag iarratasóirí. Caithfear ríomhfhiosrú na nGardaí a dhéanamh.

Caithfear litir iarratais mar aon le cv agus reifreann a sheoladh ar ríomhphost chuig iarrataisgsanc@gmail.com.

Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dara lá fichead de mhí Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90733.

 Bainisteoir Cúram Leanaí á earcú

Lúnasa 3, 2017

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo

Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Teo., Indreabhán roimh iarratais do phost mar Bhainisteoir Cúram Leanaí ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina hiomláine.

Ní mór d’iarrthóirí na cáilíochtaí/an taithí seo a leanas a bheith ina seilbh:
Taithí bainistíochta/riaracháin a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúram leanaí.
Tá cáilíocht FETAC Leibhéal 6 riachtanach nó níos airde agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste.

Seoltar iarratais agus C.V. chuig:
An Rúnaí, An I.T.T. Teo.  Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh 5.00i.n. an 24ú Lúnasa 2017
Eolas breise ar fáil maidir le dualgais an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091 593017 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittt@eircom.net.

Folúntas Oibrí Cúram Leanaí

Lúnasa 3, 2017

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo

 

Tá an Crann Taca (Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo) ag lorg iarrthóirí do phoist lánaimseartha agus páirt aimseartha mar Oibrí Cúram Leanaí.

Is Naíolann/Naíonra agus seirbhís iar/réamhscoile lán aimseartha é An Crann Taca a chuireann Seirbhís Cúraim agus Réamhoideachais trí mheán na Gaeilge ar fáil do pháistí óga ó 5 mhí go 12 bliain d’aois.

Tá cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 nó níos airde i gCúram Leanaí riachtanach.  Ní mhór do iarrthóirí  Gaeilge líofa a bheith acu.

Roghnófar iarrthóirí freisin a bheadh sásta a bheith ar phainéal don Ionad do aon phost/folúntais sa todhchaí agus i gcóir clúdach tinnis, saoire agus srl.

Ní mhór iarratas agus Curriculum Vitae a sheoladh roimh an Aoine 18 Lúnasa 2017 chuig:

An Rúnaí,

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo

An Cnoc

Indreabhán,

Co. na Gaillimhe

Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig  ittt@eircom.net nó glaoch a chur ar 593132

Is fostóir comhionannas deiseanna é an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Teo.

 

1 23

 

 

 

 

An bhfreastalaíonn do pháiste Bodhar nó Lagéisteacht ar Ghaelscoil?

Lúnasa 3, 2017

Coiste um Eitic Thaighde

Stiúrthóir á Éarcú– Bré, Co. Chill Mhantáin

Lúnasa 3, 2017

N. Ghleann na Darach

 

 

 

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Ghleann na Darach i gCill Mhantáin.

Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge, idir Gaeilge labhartha agus scríofa, ag an iarrthóir, mar aon le cáilíocht CDBO leibhéal 5.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Grace ar 086 3450093, nó ar ríomhphost ag ghleannnadarach@gmail.com.

Dáta dunta: 22/12/2017

Folúntas mar Ionadaí Naíonra le Naíonra Bhríde

Lúnasa 1, 2017

 

CV

 

 

 

 

 

 

 

Tá Ionadaí Naíonra á earcú ag Naíonra Bhríde, B.Á.C. 6.


Cáilíochtaí:

  • Íoschailíocht QQI leibhéal 5 i gCúram Leanaí bheith bainte amach agat.
  • Cúrsa Céad Cabhair bheith bainte amach agat.
  • Taithí praiticiúl i Naíonra agus grá don luath-oideachas.
  • Gaeilge líofa (Cáilíocht TEG). 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le naionrasinead@gmail.com maidir leis an bhfolúntas seo.

 

« Previous PageNext Page »