Méid an Téacs

Tá suíomh idirlín nua ag Gaelscoil Mhic Aodha!

Aibreán 30, 2014

Tabhair cuairt orthu anseo.

Múinteoirí do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh á lorg- le tosú Meán Fómhair 2014

Aibreán 30, 2014

Tá deiseanna iontacha ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile gur mian leo a bheith ag múineadh i nGaelcholáiste an Phiarsaigh, meánscoil úrnua, lánGhaeilge i Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14.

Beidh idir phoist lánaimseartha agus pháirtaimseartha i gceist sa phróiseas earcaíochta seo. Ní gá d’iarrthóirí ach iarratas amháin a sheoladh, fiú sa chás go bhfuil ar chumas an iarrthóra níos mó ná ábhar amháin a mhúineadh. Tá gach ceapachán faoi réir coinníollacha agus ag brath ar fhaomhadh ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is fostóir comhionnanas deiseanna é Bord Bainistíochta Ghaelcholáiste an Phiarsaigh.Ní mór do gach iarrthóir ardchaighdeán Gaeilge scríofa agus labhartha a bheith acu.

Spriocdháta na n-iarratas: Dé Luain, 12 Bealtaine 2014.

gach iarratas chuig: poist@gaelcholaiste.com

Gach eolas ar www.educationposts.ie

Ábhair:

 

 

 

eTwinning i nGaelscoil Mhúscraí, An Bhlárna, Co.Chorcaí

Aibreán 25, 2014

Cáit Ní Shiúrtáin, Príomh-Oide agus Mairéad Breathnach, Múinteoir Ranga & Comhordaitheoir eTwinning

Gaelscoil chomhoideachais sa Bhlárna i gContae Chorcaí is ea Gaelscoil Mhúscraí.Tá baint againn le eTwinning ó 2010. Is é is eTwinning ann ná an pobal do scoileanna san Eoraip agus tá ról gníomhach á choinneáil ar siúl againne mar scoil ina leithéid de phobal trínár gcuid oibre ar thograí eTwinning. Tá líon mór comhpháirtíochtaí déanta againn le scoileanna ar fud na hEorpa i gcaitheamh na dtrí bliana seo caite. Tá dlúthnascanna ar leith cruthaithe idir ár gcomhordaitheoir eTwinning, Máiréad Breathnach agus múinteoirí i Nancy na Fraince agus i gCille Mheàrnaig na hAlban. Bunaíodh an chomhpháirtíocht seo mar bhonn d’obair chomhthogra idir trí scoil ó cuireadh tús le eTwinning i nGaelscoil Mhúscraí.

Téann teagmháil le múinteoirí eile agus a ranganna go mór chun tairbhe dár bhfoireann agus dá ndaltaí araon. B’fhéidir nach bhfuil ach nasc neamhfhoirmiúil i gceist uaireanta nó b’fhéidir go gcomhroinntear smaointe agus eolas a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús d’obair thogra fhairsing. D’fhéadfadh a lán réimsí ábhar a bheith cuimsithe i dtogra, rud a chabhraíonn linn an togra a chomhtháthú i gcuraclam na scoile gan stró.

Tugadh faoi cheann de na tograí a rinneadh inár scoil le linn na bliana acadúla 2012/2013 timpeall aimsir na Nollag. Rinneadh cíoradh ar na nósanna lena gceiliúrtar an t-am speisialta seo den bhliain i ndeich dtír Eorpacha eile. Rinneadh láithreoireachtaí Powerpoint agus comhroinneadh iad, uaslódáladh físeáin den amhránaíocht carúil ar Twinspace eTwinning, seoladh agus fuarthas cartaí Nollag. Comhtháthaíodh ábhair ar nós ealaíne, stair, nuatheangacha, ceol, litearthacht agus tíreolas gan aon stró sa togra seo ar shlí fíor-shuntasach ar fad.

Bhí togra eile againn a spreag samhlaíocht na scoile agus a léirigh cumhacht na TFC i dtaobh forbairt litearthachta – is é sin, an togra ‘Storytelling/1,2,3, Il était une fois..’.Tháinig rang a trí agus rang a ceathair le chéile lena ranganna comhpháirtíochta in Albain agus sa bhFrainc chun ríomhleabhar dar teideal ‘Nancy and the Dragon’ a dhéanamh. Spreag an togra seo na daltaí chun a scileanna scríbhneoireachta cruthaithí a úsáid agus bhíodar ag tnúth leis na caibidlí a bhí cumtha ag a gcuid comhdhaltaí thar lear a léamh. Mhothaigh na daltaí go raibh mórghníomh déanta acu nuair a foilsíodh an ríomhleabhar agus é críochnaithe, ar shuíomh idirlín na scoile. Sampla iontach ab ea an togra seo de chomhtháthú na TFC i gcuraclam na scoile.

Ní i seomraí ranga áirithe amháin a dhéanaimid ár gcuid oibre TFC ach bainimid úsáid as cur chuige scoile uile. Cuirtear an obair thogra ar thaispeáint i halla na scoile agus roinntear le ranganna eile í. Bhí áthas an domhain orainn i mbliana nuair a fuaireamar scéala gur bronnadh an Bratach Gorm ar ár scoil mar aitheantas ar na gníomhaíochtaí a rinneadh mar chuid den gClár Blue Star a bhfuil mar chuspóir aige gach gné den AE a chur chun cinn. Bhí ár dtograí eTwinning ina gcuid dhílis den scéim seo.

Tá Gradam Cáilíochta Náisiúnta agus Gradam Cáilíochta Eorpach bainte amach ag ár gcuid oibre eTwinning. Tugann na gradaim seo atá faighte acu mar thoradh ar an obair chomhpháirtíochta seo a dhéanamh fianaise ar ardchaighdeán na foghlama atá déanta acu agus an obair seo idir lámha acu.

Táimid beo i sochaí domhanda. Is cuid den ngnáthshaol é idirghníomhú agus comhoibriú le daoine i dtíortha eile agus tá an saghas oibre seo ag dul i méid de shíor. Mar sin, is ullmhú den scoth le haghaidh saol an 21ú céid é gné idirnáisiúnta a shníomh isteach in oideachas na ndaltaí. Cuireann eTwinning ar ár gcumas seo a dhéanamh trí nascadh ar líne i dtograí a fhéadfar a chomhtháthú sa churaclam atá ann cheana gan aon stró. Tá tionchar fíordhearfach ag eTwinning ar chaighdeán na múinteoireachta agus an fhoghlaim inár scoil.

 www.gaelscoilmhuscrai.ie

GM1

GM2

Dréacht-churaclam Teanga na bunscoile: Comhairliúchán ar siul

Aibreán 24, 2014

Tá dréacht-churaclam teanga na bunscoile curtha amach ag an CNCM ar chomhairliúchan mar a bhaineann le gach gach páiste ó na Naíonáin Bheaga go dtí Rang 2 i Scoileanna meán Béarla agus i Scoileanna lán-Ghaeilge. Maireann an comhairliúchán ó anois go dtí 30 Bealtaine. Freagraíonn sé don aiseolas a thug múinteoirí ar bhealaí chun curaclam 1999 a fheabhsú don Bhéarla agus don Ghaeilge agus léiríonn sé taighde agus forbairtí nua i bhfoghlaim teanga páistí. Fáilteofar go mór roimh thuairimí na scoileanna lán-Ghaeilge agus cuirfear moltaí agus aiseolas san áireamh sa chéad dréacht eile a fhorbrófar. Is deis an-mhaith í seo do scoileanna lán-Ghaeilge tionchar a imirt ar fhorbairt an churaclaim agus ar fheasacht a mhéadú ar riachtanais ar leithligh na scoileanna lán-Ghaeilge i dtaobh teangacha an churaclaim.

Tá dréacht churaclam teangacha na bunscoile ar fáil anseo: Curaclam Teanga na Bunscoile. Freisin, gheobhaidh tú sa nasc seo achoimre fheidhmeach ar an tuarascáil taighde a scríobh Pádraig Ó Duibhir agus Jim Cummins, 2012.

Fáiltítear roimh aiseolas ar líne, de réir na dtreoracha atá leagtha amach sa nasc thíos, nó más maith leat aiseolas ar ríomhphost a chur chugainn (blathnaid@gaelscoileanna.ie) roimh an Aoine, 17ú Bealtaine, cuirfear san áireamh é in aighneacht Gaelscoileanna Teo.

Cúrsaí Samhraidh Ógras Iúil 2014

Aibreán 23, 2014

Baile Átha Cliath, Biorra agus Trá Lí – cláraigh anois! Gach eolas sa bhróisiúr thíos:

Bróisiúr – Ógras 2014

Sprioclá d’iarratais ar Iompar Scoile don scoilbhliain 2014/15

Aibreán 22, 2014

25ú Aibreán, 2014 – An lá deireanach do iarratais d’Iompair Scoile i gcomhair scoilbhliain 2014/15

Cuir iarratas isteach ar líne @ www.buseireann.ie

www.education.ie

Naíscoil an Iúir ag ceiliúradh na Cásca

Aibreán 17, 2014

Naíscoil an Iúir um Cháisc

Comórtas do na Gaelcholaistí

Aibreán 8, 2014

Beidh Tionól Lúthchleasíochta do Ghaelcholáistí á chur ar siúl ag Gaelcholáiste Mhuire, A.G, An Mhainistir Thuaidh Corcaigh i Raon Luthchleasa UCC sa Mhuirdíog ar an gCéadaoin, 30ú lá de mhí Aibreáin ag 11.00 r.n.

In éineacht le Gaelcholáiste Mhuire A.G ar an lá, beidh Gaelcholáiste Choilm – Baile an Chollaig, Coláiste Daibhéid – Cathair Chorcaí, Coláiste an Phiarsaigh – Gleann Maighir, Scoil Mhuire – Béal atha an Ghaorthaidh agus Pobalscoil na Tríonóide, Eochaill.

Beidh an tionól lúthchleasaíochta seo ainmnithe in omós d’iardhalta cháiliúil ár scoile, Seán Óg Ó hAilpín. Cé gur fearr aithne air de bharr a chuid éachtaí ar an bpáirc peile is iománaíochta, ba reathaí trastíre é freisin agus é ag freastal ar an A.G. Níl duine ar bith níos fearr, dar linn, chun cabhrú linn aidhmeanna an chomórtais a bhaint amach:

Daoine óga a spreagadh chun Gaeilge a labhairt i suíomh sóisialta

Rannpháirtíocht agus caighdeán na lúthchleasaíochta i gCorcaigh agus in Éirinn a mhéadú.

Is deis iontach í seo do dhaltaí na scoileanna thuasluaite, ár dteanga dúchais a labhairt i gcomhthéacs sóisialta. Beidh deis ag na daltaí aithne a chur ar a chéile agus nascanna a dhéanamh le daoine ar chomhaois leo i gCorcaigh (agus le cúnamh Dé, timpeall na tíre amach anseo), a bhfuil Gaeilge ar a gcumas acu.

Beidh córas pointí i gceist ag an dtionól lúthchleasaíochta agus tá súil againn go mbeimid in ann duais fiúntach a chur ar fáil don scoil a bhuafaidh. Duais a chabhróidh leis an scoil sin chun forbairt a dhéanamh ar an lúthchleasaíocht trí Ghaeilge a bheidh i gceist (trealamh a cheannach, imeachtaí a chur ar siúl, srl.)

Gan amhras, chun ócáid mar seo a chur ar bun, is trom an t-ualach airgid a bheidh ar an scoil. Bheimis fíor-bhuíoch mar sin, d’aon chúnamh airgid a bheadh sibh in ann a thabhairt dúinn. Déanfar fógraíocht iontach dóibh siúd a bheidh in ann cabhrú linn – fógraí sa Mhuirdhíog, i gclár an lae, agus sna meáin chumarsáide roimh agus i ndiaidh an imeachta.

Cabraigh linn, le do thoil, chun lá iontach a chur ar siúl ar an 30ú lá de mhí Aibreáin agus chun an thraidisiúin na lúthchleasaíochta agus na Gaeilge a chur chun cinn.

Le meas,

Deasún Ó Góilín

Nuachainteoirí – Taighde ar bun

Aibreán 2, 2014

Tá tionscnamh taighde nua ar bun maidir le tuismitheoirí a bhfuil ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Tá an taighde dírithe ar na fáthanna a roghnaíonn tuismitheoirí Gaeilge dá bpáistí, na dúshláin atá ann dóibh agus conas ar fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge féin. Ba mhór leis an taighdeoir, an Dr. Bernadette O’Rourke, labhairt le tuismitheoirí a bheadh sásta a gcuid eispéiris a roinnt, agus is féidir teagmháil a dhéanamh lei ar bernieorourkenuachaointeoir@gmail.com nó 0044 7799152298.

Tá an Dr. O’Rourke mar chathaoirleach ar COST – Action New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges

Cuireadh chun aiseolas a thabhairt maidir le cur chun cinn sláinte mheabhrach agus folláine i mbunscoileanna

Márta 27, 2014

Ba mhór le Gaelscoileanna Teo. aiseolas a fháil ó na scoileanna maidir le cur chun cinn sláinte mheabhrach agus folláine i mbunscoileanna. Tá teimpléad thíos ó NEPS móide an dréacht fhoilseachán. Ba mhór againn aiseolas nó moltaí ó scoileanna roimh an Aoine, 11 Aibreán le bhur dtoil, ach go háirithe faoi aon shaincheisteanna a shíleann sibh atá ábhartha do scoileanna lán-Ghaeilge. Tá na cáipéisí lorgtha againn trí Ghaeilge agus cuirfear ar fáil anseo iad a luaithe agus is féidir. Is féidir aiseolas a sheoladh chugainn ar ríomhphost: oifig@gaelscoileanna.ie.

Feedback Template

Primary Mental Health Guidelines 20 March 2014

« Previous PageNext Page »