Méid an Téacs

Deontais d’imeachtaí idirscoile ar fáil

Meán Fómhair 24, 2012

Cuireann GAELSCOILEANNA TEO deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn an-tóir ar na deontais seo.

Is féidir an fhoirm iarratais a comhlánú anseo: Foirm Iarratais

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus cuireann GAELSCOILEANNA TEO. uasmhéid de €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, uasmhéid €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:

  • Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
  • Bunscoileanna amháin
  • Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
  • Iar-bhunscoileanna amháin

Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail.

Tá gach eolas mar gheall ar an scéim seo ar fáil ach ríomhphost a chur ag oifig@gaelscoileanna.ie nó glaoch a chur ar 01 8535193.

Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Bileog Imeachtaí Idirscoile 2012

Rogha Gaelscolaíochta le tairiscint do thuismitheoirí

Meán Fómhair 20, 2012

Tabharfar deis do thuismitheoirí in 44 ceantar ar leith oideachas bunleibhéil lánGhaeilge a roghnú dá bpáistí sna míonna amach romhainn.

Tá suirbhéanna beartaithe ag an Roinn Oideachais sna ceantair sin agus cuirfear tús leis an bpróiseas an mhí seo chugainn.

Beidh roinnt ceisteanna ar na suirbhéanna, ina measc, an bhfuil gaelscolaíocht ó na tuismitheoirí dá bpáistí. Cuirfear ceist eile faoin sainmheoin chreidimh atá uathu agus ceann eile faoin rogha eagraíocht pátrúnachta is fearr leo.

Bhain formhór na díospóireachta poiblí faoina bpróiseas leis an bhféidearthacht go bhféadfaí díshealbhú a dhéanamh ar scoileanna Caitliceacha, seachas ar an gceist teanga.
Déanfar suirbhéanna i gcúig cheantar an mhí seo chugainn, an tInbhear Mór i gCill Mhantáin, Baile Átha Troim i gContae na Mí, an Trá Mhór i bPort Láirge agus dhá cheantar i Maigh Eo agus Baile Átha Cliath nach bhfuil ainmnithe go fóill. Déanfar suirbhéanna sna ceantair eile i mí na Samhna. Cuirfear torthaí na suirbhéanna chuig an Eaglais Chaitliceach ansin.

Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Roinn agus na pátrúin plé an bhfuil gá an teanga teagaisc nó sainmheoin chreideamh na scoileanna sna ceantair a athrú. Beidh Educate Together ag lorg pátrúnachta in 39 ceantar, óir tá scoileanna acu sna cúig cheantar eile cheana féin. In ainneoin go bhfuil bunscoileanna lánGhaeilge in 33 ceantar faoi láthair, beidh an Foras Pátrúnachta ag iarraidh a bheith ina bpátrún ar scoileanna san 44 ceantar ar fad. Deir an eagraíocht go mbeidh dhá rogha ann sa chás go léirítear éileamh ollmhór don ghaelscolaíocht san 33 ceantar – d’fhéadfaí síneadh a chur leis na gaelscoileanna atá ann cheana féin nó d’fhéadfaí gaelscoil nua a oscailt. Dúirt Educate Together go bhfuil siad lánsásta a bheith ina bpátrún ar Ghaelscoil ilchreidmheach sa chás go léirítear tacaíocht don rogha sin i measc an phobail.

Idir an dá linn, ta imní léirithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus ag Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire, faoin scrúdú béil Gaeilge don Teastas Sóisearach. Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaltaí atá ag déanamh na scrúdaithe, ó 512 in 2008 go dtí 4,276 in 2011 agus 7,388 i mbliana. Murab ionann agus an scrúdú béil don Ardteist, ní chuireann an Roinn Oideachais marcóirí ar fáil don scrúdú sin – fágtar an cúram sin faoi na múinteoirí iad féin.

De réir COGG agus an CMÉ, níl an córas reatha ‘caighdeánaithe’ mar atá an scrúdú béil éigeantach don Ardteist toisc go ndéanann múinteoirí an mharcáil.

www.gaelsceal.ie

Suíomh nua d’iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Meán Fómhair 18, 2012

Tá suíomh nua www.ceacht.ie ar fáil anois do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus gaelscolaíochta.
Is éard bheidh i gceist leis, ná ábhar foghlama agus clár teagaisc Gaeilge d’iar-bhunscoileanna atá nua-aimseartha agus dúshlánach a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus gaelscolaíochta.

Is tionscadal é seo de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. Is í Siún Ní Mhaoinaigh, Stiúrthóir an tionscadail seo agus tá Aoife Ní Chonchúir agus Úna Nic Gabhann ag obair air chomh maith.

Beidh ábhar nua á chur leis an suíomh go rialta le linn na scoilbhliana.

  • Acmhainní don Teastas Sóisearach
  • Acmhainní don Ardteistiméireacht
  • Podchraoltaí
  • Físe, Fuaim
  • Feachtas Teanga

Beidh an suíomh seolta go hoifigiúil ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Naoise Ó Muirí ar an 28 Meán Fómhair 2012. Breis eolais le fáil ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Foilsithe ar Gaelport.com

Comhdháil Faoin Léitheoireacht

Meán Fómhair 17, 2012

Tá comhdháil faoi léitheoireacht leabhar á heagrú ag Foras na Gaeilge in Ionad Comhdhála Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar an 21-22 Meán Fómhair 2012. Is é is cuspóir don chomhdháil ná teacht ar bhealaí le cur leis an líon daoine a léann leabhair Ghaeilge. I measc na n-ábhar a phléifear ag an gcomhdháil beidh staid reatha na litríochta, cleachtais idirnáisiúnta leis an léitheoireacht a chothú i measc an phobail, an léirmheastóireacht, agus dáileachán agus margaíocht na leabhar.
Tuilleadh eolais ó eagraí na comhdhála, Róisín Ní Mhianáin (comhdhail2012@gmail.com nó 086-4164021) nó ó oifig Chlár na Leabhar Gaeilge i Ráth Chairn, Co. na Mí (leabhar@forasnagaeilge.ie nó 046-9430419).

Clár na Comhdhála

Cláraigh anseo

Féinmheastóireacht Scoile – Treoir ón Roinn Oideachais agus Scileanna don bhun agus iarbhunleibhéal

Meán Fómhair 14, 2012

Tá bileoga eolais nua curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar threoir do scoileanna ag an mbun agus iarbhunleibhéal, agus iad ar fáil le híoslódáil thíos:

Féach na naisc thíos d’acmhainní eile atá ar fáil anseo ar an suíomh:

Saol – Nuacht na Scoileanna

Meán Fómhair 14, 2012

Gaelscoil na Mí
Scata de dhea-scéalta againn anseo daoibh ar an fhás atá ag teacht i gcónaí ar líon na nGaelscoileanna fud fad na tíre. Flosc faoin fhás i líon na naíonraí nua – 32 cinn – chomh maith. Síolta mustaird gan aon agó. Ta roinnt eolais thíos faoi staid na Gaelscolaíochta chomh maith, ach ar dtús tuairiscí ó Ghaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin, ó Ghaelscoil Neachtain i nDún Geimhin, Co Dhoire, ó Ghaelscoil an Chuilinn i mBaile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15 agus ó Ghaelscoil Eiscir Riada (Leamhcán, Co. B.Á.C.). Is i dtús a dara bhliain atá Gaelscoil na Mí. D’eascair buanú agus fás na scoile ó céadbhunaíodh í i Ráth Tó le deichniúr ar na rollaí. Anois táid lonnaithe 10 míle thíos an bóthar i bhfoirgneamh sealadach snasta ar thailte Chumann Lúthchleas Gael Dhomhnach Mhór /Chill Dhéagláin. Bhí sé de phribhléid ag SAOL seal a chaitheamh, le gach cead chuige seo faighte, sa scoil féin agus go fiú bualadh leis an fhoireann agus 65 scoláire. Is le Trish Ní Mhaolagáin, príomhoide, le Clár Ní Mhaoláin agus le Fionnuala Nic Cába, múinteoirí, le Pauline O Néill, treoraí, agus le Joanna Uí Mhíocháin, rúnaí nuacheaptha na scoile, a bhuaileamar. De bhunadh Phort Laoise í Trish, agus seal caite aici ar fhoireann Ghaelscoil ‘iontach’ Thaobh na Coille ag bun shléibhte Bhaile Átha Cliath. Bhí a sháith deacrachtaí le sárú le linn bhunú na scoile i Ráth Tó, ach is uisce faoin droichead an léinn sin uile anois agus todhchaí chinnte dhóchasach roimh Ghaelscoil na Mí. Ainneoin nár tógadh le Gaeilge í féin, seoladh chuig scoil chónaithe Choláiste na Rinne í agus í dhá bhliain déag d’aois agus, mar a deir an té a chum, ‘claochlaíodh a saol’ ó shin. Chaith sealanna samhraidh i gColáiste Lorgain Chonamara ina dalta, ina ceannaire agus ina múinteoir, agus bhain a cuid cáilíochta amach i gColáiste Mhuire gan Smál Luimnigh. Nuair a chéadoscail doirse na scoile i gCill Dhéagláin bhí 35 dalta cláraithe agus an líon sin dúbailte nach mór i mbliana. Ina measc sa chéad bhliain bhí triúr páistí On Laitvia – Julia Saicenko, Adrians Zmijs agus Nokita Markule. Táid triúr líofa i dtrí theanga anois! Lúcháir ar a dtuismitheoirí go ndearnadar an rogha a rinneadar ainneoin iad beagán amhrasach ar dtús. Bíonn Trish ag moladh na dtuismitheoirí go spéir agus, ina dteannta, Aeidín Ní Mhaoilidigh, an múinteoir rince. Ta cáil nach beag ar Aedín, iníon Mhattie Maleady, ar dheis De go raibh sé ag rince, ac ucht a feabhais mar oiliúnóir rincí Gaelacha. Gan amhras, agus áiseanna den scoth ar fáil sa chlub agus ar an bpáirc buailte leo, imrítear peil agus iomáint. Snámh á theagasc chomh maith ach ní in aghaidh aon sórt easanna! Maidir leis na tuismitheoirí tá seisiúin Mhamaí Linigh le atosú. Tagann na mamanna lena bpáiste is óige agus cleachtar comhrá agus amhránaíocht Ghaeilge a fhad is a bhíonn na rudaí beaga ag súgradh. Sea, táid ar liosta tógála na Roinne Oideachais le haghaidh foirgneamh buan, ach níl aon rian den sean-sealadachas – cabáin liatha réamhdhéanta scartha óna chéile – bainteach leis an bhfoirgneamh atá acu. An ród rompu geal go maith ach i ndathanna glas agus buí na Mí.

Gaelscoil an Chuilinn

D’oscail Gaelscoil nua, Gaelscoil an Chuilinn, a doirse den chéad uair tá coicís ó shin. Is scoil nua Lán-Ghaeilge, comhoideachais le héiteas idir-chreidmheach í Gaelscoil an Chuilinn, faoi scáth An Fhorais Pátrúnachta i mBaile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15. D’oscail an scoil le ranganna naíonáin sóisir agus sinsir agus bhí lá iontach ag an bhfoireann agus ag na daltaí nua, dar le Príomhoide nua na scoile, Fergus Ó Conghaile. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Gaelscoil an Chuilinn, nó daltaí a chlárú leis an scoil nua, trí ghlaoch a chur ar an bPríomhoide Fergus Ó Conghaile ag 086-3236187 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilanchuilinn@gmail.com

Gaelscoil Eiscir Riada

Foirgneamh breá úrnua a osclaíodh i Leamhcán le lucht uilig Ghaelscoil Eiscir Riada, idir scoláirí, mhúinteoirí, thuismitheoiri, ionadaithe an chomhlachta tógála agus na Roinne Oideachais i láthair chun an eochair a chasadh den chéad uair agus ré úr don scoil a sheoladh chun bóthair.

Gaelscoil Neachtain

Triúr is seasga scoláire atá ar rolla na gaelscoile nua i nDún Geimhin, Co Doire. Neamhspleachas ón ‘sruthachas’ atá bainte amach ag an scoil tareis naoi mbliana i gcomhar le Bunscoil Naoimh Chainnigh ar an bhaile. Suimiúil go maith agus briseadh fód nua ar fad go naithníoitar Gaelscoil Neachatuin mar Scoil Rialaithe (‘controlled school’ ). Is gnathach leo seo bheith ina scoileanna Phrodastúnacha ó thuaidh. Is i bhfoirgnimh scoil rialaithe i nDún Geimhin, a dhúnadh cúpla blian o shoin, a bheas Gaelscoil Neachtain lonnaithe i gceann bliain go leith nuair a deintear athchoiriú ar seo. Idir seo agus sin fanfar mar ionad i mBunscoil Naoimh Chainnigh ach beidh Priomhoide dá cuid fein acu agus an neamhspleachas uile a ghabhann le seo ina sheilbh. Mar comhrtha dóchais agus cinnteachta ta 25 páiste cláraithe sa naíscoil i mbliana.

Iarratais ar Acmhainní breise don Scoilbhliain 2012/2013

Lúnasa 29, 2012

Chuig: Boird Bainistíochta, Múinteoirí Príomhoide agus na Foirne Múinteoireachta uile i mBunscoileanna, Iarbhunscoileanna agus i scoileanna na gCoistí Gairmoideachais

Iarratais ar Acmhainní breise don Scoilbhliain 2012/2013 nár cuireadh isteach go fóill

Is é an 5 Deireadh Fómhair an dáta deiridh nua chun Iarratais ar Thacaíocht Mhúinteoireachta a fháil

Tá soiléiriú tugtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis na socruithe a bheidh i bhfeidhm i dtaobh próiseáil iarratas bailí ar thacaíochtaí a fuarthas ón 2 Bealtaine. I mí Mheithimh d’eisigh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta cinntí do scoileanna i ndáil le hiarratais bhailí a fuarthas anuas go dtí an 2 Bealtaine.

Tacaíochtaí Múinteoireachta

Iarrtar ar gach scoil nár chuir a hiarratas ar thacaíocht Múinteora Acmhainne don scoilbhliain atá romhainn isteach go fóill é a chur isteach chuig an Eagraí Riachtanas Speisialta Oideachais faoin 5 Deireadh Fómhair 2012.

Tacaíocht Cúntóra Riachtanas Speisialta

Beidh an tEagraí Riachtanas Speisialta Oideachais áitiúil ag próiseáil iarratas ar thacaíocht Cúntóra Riachtanas Speisialta i gcónaí laistigh de chomhthéacs na teorann foriomlána ar líon na gCúntóirí Riachtanas Speisialta.

Daltaí nach mbeidh ag dul ar an rolla i mí Mheán Fómhair 2012

B’fhéidir go bhfuil tacaíochtaí leithdháilte ar scoileanna le haghaidh daltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu agus a bhí le tosú i mí Mheán Fómhair, ach nach mbeidh ag tosú i ndiaidh sin agus uile. Ina leithéid de chásanna d’fhéadfadh gur gá an leibhéal acmhainní atá leithdháilte ar scoil a choigeartú dá réir. Dá bhrí sin iarrtar ar scoileanna an tEagraí Riachtanais Speisialta Oideachais a chur ar an eolas, más gá, faoi Dé hAoine an 28 Meán Fómhair 2012.

Sé Goulding
Ceann Oibríochtaí

Fáilte curtha roimh thorthaí Gaeilge na hArdteiste

Lúnasa 16, 2012

Ní hé amháin gur tháinig méadú ar an líon dalta a thug faoin Ghaeilge ag an ardleibhéal sa scrúdú Ardteistiméireachta sa bhliain 2012 – d’éirigh le céatadán níos airde grádanna A a bhaint amach chomh maith.

Bronnfar torthaí na hArdteiste ar 56,000 dalta scoile inniu agus cuireadh fáilte go forleathan roimh an fhógra gur tháinig méadú 35% ar líon na ndaltaí a thug faoi scrúdú matamaitice  ag an ardleibhéal i mbliana.

Anuas air sin, d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna ar maidin gur tháinig méadú 11% ar an líon duine a thug faoin nGaeilge sa scrúdú.

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD  fáilte roimh an scéal agus dúirt sé gurb iad na hathruithe i mbéaltriail na hardteiste is mó ba chúis leis an athrú sin.

De réir staitisticí atá eisithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar maidin, rinne 42,965 dalta scrúdú sa Ghaeilge san Ardteist. Ina measc, thug 15, 937 dalta faoin scrúdú Gaeilge ag an ardleibhéal  Sa scrúdú ardleibhéal fuair 7.3% de na hiarrthóirí grád A1 agus fuair 11.3% de na hiarrthóirí grád B1.

San iomlán tugadh grád A do 17.4% de na scoláirí a thug faoin scrúdú ag an ardleibhéal i mbliana, méadú suntasach go maith ón 13.9% ar tugadh grádanna A dóibh sa bhliain 2011.

Thug 22,875 faoin scrúdú ag an ngnáthleibhéal agus fuair 74.2% de na hiarrthóirí grád A, B nó C ag an gnáthleibhéal.  Ghlac breis agus 4,000 dalta leis an bpáipéar Gaeilge ag an mbonn leibhéal.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Oideachais gur tháinig athrú i mbliana ar an mbealach ina raibh an Ghaeilge á múineadh sna scoileanna agus go raibh níos lú béime ar chúrsaí gramadaí sa mhéid is go raibh an bhéim anois  ar an nGaeilge labhartha.

Scrúdú comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal atá ann anois agus tá 40% de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe.

Tá ceithre mhír sa bhéaltriail nua: fáiltiú, léamh na filíochta, cur síos ar shraith pictiúr agus comhrá.

Léiríodh imní roimhe seo áfach go raibh an t-ábhar á shimpliú ag leibhéal na hArdteiste agus nárbh scrúdú dúshlánach go leor á chur os comhair na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

Foilsithe ar Gaelport.com

Tréaslaíonn GAELSCOILEANNA TEO. le Pobail agus Pátrúin na nIarbhunscoileanna Lán-Ghaeilge Nua

Iúil 26, 2012

Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas a dhéanamh le pobail agus pátrúin na n iarbhunscoileanna nua lán-Ghaeilge atá le bunú i 2014, de réir fógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairi Quinn.

“Is pribhléid a bhí ann dúinn bheith ag obair leis na coistí áitiúla a throid go dian agus go dícheallach leis na mblianta fada le haitheantas do na scoileanna seo a bhaint amach” a dúirt Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. “Is cinnte go dtugann sé ard-spreagadh agus ardú meanma dúinn bheith ag obair le tuismitheoirí agus pobail atá chomh tiomanta i leith gaelscolaíocht a éileamh dá bpáistí”.

Tá 3 scoil den 14 aitheanta ag an Roinn mar scoileanna lán-Ghaeilge, agus tá aitheantas tugtha ag an Roinn chomh maith don mór-éileamh ar an ngaelscolaíocht i Maigh Nuad, áit a mbeidh Aonad lán-Ghaeilge le bunú san iarbhunscoil nua.

Beidh an 2 iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath, i mBaile Brigín agus i nDún Droma, faoi phátrúnacht AN FORAS PÁTRÚNACHTA. Is scoileanna il sainchreidmheacha agus comhionannais a bheidh iontu. Tá 3 iarbhunscoil lán-Ghaeilge timpeall na tíre faoina bpátrúnacht cheana féin ag an bhForas agus is cinnte go mbeidh rath ar na scoileanna nua seo faoina gceannaireacht.

Rinne Coiste Gairmoideachais Co. Átha Cliath iarratas ar phátrúnacht na scoileanna i mBaile Brigín agus i nDún Droma chomh maith agus cé nár éirigh leo, d’aithin an Roinn Oideachais ina dtuairisc go ndéanfadh an bheirt iarratasóirí éagsúlacht a threisiú sa cheantar agus gur léirigh an pobal tacaíocht don dá iarratas. Tá 4 iarbhunscoil lán-Ghaeilge faoi phátrúnacht an Choiste Gairmoideachais i mBaile Átha Cliath cheana féin agus is cinnte go gcuirfidh pobail na scoileanna sin ana-thacaíocht agus misneach do bhunaitheoirí agus daltaí na scoileanna nua.

Is faoi Coiste Gairmoideachas Co. Chorcaí a bheidh an iarbhunscoil nua lán-Ghaeilge atá le hoscailt i gCarraig Uí Leighin. Tá ríméad ar choiste bunaithe Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, a bhí ag obair i gcomhar leis an gCoiste Gairmoideachais ó 2008 i leith leis an sprioc seo a bhaint amach. Tá súil acu go n-osclóidh an scoil don chéad uair i Meán Fómhair 2014.

Is iad Coiste Gairmoideachais Co. Chill Dara a aithníodh mar phátrún ar an scoil nua atá le bunú i Maigh Nuad, agus tá Aonad lán-Ghaeilge le bunú sa scoil mair aitheantas ar an éileamh fíor-láidir atá ar an ngaelscolaíocht sa cheantar. Tá breis agus 1,550 páistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, Cill Choca, Léim an Bhradáin agus Dún Bóinne agus tabharfaidh an Aonad seo deis dóibh leanúint lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. Tá sé luaite ag an Aire Oideachais go bhforbrófar an Aonad seo i gcomhairle le AN FORAS PÁTRÚNACHTA agus go mbeidh deis aige amach anseo fás ina scoil neamhspleách. Cuireann GAELSCOILEANNA TEO. fáilte ar leith roimh an deimhniú seo agus beimid ag súil go mór le comhoibriú leis na pátrúin agus an Roinn Oideachais ar fhorbairt an mhúnla nua seo.

Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach a bhí ag tuismitheoirí agus pobail na gceantair thuasluaite i mbunú na scoileanna nua seo, nach mbeadh ann gan an tacaíocht agus díograis a léirigh na coistí bunaithe deonacha ina leith.  “Is fiú go mór an tairbhe an trioblóid” a dúirt Lúgh Ó Braonáin, rúnaí ar choiste bunaithe na scoile nua i nDún Droma, agus is mór an spreagadh a thugann tuismitheoirí dá leithéid agus bunú na scoileanna seo do phobal na gaelscolaíochta timpeall na tíre.

Tuilleadh Eolais:
Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO.
cspainneach@gaelscoileanna.ie | 01 8535193 | 087 9724020

Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.
mairinnicheileachair@gmail.com | 087 2861655

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Bunaíodh an eagraíocht i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tá sí ionadaíoch ar na pátrúin ar fad a chuireann gaelscolaíocht ar fáil. Tugann an eagraíocht spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil don phobal, nó don duine sa phobal, a chinneann scoil a bhunú agus feidhmíonn sí ar mhianta an phobail. Tá 175 bunscoil lán-Ghaeilge agus 41 iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair.

Fógraíonn an tAire Quinn socruithe pátrúnachta i gcás 14 Iar-bhunscoil nua a bhunófar sna blianta 2013 agus 2014

Iúil 25, 2012

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, T.D., na cinntí atá déanta aige i dtaca le pátrúnacht iar-bhunscoileanna nua a bhunofar sna blianta 2013 agus 2014.

Is iad seo a leanas na pátrúin atá ceaptha:

  • Baile Bhlainséir Thiar, Baile Átha Cliath 15 – Educate Together
  • Droichead Átha, Co. Lú – Patrúnacht i bpáirt idir Coiste Gairmoideachais Chontae Lú agus Educate Together
  • Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15 a- Iontaobhas Scoileanna Le Chéile
  • Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin – Eaglais na hÉireann
  • Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath – Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath
  • Baile Chláir, Co. na Gaillimhe – Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
  • An Nás, Co. Chill Dara – Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara
  • An Uaimh, Co. na Mí – Coiste Gairmoideachais Chontae na Mí
  • *Cathair Chorcaí – Na Bruachbhailte ó Dheas / Carraig Uí Leighin – Coiste Gairmoideachais Chontae Corcaí
  • Maigh Nuad, Co. Chill Dara – Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara
  • Dún Dealgan, Co. Lú – Coiste Gairmoideachais Chontae Lú
  • Cill Dhéagláin, Co. na Mí – Coiste Gairmoideachais Chontae na Mí
  • *Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath – An Foras Pátrúnachta
  • *Dún Droma, Co. Bhaile Átha Cliath – An Foras Pátrúnachta

*Gaelcholáistí a bheidh sna scoileanna seo, a ndéanfar an teagasc iontu trí mheán na Gaeilge

Agus pátrúnacht na scoileanna nua á fógairt aige, dúirt an tAire Quinn “Agus cinneadh á dhéanamh agam faoi phátrúnacht na scoileanna nua seo bhí mé meabhrach ar an ngá atá leis an éileamh soiléir ó thuismitheoirí ar iolrachas agus ar éagsúlacht pátrúnachta a chur san áireamh. I measc na bpátrún a ceapadh tá pátrúin a bhaineann leis an éiteas Caitliceach, le héiteas Eaglais na hÉireann, leis an éiteas ilchreidmheach agus le héiteas Ghaelcholáistí.”

“Táim thar a bheith sásta go mbeidh Educate Together ina phátrún ar scoil amháin agus ina gcomhphátrún ar scoil eile. Níl ach bliain ann ó thug mé aitheantas oifigiúil d’ET mar phátrún dara leibhéal den chéad uair. Is áthas liom, leis, go mbeidh meánscoil dheonach Chaitliceach agus meánscoil dheonach de chuid Eaglais na hÉireann i measc na scoileanna nua. Léiríonn sé sin go soiléir go bhfuilim féin agus an Roinn tiomanta d’aitheantas a thabhairt d’éitis éagsúla agus do roghanna tuismitheoirí.”

“Tá muinín agam go gciallóidh na scoileanna nua seo, le hais na scoileanna atá cheana féin i ngach ceantar, go mbeidh rogha sásúil ag tuismitheoirí agus iad ag lorg an scoil is fearr a léiríonn a n-éiteas féin.”
Buaicphointe is ea fógra an lae inniu ar phróiseas a thosaigh i Meitheamh 2011 an tráth a d’fhógair an tAire go mbeadh 20 iar-bhunscoil á mbunú suas go dtí an bhliain 2017 i suíomhanna éagsúla chun soláthar a dhéanamh do mhéadú ar líon na ndaltaí.

An tráth sin d’fhógair an tAire critéir agus socruithe nua, leis, d’aitheantas na scoileanna nua. Ar áireamh sna socruithe bhí bunú an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua, grúpa comhairleach neamhspleách a bhunaigh an tAire chun comhairle a chur air i dtaca le pátrúnacht na scoileanna nua tar éis tuarascáil arna hullmhú ag oifigigh na Roinne a bheith breithnithe ag an nGrúpa. Thuairiscigh an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua don Aire ag deireadh mhí an Mheithimh.

Iarradh ar phátrúin fianaise ar éileamh tuismitheoirí a sholáthar agus iarratas á dhéanamh ar scoil nua. Lena chois sin, chuimsigh na critéir a úsáideadh chun cinneadh a dhéanamh i dtaca le pátrúnacht an tslí a d’fhéachfadh pátrúin na scoileanna beartaithe le héagsúlacht an tsoláthair i ngach ceantar a leathnú agus a neartú, ag féachaint do thuairimí tuismitheoirí.

Ghlac an tAire buíochas le baill an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua as a n-ionchur tábhachtach sa phróiseas. Arsa an tAire Quinn: “Chuir mé tús le córas leasaithe um bunú scoileanna nua agus um cheapadh pátrún scoile ionas gur próiseas oibiachtúil trédhearcach a bheadh ann. Ról criticiúil ab ea ról an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua maidir le baint amach na n-aidhmeanna sin agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre.”

Beidh oifigigh na Roinne i dteagmháil go gairid le gach ceann de na forais phátrúnachta roghnaithe maidir leis an lóistíocht a ghabhfaidh le bunú na scoileanna nua.

Osclófar ceithre cinn d’iar-bhunscoileanna i Meán Fómhair 2013, gach ceann díobh faoi phátrúnacht an Choiste Ghairmoideachais áitiúil.

Osclófar deich gcinn d’iar-bhunscoileanna nua i Meán Fómhair 2014. Díobh sin beidh ceithre cinn faoi phátrúnacht an Choiste Ghairmoideachais, ceann amháin faoi phátrúnacht Iontaobhas Scoileanna Le Chéile, dhá cheann faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta, ceann amháin faoi phátrúnacht Eaglais na hÉireann, ceann amháin faoi phatrúnacht Educate Together agus ceann amháin faoi chomh-phátrúnacht Choiste Gairmoideachais agus Educate Together.

I gcás Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara agus Bhaile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath, thug an Roinn suntas don ardleibhéal éilimh ó thuismitheoirí ar scoil Ghaeilge sna ceantair sin, rud a aithníodh le linn an phróisis. Ina fhianaise sin, beidh an Roinn ag déanamh socruithe chun an t-éileamh malartach seo a shásamh sa dá cheantar sin sa ghearrthéarma.

Gheofar tuarascáil an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua chuig an Aire ag www.education.ie > Scoileanna-Coláistí > Eolas > Scoil-Nua-a-Bhunú. Ghlac an tAire Quinn le moltaí an Ghrúpa i ngach cás.

« Previous PageNext Page »