Méid an Téacs

Ilteangachas sna Luathbhlianta – Comhdháil ar an 18-19 Bealtaine

Márta 8, 2017

Beidh comhdháil faoi Ilteangachas sna Luathbhlianta á reáchtáil in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (DIT), Gráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath 7, ar 18ú agus 19ú Bealtaine 2017.

Is iad na réimsí atá i gceist ná:

  • Ilteangachas in Oideachas na Luathóige
  • Tumoideachas sna Luathbhlianta
  • An Béarla mar theanga iasachta sna Luathbhlianta
  • Ról an chomhluadair maidir le tacú le hIlteangachas sna Luathbhlianta

Tá eolas faoin gcomhdháil ar fáil ag www.dit.ie/reyll agus tá an ghairm do pháipéir ar fáil ag: https://easychair.org/cfp/REYLL2017

Is é an 20ú Márta an sprioclá do na hiarratais ar pháipéir agus ar phóstaeir. Tuilleadh eolais ar fáil ó Mháire Mhic Mhathúna: maire.mhicmhathuna@dit.ie.

Imní ar scoileanna Gaeltachta maidir le ráiteas na Roinne i leith soláthar múinteoirí d’fheidhmiú an Pholasaí Oideachas Gaeltachta

Feabhra 15, 2017

D’fhógair an Roinn Oideachais & Scileanna inné nach mbeidh aon mhúinteoir breise á cheapadh faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta don scoilbhliain 2017/18. Tá gealltanais shonracha tugtha sa pholasaí go mbeidh soláthar de 30 múinteoir bunscoile agus de 30 múinteoir iarbhunscoile ar fáil mar mhúinteoirí breise (ex-quota) do scoileanna Gaeltachta ó 2018/19. Ábhar oidí ó chúrsaí ar leith a bheadh i gceist leis na múinteoirí seo, ach tá baol ann, áfach, nach mbeidh na céimeanna cuí glactha in am ag an Roinn Oideachais leis an scéim seo a chur i gcrích faoin spriocdháta aitheanta. Tá sé ráite sa Polasaí don Oideachas Gaeltachta go gcuirfear tús le Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí (OTM), agus go mbeidh an clár úrnua sin ag soláthar áiteanna do 30 múinteoir in aghaidh na bliana ó 2018/19. Níl an clár oiliúna sin curtha amach ar tairiscint go fóill, áfach. Ag an iarbhunleibhéal, is í an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an t-aon chlár atá ann faoi láthair a chuireann oiliúint trí Ghaeilge ar fáil d’ábhar oidí iarbhunscoile. Is 34 múinteoir nua-oilte a bheidh an cúrsa sin á chur ar fáil don scoilbhliain 2017/18, agus ní leor iad le freastal ar an éileamh ó na scoileanna.

Níl aon dáta tugtha ag an Roinn ach an oiread faoin uair a bhfuil sé i gceist aici na múinteoirí breise a cheapadh, rud a fhágann scoileanna na Gaeltachta ag feidhmiú i bhfolús i láthair na huaire. “Saincheisteanna iad seo i dtaobh cur i bhfeidhm an Pholasaí” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “agus cé go bhfáiltíonn muid roimh an Pholasaí féin, is gá soláthar cuí a dhéanamh le scoileanna a chumasú le tabhairt faoi, chun go mbraithfidh siad úinéireacht ar an bPolasaí agus go mbeidh sé mar thacaíocht seachas mar bhagairt dóibh. Tá Gaeloideachas ag súil go mór le bheith rannpháirteach sa choiste chomhairleach chun go mbeidh guth na scoileanna féin le cloisteáil ag gach staid den phróiseas romhainn”.

Eolas tábhachtach de dhíth maidir le próiseas iontrála bunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta

Feabhra 15, 2017

Tá comhairliúcháin ar bun ag an Roinn Oideachais & Scileanna faoi láthair maidir le ról an reiligiúin shainchreidmhigh i bpróiseas iontrála na scoileanna. Tá cheithre mholadh déanta ag an Aire maidir le cuir chuige fhéideartha le hathruithe a dhéanamh. Ba mhór le Gaeloideachas eolas a bhailiú ó na bunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta maidir lena gcleachtais reatha agus a rogha cur chuige, chun go mbeidh muid in ann aighneacht a dhéanamh ar a son agus cinntiú go mbeidh guth na hearnála le cloisteáil sa phróiseas.

Más príomhoide bunscoile thú, bheimis fíor-bhuíoch díot as an suirbhé a chomhlánadh roimh dheireadh an lae ar Déardaoin an 16 Feabhra. An spriocdháta le haighneachtaí a bheith faighte ag an Roinn ná an 20 Feabhra.

Is féidir teacht ar an suirbhé tríd an nasc seo: https://www.surveymonkey.com/r/reiligiun

Na cuir chuige fhéideartha atá molta ag an Aire ná:

  1. Scoilcheantar – laistigh de scoilcheantar ar leith, is féidir tosaíocht a thabhairt don sainchreideamh (ag tabhairt san áireamh go mbeidh díolúintí ag teastáil chun foráil a dhéanamh do scoileanna lán-Ghaeilge)
  2. Riail na scoile is cóngaraí – scoileanna creidimh in ann tús áite a thabhairt do leanbh creidimh ach amháin sa chás gurb í scoil is cóngaraí an linbh sin den chreideamh ar leith sin (ag tabhairt san áireamh go mbeidh díolúintí ag teastáil chun foráil a dhéanamh do scoileanna lán-Ghaeilge)
  3. Córas cuótaí de réir creidimh – céatadán ar leith ar fáil don sainchreideamh ar leith
  4. Cosc iomlán ar chreideamh agus teastais baiste a úsáid mar chritéir

Tá míniú cuimsitheach ar a mbeadh i gceist le gach rogha ar fáil sa phlécháipéis atá eisithe ag an Roinn: https://www.education.ie/ga/Tuismitheoir%C3%AD/Eolas/Roll%C3%BA-Scoile/Rol-an-reiligiuin-sa-phroiseas-iontralacha-scoile-Paipear-Comhairliuchain.pdf.

Tá lán-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie má tá aon cheist agat ina leith.

Fianaise i gcinntí DEIS gur scoileanna uileghabhálacha iad scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Feabhra 15, 2017

Cuireann cinntí an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaobh scoileanna faoi mhíbhuntáiste deireadh leis an argóint gur scoileanna éilíteacha iad scoileanna lán Ghaeilge, a deir an eagraíocht Gaeloideachas. Tá 74 scoil lán-Ghaeilge agus Gaeltachta aitheanta anois mar scoileanna DEIS, sin scoil as gach cúig atá ag freastal ar thromlach daltaí a bhfuil míbhuntáiste oideachasúil orthu. Tugadh an t-aitheantas seo tríd an gcóras DEIS ag an Roinn Oideachais & Scileanna mar chuid d’fhoilsiú Plean DEIS 2017.

D’fháiltigh Yvonne Ní Mhurchú, Uachtarán an eagras Gaeloideachas, roimh an fhógra seo agus deir sí “Tá sé in am go n-aithneodh daoine go bhfuil réimse leathan scoileanna ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá scoileanna againn i gceantracha faoi mhíbhuntáiste i gcathracha, bailte móra agus faoin dtuath i ngach cuid den tír. Anois go bhfuil an fhianaise soiléir, táimid ag éileamh go dtabharfaí cothrom na féinne d’ár scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus páistí sa phlé poiblí atá ar siúl faoi láthair i dtaobh déantús iontrála scoileanna.

Cé go raibh líon áirithe scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag fáil tacaíochta ó 2006, bhí scoileanna eile ann a thit lasmuigh de na critéir in ainneoin an-chuid riachtanais ina gcuid pobail agus dá bharr, níor aithníodh iad go foirmiúil mar scoileanna DEIS. Tá na scoileanna sin aitheanta anois ag an Roinn mar scoileanna DEIS Banda 1, agus scoileanna eile a raibh aitheantas DEIS Banda 2 acu ó 2006 anois aitheanta mar DEIS Banda 1 chomh maith. Is ábhar mór sásaimh é sin mar go mbeidh na tacaíochtaí méadaithe a bheidh ar fáil dóibh anois mar chúnamh ollmhór dá ndaltaí”.

Tá scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ann, áfach, atá an-mhí-shásta nár bhfuair siad aitheantas mar scoil DEIS in ainneoin a gcuid iarratais a léirigh dúshláin agus riachtanais a gcuid pobail. Tá na scoileanna sin ag lorg soiléirithe ar na critéir agus na cúiseanna nár bronnadh an t-aitheantas sin orthu. Tá iontas agus díomá ar Phól Ó Ruiséal, Príomhoide Scoil Rann na Feirste, nár áiríodh an scoil mar scoil DEIS i mbliana, “Níl slat tomhais cothrom a úsáid ag an Roinn Oideachais agus iad ag roghnú scoltacha don Scéim” a dúirt sé, “táthar ag tabhairt droim lámha do scoltacha atá ag teagasc tré mheán na Gaeilge”.

Tá imní ar Ó Ruiséal nach mbeidh tuismitheoirí sásta páistí a chur go scoileanna nach bhfuil stádas DEIS acu, de dheasca an costas breise a bhéas orthu mar thuismitheoirí. Dá roghnódh tuismitheoirí scoil bunaithe ar stádas DEIS, beag beann ar shainmheon teanga na scoile, d’fheadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann do bhuannaíocht an tsoláthair lán-Ghaeilge amach anseo.

Is scoileanna DEIS iad 22% de na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta anois. Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, gur “pobail oscailte, ionchuimsitheacha agus tacúla iad na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, a dhéanann freastal den scoth ar éagsúlacht. Cuireann scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta fáilte roimh pháistí agus daoine óga ó gach cineál cúlra teangan, cultúrtha agus socheacnamaíocha. Tá sé den riachtanais go mbeadh buntáiste breise an oideachais lán-Ghaeilge ar fáil ach go háirithe dóibh siúd a bhfeadfadh míbhuntáiste oideachasúil a bheith mar bhagairt dóibh, agus go dtabharfaimis gach deis dóibh a n-acmhainneacht a bhaint amach agus bheith sona sásta agus slán ar scoil.”

Scoileanna nua-aitheanta mar scoileanna DEIS i 2017:
1. Gaelscoil Bharra
2. Gaelscoil Dara
3. Gaelscoil an Longfoirt
4. Scoil an tSeachtar Laoch (a raibh stádas DEIS Banda 2 acu roimhe)
5. Gaelscoil Bhaile Munna (a raibh stádas DEIS Banda 2 acu roimhe)
6. SN Éadan Fhionnlaoich
7. SN Cholmcille, Baile na Finne
8. SN an Ghlasáin
9. SN Mhuire, Fanaid
10. SN Inbhear
11. Gaelcholáiste Mhuire
12. Coláiste de hÍde, Tamhlacht

Scoileanna a aithníodh i 2006
Maidir leis na scoileanna a aithníodh i 2006 agus atá ag fáil tacaíocht ó shin, leanfar leis na tacaíochtaí sin a sholáthar dóibh de réir a gcuid riachtanais. Sa chás go léiríonn an creat nua go bhfuil leibhéal míbhuntáiste i scoileanna DEIS níos ísle ná scoileanna nach bhfuil faoi DEIS, déanfar measúnú amach anseo ar an bhféidearthacht ar acmhainní a ídiú ar bhonn céimiúil, chun gur féidir iad a dháileadh ar scoileanna ar mó na leibhéil míbhuntáiste iontu.

Plean DEIS 2017
Is féidir Plean DEIS 2017 a íoslódáil i nGaeilge ó shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna: https://www.education.ie/ga/Foilseach%C3%A1in/Tuarasc%C3%A1lacha-Beartais/Plean-DEIS-2017.pdf

Oiliúint do bhoird bainistíochta bunscoile agus iarbhunscoile maidir le Frithbhulaíocht

Feabhra 14, 2017

Cuirfidh Gaeloideachas agus An Foras Pátrúnachta módúil oiliúna ar frithbhulaíocht agus earcaíocht ar fáil do na boird bainistíochta i 2017. Tá an oiliúint seo in oiriúint do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. 

Iarraimid ar ionadaithe ó bhord bainistíochta na scoileanna clárú le freastal, agus fáiltonn muid roimh ceisteanna ina leith – is féidir teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie.

Beidh ceardlanna ar siúl ar na dátaí agus sna hionaid thíos:

Frithbhulaíocht

  • Baile Átha Cliath, Coláiste Ghlór na Mara, 27 Feabhra 2017, 7pm – 9pm
  • Corcaigh, Ionad Oideachais Chorcaí, 2 Márta 2017, 7pm – 9pm
  • Port Láirge, Waterford Teacher Centre, 28 Feabhra 2017, 7pm – 9pm
  • Gaillimh, Óstán Radisson, 28 Feabhra 2017, 7pm – 9pm
  • Leitir Ceanainn, Óstán Radisson 1 Márta 2017, 7pm – 9pm
  • Baile Átha Cliath, Óstán Crowne Plaza, Baile Blainséir, 2 Márta 2017, 7pm – 9pm

NB: Má tharlaíonn nach bhfuil baill ó do scoil in ann a bheith i láthair ag na hionaid thuas, táimid sásta dul chomh fada leat ach deichniúr a bhailiú go háitiúil le freastal ar sheisiún i do cheantar féin. 

Oops! We could not locate your form.

Ráiteas Gaeloideachas maidir le dífheistiú pátrúnachta agus soláthar lán-Ghaeilge

Feabhra 1, 2017

Fógraíodh ar an 30 Eanáir 2017 go bhfuil plean nua ag an Aire Oideachais & Scileanna le dífheistiú pátrúnachta a chur chun cinn ar mhaithe le freastal ar éileamh ar scoileanna ilchreidmheacha agus neamh-shainchreidmheacha. Tá ráiteas an Aire ina leith ar fáil ar shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna: https://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2017-Press-Releases/PR17-01-30.html

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh tiomantas an Aire an próiseas dífheistithe a bhrú chun cinn. Aithníonn muid go mbeidh deiseanna ann do scoileanna lán-Ghaeilge pátrúnacht a aistriú, nó sainmheon creidimh na scoile a athrú faoina bpátrún reatha. Tuigeann muid go mbeidh éileamh ar a leithéid i measc na scoileanna lán-Ghaeilge, fáiltíonn muid roimhe agus táimid ag súil leis go dtabharfaidh an próiseas dífheistithe misneach agus tacaíocht dóibh le hathruithe a chur i bhfeidhm nuair is léir gur sin atá óna scoilphobail.

Tá Gaeloideachas buartha, áfach, go ndéanfar faillí ar na pobail nach bhfuil soláthar lán-Ghaeilge ar fáil dóibh cheana féin ag an mbunleibhéal. Níor pléadh an próiseas athbhreithnithe leis na páirtithe Oideachais, Gaeloideachas ina measc, sular fógraíodh an cur chuige nua, agus níor tugadh deis dúinn an bhuairt seo a phlé. Ní léir go bhfuil measúnú nó freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge san áireamh sa chur chuige beartaithe, ainneoin gur aithníodh freastal ar éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge mar cheann de na príomhfheidhmeanna a bheadh ag an bpróiseas dífheistithe.

Ní oireann cur chuige an aistrithe bheo d’athrú sainmheon teanga scoile. Ní léir dúinn go bhfuil féidearthacht ann go mbeidh breis scoileanna lán-Ghaeilge mar thoradh ar an bpróiseas seo. Tá ró-éileamh suntasach ar áiteanna i 30% de na scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair, agus go leor ceantair eile ann nach bhfuil rochtain ag páistí iontu ar scoileanna lán-Ghaeilge ar chor ar bith. Léirigh taighde ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go roghnódh 23% de dhaoine scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh sé mar rogha acu, ach is níos lú ná 8% de pháistí a bhfuil na scoileanna in ann freastal orthu faoi láthair. Ní léir go bhfuil foráil shoiléir sa mheicníocht mholta chun forbairt an tsoláthair riachtanach seo a éascú; fágfar na páistí a mbeadh ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh sé mar rogha acu ar lár.

Tá iarratais seolta ag Gaeloideachas chuig an Aire Oideachais & Scileanna, Richard Bruton, agus Ard-Rúnaí na Roinne, Seán Ó Foghlú, ag éileamh go dtabharfaí faoi comhairliúchán ar bhonn práinne leis na páirtithe Oideachais sula gcuirfear an próiseas athbhreithnithe i bhfeidhm, chun go mbeidh deis cothrom ann leis na himpleachtaí a bheadh ag an gcur chuige do pháistí, tuismitheoirí agus scoileanna a phlé. Fáiltíonn muid roimh teagmháil ó scoileanna ar mian leo impleachtaí an phróisis dá gcás féin a phlé linn – déan teagmháil le Clare ar 01-8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie.

Díospóireachtaí maidir leis an bPolasaí Oideachas Gaeltachta ar Oireachtas.tv

Eanáir 20, 2017

Thíos tá taifead ar an gcruinniú de Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Dé Máirt, 29 Samhain, 2016 maidir le Soláthar Oideachais sa Ghaeltacht agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017, le Foras na Gaeilge agus Gaeloideachas i láthair.

Thíos tá taifead ar an gcruinniú de Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Dé Máirt, 13 Nollaig, 2016 maidir le Soláthar Oideachais sa Ghaeltacht agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017, le hionadaithe ón Roinn Oideachais & Scileanna i láthair.

Teacht le chéile na bPríomhoidí ag an gComhdháil IPPN, 27 Eanáir

Eanáir 19, 2017

Beidh deis ag na príomhoidí bunscoile ó na Gaelscoileanna agus ó na Scoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag an gComhdháil IPPN i City West ar an Aoine 27 Eanáir. Tugtar cuireadh duitse teacht go dtí an cruinniú uair a chloig ar an Aoine 27 Eanáir ag 13.30 sa Marley Suite, atá ar an dara urlár sa phríomh óstán. Tá Yvonne Ní Mhurchú, Uachtarán,  Anna mar Leas-Uachtarán agus Cathnia mar Iar-Uachtarán ag súil go mór le bualadh libh i City West agus éisteacht a thabhairt ar cé na riachtanais agus ceisteanna atá agaibh a chabhróidh linn obair na heagraíochta a stiúradh go héifeachtach.

Iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge ag teacht go Sligeach i 2017

Eanáir 17, 2017

Tá fíoráthas ar choiste bhunaithe Choláiste Loch Gile, atá ag feidhmiú ó 2008, a fhógairt go bhfuil Coláiste na Trócaire i Sligeach chun Aonad lán-Ghaeilge do bhuachaillí agus cailíní a oscailt i mí Meán Fhómhair 2017.

Ré Nua
Seo ré nua don Ghaelscolaíocht san Iar-Thuaisceart agus beidh ríméid ar thuistí atá leanaí leo ag freastal ar Ghaelscoileanna i Sligeach, Liatroim agus deisceart Dhún Na nGall mar go mbeidh a leanaí in ann leanúint lena gcuid oideachais trí Ghaeilge go dtí an Ardteist. Beidh lán-fáilte roimh dhaltaí nár fhreastal ar Ghaelscoil agus samhlaítear le fás an Aonaid go mbeidh éileamh ann do Ghaelcholáiste neamhspléach amach anseo.

Moladh
Molann an coiste bunaithe na h-iarrachtaí atá déanta ag baill foirne, Bord Bainistíochta Choláiste na Trócaire agus go príomha príomhoide Choláiste na Trócaire, Colette O’Hagan. Ón gcéad cruinniú léirigh foireann an choláiste meas, tuiscint is tiomántas do choincheap an Aonaid. Ón méid réamh-oibre, fuinnimh, díograis, agus uaillmhian atá feicthe againn ón fhoireann na meánscoile seo is cinnte go mbeidh todhchaí gheal ann d’éinne a fhreastalaíonn ar Aonad Ghaeilge Choláiste na Trócaire ó Mheán Fómhair 2017.

Oíche Chlárúcháin
Dé Céadaoin an 25ú Eanáir 6.00 – 9.00in dáta an oíche Chlárucháin an aonaid i gColáiste Na Trócaire. agus iarrtar ar chuile dalta agus tuismitheoir a réamhchláraigh nó ar suim leo a clárú san Aonad theacht ar an oíche sin.

D’fhéadfá áit a chunntiú san Aonad dod leanaí tré réamhchlárú. Ní mór dul go dtí’n suíomh www.colaistelochgile.net, gliogáil ar ‘Réamh-Chláraigh’, líon na bearnaí agus brú ‘Seol’.

Riarthóir Oifige ag teastáil

Eanáir 3, 2017

4 lá sa tseachtain, ar bhonn conraitheora /féin-fhostaí 6 mhí.

Duine le sár-scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.

Tuilleadh eolais agus sainchuntas poist le fáil ó blathnaid@gaelscoileanna.ie.

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie.

Spriocdháta le haghaidh litir iarratais agus CV: roimh a 5.00 i.n. Aoine, 13 Eanáir 2017.

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

« Previous PageNext Page »