Méid an Téacs

Plé faoi Dhúshláin na n-Iarbhunscoileanna Oileánda ag Comhdháil Bord Oideachais & Oiliúna Éireann

Deireadh Fómhair 2, 2017

Pléadh dúshláin na n-iarbhunscoileanna oileánda ag Comhdháil Bord Oideachais & Oiliúna Éireann (BOOÉ) a bhí ar siúl ón 20 go dtí an 21 Meán Fómhair in óstán an estáit Lyrath i gCill Chainnigh. Bhí Richard Bruton, an tAire Oideachais & Scileanna i láthair ag an gComhdháil.

B’é an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Contae agus toscaire Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, a thug an t-aitheasc. Mhínigh sé an dlúthcheangal atá idir an scoil oileánda agus an pobal oileánda – d’oireasa na scoileanna, bheadh na hoileáin i mbaol a mbánaithe. Rinne sé an pointe nach ionann dúshláin scoileanna na n-oileán agus scoileanna beaga cé go bhfuil cuid mhaith de na dúshláin chéanna i gceist agus go gcaifear dul i ngleic leis na dúshláin ar leith a bhaineann leis na hiarbhunscoileanna oileánda.

Is cúig iarbhunscoil oileánda atá sa tír. Tá trí scoil díobh ar Árainn – Coláiste Ghobnait ar Inis Óirr, Coláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin agus Coláiste Naomh Éinne ar Inis Mór maraon le Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór agus Coláiste Pobail Cholmcille ar Oileán Thoraí.

Thrácht sé ar an 7 mórdhúshlán atá roimh an cúig iarbhunscoil – is iad sin Leithdháileadh Múinteora; Rochtain ar fhoireann cháilithe atá inniúil sa Ghaeilge; Buiséad Scoile neamhdhóthaineach; Rollú agus Scoláireachtaí, Stádas neamhspleách a bhaint amach do Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin; Stádas DEIS agus Rochtain ar na hOileáin agus mhol sé réiteach do gach aon cheann de na dúshlán le mórchostas de €590,905 chun na dúshláin ar fad a réiteach dá nglacfaí leis na moltaí a dúirt sé. Is beag an infheistíocht í chun todhchaí na n-iarbhunscoileanna agus dá réir todhchaí na n-oileán a chinntiú agus a bhuanú.

Is é an dúshlán a bhaineann leis an leithdháileadh múinteora mar a sheasann sé ná nach n-aithníonn an múnla leithdháileadh múinteora, mar atá, riachtanais agus dúshláin scoileanna na n-oileán, idir an cóimheas idir dhaltaí agus múinteoirí agus leithdháiltí eile. Is é nadúr scoileanna oileánda go mbeadh líon beag daltaí iontu, rud a chiallaíonn go bhfuil foirne teagaisc beaga iontu agus ní féidir curaclam oiriúnach, caighdeánach a chur ar fáil le dáileadh beag múinteoirí, ná go deimhin an tseachtain chaighdeánach de 28 uair do scoláirí a sholáthar chun cloí le rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Anuas air sin, níl aitheantas ‘Scoil Comhoideachasúil in abhantracht scoile singil’ ag scoileanna áirithe oileánda, agus dá bharr níl siad ag fáil an leithroinnt de 0.5 CL (cóibhéis lánaimseartha). Tugtar an t-aitheantas seo ar bhonn geografach ach ní aithnítear an dúshláin taistil atá ag scoil ar oileán. Ainneoin go bhféadfadh scoil eile a bheith ar oileán eile nó ar an mórthír, níl siad sin insroichte, agus dá réir ba cheart an 0.5 CL seo a bheith ag gach ceann de na 5 scoil oileánda.

Laghdóidh an múnla nua maidir le leithroinnt & dáileadh uaireanta Tacaíochta Foghlama líon na múinteoirí sna scoileanna oileánda freisin le himeacht den 0.9 WTE teagaisc thar am ó 2019 ar aghaidh.

Is é an réiteach a moladh ná go méadófaí an leithdháileadh múinteora do scoil oileánda ó 1 CL reatha go 2.5 CL (sin 1.5 i 5 scoil). Bheadh costas €327,090 air sin. Chinnteodh sé curaclam oiriúnach, deiseanna imeachtaí seach-churaclam agus chinnteodh sé sábháilteacht na ndaltaí agus foireann na scoileanna. Iarrtar go gcuimseofaí an cúig scoil oileánda mar ‘Scoileanna comh-oideachasúla in abhantracht scoile singil’ agus go dtabharfaí an leithroinnt de 0.5 CL leis an aitheantas seo don chúig iarbhunscoil oileánda.

Maidir leis an dúshlán a bhaineann le Rochtain ar fhoireann cháilithe atá inniúil sa Ghaeilge, tá sé an-dúshlanach múinteoirí cuí, cáilithe atá inniúil sa Ghaeilge a aimsiú chun teagasc ar na hoileáin. Leis seo, bíonn athraithe go bliantúil i measc foirne scoileanna oileánda. Tá costas sa bhreis ag baint le múineadh ar oileán, idir costas taistil, costas lóistín agus costas maireachtála.

Is é an réiteach a moladh agus dhéanfadh sé inmharthanacht na scoileanna oileánda a chinntiú ná go dtabharfaí ar ais an Liúntas Oileánda de €1,600 do mhúinteoirí. Is é an costas a bheadh ar seo na €16,000 (10 CL X €1,600), don mhéadú sa leithdháiledh múinteora atá ag teastáil. Choinnigh múinteoirí sa chóras roimh 2011 an liúntas seo ar bhonn pearsanta.

Ar an tríú dúshlán, bhí Buiséad Scoile neamhdhóthaineach. Ní aithnítear an costas breise atá ar scoileanna oileánda i leithdháileadh bhuiséid na scoileanna sin. Tá go leor costas sa bhreis ar scoil oileánda ach go háirithe costas taistil, costas laistis, costas breise deisiúcháin agus seirbhísí scoile. Tá costas ollmhór taistil ag baint le daltaí ag freastal ar ghnáthimeachtaí scoile ar an mór-thír ar nós cluichí, taispeántais agus comórtais.

Moladh go méadófaí buiséad don scoil oileánda de €20,000. Is é an costas iomlán a bheadh ar seo ná €100,000 don chúig scoil.

I dtaca leis an dúshlán a bhaineann le Rollú agus Scoláireachtaí, is é nadúr na scoileanna oileánda go bhfuil daonra beag scoláirí iontu. Tá tionchar aige seo ar an gcuraclam, líon na múinteoirí agus dá bhrí sin ar na deiseanna a chuirtear ar fáil do na scoláirí. Faoi láthair, cuireann Roinn na Gaeltachta 30 scoláireacht ar fáil do na hiarbhunscoileanna ar an trí oileáin Árainn.

Moladh go dteastaíonn méadú i líon na scoláireachtaí a chuirtear ar fáil ó 30 go dtí 60 scoláireacht. Is é an costas a bheadh ar seo ná €150,000 don Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta.

Maidir leis an iarbhunscoil ar Inis Meáin, Coláiste Naomh Eoin, níl stádas neamhspleách ag an scoil. Is aonad í agus déantar Coláiste Naomh Eoin a bhainistiú ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, ar an mórthír. Ní dhéanann sé ciall go mbeadh Coláiste Cholmcille ag bainistiú scoil oileánda agus níl an córas mar atá ag freastal ar riachtanais Cholaiste Naomh Eoin san am i láthair. Ba shocrú é seo a rinneadh nuair a osclaíodh Coláiste Naomh Eoin chun go bhféadfaí oideachas iarbhuncoile a chur ar fáil ar Inis Meáin.

Iarrtar go mbronnfaí stadas neamhspleách ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin (ar an mbonn céanna agus atá cheana féin ag Coláiste Ghobnait Inis Oírr) agus go bhfaighfidh an scoil sin an fhreagracht bainistíochta agus acmhainní, ach go háirithe Príomhoide agus Príomhoide Tánaisteach, nach bhfuil ann faoi láthair.

Moltar go dtabharfaí stádas DEIS don 5 iarbhunscoil oileánda ar an mbonn go bhfuil siad scoite amach ón gcósta agus na míbhuntáistí a bhaineann leis seo. Tugann drochaimsir tríd an geimhreadh dúshláin breise do scoláirí agus múinteoirí a bhíonn ina leithéid de scoileanna. Tugann an easpa seirbhísí scoile trí Ghaeilge go ginearálta dúshlán, agus míbhuntáiste ach go háirithe do scoileanna ar oileáin (SNSO nó NEPS; seirbhísí meabhairshláinte; seirbhísí sláinte ginearálta). Is annamh go mbacann institiúid ardoideachais le cuairt a thabhairt ar scoileanna ar oileáin ná iad a a chur san áireamh dá gcuid imeachtaí. Ní fhaigheann scoileanna ar oileáin cuairteanna inscoile ná seirbhísí oideachais ar ghnáthnós iad do scoileanna ar an mórthír.

Is dúshlán mór é Rochtain ar na hOileáin do na scoileanna oileánda. Níl an tseirbhís aeir ná an tseirbhís farantóireachta, mar atá, ag comhlíonadh riachtanais scoileanna na n-oileán. Iarrtar go gcuirfí seirbhísí taistil cuí, oiriúnach ar fáil, i gcomharliúcháin leis BOOGRC, an fostaí is mó ar an trí Oileáin Árann, chun riachtanais na scoileanna a shásamh agus chun go mbeidh cinnteacht don todhchaí. Is é pobal scoileanna leis BOOGRC is mó a bhaineann úsáid as na seirbhísí taistil.

Chuir Gaeloideachas aighneacht a bhí bunaithe ar na héilimh chéanna mar a bhaineann leis na hiarbhunscoileanna oileánda faoi bhráid Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i mí an Mheithimh seo caite. Pléadh cás na mbunscoileanna oileánda san aighneacht chomh maith.

Deir Ó Tuairisg nach bhfuil aon gheallúint ar an gceist seo tugtha fós ag an Aire Bruton.

Is ceist í seo faoi chearta na scoláirí óga, faoi chearta phobail na n-oileán agus má táimid ag iarraidh go mbeidh pobail ar na hoileáin sna blianta amach romhainn, ní mór polasaithe cuí a chur i bhfeidhm chun é sin a chinntiú mar atá á dhéanamh ag ár gcomharsana thar muir, na Sasanaigh, agus ag go leor tíortha eile ar fud an domhain.

Cláraigh anois le freastal ar an dTionól Forbartha!

Meán Fómhair 20, 2017

cláraigh 2

 

Ráta Mochóirí: Tapaigh an Deis! Ráta Speisialta Mochóirí ar fáil anois go 22 Meán Fómhair!

  • €60 (Scoileanna le ballraíocht) (Aibreán – Meán Fómhair 2017)
  • €85 (Scoileanna gan bhallraíocht/Ionadaithe ó institiúidí agus eagraíochtaí eile)

Gnáth-tháille:

  • €75 an duine (Scoileanna le ballraíocht)
  • €100 (Scoileanna gan bhallraíocht/Ionadaithe ó institiúidí agus eagraíochtaí eile)
  • triúir ón scoil chéanna ag freastal = ceathrú duine saor in aisce

Lascaine do Mhic Léinn:

  • Mic léinn lánaimseartha: €50 an duine

Tá lón, sólaistí agus mórbhéile an tionóil san áireamh sna táillí thuas.

Scéim na gCúntóirí Teanga

Meán Fómhair 15, 2017

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh fhógra an Aire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga go gairid agus roimh an deontas atá fógraithe as an scéim a reachtáil don scoilbhliain seo.

Dúirt Uachtarán Feidhmeach Gaeloideachas, Anna Ní Chartúir, ‘Tá díoma agus míshástacht ar scoileanna nach raibh cúntóirí teanga ag obair sna scoileanna ag tús na scoilbhliana nuair is mó atá gá ag gasúir le tacaíocht agus iad díreach tosaithe ar scoil, cuid acu ar bheagán nó gan aon Ghaeilge. Tá iontas ar scoileanna nár tharla sé seo agus an Polasaí Oideachais Gaeltachta fógraithe ón bhFómhar seo caite. Ba é seo ceann de na príomhéilimh a bhí ag scoileanna na Gaeltachta le linn plé ar an bPolasaí Oideachais Gaeltachta. Beidh éilimh breise ar scéim na gCúntóirí Teanga i mbliana mar go bhfuil scoileanna na Gaeltachta gnóthach leis an bPolasaí Oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm agus tá súil ag Gaeloideachas nach mbeidh aon scoil fágtha ar lár ó thaobh tacaíochta de.”

Tá súil ag Gaeloideachas go gcuirfear an t-abhreithniú i gcrích gan mhoill.

Rath ar na cruinnithe eagraithe ag Gaeloideachas maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta

Meitheamh 1, 2017

B’ábhar dóchais mór do Gaeloideachas an freastal mór agus rannpháirtíocht ghníomhach ó phobal na scoileanna Gaeltachta sa tsraith cruinnithe a reáchtáil an eagraíocht ar an bPolasaí Oideachais Gaeltachta le 10 lá anuas.

Reáchtáladh cruinnithe i nGort a Choirce, Béal an Mhuirthid, An Ceathrú Rua, Cill Áirne agus Oirthear na Gaillimhe, agus bhí ionadaíocht láidir ann ag gach cruinniú ó bhaill iomlán na pobalscoile, idir príomhoidí, múinteoirí, tuismitheoirí agus an pobal níos leithne.

Bhí an-áthas ar Gaeloideachas an deis a fháil meon, moltaí, tuairimí agus ábhar imní na scoileanna agus a gcuid pobail a chloisteáil, tuairimí a chuirfear le chéile mar bhunús d’aighneacht stocaireachta thar ceann na scoileanna chuig an Aonad um Oideachas Gaeltachta.

Soiléiríodh tríd na cruinnithe seo go bhfuil an-chuid éagsúlachta dearcaidh agus tuisceana ann idir na ceantair Gaeltachta éagsúla i leith feidhmiú an pholasaí. Tá idir dearfacht agus dóchas le braith sna ceantair láidre Gaeltachta I leith an pholasaí, in ainneoin doiléire agus imní i leith na n-acmhainní daonna a bheidh ar fáil chun an luath-thumadh iomlán a chur i bhfeidhm. Anuas ar sin, sna ceantair imeallacha léiríodh go bhfuil géarghá le clár feasachta cuimsitheach agus forleathan i measc tuismitheoirí chun go mbeidh muinín acu sa tumoideachas.

Tháinig saineolaí ar an tumoideachas i láthair na gcruinnithe chun cur i láthair a dhéanamh ar fheidhmiú agus buntáistí an tumoideachais don slua, agus gabhann Gaeloideachas buíochas leis an Dr. Conchúr Ó Brolcháin agus Dónal Ó hAiniféin as a gcuid saineolais a roinnt go fial flaithiúil ag na cruinnithe seo. Tá buíochas ag dul freisin do na príomhoidí agus na múinteoirí a shuí ar na painéil agus a roinn a gcuid taithí ar lucht an freastail.

Tá Gaeloideachas an-bhuíoch as an spéis ghníomhach atá léirithe ag pobal na nGaeltachtaí sa pholasaí oideachais Gaeltachta. Mar eagraíocht atá ag feidhmiú mar ghuth do na scoileanna Gaeltachta, tá an eagraíocht ag súil le gníomhú ar an aiseolas ó na cruinnithe, i gcomhar leis na scoileanna agus an Aonad um Oideachas Gaeltachta.

Teagmháil:

Anna Ní Chártúir, Leas-Uachtarán, Gaeloideachas
085 1351097

Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas
086 8050335

Gaeloideachas

Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal.

Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.

Gaelscoil nua do Bhaile an Chollaigh i Meán Fómhair 2017, ach briseadh croí do thuismitheoirí níos mó ná 500 páiste le diúltú trí iarratas eile ar scoileanna nua

Bealtaine 4, 2017

Bunscoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua do Bhaile an Chollaigh

Ba mhaith le Gaeloideachas comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le tuismitheoirí Bhaile an Chollaigh, nár staon dá gcuid feachtasaíochta chun bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bhunú ina gceantar. Aithníodh a gcuid iarrachtaí móra inniu i bhfógra an Aire Oideachais & Scileanna, Richard Bruton. Osclóidh an scoil i mí Mheán Fómhair na bliana seo do naíonáin sóisir, faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta.

“As na trí bhunscoil atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2017, cuireann muid fáilte faoi leith roimh fhógra an Aire Bruton gur scoil lán-Ghaeilge a osclófar i gceantar Bhaile an Chollaigh” a dúirt Clare Spáinneach, Leas-Ardfheidhmeannach Gníomhach Gaeloideachas. “Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh rochtain ag glúin iomlán úr ar an tumoideachas, a bhuí leis an obair ollmhór a rinne tuismitheoirí áitiúla chun a scoil nua a bhunú. Tá buntáistí ollmhóra ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge do pháistí – beidh siad líofa in dhá theanga ar a laghad, agus cabhraíonn múnla an tumoideachais lena bhforbairt shóisialta, chumarsáide agus chognaíoch. Freastalóidh an scoil ilchreidmheach seo ar pháistí ó chúlraí éagsúla teanga, cultúir agus creidimh agus gheobhaidh siad oideachas tairbheach agus cuimsitheach”.

Socrófar cóiríocht chuí don scoil le tacaíocht na Roinne Oideachais & Scileanna sna seachtainí amach romhainn, agus ceapfaidh An Foras Pátrúnachta príomhoide. Ní mór do thuismitheoirí ar suim leo a gcuid páistí a chlárú don scoil teagmháil a dhéanamh leis An Foras Pátrúnachta: cormac@foras.ie nó 01 6294110.

Díomá ar thuismitheoirí os cionn 500 páiste i nDún Laoghaire, Baile Pheiléid agus Deisceart Chathair Bhaile Átha Cliath agus iad fágtha gan rogha dá gcuid páistí

Is ábhar mór díomá é, áfach, do phobail Dhún Laoghaire, Bhaile Pheiléid agus Deisceart Chathair Bhaile Átha Cliath nár aithníodh an t-éileamh ollmhór ar an oideachas lán-Ghaeilge ina gcuid ceantar. “Tá obair iontach déanta ag na grúpaí áitiúla sna ceantair éagsúla seo ar fad ón uair a fógraíodh go raibh scoileanna nua le bunú, agus fuair muid breis agus 517 bhfoirm léirithe spéise ó thuismitheoirí áitiúla a bhí ag iarraidh gur scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha a n-osclófar dá gcuid páistí” a dúirt Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Forbartha le Gaeloideachas.

“Is tuismitheoirí iad seo nach féidir leo áit ar bith a fháil i scoileanna lán-Ghaeilge reatha na gceantar, agus níl aon scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha ar fáil dóibh sna trí cheantair scoile seo. Beidh na scoileanna nua eile ar fad ag teagasc trí mheán an Bhéarla, agus ní fhreastalóidh sé sin ar mhianta oideachais na dtuismitheoirí seo dá gcuid páistí. Níl aon áit acu anois le dul.”

Aitheantas ar bith do Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath tar éis achainí ó thuismitheoirí bhreis agus 700 páistí

Bhí breis míshásamh i bhfógra an Aire Oideachais & Scileanna inniu maidir le scoileanna nua do 2017 agus 2018 de dheasca nach raibh tagairt ar bith déanta don fheachtas bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bhunú i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bailíodh 733 fhoirm léirithe spéise mar chuid den phróiseas pátrúnachta scoile in 2016, ach níor éirigh leis an iarratas. Cuireadh in iúl sa tuairisc ón nGrúpa Comhairleach um Bunú Scoileanna Nua chuig an Aire in Aibreán 2016 go raibh éileamh suntasach ar oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar, agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh air seo. Bhí dóchas áirithe ann go mbeadh scéal dearfach i bhfógra an lae inniu agus go n-aithneofaí mianta na dtuismitheoirí sin i dtuaisceart na cathrach. Níor tháinig aon aitheantas ar an éileamh seo ón Roinn Oideachas ná ón Aire Bruton, áfach. “Leanfaidh Gaeloideachas ag troid ar son chearta oideachais na bpáistí seo agus páistí eile cosúil leo” a dúirt Clare Spáinneach, “agus leanfaidh muid orainn ag stocaireacht go ndéanfar an próiseas reatha chun pátrúnacht scoile a bhaint amach a leasú agus dífheistiú a éascú, toisc nach n-éascaíonn na cúinsí reatha le bunú scoileanna mionteanga. Tá moltaí déanta againn leis an Roinn maidir le leasú an phróisis seo, mar atá déanta ag Páirtithe eile Oideachais, agus feicfimid má ghlacann lucht déanta na bpolasaithe le cúiseanna imní tuismitheoirí”.

Is próiseas dian fada ar thuismitheoirí é an próiseas seo a úsáideann an Roinn le pátrúnacht na scoileanna nua a aithint. Tá na tuismitheoirí seo i mbun feachtas ina gcuid ceantar féin le breis agus bliana anois agus fágadh iad ag fanacht trí mhí ar chinneadh ón Aire. Beidh dúshlán mór ag na pátrúin rathúla anois gach rud a bheith réidh acu don scoilbhliain atá le teacht, agus beidh sé an-dúshlánach do na tuismitheoirí nár éirigh lena gcuid feachtas áit scoile a shocrú dá gcuid páistí i scoileanna eile. Ba mhaith le Gaeloideachas an obair chrua a chuir na tuismitheoirí seo ar fad isteach a aithint agus buíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí, na pátrúin agus na heagraíochtaí a thacaigh leo, go háirithe Conradh na Gaeilge, as na feachtais dearfacha a bhí ar bun sna ceithre cheantair éagsúla agus as feasacht a ardú i measc an phobail ar na buntáistí a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge do chách.

Fógraíonn an tAire Bruton Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Aibreán 28, 2017

Fograíonn an tAire chomh maith dhá phost breise in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun an soláthar múinteoirí iar-bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú

Ag eascairt as an seoladh a rinneadh mí Dheireadh Fómhair seo caite ar Pholasaí na Roinne don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D. inniu tús leis an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

Tá imlitir, mar aon le pacáiste eolais, curtha amach inniu chuig gach bunscoil agus iar-bhunscoil i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta agus tugtar cuireadh do na scoileanna sin páirt a ghlacadh sa Scéim. Faoin Scéim tabharfar deis do na scoileanna a bheidh páirteachAitheantas mar Scoil Ghaeltachta a ghnóthú ar an mbonn go ndéantar sainchritéir theanga a chur i bhfeidhm thar thréimhse chúig bliana agus go nglactar páirt sna próisis phleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Caithfear cinneadh na scoile maidir le páirt a ghlacadh sa Scéim a dhéanamh i gcomhairle le pobal na scoile uile, ar a n-áirítear an príomhoide, an fhoireann teagaisc, an bord bainistíochta, Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO), más cuí, ionadaithe na dtuismitheoirí agus an coiste pleanála teanga áitiúil. Ar mhaithe le cur chuige comhairleach, comhoibríoch a chothú, caithfidh an Fhoirm um Léiriú Spéise a chuirfidh scoileanna isteach go dtí an Roinn a bheith sínithe ag príomhoide na scoile, ag cathaoirleach an bhoird bhainistíochta agus ag cathaoirleach an choiste pleanála teanga ábhartha.

Beidh na scoileanna a ghlacfaidh páirt sa Scéim incháilithe chun tacaíochtaí breise a fháil faoi na téarmaí atá leagtha amach sna himlitreacha a bhaineann leis an Scéim. Tá na tacaíochtaí a bheidh ar fáil sa scoilbhlian 2017/2018 leagtha amach in Imlitir 0033/2017 agus in Imlitir 0034/2017.

“Tá an Rialtas tiomanta go mór don oideachas trí mheán na Gaeilge a neartú sa Ghaeltacht agus is céim mhór chun cinn sa phróiseas sin an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta,” a dúirt an tAire Bruton. “Sa chéad scoilbhliain eile, leagfar an bhéim ar fhorbairt agus ar thacaíocht ghairmiúil a sholáthar do phríomhoidí agus do mhúinteoirí na Scéime ionas gur féidir leo pleanáil chun an soláthar trí mheán na Gaeilge ina gcuid scoileanna a fheabhsú.”

Beidh deontais ar fáil do na scoileanna a bheidh páirteach sa scéim chun acmhainní oideachais breise a ghnóthú mar aon le raon tacaíochtaí don fhorbairt ghairmiúil in 2017/18. Déanfar tacaíochtaí breise a fhógairt sna blianta atá le teacht de réir mar a bhíonn an Polasaí don Oideachas Gaeltachta á chur i bhfeidhm.

“Rinneadh na cuir chuige agus na tacaíochtaí atá leagtha amach sna himlitreacha atá eisithe agam inniu a phlé go cuimsitheach le raon leathan eagraíochtaí sa Ghaeltacht agus le grúpaí príomhoidí bunscoile agus iar-bhunscoile i scoileanna Gaeltachta. Bhain tábhacht thar na bearta le dearcthaí na ndaoine aonair agus na ngrúpaí seo, mar aon le tacaíocht mo chomhghleacaí, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne agus a roinn, chun cruth a chur ar an Scéim seo,” a dúirt an tAire Bruton.

“Molaim do gach scoil sa Ghaeltacht féachaint le páirt a ghlacadh sa Scéim seo agus táim muiníneach go gcabhróidh sé seole todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo sna pobail Ghaeltachta a thacú agus a chur chun cinn,” a dúirt an tAire.

Tá fáil ar mhionsonraí na Scéime in Imlitir 0033/2017 agus in Imlitir 0034/2017 http://www.education.ie/ga/An-Córas-Oideachais/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022/Polasai-don-Oideachas-Gaeltachta-2017-2022.html

Poist in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun oideachas múinteoirí trí mheán na Gaeilge a neartú

Rinne an tAire Richard Bruton céim eile a fhógairt inniuchun an soláthar de mhúinteoirí iar-bhunoideachais don teagasc trí mheán na Gaeilge a neartú. Cruthófar dhá phost nua in OÉ Gaillimh ar bhonn iasachtaí, chun cur leis an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), in OÉ, Gaillimh.

“Aithnítear sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta go gcaithfimid an soláthar múinteoirí a bhfuil na sainscileanna is gá acu don teagasc i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta a threisiú. Is léiriú iad an dá phost seo atá cruthaithe ar na chéad chéimeanna chun an tiomantas atá sa Pholasaí don OIdeachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm”, a dúirt an tAire Bruton.

“Tá dea-theist le fada ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don soláthar ar oiliúint múinteoirí don scolaíocht trí mheán na Gaeilge, agus is cúis áthais domsa go bhfuil sé ar mo chumas tacú le méadú an tsoláthair sin,” a dúirt an tAire Bruton.

Táthar ag súil go gcruthóidh na múinteoirí a bheidh ar iasacht chuig an gclár MGO don bhliain acadúil 2017-18 deis ar mhéadú láithreach agus leanúnach ar an soláthar de mhúinteoirí iar-bhunscoile don oideachas trí mheán na Gaeilge. Cuirfear é seo i gcrích le raon beart ar a n-áirítear uas-sciliú ar ábhar oidí, deiseanna foghlama for-rochtana, ar líne agus cumaisc mar aon le feabhsú agus cur chun cinn na gclár.

www.education.ie

Grúpa fócais do naíonraí

Márta 28, 2017

An bhfuil tacaíocht uait le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? Nach mbeadh sé go hiontach dá mbeadh rud cosúil le www.irishforparents.ie ar fáil do dhaoine ag obair sa naíonra?

Tá acmhainn nua á fhorbairt ag Gaeloideachas do naíonraí, agus tá grúpa fócais á eagrú againn le treoir a thabhairt dúinn maidir leis. Ba mhaith linn eolas a fháil maidir leis na riachtanais teanga atá ag foireann an naíonra, agus moltaí maidir leis na hacmhainní gur féidir a fhorbairt le tacú leo. Ní rang Gaeilge a bheidh i gceist leis an seisiún seo, ach plé maidir le hacmhainní.

Beidh an seisiún i mBéarla agus Gaeilge, agus ba mhór linn plé ach go háirithe le daoine nach bhfuil muiníneach as a gcuid Gaeilge.

Beidh an seisiún ar siúl ar an 10.05.17 ó 16.00-17.00 in oifigí Gaeloideachas i Marino, BÁC. Cuirfear tae, caife agus scónaí ar fáil, agus le clárú ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie roimh an 5 Bealtaine. Le do thoil, scaip an eolas i measc foireann an naíonra agus cabhraigh linn áis den scoth a fhorbairt.

Módúl oiliúna ar earcaíocht do bhoird bainistíochta scoile

Márta 21, 2017

Cuireann Gaeloideachas agus An Foras Pátrúnachta clár oiliúna do bhoird bainistíochta na scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil. Tá an oiliúint seo ar fáil trí pháirtithe éagsúla oideachais agus tá sí aitheanta ag an Roinn Oideachais & Scileanna. Tá an oiliúint seo á chur ar fáil do chúig módúil atá curtha le chéile ar bhonn náisiúnta idir an Roinn Oideachais & Scileanna agus na páirtithe oideachais.

Cláraigh anois don módúl oiliúna ar earcaíocht!

Iarraimid ar ionadaithe ó bhord bainistíochta na scoileanna clárú le freastal, agus fáiltonn muid roimh ceisteanna ina leith – is féidir teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie.

Beidh ceardlanna ar siúl ar na dátaí agus sna hionaid thíos:

Earcaíocht

  • Leitir Ceanainn, Óstán Radisson,5 Aibreán 2017, 7pm – 9pm
  • Port Láirge, Waterford Teacher Centre, 4 Aibreán 2017, 7pm – 9pm
  • Baile Átha Cliath, Óstán Crowne Plaza, Baile Blainséir, 6 Aibreán 2017, 7pm – 9pm
  • Corcaigh, Ionad Oideachais Chorcaí, 3 Aibreán 2017, 7pm – 9pm
  • Gaillimh, Óstán Radisson, 5 Aibreán 2017, 7pm – 9pm

NB: Má tharlaíonn nach bhfuil baill ó do scoil in ann a bheith i láthair ag na hionaid thuas, táimid sásta dul chomh fada leat ach deichniúr a bhailiú go háitiúil le freastal ar sheisiún i do cheantar féin. 

Oops! We could not locate your form.

Riachtanais Speisialta Oideachais sna Bunscoileanna lán-Ghaeilge

Márta 8, 2017

Bhí an-rath ar an gcomhdháil lae maidir le riachtanais speisialta oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a d’eagraigh Gaeloideachas & COGG ar an 3 Márta 2017. D’fhreastal 170 ionadaithe ó na scoileanna ar an ócáid oiliúna i Marino agus tugadh ard-mholadh do na haoichainteoirí, a roinn a gcuid taithí agus saineolas go fial leis na rannpháirtithe. Thíos gheobhaidh tú clár an lae, móide nótaí na gcainteoirí.

Tá súil ag Gaeloideachas comhdhálacha eile a reáchtáil ar an téama seo amach anseo, le béim ach go háirithe ar rannpháirtíocht cúntóirí riachtanais speisialta agus tuismitheoirí. D’fháilteoimis roimh aiseolas maidir leis an gcomhdháil ar an 3 Márta, agus moltaí a chabhródh linn pleanáil chun cinn a dhéanamh d’ócáidí oiliúna amach anseo. Ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie.

Le teacht:

  • Piartheagasc sa Mhata agus Teanga an Mhata – Réidh Socair Déan! | Colm Ó Donaill, Gaelscoil an Bhradáin Feasa agus Máire Nic an Rí, COGG

Comhdháil CAER 2017

Márta 8, 2017

Is comhdháil oideachais do mhionteangacha é CAER. Gheobhaidh rannpháirtithe an deis ceisteanna a phlé le saineolaithe ar oideachas trí mhionteangacha ó réigiúin éagsúla, agus foghlaim faoi conas dul i ngleic le dúshlán bunaithe ar réiteach a d’oibrigh le mionteanga eile.

Beidh Comhdháil 2017 ar siúl ar an 6 agus 7 Aibreán i gCarmarthen na Breataine Bige, agus tá clár na comhdhála móide eolas maidir le clárúchán ar fáil thíos:

CAER Conference 2017

« Previous PageNext Page »