Méid an Téacs

Lucht féachana á lorg ag Cleas Act

Eanáir 30, 2018

Tá clár teilifíse siamsaíochta do chlainne “Cleas Act” á léiriú ag Tyrone Productions do TG4.

Is clár siamsaíochta spraoiúil, lán le fuinneamh é Cleas Act ina bhfuil páistí atá lán le talainn ó ghach taobh den tír ag ceol agus ag damhsa in éineacht le “Seo Linn”.

Tá talainn agus cultúr na hÉireann á chur i láthair agus is féidir a chinntiú gur taifead bríomhar, lán le spraoi a bheas ann. Tá an clár bunaithe i stiúideo agus beidh sé á taifead i stiúideo RTÉ, Domhnach Broc, B.Á.C 4.

Má tá suim agat freastal ar thaifead de chuid “Cleas Act” mar bhaill den lucht féachana sa stiúideo, tá ticéidí ar fáil saor in aisce agus beidh taifead ar siúl i Mí Feabhra:

  • Dé Luan 5ú Feabhra 13.20-18.00
  • Dé Máirt 6ú Feabhra 14.00-18.00

Má tá suim agat freastal ar thaifead is féidir ríomhphost a chur ag cleasact@tyrone-productions.ie

Nó glaoch a chur ar 01 889 4975 leis an eolas seo a leanas:

  • Cén dáta agus am atá suim agat freastal air
  • Cé mhéid ticéad atá de dhíth, agus ainmneacha na daoine a bheas ag freastal ar an taifead
  • Uimhir teagmhála
  • Cén eagraíocht/coláiste lena bhfuil tú bainteach (más bainteach)

Beidh ar an lucht féachana clárú 30 nóiméad roimh thus an taifead ar an lá.

Tionscadal Taighde “Teacht in Inmhe”

Eanáir 24, 2018

Fáilteoidh Teacht Aniar agus Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh iarratais ó thaighdeoirí aonair nó meithleacha oibre nó institiúidí ar thionscadal taighde “Teacht in Inmhe”:

Teacht in Inmhe: Clár idirbhliana do Scoileanna Gaeltachta a fhorbairt.

Tionscadal 5 mhí atá i gceist ag tosú i Mí an Mhárta 2018

Tá gach eolas ar fáil ó:

https://teachtaniar.eu/nuacht

Tuismitheoirí na Gaeltachta ar Facebook

Breandán Mac Cormaic ag bmaccormaic@eircom.net

Spriocdháta na n-iarratas: 20.00 Dé Luain an 12 Feabhra 2018

Le cabhair ó COGG

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018

Eanáir 18, 2018

Craobh na hÉireann
Óstan an Lucan Spa, Leamhcán, Co. Átha Cliath
Dé Céadaoin, 24 Eanáir 2018
3.30 p.m.
Fáilte roimh chách!

Aoichainteoir: Joe Mag Raollaigh, Tuairisceoir Nuachta de chuid RTÉ

3.30 p.m. CRAOBH NA SÓISEAR

RÚN: Anois an t-am dár gcuid eisimirceach filleadh abhaile go hÉirinn!

Foireann A: Coláiste Oiriall, Muineachán
Foireann B: Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire
Foireann C: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Foireann D: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

5.30 p.m. CRAOBH NA SINSEAR

RÚN: Tugann na mórmheáin chumarsáide in Éirinn léargas cruinn ar a bhfuil ag tarlú!

Foireann A: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Foireann B: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath
Foireann D: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Eagraíonn Gael Linn an comórtas bliantúil seo, a chruthaíonn ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc, le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac os cionn 50 foireann páirt ann i mbliana, agus tháinig an ocht bhfoireann a bheidh san iomaíocht i gCraobh na hÉireann trí réamhbhabhtaí cháilithe agus craobhacha réigiúnacha ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite. Bronnfar buanchorn agus duais de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnfar duais de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bheidh rannpháirteach

Tuilleadh Eolais: Jamie Ó Tuama, Gael Linn,35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
T: 01/6753300
R.phost: jamieot@gael-linn.ie
www.gael-linn.ie

CUC

Glac na Pointí leis na Gaeil Óga

Eanáir 17, 2018

Beidh Na Gaeil Óga ag eagrú seimineár lae den chéad uair riamh, Dé Sathairn, 20 Eanáir, chun cabhrú le himreoirí barr a gcumais a bhaint amach. Beidh scoth na gcainteoirí ar an lá a thabharfaidh léargas ar:

  • Gortuithe a sheachaint / Cóitseála nirt & aclaíochta
  • Forbairt ar scileanna teicniúla
  • Ullmhú intinne
  • Cothúchán bia
  • Tábhacht le cothromaíocht sa saol

20 Eanáir 2018 ó 13:00 – 16:00 i gColáiste Íosagáin, Bóthar Stigh Lorgan.

Tá costas €10 ar thicéad don lá iomlán: https://www.eventbrite.ie/e/glac-na-pointi-bain-amach-barr-do-chumas-tickets-41417059540?utm_term=eventurl_text

Rachaidh aon bhrabús i dtreo Chiste Forbartha Na Gaeil Óga

Cuirfear an lá i láthair le cabhair ó chraoltóir aitheanta Máire Treasa Ní Cheallaigh (TG4 & RTÉ) & Mícheál Ó Leidhin (RTÉ RnaG).

I measc na gcainteanna deimhnithe tá:

Scoth na gcainteoirí

Glac na pointí

An Churaclam Nua Matamaitice na Bunscoile: Léirigh do thuairimí

Eanáir 16, 2018

Tá dréachtsonraíocht Curaclam Matamaitice na Bunscoile ar fáil anois le haghaidh comhairliúcháin. Is dréachsonraíocht é ó na naíonáin shóisearacha go rang a dó. Reáchtálfar an comhairliúcháin go dtí Mí Feabhra 2018 agus tá trí snáitheanna éagsúla san áireamh

Táimid ag bailiú aiseolas ó mhúinteoirí ‘sna bhealaí seo a leanas:

  • Ceistneoir ar líne: Tá suirbhé ar líne ar fáil ag ncca.ie. Is féidir leat teacht ar an gceistneoir ar an leathanach baile trí chliceáil ‘Léirigh do thuairimí’
  • Scoileanna Cás-Staidéir: Mar bhaill de líonra scoile tá roinnt múinteoirí agus príomhoidí ag baint triail as gnéithe ar leith den dréachtsonraíocht agus ag tabhairt aiseolas ar ais dúinn.
  • Seimineáir Chomhairliúcháin
    30 Eanáir: Kilmurry Lodge, Luimneach
    31 Eanáir: Ionad Oideachais Shligigh
    1ú Feabhra: Óstán Hilton, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath

Chun iarratas a dhéanamh chun freastal ar na seimineáir chomhairliúcháin – clárú le do thoil trí do chuid sonraí a chur ar r-phost (Ainm, ról agus scoil) chuig primarymaths@ncca.ie faoi 3pm ar 23 Eanáir 2018. Tá áiteanna oscailte do mhúinteoirí bunscoile agus do phríomhoidí. Beidh na seimineáir ar siúl ó 10 am-2.30pm agus soláthrófar clúdach ionadaíochta do lucht freastail. Tá do chuid aiseolais an-thábhachtach dúinn.

Cúrsaí Samhraidh 2018 i gColáiste na Rinne

Eanáir 3, 2018

An Rinn

Folúntas i Naíonra Mológa Teo

Eanáir 3, 2018

Bóthar Thigh Chláir
BÁC 6W

Dáta tosaithe 8/01/2018

Post 1
Stiúrthóir Cúnta bhreise mar atá ceadaithe ag AIM.
10 n-uaire in aghaidh na seachtaine.

Post 2
Stiúrthóir Cúnta sa Seomra ECCE.
15 uair in aghaidh na seachtaine.

Freagrachtaí

  • Ag obair le páistí sa seomra ECCE, taobh le foireann an Naíonra.
  • Cinntiú go bhfuil ardchaighdeán cúraim, oideachais, sábháilteachta agus folláine do na páistí a fhreastalaíonn ar an tseirbhís.
  • Curaclam a fhorbairt agus a phleanáil atá ceangailte le prionsabail agus téamaí Aistear i gcomhpháirt le bail foirne eile.

Cáilíochtaí

  • Líofacht sa Ghaeilge .
  • Fetac leibhéil 5/6 sa Luathoideachas/Cúram leanaí
  • Taithí ar a bheith ag obair i suíomh Luathoideachas.
  • Taithí bheith ag obair mar bhaill foirne.

Déan teagmháil le:
Deirdre Ní Chuilinn 0872495485 / dnichuilinn@gmail.com

Cothrom na Féinne sna Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi chaibidil ag Tionól Forbartha Bliantúil Gaeloideachas i gcomhar le COGG ar an 24 Samhain 2017

Samhain 20, 2017

Preasráiteas

Cothrom na Féinne sna Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi chaibidil ag Tionól Forbartha Bliantúil Gaeloideachas i gcomhar le COGG ar an 24 Samhain 2017.
Bliain ar aghaidh ó chéadfhoilsíodh an Polasaí don Oideachais Gaeltachta, agus é tráthúil dá réir cíoradh a dhéanamh ar théama na Comhdhála – Cothrom na Féinne, téama a bhaineann go dlúth le gach oideachasóir sa chóras lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Agus í ag labhairt ar an téama, deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “Tá ábhar agus míniú sa téama seo do gach uile duine atá ag treabhadh an ghoirt san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Táimid thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh an tOllamh Alan Titley inár láthair lena shaineolas a roinnt ar an téama agus chun ábhar machnaimh a thabhairt dúinn ina bhealach cumasach, machnamhach agus siamsúil féin”.

Agus í ag caint ar thábhacht na hócáide don earnáil, deir ní Ghréacháin “Táimid an-sásta go bhfuil an deis againn an chomhdháil oideachais náisiúnta seo a reáchtáil agus a fhorbairt go bliantúil chun freastal ar shainriachtanais na bhforas tumoideachais lán-Ghaeilge mar phobal ar leith mar aon leis an deis a sholáthar daoibh tógáil ar an gcomhoibriú agus comhroinnt dea-chleachtais idir scoileanna agus pobail. Is iomaí dea-chleachtas atá ann, agus le moladh go hard, agus tá an-áthas orainn go bhfuil an taighde a choimsiúnaigh an eagraíocht ar Critéir Aitheantais cuí um dhearbhú cáilíochta agus dea-chleachtais do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bhonn uile Éireann foilsithe anois agus go seolfar pacáiste tacaíochta do scoileanna ina leith ag an gcomhdháil. Taighde fíorthábhachtach agus tairbheach a bheidh ann do gach scoil a chuireann oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil agus creidimid go mbeidh éifeacht an-dearfach leis”.

Fáiltíonn Uachtarán Feidhmeach na heagraíochta, Anna Ní Chártúir roimh rannpháirtithe, aíonna agus páirtithe leasmhara uile na comhdhála, tráth a chuirfear “clár cuimsitheach fiúntach ar fáil do na forais tumoideachais uile”. Aithnítear go forleathan go bhfuil tábhacht ar leith leis an Tionól Forbartha seo, ní hamháin mar go gcuireann sé go mór le hoiliúint ghairmiúil leanúnach na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ach mar cheiliúradh poiblí ar ardchaighdeán an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus is mór againn an deis a bheith páirteach sa cheiliúradh sin”.

Gabhann Gaeloideachas buíochas mór le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil an Tionóil seo.

Féadfar clárú don Tionól ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 01 8535195. Tá gach eolas faoin imeacht ar www.gaeloideachas.ie

Críoch

Teagmháil | Contact

Do lucht na Meán Cumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán Mullingar Park ar an Aoine 24 Samhain nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:

Oifig Gaeloideachas ar 01-8535195 

Coicís go Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG

Samhain 10, 2017

Níl ach coicís ón lá inniu go dtí go mbeidh ár gcomhdháil bhliantúil oideachais, Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt le COGG, ar siúl. Tá líon an-ard scoileanna, taighdeoirí, eagraíochtaí agus institiúidí oideachais cláraithe ag an staid seo agus tá muid ag súil go mór leis an bplé bríomhar spreagúil ag an ócáid.

Tá clár an Tionóil agus gach eolas eile le fáil ag an nasc seo. Tá am ag daoine clárú go fóill.

Tá áthas orainn go mbeidh An tAire Stáit um Ardoideachas, Mary Mitchell O’Connor T.D., linn ar maidin leis an gcomhdháil a oscailt go hoifigiúil. Beidh an tOllamh Alan Titley linn san iarnóin le heochairaitheasc an Tionóil a thabhairt.

Ionadaíocht

Tá ionadaíocht ar fáil do Thionól Forbartha 2017 arís i mbliana. Is féidir le scoileanna cur isteach ar ionadaíocht do mhúinteoir amháin freastal ar an Tionól Forbartha tríd an gcóras OLCS.  Anuas air sin, tá ionadaíocht ar fáil d’aon phríomhoidí atá ag teagasc ach teagmháil a dhéanamh le COGG (01 6340831 nó eolas@cogg.ie ) le breis eolais agus na foirmeacha cuí a fháil.

cláraigh 2

Tús curtha le hath-infheistiú sa Ghaeilge, Ghaeltacht agus san Oideachas

Deireadh Fómhair 11, 2017

PREASRÁITEAS 11.10.17

Tús curtha le hath-infheistiú sa Ghaeilge, Ghaeltacht agus san Oideachas

Cuireann Gaeloideachas fáilte roimh an infheistíocht mhéadaithe do chúrsaí oideachais agus Gaeilge a fógraíodh i gcáinaisnéis an lae inné. Léiríonn an méadú 2.5 milliún atá imfháilithe sa bhuiséad do chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta  agus na hoileáin aitheantas an Rialtais go bhfuil sé thar am gníomhú ar cheist infheistíochta sa teanga agus sa chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tar éis tréimse an-dúshlánach de chiorraithe a bheith ag an nGaeilge agus an nGaeltacht, tugann ráiteas an lae inné roinnt sóláis agus céimeanna á nglacadh ar deireadh le tús a chur le hath-infheistíocht sa teanga.

In ainneoin an bhuiséid mhéadaithe seo, áfach, aithníonn Gaeloideachas nach leor é leis na cuspóirí pleanála teanga uile a bhaint amach ná leis na gníomhaíochtaí éagsúla atá beartaithe ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta a chur i gcrích go sásúil. Le trí bliana anuas, tá laghdú suntasach de 4.5% tagtha ar bhuiséad bonnlíne Fhoras na Gaeilge in ainneoin réimse freagrachta mór ag an bhForas mar aon le feidhmeanna níos uileghabhálaí ag na ceanneagraíochtaí atá á maoiniú. Tá sé riachtanach go ndéanann an Rialtas athbhreithniú air seo agus ar na héilimh éagsúla atá ag na heagraíochtaí teanga láithreach ionas go mbeidh cothrom na féinne á thabhairt don teanga agus do phobal na Gaeilge.

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh an méadú de 5.8% sa bhuiséad oideachais, a chinnteoidh cóimheas daltaí le múinteoirí níos fabhraí trí mhéadú i líon na múinteoirí mar aon le méadú i líon na gcúntóirí riachtanais speisialta ag an mbunleibhéal.  Is cinnte go rachaidh an t-allúntas breise seo chun leasa na scoileanna uile, scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ina measc atá ag streachailt le fada le dúshláin earcaíochta agus ionadaíochta. Ní mór áfach an t-infreastruchtúr ceart a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh cumas Gaeilge cuí mar aon le hoiliúint ar chur chuige an tumoideachais ag múinteoirí agus ag cúntóirí riachtanais speisialta a bheidh ag feidhmiú sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Fáiltítear roimh an bhéim ar fholláin na ndaltaí trí 100 comhairleoir gairmthreoracha móide 10 siceolaithe breise NEPS a bheith curtha ar fáil. Fáiltítear freisin roimh an €2 mhilliún a dhéanfar a infheistiú sa scéim phíolótach Urlabhra agus Teanga sna bunscoileanna, agus tá Gaeloideachas ag súil leis go mbeidh an scéim ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí sin. Is beag ábhar sásaimh a bhí ann ag an iarbhunleibhéal, áit a mbeidh an cóimheas gan athrú, agus é ag leibhéal níos measa ná mar a bhí 10 mbliana ó shin. Tá sé thar am go ndéanfaí na leibhéal roimh an ghéarchéim airgeadais a thabhairt ar ais chun go mbeidh leibhéal níos airde oideachais á bhaint amach ag daltaí na n-iarbhunscoileanna.

Ag labhairt tar éis fhoilsiú na cáinaiséise, dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “Céim chun tosaigh atá sa bhfógra cáinaisnéise seo, le béim ar threisiú agus forbairt a bheidh chun leasa na teanga agus an oideachais. Tá díomá, áfach, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nár tógadh a gcuid bunriachtanas san áireamh, mar a bhí leagtha amach sa Phlean Infheistíochta a d’eisigh Conradh na Gaeilge mí an Mheithimh 2017. Táthar ag súil leis go ndéanfar athbhreithniú ar an gcáipéis fhíorthábhachtach seo, a forbraíodh le díograis ag leibhéal an phobail, eagraíochtaí agus údaráis éagsúla an Stáit”.

CRÍOCH

Teagmháil
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, Gaeloideachas
01-85351930| blathnaid@gaelscoileanna.ie

Gaeloideachas
Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaeloideachas a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaelscoileanna Teo. freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.

« Previous PageNext Page »