Méid an Téacs

Folúntais le Glór na nGael

Deireadh Fómhair 8, 2014

Is gluaiseacht náisiúnta é Glór na nGael, a bhfuil sé d’aidhm aige an Ghaeilge a fhorbairt i dtrí réimse lárnacha: forbairt phobail, forbairt eacnamaíochta, agus ar bhealach speisialta, tógáil páistí le Gaeilge.Tá foireann á lorg do na folúntais seo a leanas:

Bainisteoir Acmhainne Daonna (Comhroinnte le Conradh na Gaeilge)
Scála tuarastail: Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin, (scála caighdeánach), de réir 28/2009 – Aguisín 2A – €46,081 – €58,254

Bainisteoir Forbartha – Cúige Uladh agus Tuaisceart Laighean
Le ceapadh láithreach
Scála tuarastail: Tuaisceart Éireann SO 195 – £31.500 – £34,135

Oifigigh Forbartha x 6
Scálaí tuarastail (ag braith ar áit chónaithe an té a roghófar)
Tuaisceart Éireann – SO 193 £28,500 – £31,135
Ó dheas EO – 28/2009 -Aguisín 2A €30,516 – €47,975

Seol rphost chuig post@glornangael.ie le haghaidh sonraíocht poist.

Más mian leat cur isteach ar na poist seo, is gá iarratas móide CV reatha a sheoladh chuig post@glornangael.ie roimh 5.30 in, Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair 2014.

Tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge

Tá sé i gceist ag Glór na nGael painéal fostaíochta a chur le chéile do phostanna ag leibhéal Oifigeach Forbartha agus ag leibhéal Bainisteoir Forbartha. De réir mar a thagann folúntais aníos roghnófar fostaithe oirúnacha ón bpainéal seo, a bheas i bhfeidhm go dtí 31/12/2015.

Folúntas: An Naíonra ag Gaelscoil Uí Chéadaigh

Deireadh Fómhair 8, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Rúin agus Ainmniúcháin CCB 2014 – Spriocdháta 10.10.2014

Deireadh Fómhair 7, 2014

Bíodh glór agat agus tapaigh an deis rún a mholadh agus ionchur a bheith agat i bhforbairt na naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge.

Rún a Mholadh

Cad is rún ann?

Is éard is rún ann ná ráiteas simplí a mhíníonn riachtanas nó mian atá ag pobal naíscoile/naíonra/scoile. Tugtar deis do bhaill Gaelscoileanna Teo. rúin a rith ag Cruinniú Chinn Bliana na heagraíochta. Is féidir rún a rith ar ábhar ar bith a bhaineann le hobair na naíscoile/an naíonra/na scoile nó le mórphobal na luathbhlianta agus na scoileanna lán-Ghaeilge.

Cad is fiú rún a chur chun cinn?

Gníomhaíonn Gaelscoileanna Teo. ar na rúin a ritear ag an gCruinniú Chinn Bliana agus ar na hiarratais ar chúnamh a thagann chugainn ó naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna i gcaitheamh na bliana. Feidhmíonn Gaelscoileanna Teo. de réir riachtanais ár gcuid baill (na naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge a chláraíonn linn) agus na hearnála. Is mór an éifeacht agus an tionchar a bhíonn ag an earnáil más guth comhaontaithe láidir atá ann ó na naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna féin. Is féidir le haon naíscoil/naíonra/scoil atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge sna 32 contae ballraíocht a ghlacadh leis an eagraíocht agus rún a rith ag an gCruinniú Chinn Bliana.

Conas a chuirtear rún chun cinn?

Is gá do naíscoil/naíonra/scoil a bheith cláraithe leis an eagraíocht chun rún a mholadh. Is féidir clárú trí glaoch a chur ar 01 8535195 nó ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie. Níl teorainn leis an méid rúin gur féidir a mholadh. Ní gá ach foirm shimplí a chomhlánú agus a sheoladh ar ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie nó sa phost chuig Gaelscoileanna Teo. Tá cóip den fhoirm ar fáil ó stiúrthóir na naíscoile/an naíonra nó ó phríomhoide na scoile. Tá an fhoirm le híoslódáil anseo: Foirm Rúin. An spriocdháta d’fhoirmeacha comhlánaithe do CCB 2014 ná an 10 Deireadh Fómhair 2014. Ní ghlacfar le rúin tar éis an spriocdháta.

Plé na rún ag an gCruinniú Chinn Bliana

Is gá go mbeadh ionadaí ón naíscoil/naíonra/scoil i láthair ag an gCruinniú Chinn Bliana leis an rún a mholadh (ní gá gurb duine de shínitheoirí an rúin a bheadh ann). Iarrtar ar an ionadaí an rún a chur i láthair an tslua agus tugtar deis dó nó di labhairt ar fhiúntas an rúin.

De réir rialacha seasta Gaelscoileanna Teo.:

  • Tá suas go 5 nóiméad cainte ag an moltóir agus tá suas go 3 nóiméad cainte ag gach duine eile.
  • Glacfar le leasuithe agus cuirfear iad os comhair an chruinnithe ag tosú leis an gceann deiridh. Ní chuirfear leasú atá cealaithe ag leasú a cuireadh roimh ré. Ní mór leasuithe a bheith i scríbhinn. Ní féidir leasú atá contráilte go hiomlán leis an mbunrún a chur.
  • Má mholtar rún ní féidir é a tharraingt siar ach le cead an chruinnithe.

Déantar vótáil leis an gcárta vótála a chur san aer le ‘sea’ nó ‘ní hea’ a áireamh. Déantar na rúin a ritear a áireamh i gclár oibre Gaelscoileanna Teo. don bhliain romhainn. Tugtar tuairisc ar gníomhú na heagraíochta ar na rúin sa Tuairisc ar Obair na hEagraíochta ag deireadh na bliana.

Ainmniúchán a Dhéanamh

Cad is ainmniúchán ann?

Is éard is ainmniúchán ann ná moladh ó chomhalta maidir le ballraíocht ar bhord stiúrtha Gaelscoileanna Teo. Is comhaltaí iad na naíscoileanna/naíonraí agus na scoileanna atá cláraithe le Gaelscoileanna Teo. agus is iad na comhaltaí a thoghann na hoifigigh agus baill an bhoird stiúrtha ag Cruinniú Chinn Bliana na heagraíochta. Is féidir clárú trí glaoch a chur ar 01 8535195 nó ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie. Tá seachtar n-oifigeach (An tUachtarán ina measc a bhfuil téarma dhá bhliain acu) agus suas le 13 ball ceadaithe ar an mbord a bhféadfaí bheith comhdhéanta de thuismitheoirí, mhúinteoirí, stiúrthóirí agus baill de choistí stiúrtha agus bhoird bhainistíochta sna naíscoileanna, naíonraí agus scoileanna lán Ghaeilge.

Cad is fiú ainmniúchán a dhéanamh?

Is eagraíocht dhaonlathach í Gaelscoileanna Teo. agus tá sé rí-thábhachtach go mbeadh bord stiúrtha aici atá ionadaíoch ar a comhaltaí; sé sin, na naíscoileanna, naíonraí agus na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun agus iar-bhunleibhéal. Tagann an bord stiúrtha le chéile go míosúil i rith na scoilbhliana le treoir agus tacaíocht a thabhairt d’fheidhmeannaigh na heagraíochta le go bhfeidhmeodh sí go héifeachtach ar son na hearnála. Tá deis ag gach naíscoil, naíonra nó scoil a chláraíonn leis an eagraíocht ainmniúcháin a dhéanamh don bhord stiúrtha agus is féidir le naíscoileanna/naíonraí/scoileanna a rogha ionadaí a ainmniú (idir tuismitheoirí, foireann naíscoile/naíonra/scoile, baill de bhoird bhainistíochta na naíscoile/naíonra/scoile nó eile). Is féidir le haon naíscoil/naíonra/scoil atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge sna 32 contae ballraíocht a ghlacadh leis an eagraíocht agus ainmniúchán a dhéanamh don bhord stiúrtha.

Conas a dhéantar ainmniúchán?

Le hainmniúchán a dhéanamh, ní gá ach foirm shimplí a chomhlánú agus a sheoladh ar ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie nó sa phost chuig Gaelscoileanna Teo. Tá cóip den fhoirm ar fáil ó stiúrthóir an naíscoil/naíonra nó ó phríomhoide na scoile. Tá an fhoirm le híoslódáil anseo: Ainmniúcháin – Oifigigh agus Stiúrthóirí. Tá sé rí-thábhachtach go n-aontófaí leis an t-ainmneoir go bhfuil siad sásta go n-ainmneofaí iad agus ní gá ainmniúchán a dhéanamh do gach áit ar an mbord. An spriocdháta d’fhoirmeacha comhlánaithe do CCB 2014 ná an 10 Deireadh Fómhair 2014. Ní ghlacfar le hainmniúcháin tar éis an spriocdháta.

Toghchán ag an gCruinniú Chinn Bliana

  • Ní chuirfear aon ainm ar aghaidh ar an lá mura bhfuil glactha ag an duine leis an ainmniúchán roimh ré.
  • Faigheann gach naíscoil/naíonra/scoil atá cláraithe trí vóta, ach bíonn orthu freastal ar an gComhdháil chun na vótaí seo a chaitheamh. Tá vóta ag gach ball den Bhord Stiúrtha, fiú agus iad ag éirí as ag an gComhdháil sin.
  • Bíonn vóta rúnda má tá níos mó ná ainm amháin luaite le haon phost ar leith. Mura bhfuil ach ainm amháin don phost agus an duine sásta glacadh leis an ainmniúchán, toghfar go huathoibritheach é/í. Toghfar an tUachtarán agus na hOifigigh le móramh simplí ach 50% ar a laghad de na vótaí a chaitear a bheith ag iarrthóir. Is trí vóta rúnda a thoghfar Uachtarán na heagraíochta agus baill an Bhoird Stiúrtha.
  • Ní thagann post an Uachtaráin aníos ach gach dara bliain. Toghfar baill eile an Bhoird Stiúrtha go bliantúil.

Folúntas: Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc

Deireadh Fómhair 7, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Eilíonn Earnáil na Gaelscolaíochta 4 leasú sa Bhille Oideachais

Deireadh Fómhair 7, 2014

Éilíonn muid go ndéanfar ann tagairt ar leith do na rudaí seo a leanas:

• Go mbeidh de dhualgas ar an Údarás Oideachais nua “…forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú” [Alt 89 d’Ordú 1998].
• Go mbeidh daoine ar Bhord an Údaráis Oideachais a fheictear don Roinn Oideachais a dhéanann ionadaíocht do leas Earnáil na Gaelscolaíochta;
• Go mbeidh de dhualgas ar gach comhlacht gaolmhar de chuid na Roinne Oideachais forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú.
• Go gcabhróidh an tÚdarás Oideachais le forbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de.
Go mbeidh de dhualgas ar an Údarás Oideachais forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú

Ní éilítear leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair ar Bhoird Oideachais agus Leabharlann cloí le hAlt 89 d’Ordú 1998. Más rud é go dtuigtear nach bhfuil dualgas an Údaráis Oideachais le forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú docht daingean sa Bhille, tá baol ann go gceapfaidh sé nach gá dó an an dualgas seo a chomhlíonadh. Tá tionchar díobhálach, bacúil imeartha ar fhorbairt na Gaelscolaíochta i réimsí ar nós an iompair, na pleanála teanga agus tacaíochta do ghobharnóirí, srl. mar gheall ar nach bhfuil de dhualgas ar na Boird Oideachais agus Leabharlann cloí leis an ordú thuasluaite. Tá tuairim dhlíthiúil a lorg CnaG ag teacht leis an dearcadh seo. Tá deis againn mar sin an cheist seo a réiteach sa Bhille Oideachais nua seo.

Go mbeidh daoine ar Bhord an Údaráis Oideachais a fheictear don Roinn Oideachais a dhéanann ionadaíocht do leas Earnáil na Gaelscolaíochta;

Tá sé dearbhaithe ag an Aire Oideachais le Coiste Oideachais Thionól Thuaisceart Éireann (30.09.14) nach mbeidh ball ag Earnáil na Gaelscolaíochta ar Bhord an Údaráis Oideachais. Séantar leis seo aon ionchur ar leibhéal boird an Údaráis Oideachais ar Earnáil na Gaelscolaíochta, ach tugtar deis d’aistreoirí, d’iontaobhaithe de chuid earnálacha eile, agus d’ionadaithe polaitiúla áit a ghlacadh ar an mBord. Caithfear an neamhchothroime seo a chur ina ceart ach ceadú d’Earnáil na Gaelscolaíochta ball a bheith aici ar an mBord. Chuirfeadh sé seo in iúl go soiléir go dtuigeann an Roinn Oideachais an dualgas reachtúil atá uirthi le forbairt Earnáil na Gaelscolaíochta a éascú agus a spreagadh, ar bhealaí nach gá di i gcás earnálacha eile, trí bhearta dearfacha a dhéanamh nó trí fháil réidh le bacainní a thagann salach ar an sprioc reachtúil seo.

Go mbeidh de dhualgas ar gach comhlacht gaolmhar de chuid na Roinne Oideachais “…forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú.”

Deirtear i gCuid 1, Alt 2 den Treoir i ndáil le Gealltanais Rialtas na Ríochta Aontaithe i leith na Gaeilge agus na hUltaise, an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, (leagan 2) go bhfuil“an Chairt ina ceangal ar gach ceann de na stáit a dhaingneoidh í. Dá bhrí sin, tá impleachtaí aici do gach roinn agus do gach comhlacht gaolmhar (féach alt 36 le haghaidh an tsainmhínithe ar ‘chomhlacht gaolmhar’) i dTuaisceart Éireann, do gach roinn de chuid Whitehall a fheidhmíonn i dTuaisceart Éireann, agus do chomhairlí dúiche.” In ainneoin nach gá an Chairt féin a lua sa Bhille, is gá an dualgas reachtúil a lua atá ar an Roinn Oideachais agus ar chomhlachtaí neamhrannacha poiblí gaolmhara leis an Ghaelscolaíocht a spreagadh agus a éascú. Is léir go dtacaíonn an méid thuas leis an maíomh seo.

Go gcabhróidh an tÚdarás Oideachais le forbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de.

De réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, alt 30 go háirithe, na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (Cuid III, Alt 8), Chomhaontú Bhéal Feirste, agus Chomhaontú Chill Rìmhinn, is cóir don Údarás Oideachais páirt a ghlacadh i bhforbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de. Tugann an cleachtas reatha i mBoird Oideachais agus Leabharlann le tuiscint nach ann d’aon treoir shoiléir ina leith seo agus bíonn cleachtais difriúla i bhfeidhm ó bhord go bord. Iarrann CnaG go ndéanfar sainmhíniú ar chearta teanga an linbh agus an duine óig sa Bhille de réir na reachtaíochta idirnáisiúnta thuasluaite.

An dóigh le cuidigh linn: How you can help

Bheadh sé ina chuidiú ag Comhairle na Gaelscolaíochta dá dtiocfadh leat cuidigh linn i cibé bealach a mheasann tú bheith oiriúnach.

Dóigheanna le tacú linn:

• Scríobh chuig an Aire Oideachais;
• Scríobh chuig do BTR áitiúil;
• Scríobh chuig Coiste Oideachais an Tionóil
• Tacú lenár bhfeachtas Twitter

Go raibh maith agat.

www.comhairle.org

New website for adult Irish learners

Deireadh Fómhair 7, 2014

A new website for prospective students of Irish has been launched by Teastas Eorpach na Gaeilge, the only system of certification for adult learners of the language.

The website carries information and advice for students, teachers and employers on the TEG exam.

Students are tested on their listening, reading, writing and speaking ability of Irish, while it is possible to do an oral exam for a partial certificate.

Sample teaching material is available on the website for all levels from beginners to upper intermediate.

It can be used as a teaching resource by teachers who want to follow the syllabus or by learners who wish to prepare for the exams independently.

It includes reading, audio and video material, as well as vocabulary, grammar and speaking activities for each of the topics covered in the syllabuses, to help teachers and independent learners develop each of the major language skills assessed in the exams.

Employers can also find out the best way to recruit employees on the website.

Earlier, this week the Department of Public Expenditure said that six in every 100 clerical staff in its current recruitment competition will be competent in the Irish language.

The department said in a report that new arrangements for recruiting what it calls “Irish language functional bilinguals” are being piloted in the Clerical Officer (CO) competition that is currently under way.

The report was welcomed by Minister of State with responsibility of Gaeltacht Affairs Joe McHugh who said significant progress had been made by the Department of the Gaeltacht and other Government departments in implementing the State’s 20-year strategy for the Irish language.

In July, it was confirmed the Donegal North East TD had booked himself in for an Irish language course on becoming Minister of State.

At the time, Taoiseach Enda Kenny Kenny said it was an example of someone whose Irish “may be a bit rusty” and who was “getting back into action and getting it up to standard”.

Referring to his recent experience in “relearning the language”, Mr McHugh described TEG this week as “a path to fluency in Irish through a structured, flexible and graduated system”.

www.teg.ie

www.rte.ie

Folúntas: Naíonra Montessori na gCloch Liath

Deireadh Fómhair 6, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas le Gael Linn: Oifigeach Tionscadail (Leibhéal Iar-bhunscoile)

Deireadh Fómhair 3, 2014

Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais don phost mar Oifigeach Tionscadail leis an scéim spreagtha Gaeilge ‘Gaelbhratach’ a fhorbairt ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

Beidh tuiscint ag iarrthóirí ar an iar-bhunscolaíocht agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ar an dara leibhéal.

Riachtanais:

  • Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht, nó a comhionann
  • Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
  • Tiomantas don Ghaeilge agus taithí ábhartha maidir lena cur chun cinn
  • Scileanna láidre idirphearsanta
  • Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
  • Teacht ar charr

Post ar chonradh bliana atá i gceist agus níor mhór don té a cheapfaí a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.

Spriocdháta: Aoine 17 Deireadh Fómhair 2014.

Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ó: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil: 01 6751200 nó maireh@gael-linn.ie

Tá an scéim seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus á heagrú i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge.

Cork schools lay down early marker in the Harty Cup

Deireadh Fómhair 3, 2014

Of the six Cork sides taking part, five were victorious, with Charleville CBS the only one to lose, against another school from the Rebel County, St Francis College of Rochestown, in Group Three.

Two goals in the second half from Shane Kingston were crucial for Rochestown in their 2-14 to 0-13 win, while Ciarán Cormack was in excellent form from frees.

In the other game in that group, Declan Dalton scored 1-14 for Pobalscoil na Tríonóide of Youghal as they beat Our Lady’s Secondary School, Templemore by 2-15 to 2-13.

In Group One, holders Ardscoil Rís beat Blackwater CS by 1-20 to 0-9 with Ronan Lynch scoring 1-9. Elsewhere, Thurles CBS beat St Flannan’s by 5-26 to 0-6. Captain Ronan Teehan scored 1-8 with Robbie Long and Niall Heffernan grabbing 1-3, Brendan Kelly 1-2 and Paul Kennedy five points.

In Group Two, both St Colman’s College, Fermoy and Gaelcholáiste Mhuire AG were victorious, beating Scoil na Tríonóide Naofa of Doon – last year’s beaten finalists – and Waterford’s De La Salle respectively.

Evan Ó Síocháin’s goal helped Gaelcholáiste Mhuire to a 1-14 to 1-10 win, with Dayne Ó Laoi, Dan Ó Conaing and Daithí Braham among the points.

Bandon’s Hamilton High School, beaten semi-finalists last year, got their Group Four campaign off a to a winning start as goals from Eoin O’Reilly, Cathal Maguire, Colm Dinneen and Jonathan Mulcahy gave them a 4-10 to 2-13 win against Nenagh CBS at Buttevant.

Elsewhere in that group, two goals in quick succession from Glen Waters and Mikey Phelan helped Dungarvan CBS to a 2-11 to 0-7 win over CBS High School Clonmel. Darragh Lyons’ points were valuable for Dungarvan while David Roberts impressed for Clonmel.

Irish Independent

Folúntas: Coláiste Rís

Deireadh Fómhair 3, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

« Previous PageNext Page »