Folúntas in Inis, Co. an Chláir
Lúnasa 11, 2017
Stiúrthóir á earcú ag Naíonra Teach Abhaile
18-20 uair in aghaidh na seachtaine
Ag teastáil:
- Cáilíocht Fetac ag Leibhéal 6, 7 nó 8 in Oideachas Luathbhlianta/Cúram Leanaí
- Taithí bheith ag obair i suíomh cúram leanaí
- Scileanna maithe eagrúcháin agus foirne
- Caighdeán maith Gaeilge scríofa agus labhartha
- Garchabhair
- Tuiscint ar Aistear, Síolta agus ar Churraclaim Luathfhoghlama
Is seirbhís sheanbhunaithe é Teach Abhaile. Má tá suim agat sa phost, cuir cóip de do CV chuig info@teachabhaile.com nó glaoigh ar 083 4432473
Dáta tosaithe 28 Lúnasa 2017
Vacancy in Naíonra Teach Abhaile, Ennis, Co Clare
Required: A Stiúrthóir (Room Leader) (18-20 hrs) per week.
Requirements:
- An Approved qualification for the role Fetac Level 6,7 or 8 in Early Childhood Care and Education
- Experience working in a Childcare setting.
- Good organisational and team work skills.
- Good Written and Oral Irish Communicaton Skills.
- First Aid
- A good understanding of Aistear, Siolta and Early Learning Curriculums.
Teach Abhaile is an established early years service.
Please forward CVs to info@teachabhaile.com
Call 083 4432473
Start Date August 28th, 2017.
Múinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil an Eiscir Riada
Lúnasa 10, 2017
Tá folúntas do mhúinteoir ranga ar fáil le Gaelscoil an Eiscir Riada. Post buan atá i gceist, ag tosú ar an 30ú lá de mhí Lúnasa.
Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, maraon le cv, reifrenn (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 23ú lá de mhí Lúnasa chuig;
Gaelscoil an Eiscir Riada,
Cluain Calga,
An Tulach Mhór,
Co. Úibh Fháilí
Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh; https://www.educationposts.ie/post/view/90888
Folúntais i Naíonra Chaitlín Maude, Baile Átha Cliath
Lúnasa 10, 2017
2 Fholúntas i gCill an Árdáin, BÁC 24.
1. Tá Stiúrthóir AIM ag teastáil ó Naíonra Chaitlín Maude. 15/20 uair, 38 seachtain agus laethanta saoire €11.25 san uair. Is gá go mbeadh cáilíocht CDBO leibhéal 5 agat agus suim sa Ghaeilge.
2. Runaí don oifig 15 uair, 38 seachtain agus laethana saoire, €11.25 san uair. Taithí ar obair oifige agus suim sa Ghaeilge ag teastáil. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi na postanna seo is féidir dul i dteagmháil le hAisling 087 2283276, nó ar ríomhphost chuig naionra.cm@gmail.com
Pósadh Strongbow agus Aoife
Lúnasa 10, 2017
Bí linn sa Ghailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ag 6pm Déardaoin, 24 Lúnasa 2017, nuair a phléifidh Diarmuid de Faoite an pictiúr drámatúíl ‘Pósadh Strongbow agus Aoife’ le Caomhán Mac Con Iomaire! Beidh deis agat do chuid tuairimí a roinnt freisin.
Múinteoir Béarla á earcú ag Coláiste Cois Life
Lúnasa 8, 2017
Tá múinteoir Béarla á earcú ag Coláiste Cois Life. Téarma saoire máithreachais atá i gceist, dhá uair fichead in aghaidh na seachtaine. Is gá d’iarrthóirí iarratas a chur isteach faoin gcúigiú lá fichead de mhí Lúnasa agus tosnóidh an scoilbhliain ar an t-ochtú lá fichead. Is féidir cur isteach ar an bhfolúntas tríd cv a sheoladh chuig eolas@colaistecoislife.ie. Tá tuilleadh eolas ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90785.
Cúntóir Riachtanais Speisialta a earcú ag Gaelscoil Bharra
Lúnasa 8, 2017
Tá triúr Cúntóirí Riachtanais Speisialta á earcú ag Gaelscoil Bharra don bhliain seo chugainn. Conarthaí buan atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Bharra.
Caithfear reifreann (ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) agus foirm iarratais do Chúntóirí Riachtanais Speisialta a sheoladh ar ríomhphost chuig aine@gsliosnanog.ie. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an t-ochtú lá deag de mhí Lúnasa.
Bunscoil Chaitliceach faoi Fhoras Phátrúntachta na scoileanna lán Ghaeilge í Gaelscoil Bharra. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile. Ní foláir d’iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90287
Cúntóir Riachtanais Speisialta a earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg
Lúnasa 8, 2017
Tá Cúntóir Riachtanais Speisialta á earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Gaelscoil Lios na nÓg.
Caithfear litir iarratais mar aon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir agus foirm iarratais do Chúntóirí Riachtanais Speisialta a sheoladh ar ríomhphost chuig aine@gsliosnanog.ie. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an t-ochtú lá deag de mhí Lúnasa.
Bunscoil Chaitliceach faoi Fhoras Phátrúntachta na scoileanna lán Ghaeilge í Gaelscoil Lios na nÓg. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile. Ní foláir d’iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu. Ní ghlacfar ach le hiarratais trí mhean na Gaeilge amháin. Is féidir liosta de iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fógra seo.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90164.
Múinteoir Ranga a earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg
Lúnasa 8, 2017
Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Lios na nÓg don bhliain seo chugainn. Conradh bliana atá le líonadh. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i Gaelscoil Lios na nÓg.
Caithfear litir iarratais mar aon le cv, reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite), cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta a sheoladh ar ríomhphost chuig aine@gsliosnanog.ie. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an t-ochtú lá deag de mhí Lúnasa.
Bunscoil Chaitliceach faoi Fhoras Phátrúntachta na scoileanna lán Ghaeilge í Gaelscoil Lios na nÓg. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga cumarsáide na scoile. Ní foláir d’iarrthóirí ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu. Ní ghlacfar ach le hiarratais trí mhean na Gaeilge amháin. Is féidir liosta de iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fógra seo.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90152.
Muinteoir Ranga á earcú ag Gaelscoil Uileog de Búrca
Lúnasa 8, 2017
Tá múinteoir ranga á earcú ag Gaelscoil Uileog de Búrca don bhliain seo chugainn. Conradh buan atá i gceist. Scoil meascaithe, lán-Ghaeilge atá i nGaelscoil Uileog de Búrca. Cé gur post do mhúinteoir ranga atá i gceist, d’fhéadfadh seo athrú amach anseo.
Caithfear litir iarratais mar aon le reifreann, cv, foirm iarratais do mhúinteoirí agus cóip de cháilíochtaí agus gráid an t-iarrthóir a sheoladh sa phost chuig Gaelscoil Uileog de Búrca, Lochán na mBan, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Caithfear “Iarratas” a scríobh ar an gclúdach.
Tá sé riachtanach go bhfuil árd-chaighdeán sa Ghaeilge labhartha agus scríofa ag múinteoirí na scoile agus glacfar le hiarratais trí Ghaeilge amháin.
Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dara lá fichead lá de mhí Lúnasa.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90835.
Rúnaí de dhíth ar Ghaelscoil an Chaisleáin
Lúnasa 8, 2017
Tá Rúnaí á earcú go páirt-aimseartha ag Gaelscoil an Chaisleáin don bhliain seo chugainn. 12 in aghaidh na seachtaine a bheidh i gceist.
Is bunscoil lán-Ghaelach, ilchreidmheach, nua-bhunaithe í seo. Is é an Foras Pátrúnachta patrún na scoile. Tá caighdeán maith Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach don bhfolúntas seo. Caithfidh ardscileanna idirphearsanta, cumarsáide, ríomhaireachta agus bainistíochta oifige a bheith ag iarratasóirí. Caithfear ríomhfhiosrú na nGardaí a dhéanamh.
Caithfear litir iarratais mar aon le cv agus reifreann a sheoladh ar ríomhphost chuig iarrataisgsanc@gmail.com.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh: https://www.educationposts.ie/post/view/90733.