Áiseanna Gaeilge ar iTunes
Feabhra 23, 2012
Tá togra foghlamtha seolta ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar chainéal iTunes.
Seo cnuasach saibhir fuaime, fís, amhráin, dánta agus scéalta staire atá curtha le chéile ó chartlann Raidió na Gaeltachta agus ó chartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an áis nua dírithe ar na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre agus tá sé ar fáil saor in aisce @ itunes.cogg.ie
GALWAY ADVERTISER
A Rá ar an Raidió
Feabhra 23, 2012
Cuirfidh Raidió na Gaeltachta tús Dé Luain seo chugainn, 27 Feabhra, le A Rá, sraith nua do dhaltaí atá ag réiteach do scrúdú na hardteistiméireachta.
Tá an tsraith á cur i láthair ag Síle Ní Scanláin agus gach seachtain beidh trí mhiondhráma, bunaithe ar théamaí a bhaineann le saol an déagóra, le cloisteáil. Pléifear téamaí an dráma i stíl chruthaitheach, snasta agus réalaíoch a spreagfaidh suim dhaoine óga, agus beidh gnéithe gramadaí agus foclóra fite fuaite síos tríd an scéal. Beidh saineolaithe sa stiúideo chomh maith agus iad ag labhairt ar ghnéithe éagsúla den scrúdú.
Tá an tsraith seo á léiriú ag Meangadh Fíbín Teo. Raidió na Gaeltachta, Dé Luain 27 Feabhra ag 10.15 r.n.
GALWAY ADVERTISER
Máirt na hInide i Scoil Aonghusa, Droichead Átha.
Feabhra 23, 2012
Ar an Máirt (21-2-12) lá na pancóga a bhí ann. Glaotar Máirt na hInide air freisin. Sa halla bhí Cumann na dtuismitheoirí ag déanamh pancóga don scoil go léir. Bhí seacláid té, sú oráiste, agus dar ndóigh, pancóga! D’itheamar ár ndóthain dóibh seo. Bhí tú in ann subh, seacláid, mil, liomóin, siúcra, im agus sioraip a chur ar na bpancóga. Bhí siad an-bhlasta agus thaitin siad go mór le gach éinne. D’aontaigh gach éinne gur chaith cumann na dtuismitheoirí go geal flaithiúil linn ar an lá. Tá muid go léir ag siúl go mór leis an bliain seo chugainn.
Sa phictiúr tá Mary ag soláthair pancóg blasta ar John fad is féachann Nicole is Kate go hocrach uirthi!
Rás UCD 2012-Dé Sathairn 25 Feabhra 12pm, Rith 5K ar Champus Belfield
Feabhra 21, 2012
Rás bóthair 5 ciliméadar timpeall champas Belfield d’óg agus aosta. Duaiseanna do gach aon aoisghrúpa. Ghlac 400 duine páirt sa Rás Gaeilge seo anuraidh agus bhí an spraoi ag baint leis.
Is comhthionscnamh é seo idir Scéim Chónaithe Bord na Gaeilge UCD (www.ucd.ie/bnag), Saorálaithe Thar Lear UCD ( www.ucdvo.org) agus Cumann Lúthcleasaíocht na hOllscoile.
Gach eolas mar aon le foirm iontrála le fáil ar: http://www.ucd.ie/rasucd/ga/
Fáilte roimh chách!
Luach €1000 de leabhair don Leabharlann Scoile le buachan!
Feabhra 21, 2012
Sonraí ar fáil anseo – World Book Day Competition
Seimineáir Inseirbhíse ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais
Feabhra 21, 2012
Reáchtálfar seimineáir inseirbhíse ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais ar an 21 Márta in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath agus an 22 Márta i gCorcaigh. Tá an dréachtchlár thíos agus deimhneofar an t-ionad agus na hoiliúnóirí i gCorcaigh go luath.
Níl aon chostas ar na seimineáir agus fáilteofar roimh rannpháirtíocht mhúinteoirí agus príomhoidí ó na scoileanna lán-Ghaeilge. Níl le déanamh chun clárú ach ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelsoileanna.ie le hainm an duine agus seoladh ríomhphoist roimh dheireadh an lae, Luan 12 Márta.
CLÁR
- 09.00 – 09.30 Clárú, Tae agus Caife
- 09.30 – 09.35 Fáilte, Cúlra & Aidhmeanna an tSeimineáir (Bláthnaid ní Ghréacháin)
- 09.35 – 11.00 Seisiún I: Cur chuige uile scoile i leith forbairt na matamaitice sa scoil lán-Ghaeilge: múineadh éifeachtach, saibhriú agus comhtháthú teanga na matamaitice sa ghaelscoil (Karen Brogan, SFGM)
- 11.00 – 11.15 Briseadh
- 11.15 – 12.00 Seisiún II: Léargas scoile ar fhorbairt na mata. Taithí phraiticiúil
- 12.00 – 12.45 Seisiún III: Forbairt na matamaitice agus páistí le riachtanais speisialta
- 12.45 – 13.45 Lón
- 13.45 – 15.15 Seisiún IV: Réiteach fadhbanna agus inniúlacht teanga sna gaelscoileanna (Miriam Ryan, Coláiste Phádraig)
- 15.15 Plé oscailte agus clabhsúr
Controversy over new school plan
Feabhra 21, 2012
FF criticises motion to ‘downgrade’ Irish
Feabhra 21, 2012
A simple formula for education
Feabhra 21, 2012
Agóid náisiúnta ar chás na scoileanna beaga
Feabhra 21, 2012
Beidh na mílte ag bailiú le chéile ar fud na tíre an tseachtain seo in aghaidh na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2012.
Tá dhá lá ágóide náisiúnta eagraithe ag na heagraíochtaí scoileanna éagsúla don tseachtain seo.
Baileoidh muintir na scoileanna DEIS le chéile taobh amuigh den Dáil ag 3.30pm ar an Déardaoin, 23 Feabhra. Táthar ag súil le slua mór sa phríomhchathair ar an lá céanna a dtiocfaidh grúpaí eile le chéile ar son na cúise in áiteanna eile ar fud na tíre ina bhfuil scoileanna DEIS.
Titfidh an dara lá agóide amach ar an Satharn, 25 Feabhra agus is iad an feachtas Save Our Small Schools agus craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann a bheidh ina bhun. Bunaíodh craobhacha Save Our Small Schools ar fud na tíre le déanaí agus beifear ag siúl le chéile ar an Satharn i gCiarraí, sa Chlár, i bPort Láirge, i nDún na nGall agus i nGaillimh. Táthar ag súil le 150 scoil agus 3000 duine i gCaisleán an Bharraigh ar an lá, áit a siúlfaidh an slua chuig oifig Dáilcheantar an Taoisigh lena míshásacht a léiriú.
Beidh craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann ag mórshiúl ar an 25 Feabhra agus Craobh an Earagail, Gaoth Dobhair ina measc. Tiocfaidh siad le chéile ar an Screabán (oifig Roinn na Gaeltachta) ag 12pm agus iarrtar ar phobal na scoile uile – an Bord Bainistíochta, tuismitheoirí agus an fhoireann – tacú leo ar an lá.
De réir na cáinaisnéise a fógraíodh mí na Nollag seo caite, ardóidh líon na ngasúr is gá do scoil le ceithre mhúinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83. Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.
GAELPORT