Méid an Téacs

Comórtais Liteartha an Oireachtais

Bealtaine 25, 2016

Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais faoi lán seoil.  Tríocha (30) comórtas atá ar chlár na bliana seo – fiche (20) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus deich gcinn (10) dírithe ar  dhaoine óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, scríbhneoireacht scripte (don teilifís), dráma, agallamh beirte agus eile.

Reáchtálfar dhá chomórtas nua i mbliana; Comórtas Cuimhneacháin 1916 (maoinithe ag Craobh Aimhirgín de Chonradh na Gaeilge) d’amhrán nuachumtha bunaithe ar théama 1916 agus Comórtas Cuimhneacháin 1916 (maoinithe ag an gCumann Scoildrámaíochta agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) do bhundráma nuacheaptha ar théama 1916 a d’oirfeadh do dhaltaí bunscoile nó iar-bhunoideachais.

Is é an spriocdháta iontrála 1 Iúil 2016 agus is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag an nasc seo nó é a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Curaidh Féile Peile Mhúscraí ag ceiliúradh !

Bealtaine 19, 2016

Gaelscoil Mhic Easmainn

GAELSCOIL MHIC EASMAINN: Seaimpíní Féile Peile Gael Linn na Mumhan don tríú bliain as a chéile, foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag ceiliúradh a mbua i mBéal Átha an Ghaorthaidh,  in éineacht lena gcuid múinteoirí, Déaglán Ó Cuill, Colm Ó hAiniféin agus Cáit Uí Churraín ( ar chúl ).

Bronnadh

BRONNADH: An bheirt chaptaen ar fhoireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Seán Ó Duilleáin  agus Aisling Ní Ainiféin, ag glacadh le Corn Gael Linn ó Sheán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta an eagrais.

 Tá foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn ag ceiliúradh tar éis a mbua don triú huair as a chéile ag Féile Peile Gael Linn na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh le déanaí ! Macasamhail craobh na bliana seo caite, fuaireadar an ceann is fearr ar fhoireann chomhnascaithe ó Scoil Eoin Baiste, Lios Póil agus Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéaraigh ó Chorca Dhuibhne, an t-am seo le scór 9-12- 9-2.        

Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá, Dé Céadaoin 18/Déardaoin 19 Bealtaine, agus bhí aimsir bhreá ann ó thús deireadh! Tá Gael Linn an-bhuíoch de  Chumann CLG Bhéal Átha an Ghaorthaidh as ucht an pháirc agus gach áis timpeall air a chur ar fáil don ócáid. Ocht bhfoireann ar fad a bhí páirteach sa chomórtas agus iad roinnte i ndá ghrúpa.  I ngrúpa amháin, bhí an fhoireann baile, Scoil Fhionnbarra, Béal Átha an Ghaorthaidh, Scoil Bhaile Mhic Airt, An Seanphobal, Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí agus foireann nascaithe ó S.N. Eoin Baiste, Lios  Póil agus Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéaraigh.  Sa ghrupa eile bhí Gaelscoil Aogáin, Oileán Chiarraí, S.N. an Chlocháin, Clochán Bhréanainn, Scoil Abán Naofa, Baile Mhúirne agus Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra.    Bhí ar a laghad trí chluiche ag gach foireann i rith na féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh.

Cé go raibh an-imirt sa Chraobh idir fhoirne Thrá Lí agus Lios Póil/Baile an Fheirtéaraigh, bhí an lámh in uachtar tríd síos ag scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn.  Bhí ríméad an domhain ar na peileadóirí óga agus ar a gcuid múinteoirí, Déaglán Ó Cuill, Colm Ó hAiniféin  agus Cáit Uí Churraín, ní nach ionadh ! Ghlac an bheirt captaen, Seán Ó Duilleáin agus Aisling Ní Ainiféin,  leis an gcorn ar son na foirne buacaí ó Sheán Ó Ceallaigh, Gael Linn.

 Ba é Domhnall Ó Murchadha ó Ghaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge a bhí i mbun riaradh na gcluichí le linn na féile, agus ba iad Caoimhín agus Éanna Ó Conghaile ó Chonamara a bhí mar

réiteoirí.  D’aontaigh siad uilig go raibh sár-chaighdeán peile ag na himreoirí óga ar fad, idir bhuachaillí agus cailíní, agus gur imríodh gach cluiche go spórtúil.

Cuireadh lóistín ar fáil do na cuairteoirí i gColáiste na Mumhan,  le cabhair  agus comhoibriú ó Ghearóid Ó hÉalaithe.  Chomh maith leis na cluichí peile, ghlac na scoláirí páirt sna imeachtaí oíche a eagraíodh dóibh –quizboird, ceolchoirm agus céilí.

Ba é seo an chéad cheann de dhá fhéile peile a bheidh ar bun i gCúige Mumhan i mbliana chun freastal ar an mhóréileamh ó scoileanna.  Reáchtálfar an dara féile cúige i gColáiste na Rinne, Contae Phort Láirge ar an 2 agus 3 Meitheamh.

Críoch

Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca – 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Dian-chúrsaí Acmhainn Éireann

Bealtaine 19, 2016

Tá an comhlacht nua seo sásta dian-chúrsa 3 huaire an chloig nó dian-chúrsa 6 huaire an chloig a chur ar bun i naíonra, i mbunscoil nó in iar-bhunscoil lán-Ghaelach ar bith in Éirinn.

Capture

Praghas an chúrsa 3 huaire an chloig:       40 Eoró / Punt an duine

Praghas an chúrsa 6 huaire an chloig:       80 Eoró / Punt an duine

Is féidir cúrsa a chur ar bun lá ar bith ó Luan go Satharn agus is féidir cúrsa a chur ar bun ar maidin, tráthnóna nó san oíche de réir éilimh.

Tá an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine nach bhfuil focal ar bith Gaeilge acu agus tá sé feiliúnach freisin do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu ach nach bhfuil cinnte faoi chúrsaí gramadaí nó faoi cheart na Gaeilge. Beidh Acmhainn Éireann sásta cúrsaí eile a thairiscint bunaithe ar riachtanais ar leith.

Is é an Dr Ciarán Ó Coigligh iar-ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in Ollscoil na hÉireann, Duibhlinn, agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Ollscoil Chathair Dhuibhlinne a mhúinfeas an cúrsa.

Is múinteoir fíor-chumasach Ciarán a aithnítear mar shaineolaí ar an nGaeilge. Is scoláire é a bhfuil go leor leabhar acadúil curtha de aige, agus is scríbheoir é a bhful cáil idirnáisiunta air agus a bhfuil 3 úrscéal, ceoldráma amháin, bailiúchán gearrscéalta amháin agus 12 bhailiúchán filíochta leis i gcló.

Glaoigh ar Chiarán ag 00 353 876995070 nó scríobh chuige ag ctaoc@eircom.net

Tá teacht ar eolas faoi thairiscintí eile Acmhainn Éireann ar an suíomh gréasáin:acmhainneireann.weebly.com

‘Gliondar’ ar chroí Uachtarán na hÉireann i nGaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí

Bealtaine 19, 2016

Labhair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn le múinteoirí agus scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn ar an Déardaoin 21ú Aibreán, sula ndeachaigh sé go dtí Trá na Beannaí don chomóradh stáit ar theacht i dtír Ruairí Mhic Easmainn céad bliain ó shin.

1
Ní dhéanfaidh scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí dearmad go deo air. Bhí an cairpéad dearg amuigh, na páistí ag seinm agus ag canadh agus iad ag fanacht ar chuairt an Uachtaráin.

Shroich Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile, Saidhbhín, an scoil ag a leathuair tar éis a deich ar an Déardaoin 21u Aibreán.

Labhair an tUachtarán le múinteoirí agus scoláirí na scoile sula ndeachaigh sé go dtí Trá na Beannaí don chomóradh stáit ar theacht i dtír agus gabháil Ruairí Mhic Easmainn céad bliain ó shin.

Capture

Bhí na daltaí ag tnúth go mór leis an gcuairt agus chuireadar scoth na siamsaíochta, idir cheol agus drámaíocht, i láthair an Uachtaráin agus an laoch mór a bhfuil an scoil féin ainmnithe ina dhiaidh, Ruairí Mac Easmainn, á chomóradh.

3

“Tuigimid ar fad an meas atá ag an Uachtarán ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge agus an spéis atá aige sa teanga. Tugann an Ghaeilge ‘súil eile’ dúinn chun féachaint ar an saol ar fad,” a dúirt Príomhoide Ghaelscoil Mhic Easmainn, Cáit Uí Chonchúir.

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gur chuir an meas ar an teanga a léirítear i nGaelscoil Mhic Easmainn “gliondar croí” air.

4

“Caithfimid an dara seans a thabhairt don teanga. Cuireann sé gliondar ar mo chroí nuair a bhuailim le páistí, le tuismitheoirí agus le múinteoirí cosúil libhse atá ag treabhadh i ngort na Gaeilge,” a dúirt an tUachtarán.

Gaelscoil na Mí, Chomortás RSA

Bealtaine 19, 2016

D’éirigh le Gaelscoil na Mí an chraobh a bhaint amach sa chomortás RSA. An féidir libh ‘view, like & share’ a dhéanamh ar an fís bheag seo & seans go mbeidh an bua acu, – seit taibléidí don rang atá ar fáil!

Is féidir libh breathnú ar an bhfíseán anseo: https://www.youtube.com/watch?v=ObRwSCCQ4dI&feature=em-share_video_user

Beidh an bua ag an scoil leis an méid is mó ‘views, likes & shares’.

Capture

Comórtas Damhsa – Cód Sábhála (Gaelscoil Naomh Pádraig)

Bealtaine 18, 2016

D’éirigh le Rang 2 Gaelscoil Naomh Pádraig an chraobh a shroichint i gcomórtas damhsa Cód Sábhála na bliana seo.

Is féidir breathnú ar an bhfíseán ar RSA YouTube suas go dtí 23 Bealtaine @ 5:00i.n.

Beidh an bua ag an bhfíseán leis an méid is mó radharcanna i ngach catagóir. Ní gá tada a dhéanamh ach breathnú ar an bhfíseán. Míle buíochas!

Capture

AN NASC: https://www.youtube.com/watch?v=TKWVfqtViQE

Nuachtlitir na Naíonraí, Gaelscoileanna Teo., Samhradh 2016

Bealtaine 17, 2016

Tá Nuachtlitir na Naíonraí beo anois:

2

Nuachtlitir, Gaelscoileanna Teo., Samhradh 2016

Bealtaine 17, 2016

Tá nuachtlitir Gaelscoileanna Teo. beo anois:

1

CURAIDH FÉILE PEILE GAEL LINN ÓN MHUILEANN gCEARR!

Bealtaine 16, 2016

Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr,  tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan.  Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Máirt 10, agus Dé Céadaoin, 11 Bealtaine 2016.

An Muileann gCearr

Is iad foireann Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, a thug leo Corn Gael Linn ag Féile Peile Gael Linn i Ráth Chairn le déanaí !  Fuaireadar an ceann is fearr sa Chraobh ar fhoireann Ghaelscoil Uí Riada, Cill Chóca,  agus bhí ríméad an domhain orthu!

Is ar Dé Máirt, 10 agus Dé Céadaoin, 11 Bealtaine a bhí an fhéile peile ar bun – an chéad cheann den tsraith bhliantúil cúige a eagraíonn Gael Linn do Ghaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta. Bhí suas le160 scoláire ar fad ó ocht scoil, mar aon lena gcuid múinteoirí, i Ráth Chairn don ócáid taitneamhach seo – Scoil na gCeithre Máistrí, Áth Luain, Gaelscoil Uí Riada, Cill Chóca, Gaelscoil Chill Dara,  Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr,  Gaelscoil Phort Laoise, seaimpíní na bliana seo caite, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach  agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh,  Ráth Chairn. Bhí an aimsir go breá, agus na scoláirí ar bís le gabháil chun páirce !

Roinneadh na foirne i ndá ghrúpa de cheithre fhoireann an ceann.  Bhí dhá chluiche le himirt ag gach foireann ar pháirc peile Ráth Chairn tráthnóna Dé Céadaoin.  Bhí na foirne meascaithe, le naonúr imreoirí  an taobh, agus de réir na rialacha, bhí sé éigeantach go mbeadh  ar a laghad ceathrar cailíní ar an bpáirc ag gach foireann i rith an ama. Ba é Éanna Ó Conghaile a bhí i mbun riaradh na gcluichí, agus ba air Kevin Ó Conghaile agus Mícheál Mac Donncha a thit jab crua na réiteoireachta !

Nuair a bhí na cluichí thart agus an dinnéar ite, ghlac na scoláirí páirt sa quiz boird, ceolchoirm agus céilí a cuireadh ar siúl dóibh san Ionad Pobail.  D’eagraigh Comharchumann Ráth Chairn lóistín oíche do fhormhór na gcuairteoirí le muintir na háite. Bhí an tríú cluiche le himirt ag na foirne uilig maidin Dé Céadaoin, 11  Bealtaine agus chuaigh buaiteoirí  an dá ghrúpa ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige.  Bhí coimhlint mhaith sa chraobh idir pheileadóirí Ghaelscoil Uí Riada, Cill Chóca agus Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, ach go háirithe sa chéad leath,  ach bhí bua chuimsitheach ar deireadh ag foireann na hIarmhí, le scór 7- 4 go 1-5.  Bronnadh Corn Gael Linn ar na captaein, Dónal Ó Maoilmhichíl agus Niamh Raeside, agus is cinnte go mbeidh na himreoirí óga ag ceiliúradh go ceann píosa lena múinteoirí, Dara Feirtéar agus Caroline Mhic Róibín,  agus lena lucht tacaíochta !

Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt Jamie Ó Tuama, Gael Linn: ‘Is mian leis an eagras deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag imeachtaí spreagúla ar nós na féilte peile a eagraímid,  ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha.  Táimid i nGael Linn an-bhuíoch de Chomharchumann Ráth Chairn agus don chumann peile áitiúil as ucht a dtacaíochta leanúnach don ócáid bhliantúil seo’

Cuireadh an-fháilte ar ais chun na scoile roimh na curaidh, agus is cinnte go mbeidh na himreoirí óg ag ceiliúradh go ceann píosa  lena gcomhscoláirí!

Críoch

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Póstaer ar fáil ó COGG

Bealtaine 12, 2016

Tá cóipeanna de 2 phóstaer ar fáil saor in aisce ó COGG. Ceann a bhaineann le stair an hÉireann (dátaí tábhachtacha) agus ceann faoi 1916 (uimhreacha).

Má tá cóipeanna den phóstaer uait seol teachtaireacht chuig eolas@cogg.ie

« Previous PageNext Page »