Seisiúin eolais do sheirbhísí luathbhlianta i dtaobh na rialacháin nua á n-eagrú ag Tusla
Bealtaine 11, 2016
Is féidir le seirbhísí a bhfuil suim acu freastal ar cheann de na hócáidí seo clárú ag an nasc seo
Duilleog Úr, Scoil sa Choill
Bealtaine 9, 2016
Iris Shruth na Gaeilge, Coláiste Chaitríona
Bealtaine 9, 2016
Tá an t-eagrán is déanaí de Scéala Scoile, Iris Shruth na Gaeilge, Coláiste Chaitríona, Ard Mhacha, ar fáil ag an nasc thíos:
http://issuu.com/scealascoile/docs/sc__ala_scoile_-_eagr__n_28_-_aibre
Láithreán ardán foilsiúchán idirlíona nua ag iClassCMS
Aibreán 28, 2016
Tá láithreán ardán foilsiúchán idirlíona agus soghluaiste nua díreach seolta do scoileanna amháin ag iClassCMS. Is suíomh gréasáin iomlán agus réiteach soghluaiste é atá ar fáil do scoileanna. Freastalíonn sé ar riachtanaisí múinteoirí, mic léinn agus tuismitheoirí.
Tá sé comhdhéanta de 6 modúil; Gréasáin nua-aimseartha agus sofhreagrach don scoil, blag/ iris scoile , modúl foilsiúchán do mac léinn, modúl bainistiú imeachtaí agus íocaíocht, app teachtaireachtaí do thuismitheoirí agus ar deireadh thiar comhéadan bainistíochta simplí. Tá iClassCMS tar éıs láithreán idirlíona nua a seoladh do Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór, i gCill Mhantáin agus tar éis dul tríd an próiseas logánaithe tá siad ag iarraidh a bheith ag obair le Gaelscoileanna eile.
Tá an fianaise thíos ó Ghaelcholáiste na Mara agus tá tuilleadh eolas ar fáil ar www.iclasscms.com , info@iclasscms.com agus 01 691 8833”
Testimonial:
‘We were delighted with the final product and very impressed with the range of functions for teachers, students and parents. We also look forward to the ongoing iClassCMS platform developments over the coming year. We would highly recommend iClassCMS to any school looking for a bespoke and professional website’
~ Máire Mhic Mhuiris (Príomhoide)
Scéim Iasachta Trealaimh do Naíonraí
Aibreán 27, 2016
Tá áthas ar Gaelscoileanna Teo. scéim tacaíochta nua do naíonraí a fhógairt. Cuirfidh an scéim seo trealamh forbartha/oideachasúil agus leabhair ar ardchaighdeán ar fáil ar bhonn iasachta do naíonraí. Tá sé mar aidhm acu bheith ina n-áiseanna luachmhara foghlama agus forbartha sa seomra naíonra agus go spreagfar na páistí bheith ag caint as Gaeilge. Tá réimse leathan trealaimh againn agus is féidir é a úsáid mar bhonn taca le téamaí Aistear a phlé. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne, agus rogha a dhéanamh maidir le Bosca Spéise, Cistin nó Siopa.
Tá gach eolas maidir leis an Scéim ar fáil anseo: Scéim Iasachta Trealaimh
Comórtais Liteartha
Aibreán 19, 2016
Tá an fhoirm iontrála do na Comórtais Liteartha oscailte ar líne anois tríd an nasc seo (http://pangr-comlit.herokuapp.com/). Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2016 ar http://www.antoireachtas.ie/nuacht/comortais-liteartha-an-oireachtais-2016.html
Siansa Gael Linn 2016 – BUA AN CHEOIL AG SCOLÁIRÍ CHOLÁISTÍ EOIN AGUS ÍOSAGÁIN !
Aibreán 18, 2016

Siansa16-Buaiteoirí: An grúpa ‘Círéib’ ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath ag glacadh lena nduais ó Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin. Sa phictiúr chomh maith tá (ar chúl ar chlé ), Robert Heuston, Irish Music Magazine agus ( ar chúl ar dheis ) Bairbre Uí Choisdealbha, RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is iad an grúpa ‘Círéib’ ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, seaimpíní Siansa Gael Linn na bliana seo. Fuair siad an ceann is fearr ar sheacht gcinn eile de ghrúpaí thraidisiúnta sa Chraobh a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán. Gael Linn a eagraíonn an comórtas bliantúil seo do ghrúpaí óga faoi 19 mbliana, le cabhair ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine.
Bhí an Ceoláras Náisiúnta lán go béal le comhscoláirí agus cairde ceoil na n-iomaitheoirí. Is iad baill an ghrúpa bhuacaigh ná Fiona Nic Gamhna, Micheál Ó Grálaigh, Seán Ó Casaide, Stiofán Ó Casaide, Caoimhe Blennerhassett, Clodagh Ní Dhaltúin, Fergal De Fuitléigh agus Cathal Ó Muirgheasa, agus thug siad leo Trófaí Gael Linn chomh maith le seic ar €2,500. An grúpa “Fuaimeanna Shliabh Luachra” ó Cill Chuimín, Co. Chiarraí a fuair an dara duais de €1,250 agus sa tríú háit bhí an grúpa ‘Gluaiseacht’ ó Iarthar Chorcaí, a fuair seic ar €750.
Ba iad na ceoltóirí aitheanta Dónal O’Connor, Niamh Ní Charra agus Declan Masterson a bhí ag moltóireacht ar an oíche agus óna gcuid cainte ina dhiaidh, bhí sé soiléir go rabhadar breá sásta le caighdeán na gceoltóirí agus na n-amhránaithe óga a bhí cloiste acu. Bhí an-áthas ar Dhónal agus ar Niamh gur ghlac na grúpaí leis an gcomhairle a thugadar dóibh, ag ceardlanna a eagraíodh dóibh, ag an dara céim den chomórtas – rud a chuir lena gcaighdeán ag an gCraobh.
Chomh maith leo siúd a bhí i láthair, bhí na mílte eile ag éisteacht leis an gceolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Áine Hensey a chuir an clár i láthair agus bhí an léiritheoir, Bairbre Uí Choisdealbha i láthair freisin, chun comhghairdeas a dhéanamh leis na duaiseoirí. ‘Bíonn láithreoirí na gclár ceoil sa stáisiún againne an-tógtha le lucht páirtíochta Siansa mar go mbíonn siad i gcónaí ábalta tabhairt faoi agallaimh leo i nGaeilge, bíodh is nach as an nGaeltacht a bhformhór’ a dúirt Bairbre.
Agus é ag gabháil buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine, agus leis na grúpaí féin, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn go raibh Siansa an-tábhachtach mar fheithicil chun an ceol agus an Ghaeilge a chaomhnú. ‘Tá stair fhada ag Gael Linn ó thaobh chur chun cinn an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta Gaeilge. Ní gá ach breathnú ar lipéad ceoil Gael Linn le liosta na gceirníní a cuireadh amach le 50 bliain anuas a fheiceáil, leithéidí Sheosaimh Uí Éanaigh, Sheáin Uí Riada agus Clannad go Téada agus grúpaí eile sa lá atá inniu ann. Tá Siansa ag teacht ar réalta ’ a dúirt sé.
Craolfar clár teilifíse de chuid Red Shoe Productions ar bhuaicphointí Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 ar an Luan, 2 Bealtaine, ar 5.25 i.n.
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie
Fabhalscéalta do Leanaí
Aibreán 14, 2016
Daonáireamh 2016 Acmhainní i nGaeilge do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna
Aibreán 13, 2016
Eolas ginearálta do dhaltaí agus do mhúinteoirí
Cén suim atá ag daltaí sa daonáireamh?
Baineann an t-eolas a fhaigheann muid ón daonáireamh lenár saol laethúil. Cuireann sé ar fáil dúinn:
- na sonraí a theastaíonn uainn le tuiscint cé muid féin agus céard a dhéanann muid agus
- an cumas leis an eolas a úsáid le heolas a chruthú maidir le céard a theastaíonn uainn agus cén bealach is fearr leis an eolas sin a úsáid leis an toradh is fearr do gach duine a bhaint amach.
Déanann sé cur síos ar an tsochaí ina maireann muid agus tugann sé cúnamh dúinn tuiscint níos fearr a bheith againn ar an tsochaí sin, chomh fada agus a bhaineann sé lenár n-aois, ár mbunús, ár ngníomhaíochtaí nó aon bhunthréithe eile a bhfuil sonraí bailithe fúthu mar chuid den daonáireamh.
Is cuid bhunúsach dár n-oideachas é foghlaim faoin daonáireamh agus conas úsáid éifeachtach a bhaint as sonraí daonáirimh agus staitistiúla eile. Tugann sé cúnamh dúinn ár sochaí a thuiscint chomh maith lenár ról mar shaoránaigh fhreagracha ag glacadh páirte sa tsochaí sin.
Is féidir teacht ar an eolas ar fad ar: http://census.ie/ga/and-communities/census-in-schools/
Siansa Gael Linn 2016 – buaicphointe na bliana sa Cheoláras Náisiúnta !
Aibreán 7, 2016
Tá ocht ngrúpa ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta ag cleachtadh go dian faoi láthair, agus craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 ag teannadh linn ! Is sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán ag 7.30p.m. a bheidh buaicphointe na bliana den chomórtas seo, a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige. Tá Siansa á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.
An grúpa ‘Círéib’, ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, a bheidh san iomaíocht ag Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2016 sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán seo chugainn.
Is iad na grúpaí a tháinig trí chóras réamhbhabhtaí le bheith ar ardán ag an mórócáid seo ná ‘‘Fuaimeanna Shliabh Luachra’, Cill Áirne, Co. Chiarraí, ‘Fiúntas’, Mainistir Laoise, Co. Laois, ‘Ciréib’, Coláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Contae Átha Cliath,‘Réidh’, Ceoltóirí Chaisleán an Danair, Co. Loch Garman, ‘Leoithne’, Coláiste/Gaelcholáiste Choilm, Baile an Chollaigh, Co. Chorcaí, Spionnadh’, Laurel Hill Coláiste, Luimneach,‘Comhar’, Muineachán agus ‘Gluaiseacht’, An Sciobairín, Iarthar Chorcaí. Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta, a mhairfidh idir 10 agus 12 nóiméad agus atá cóirithe go speisialta ag na baill, agus beidh amhráin Ghaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.
Ag cur comhairle ar na grúpaí abharacha ar a mbealach chun na craoibhe i mbliana, bhí na ceoltóirí Dónal O’Connor agus Niamh Ní Charra. Beidh Declan Masterson ag moltóireacht in éineacht leo sa Cheoláras, agus roghnóidh an triúr iomráiteach seo na duaiseoirí. Le duaischiste de €4,500, is féidir a bheith ag súil le géariomaíocht agus ardchaighdeán ceoil ar an oíche. Bronnfar príomhdhuais €2,500 agus trófaí Gael Linn ar na buaiteoirí, €1,250 don dara háit agus €750 don tríú háit. Anuas air sin, bronnfar duais chuimhneacháin ar na ceoltóirí uile a bheidh páirteach sa Chraobh.
Beidh an ceolchoirm á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7.30p.m. ar an oíche , agus is í Áine Hensey a bheidh mar láithreoir. Craolfar clár speisialta faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 ar an Luan, 2 Bealtaine ag 5.25p.m.
Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie.
Lean Siansa ar Facebook Gael Linn nó ar Twitter #Siansa !