Méid an Téacs

Cúrsa Samhraidh Séideán Sí Liteartheacht trí Gaeilge

Meitheamh 15, 2011

  • Ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi théarmaí 58
    • Oideachas Inseirbhíse 4-8 Iúil 2011
    • Coláiste Phádraig, Droim Conrach
    • Clár fónaic na Gaeilge – Jacaí de Brún
    • Tús na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta sna bunranganna – Máire Ní Bhaoill
    • Forbairt na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta sna meán agus sna hardranganna – Pádraig Ó Duibhir & Lorraine Ní Ghairbhith
    • Costas: €99 Áiteanna teoranta!

    Cúrsa idirghníomhach praiticiúil é seo a chuideoidh le múinteoirí an litearthacht a mhúineadh go héifeachtach trí Ghaeilge le béim faoi leith ar an gclár Séideán Sí agus ar an taighde is déanaí ar an litearthacht trí Ghaeilge.

    An Oifig Iontrála
    Coláiste Phádraig,
    Droim Conrach
    Baile Átha Cliath 9

    admissions.office@spd.dcu.ie

    T: (01) 884 2096/ 884 2013

    Déan iarratas ar líne spd.dcu.ie/inservice

    Scoil Samhraidh Mhic Reachtain

    Meitheamh 15, 2011

    Beidh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl i gContae Aontroma ón 25 -31 Iúil 2011. Beidh réimse leathan d’imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí Gaeilge ar fáil le linn na féile chultúrtha seo.

    Beidh dianchúrsa Gaeilge do dhaoine fásta, campa samhraidh Gaeilge do dhéagóirí agus srl. Eolais ccmr@btconnect.com

    Foinse

    Gearrscannáin Gaeilge

    Meitheamh 14, 2011

    Tá an-bhorradh faoi earnáil na ngearrscannán le blianta beaga anuas agus a bhuí le tionscnaimh ar nós Gearrscannáin, atá á mhaoiniú ag Bord Scannán na hÉireann, tá lucht déanta scannán Gaeilge tar éis a léiriú nach bhfuil aon easpa samhlaíochta ná tallainne ina measc. Is féidir breathnú ar na gearrscannáin a léiríodh faoin scéim go dtí seo ar www.thisisirishfilm.ie, mol meán Bhord Scannán na hÉireann.

    Cléireach oifige a chailleann a theanga, bean a bhfuil sé de chumas aici dul in óige gach céad bliain agus fiaclóir a dhéanann ár ar shráidbhaile ciúin – níl anseo ach sampla den iliomad carachtar atá le fáil sa tsraith seo de sheacht ngearrscannán déag Gaeilge atá le fáil ar shuíomh Bhord Scannán na hÉireann.

    Eisíonn Bord Scannán na hÉireann dhá scannán Gaeilge gach bliain faoin scéim Gearrscannáin, scéim a bhfuil sé mar sprioc aici déantóirí scannán nua a spreagadh chun saothair a léiriú a thugann dúshlán don lucht féachana agus a chuireann téamaí suimiúla os a gcomhair.

    Is léir ó na gearrscannáin atá curtha ar fáil go dtí seo, a bhfuil roinnt saothar beochana ina measc, go bhfuil bua ar leith ag déantóirí scannán na hÉireann. Tá cuid de na haisteoirí is mó cáil sa tír le feiceáil sna gearrscannáin sin: Brendan Gleeson, cuir i gcás, Charlotte Bradley, Tomás Ó Súilleabháin, Colm Ó Maonlaí, Anne Learmont agus go leor eile nach iad. Rinneadh na scannáin in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus pléitear ábhair éagsúla iontu: cúrsaí meabhairshláinte, mar shampla, agus athnuachan paisin i bpósadh atá ar an dé deiridh.

    Is féidir breathnú ar na scannáin ar an suíomh www.thisisirishfilm.ie. Chun teacht orthu, cliceáil ar an táb “Shorts” ag barr an leathanaigh, ansin téigh go bun an leathanaigh agus cliceáil ar “Gearrscannáin (2010)”. Tá cóipeanna de na DVDanna ar fáil ó Bhord Scannán na hÉireann ar (091) 561 318 freisin. Tá teastas rátála 15 ag baint leis na scannáin ar fad.

    Tá Bord Scannán na hÉireann ag glacadh le hiarratais i gcomhair Gearrscannáin 2011 faoi láthair. Is é Dé hAoine, 8 Iúil 2011, an spriocdháta d’iarratais.

    www.gaelchultur.com

    Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile

    Meitheamh 14, 2011

    Más múinteoir iar-bhunscoile tú atá ag teagasc trí Ghaeilge, beidh deis agat feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga an samhradh seo mar go bhfuil COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ag eagrú dianchúrsa Gaeilge arís i mbliana. Tá an cúrsa seo á reáchtáil i bpáirt le Gaelchultúr agus beidh sé ar siúl i dTrá Lí, Contae Chiarraí, idir 15-19 Lúnasa 2011.
    “Is é seo an tríú bliain dúinn an cúrsa seo a chur ar fáil,” arsa Siobhán Patten, Bainisteoir na Sainchúrsaí Gaeilge i nGaelchultúr. “D’éirigh go hiontach leis an gcúrsa le dhá bhliain anuas agus táimid dóchasach go mbeidh an-rath ar cheann na bliana seo chomh maith. Taitníonn an cúrsa le múinteoirí de bhrí go bhfuil sé praiticiúil agus go bhfreastalaíonn sé ar na riachtanais atá acu.”
    Dírítear den chuid is mó ar chruinneas agus ar shaibhreas sa teanga labhartha agus scríofa. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa cur le cumas múinteoirí an Ghaeilge a úsáid go cruinn agus go muiníneach sa seomra ranga agus sa scoil i gcoitinne. Cuirtear ceardlanna teicneolaíochta ar fáil le linn an chúrsa freisin. Dírítear sna ceardlanna sin ar na háiseanna agus ar na hacmhainní teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, cinn ar líne ina measc.
    “Chomh maith leis na buntáistí oideachasúla atá ag baint leis an chúrsa seo,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, “tugann sé deis iontach do mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar fud na tíre teacht le chéile chun smaointe a roinnt maidir leis an obair atá ar siúl sna scoileanna sin.”
    Más múinteoir meánscoile tusa atá ag obair i scoil Ghaeltachta nó lán-Ghaeilge agus más mian leat freastal ar an gcúrsa seo, ní mór duit glaoch ar COGG ag (01) 634 0831 nó ríomhphost a sheoladh chuig eolas@cogg.ie.

    www.gaelchultur.com

    Gaelscolaíocht agus an Ghaeltacht

    Meitheamh 14, 2011

    Is cuimhin liom comhrá idir beirt dheirfiúr nuair a thosaigh a leanaí ag dul ar scoil. “Béarla?” arsa duine acu, “níl tú a rá liom go bhfuil sé tosaithe ar an mBéarla cheana féin. Ní chloisfidh sí seo aon Bhéarla ar scoil go mbeidh sí i rang a haon.” “Á,” arsa an duine eile, “Ní hionann Gaelscoil agus scoil Ghaeltachta.” Níor chuir mé mo ladar sa scéal ach ba léir go raibh cúrsaí bun os cionn ar fad má bhí níos mó cúraim á dhéanamh den Ghaeilge i scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht ná sa Ghaeltacht féin. Tá polasaí teanga an-chinnte agus an-simplí ag Gaelscoileanna. Gaeilge ar fad a labhartar sa chlós, i seomra na múinteoirí agus sa seomra ranga, ach amháin ag múineadh léamh agus scríobh an Bhéarla, a thosaíonn i rang a haon. Ní chloiseann an chéad dá rang naíonáin Béarla ar bith. Tugtar tumoideachas air seo. Is léir ón mborradh atá faoi líon na nGaelscoileanna go bhfuil tuismitheoirí suas síos na tíre an-sásta le caighdeán oideachais na scoileanna seo agus leis an deis a thugann sé dá leanaí an Ghaeilge a shealbhú agus iad fós an-óg, deis nach raibh ag a bhformór acu féin.

    De réir mar a thuigimse é níl aon pholasaí teanga ag na scoileanna Gaeltachta trí chéile. Is deacair a chreidmheáil nach bhfuil an tumoideachas éigeantach i scoileanna Gaeltachta, nach raibh sé ón gcéad lá, ina bhunchritéir ó thaobh aitheantais mar cheantar Gaeltachta de agus freisin ina bhunchloch ó thaobh chothaithe agus chaomhnaithe na Gaeltachta de. Ag seimineár de chuid Fhondúireacht na Gaeilge, “Leas na Gaeilge, Leas an Stáit”, a bhí ar siúl mí ó shin sa Davenport i mBaile Átha Cliath, labhair Seosamh Mac Donnacha, taighdeoir agus léachtóir sa phleanáil teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, faoin “Straitéis 20 Bliain: ré nua don phleanáil teanga sa Ghaeltacht”. Nuair a luadh tar éis a chuid cainte go bhféadfaí, agus go mba cheart, an tumoideachas a thosú láithreach sna scoileanna Gaeltachta trí chéile, dúirt sé go mba mhaith an smaoineamh é ach go gcosnódh sé na milliúin ó thaobh traenála de.

    Shílfeá go raibh tráth na leithscéalta caite, ach b’é seo an seanscéal céanna agus an milleán á chur ar dhream éigin eile, in áit pobal na Gaeltachta a bheith ag tógáil an chúraim seo orthu féin, mar a dhéanann pobal Ghaelscoileanna. Is maith ann an straitéis, ach ar deireadh is fúinn féin atá sé an Ghaeilge a chur chun cinn. “Plean B”, mar a dúirt duine eile. Is maith an rud an traenáil, ach ní fhaigheann múinteoirí Ghaelscoileanna aon traenáil speisialta agus is léir go n-éiríonn leo. In áit chúrsa traenála, lán teoiric agus teibíochta, b’fhéidir go mba mhó chun tairbhe an dá dhream malartú múinteoirí – seal ag múinteoirí Gaeltachta i nGaelscoil le feiceáil cé mar a oibríonn an tumoideachas agus tréimhse sa Ghaeltacht ag múinteoirí Ghaelscoileanna ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Ar nós na meithle fadó, ní bheadh aon chostas ag baint lena leithéid de scéim, ach chothódh sé cairdeas i measc múinteoirí a bhfuil go leor le foghlaim acu óna chéile. Le himeacht aimsire, agus méadú ar líon na dtuismitheoirí sa Ghaeltacht nach bhfuil ag tógáil a gclann le Gaeilge, tá cás na scoileanna Gaeltachta ag éirí níos cosúla le cás na nGaelscoileanna.

    Tá páistí gan Ghaeilge ag teacht chuig an dá chineál scoile ach ní hionann an cur chuige sa dá chás. Sa Ghaeltacht, tá cead ag múinteoirí casadh ar an mBéarla, le cúnamh, mar dhea, a thabhairt dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge. Mar bharr air sin, nuair atá Béarla á mhúineadh sna naíonáin ní tumoideachas atá ann ach dátheangachas. Cothaíonn an dátheangachas éiginnteacht atá chun sochair na teanga láidre, ’sé sin an Béarla. Níl an dátheangachas chun leasa na ndaltaí, pé acu a bhfuil Gaeilge acu ó bhaile nó an ar scoil atá siad á sealbhú. Tá deis ag gach scoil Ghaeltachta spás lán-Ghaelach a chothú don Ghaeilge, ionas nach mbeidh sí in iomaíocht ansin leis an mBéarla mar atá sa saol mór. Leathchéad bliain ó shin b’fhéidir nár síleadh go raibh gá lena leithéid sa Ghaeltacht, ach faraor ní mar sin atá cúrsaí inniu. B’íoróineach mar scéal é má bhí níos mó Gaeilge á labhairt sna Gaelscoileanna ná sna scoileanna Gaeltachta. Cuir leis sin gurb í Gaeilge shaibhir na Gaeltachta atá á ligean i léig. Tá cinneadh le déanamh. Cinneadh nach mbraitheann ar mhaoiniú ach ar athrú meoin. Níl nóiméad le ligean amú. Cur chuige nua sa bhliain scoile atá romhainn? Tá muid ag caint ar bhás tragóideach na Gaeltachta.

    The Irish Times – Éilis Ni Anluain

    Schools face losing control of enrolment in radical new plans

    Meitheamh 14, 2011

    We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

    Ceiliúradh 25 Bliain Ghaelscoil Ultain 1986-2011

    Meitheamh 13, 2011

    We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

    Príomhfheidhmeannach á lorg ag Comhairle na Gaelscolaíochta

    Meitheamh 9, 2011

    Is í Comhairle na Gaelscolaíochta an eagraíocht ionadaíoch don ghaelscolaíocht ó thuaidh. Bhunaigh an Roinn Oideachais an Chomhairle in 2000 de réir a dualgas faoi Chomhaontú Bhéal Feirste. I measc na gcritéar riachtanach don phost tá:

    • Céim 3ú leibhéal;
    • teacht ar mhodh cuí iompair;
    • scileanna foirfe cumarsáide Béarla agus Gaeilge;
    • Taithí 2 bhliain ag forbairt eagraíochta, ag tabhairt ceannasaíochta d’fhoireann, á mbainistiú agus á spreagadh, agus cruthú ar an éifeacht;
    • Taithí chruthaithe:
      • Ar bheith freagrach as airgeadas eagraíochta;
      • ar bhainistiú buiséid;
      • ar thiomsú pleananna agus straitéisí le cuspóirí eagraíochtúla a bhaint amach, agus taithí ar á gcur i bhfeidhm agus á luacháil;
      • ar fheidhmíocht eagraíochta a fheabhsú;
      • ar bheith ag feidhmiú taobh istigh de chreatlach rialachais chorparáidigh;
      • ar stiúradh foirne ar feadh 2 bhliain.

    (Is féidir go gcuirfear critéir bhreise inmhianaithe san áireamh le linn gearrliostú)

    Is post conartha é seo le Conradh 4 bliana. Tuarastal: Pointí Scála NJC 46 – 57 (£39k – £49k). Beidh Pinsean NILGOSC & liúntas úsáidte cairr ar fáil. Tuilleadh sonraí le fáil ó: Comhairle na Gaelscolaíochta (Poist), 4 Sráid na Banríona, Béal Feirste BT1 6ED;

    Guthán 90321475
    Facs 9032 4475

    pomordha@comhairle.org

    Dáta deiridh d’iarratais: 12.30 i.n. An Luan, an 20/06/11.
    Beidh agallaimh an phoist seo ar siúl ar an Chéadaoin an 29 Meitheamh 2011

    Is fostóir comhionannais í Comhairle na Gaelscolaíochta a chuireann fáilte ar leith roimh iarratais ón phobal Protastúnach agus ó mhná.

    40 scoil tar éis páirt a ghlacadh i bhféilte peile Ghael Linn

    Meitheamh 7, 2011

    Bhí an-spórt ag scoláirí ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag na Féilte Peile a d’eagraigh Gael Linn i mí Bealtaine.

    Reáchtáiltear an tsraith seo go bliantúil chun deis a thabhairt do dhaltaí ó na ranganna sinsearacha sna bhunscoil bualadh le chéile ag ócáidí spraíúla ina mbíonn an Ghaeilge mar theanga labhartha.
    Is i gceantair Ghaeltachta a bhíonn na féilte ar siúl agus cuirtear lóistín ar fáil do na cuairteoirí.

    Reáchtáladh cúig fhéile peile i mbliana ar a d’fhreastail tuairim is 800 scoláire  mar aon lena gcuid múinteoirí, ó 40 scoil.

    Bhí Féile Laighin ar siúl i Ráth Chairn, Co. na Mí, is i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe a bhí Féile Chonnacht agus ar an bhFál Carrach, Co. Dhún na nGall a bhí Féile Uladh.

    Bhí dhá fhéile ar siúl i gCúige Mumhan i mbliana chun freastal ar éileamh ó na scoileanna.  Bhí an chéad ceann ar siúl i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí agus cuireadh críoch leis an sraith iomlán ansin i gColáiste na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge.

    Foirne meascaithe de naonúr imreoir (cailíní agus buachaillí ) a bhí i gceist.  Bhí trí chluiche ag gach foireann, agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí  na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige.   Tá gach eolas faoi reáchtáil na bhféilte ar fáil ag www.gael-linn.ie.

    Gaelport

    Campa Samhraidh Gaeilge i gCo. an Chabháin

    Meitheamh 1, 2011

    An samhradh seo tá campa samhraidh Gaeilge á reáchtáil idir 11 agus 15 Iúil ag Glór Bhréifne chun freastal ar dhaoine óga.

    Is grúpa Gaeilge Glór Bhréifne a thacaíonn le pobal na Gaeilge i gcontae an Chabháin trí imeachtaí sóisialta a eagrú agus foghlaimeoirí óga na Gaeilge a thacú le scoláireachtaí Gaeltachta.

    Cuidíonn siad fosta le daoine fásta le freastal ar chúrsaí Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall. Gach bliain déantar bailiúchán airgid ar lá ‘le Pádraig sa Chabhán ar son na teanga, agus is ó chuid den airgead sin, mar aon le cuidiú ó Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge a thagann na scoláireachtaí.

    Má tá suim agat cur isteach ar scoláireacht is féidir dul i dteagmháil le Glór Bhréifne ar 087 6401682.

    Beidh béim ar an Ghaeilge labhartha tríd an ealaín agus gníomhaíochtaí eile le linn an chúrsa agus tá rátaí teaghlaigh ar fáil má bhíonn níos mó ná páiste amháin ag iarraidh freastal ar an chúrsa.

    Tá tuilleadh eolais ar fáil  ó (049) 4371530 nó http://forum.cavancommunity.ie/Glorbhreifne chun foirm iarratais a íoslódáil.

    « Previous PageNext Page »